Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais
PLEAN OIBRE
2025-2026

Nollaig 2024

CÉARD É AN PLEAN OIBRE?

Cuidíonn an Plean Oibre linn tuiscint a fháil ar céard a bheidh ar siúl ag an Ardán sa 2 bhliain atá romhainn agus an obair sin a eagrú. Treoróidh an plean sin sinn chun dearcthaí agus tuairimí a fháil ó lear mór leanaí san Aontas Eorpach (is é sin ‘an tAontas’), agus cuideoidh sé chun go n‑éistfidh lucht ceaptha beartas an Aontais lena nglór.

Roghnaíodh na hábhair sin toisc go dtagann siad leis na rudaí is tábhachtaí dar leis na leanaí, agus lena bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach a bheith ag obair air sna blianta beaga atá ag teacht.

Céard air a ndíríonn Plean Oibre 2025-2026?

Comhionannas deiseanna agus cuimsiú sóisialta: Breathnú ar rochtain leanaí ar oideachas, cúram sláinte agus tithíocht mhaith.
Sábháilteacht ar líne: Conas cuidiú leanaí a chosaint ar an idirlíon agus cuidiú leo agcearta ar líne a thuiscint.
Meabhairshláinte agus folláine: Conas cuidiú le leanaí mothú sásta sábháilte, san fhíorshaol agus ar líne.
Gníomhú ar son na haeráide: Conas páirt níos mó a thabhairt do leanaí maidir leis an gcomhshaol a chosaint agus foghlaim conas aire a thabhairt don phláinéad.

CÉARD A DHÉANFAIMID IN 2025-2026?

Éist le leanaí
Comhairliúchán 1 – Comhionannas deiseanna agus cuimsiú sóisialta: Roinnfidh leanaí a dtaithí agus a dtuairimí maidir leis an tionchar atá ag an mbochtaineacht ar a saol, ar a n‑oideachas, a sláinte agus a dtithíocht, cuir i gcás, agus maidir le céard is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar na rudaí sin agus ar réimsí eile a luadh i straitéis an Aontais um chearta an linbh. Cuideoidh sé sin le comhghleacaithe meastóireacht a dhéanamh ar an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus ar an Straitéis freisin.
Comhairliúchán 2 – Meabhairshláinte agus sábháilteacht ar líne:Roinnfidh leanaí a dtuairimí maidir le tionchar na timpeallachta ar líne, tionchar na meán sóisialta ar an meabhairshláinte san áireamh, maidir le rochtain ar sheirbhísí agus conas is féidir feabhas a chur orthu. Nascfar sin freisin leis an staidéar uile-Aontais ar thionchar na meán sóisialta ar an meabhairshláinte, mar a thugtar tuairisc air i dTreoirlíne Polaitiúla an Choimisiúin Eorpaigh do 2024-2029.
Cuairteanna staidéir
Cuairt 1 – Cearta leanaí i ngníomh: Tabharfaidh leanaí cuairt ar thír le feiceáil conas a bhíonn tionchar ag rannpháirtíocht leanaí ar cheapadh beartas ar na leibhéil áitiúla agus náisiúnta.
Cuairt 2 – Gníomhú ar son na haeráide agus oideachas: Díreoidh an chuairt seo ar leanaí a bheith ag foghlaim faoi ghníomhú ar son na haeráide agus conas is féidir leo cuidiú chun an comhshaol a chosaint.
Cuairteanna piaraí
Cuairt 1 – Sábháilteacht ar líne: agus cearta digiteacha: Tiocfaidh leanaí ó thíortha éagsúla le chéile chun smaointe a roinnt maidir le sábháilteacht ar líne: agus cearta digiteacha.
Cuairt 2 – Tacaíocht piaraí don mheabhairshláinte: Buailfidh leanaí le chéile agus fiosróidh siad conas is féidir leo tacú lena chéile ó thaobh na meabhairshláinte de ar scoil agus sa phobal.

Beartais a dhéanamh níos éasca le tuiscint
Cruthóimid leaganacha a bheidh soléite agus oiriúnach do leanaí de dhoiciméid beartais agus tuarascálacha tábhachtacha, an Plean Gníomhaíochta maidir le Cibearbhulaíocht agus Treoirlínte an Aontais maidir leis an bhfolláine agus an meabhairshláinte ar scoil, mar shampla, agus fiafróimid de leanaí céard a cheapann siad fúthu.
IS FÉIDIR LINN DIFEAR DEARFACH A DHÉANAMH SAN EORAIP, LE CHÉILE!
Back to top