Tú féin a ullmhú le dul ag obair i dtír eile

Má tá sé i gceist agat dul ag obair i dtír eile den Aontas, beidh ort do chuid scileanna agus cáilíochtaí a chur i láthair fostóra nó earcaitheora ar bhealach sothuigthe. Seo a leanas seicliosta de leideanna agus eolas chun cabhrú leat tú féin a ullmhú le dul ag obair i dtír eile.

Seiceáil an Creat Náisiúnta um Cháilíochtaí i do thír féin

Bíodh leibhéal do cháilíochta ar an gCreat Náisiúnta um Cháilíochtaí (NQF)i do thír féin ar eolas agat. Tá NQF ag go leor tíortha, rud a leagann amach na cineálacha éagsúla cáilíochtaí atá sa chóras náisiúnta oideachais chun cabhrú le daoine a gcuid cáilíochtaí a thuiscint.

Is féidir leat leibhéal do cháilíochta a sheiceáil ar an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF). Cabhraíonn EQF leat córais cáilíochtaí na hEorpa a chur i gcomparáid le chéile. Tá a gcáilíochtaí náisiúnta leagtha amach i gcomhréir le EQF ag an gcuid is mó de thíortha na hEorpa. Is féidir leat eolas maidir leis na leibhéil NQF agus EQF atá agat féin a chur ar do CV agus sna doiciméid iarratais. Seans go mbeidh d'institiúid oideachais in ann eolas a sholáthar duit maidir le do cháilíochtaí.

Young woman comparing EQF levels
Mobile phone and stethoscope

Seiceáil an ndéantar do ghairm nó do phost a rialú

Déantar rialú ar roinnt gairmeacha (cuir i gcás dochtúirí, dlíodóirí, ailtirí) in go leor tíortha.

Ciallaíonn sé sin go mbaineann critéir shonracha le bheith in ann na gairmeacha sin a chleachtadh sa tír sin. Féach an bhfuil do ghairm luaite ar bhunachar na ngairmeacha rialaithe.

Ní mór duit critéir shonracha a chomhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar na poist sin agus seans go mbeidh ort scrúduithe a dhéanamh freisin. Is iad seo a leanas na rudaí is féidir leat a dhéanamh más gairm rialaithe do ghairm agus má tá ort iarratas a dhéanamh chun aitheantas a fháil do do cháilíochtaí gairmiúla:

Faigh aitheantas do do cháilíochtaí

Téigh i dteagmháil leis an lárionad ENIC-NARIC sa tír inar mian leat dul ag obair. Déanann lárionaid ENIC-NARIC meastóireacht ar cháilíochtaí eachtracha agus tugann siad comhairle ina leith, rud a chabhróidh leat do cháilíochtaí a mhíniú d'fhostóirí agus d'earcaitheoirí.

Multi-coloured folders piled up

Cuir ord agus eagar ar do dhoiciméid

Déan deimhin de go bhfuil rochtain éasca agat ar do chuid dioplómaí, tras-scríbhinní agus doiciméid eile chun iad a roinnt le fostóirí nó seirbhísí sa tír inar mian leat dul ag obair. Seans go mbeidh ort aistriúchán ar na doiciméid a eagrú freisin.

Is féidir leat do dhoiciméid dhigiteacha ar fad a stóráil i do Leabharlann Europass.

  • Má tá cáilíocht ardoideachais agat, is féidir leat Forlíonadh Dioplóma a iarraidh ón institiúid ina ndearna tú staidéar. Tá eolas áisiúil san Fhorlíonadh maidir le do cháilíocht, eolas a chabhróidh leat míniú a thabhairt ar an méid a d'fhoghlaim tú.
  • Má tá cáilíocht ghairmiúil agat, is féidir leat Forlíonadh Teastais Europass a fháil. Tá eolas áisiúil san Fhorlíonadh maidir le do cháilíocht ghairmiúil, eolas a chabhróidh leat cur síos a thabhairt ar an méid a d'fhoghlaim tú.