Cad is féidir le EURES a dhéanamh duit?
Cuidíonn EURES le cuardaitheoirí poist poist a aimsiú agus le fostóirí daoine a earcú ó gach cearn den Eoraip
Is féidir leat aistriú go tír ar bith den Aontas, an Eilvéis, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe chun glacadh le post a bhuí le ceann de na cearta tábhachtacha atá ag saoránaigh an Aontais: saorghluaiseacht oibrithe.
Cuidíonn agus tacaíonn EURES le cuardaitheoirí poist poist a aimsiú agus le fostóirí teacht ar iarrthóirí feiliúnacha ó gach cearn den Eoraip.
Tá réimse leathan seirbhísí tacaíochta ar fáil ar thairseach EURES ó bhreis agus míle Comhairleoir EURES atá ag obair le balleagraíochtaí agus eagraíochtaí comhpháirtíochta EURES.
Tá na seirbhísí seo a leanas i measc na seirbhísí a chuireann EURES ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí:
- Folúntais poist agus CVanna a mheaitseáil ar thairseach EURES
- Eolas, treoir agus seirbhísí tacaíochta eile le haghaidh oibrithe agus fostóirí
- Eolas faoi dhálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES;
- Seirbhísí tacaíochta sonracha le haghaidh oibrithe teorann agus fostóirí i réigiúin trasteorann;
- Tairiscintí poist saincheaptha do na céimeanna sonracha ar do chonair ghairme ar nós Do chéad phost EURES agus Reactivate
- Deis bualadh leis na fostóirí agus fostaithe a bheidh agat amach anseo tríd an ardán Laethanta Fostaíochta Eorpacha (ar líne); agus
- Cúnamh tar éis duit post a fháil, cuir i gcás ranganna teanga agus tacaíocht chun socrú isteach sa tír chinn scríbe.
Tabhair cuairt ar thairseach EURES le haghaidh tuilleadh eolais faoi na seirbhísí atá ar fáil duit. Faigh sonraí teagmhála bhalleagraíochtaí agus eagraíochtaí comhpháirtíochta EURES ar EURES i do thír féin nó téigh i dteagmháil go díreach le Comhairleoir EURES ar an bhfón, trí ríomhphost nó trí chomhrá ar líne.