Air adhart gu susbaint
European Union flag
ARDÁN RANNPHÁIRTÍOCHTA LEANAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
ÁR NDAONLATHAS, ÁR NGUTH
Achoimre ar a ndúirt na leanaí

Márta-Bealtaine 2024

CÉARD ATÁ I GCEIST LEIS SEO?

Is éard atá i gceist leis an daonlathas ná gur féidir le gach duine, leanaí san áireamh, cead cainte a bheith aige maidir le cinntí a bhaineann lena shaol. Idir mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2024, roinn leanaí ó gach cearn den Aontas Eorpach a smaointe faoin gcaoi a n oibríonn an daonlathas dóibh.

CÉ A BHÍ RANNPHÁIRTEACH?

D’fhreagair 1,921 leanbh ó 23 thír san Aontas Eorpach
ceisteanna faoina dtaithí agus faoina smaointe maidir leis an daonlathas i suirbhé ar líne.

Ghlac 28 leanbh agus 3 ghníomhaí
óige páirt in agallaimh.

Phléigh 122 leanbh
an t ábhar i ngrúpaí fócais.

Thug Painéal Leanaí
an Ardáin comhairle maidir le hábhair an tsuirbhé.

ÁITEANNA SÁBHÁILTE AGUS CUIMSITHEACHA

Cad a dúirt na leanaí?

  • Is é a thuigeann leanaí as rannpháirtíocht dhaonlathach a bheith ar an eolas, éisteacht a fháil agus a bheith in ann vóta a chaitheamh.
  • Is mó deiseanna atá ann i gcathracha ná faoin tuath.
  • Is mó an fonn a bhíonn ar leanaí aosta a bheith rannpháirteach ná leanaí óga.
  • Ní thugtar dóthain airde orthu ar an leibhéal náisiúnta/Eorpach (is mó a thugtar ar an leibhéal áitiúil).

Cad atá ag teastáil ó leanaí?

  • Cuireadh níos mó a fháil a bheith rannpháirteach i spásanna do dhaoine fásta nó cuir leo, comhairlí áitiúla, comhairlí náisiúnta agus comhairlí de chuid an Aontais mar shampla, ina ndéantar cinntí a dhéanann difear dóibh go díreach.
  • Spásanna sábháilte ina mothaíonn leanaí go bhfuil áit ann dóibh, go bhfuil glacadh leo agus gur féidir leo a dtuairimí a nochtadh go hoscailte chun difear a dhéanamh in ábhair thábhachtacha ar nós an idirdhealaithe agus cuidiú lena bpobail.
  • Daoine fásta chun cuidiú le leanaí agus meantóireacht a dhéanamh orthu maidir le bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht.

Áit a bhfuil cónaí orm, níl club díospóireachta ann faoi láthair, ach táim ag obair go gníomhach ar an ábhar sin chun go mbeidh. Nuair a bhíodh cónaí orm sa chathair, ba bhall den chlub díospóireachta mé.
-Leanbh ón Liotuáin

TIONCHAR A IMIRT AR CHINNTÍ

Cad a dúirt na leanaí?

  • Is suim le leanaí tionchar a imirt ar chinntí a dhéanamh difear dá saol go díreach, rialacha scoile agus gníomhaíochtaí sa phobal áitiúil, cuir i gcás.

Cad atá ag teastáil ó leanaí?

  • A bheith in ann cuidiú le rialacha scoile a cheapadh, dátaí scrúduithe a roghnú agus bealaí a aimsiú chun deireadh a chur leis an mbulaíocht.
  • Aiseolas a fháil maidir lena smaointe.
  • A bheith ar an eolas má úsáideann daoine fásta smaointe leanaí agus conas a úsáideann siad iad, cad a tharlaíonn lena moltaí agus torthaí a rannpháirtíochta.

EOLAS A FHÁIL

Cad a dúirt na leanaí?

  • Faigheann leanaí eolas óna dteaghlaigh agus óna gcairde, ón scoil, ó na meáin shóisialta agus ón idirlíon.
  • Is maith le leanaí eolas a fháil sula nglacann siad páirt i ngníomhaíochtaí chun gur féidir leo ullmhú agus a bheith réidh.
  • Tá leanaí ar an eolas faoi mhífhaisnéis agus tá siad ag iarraidh cuidiú chun í a chomhrac.

Cad atá ag teastáil ó leanaí?

  • Níos mó eolais a bheith acu faoi dheiseanna rannpháirtíochta daonlathaí trí scoileanna, na meáin shóisialta agus grúpaí pobail.
  • Ról níos mó a bheith ag scoileanna in eolas a roinnt maidir le deiseanna rannpháirtíochta daonlathaí.
  • Eolas inrochtana, soiléir atá oiriúnach do leanaí. •
  • Níos mó a fhoghlaim faoi bhréagnuacht agus an chaoi inar féidir le leanaí agus daoine fásta déileáil léi, mar shampla conas eolas a sheiceáil agus foinsí iontaofa a úsáid.
  • Go stopfaidh daoine fásta de bhréagnuacht a scaipeadh agus ina ionad sin go labhróidh siad faoi cé chomh tábhachtach atá sé an mhífhaisnéis a chomhrac.

…nuair a chruthaíonn tú amhrán, clár teilifíse nó físeán ar líne, is féidir leat eolas a thabhairt do leanaí maidir le conas domhan níos fearr a chruthú le chéile.
-Leanbh ón Ísiltír

VÓTÁIL

Cad a dúirt na leanaí?

  • Is mian le leanaí áirithe an aois vótála a ísliú agus tá leanaí eile ann nach bhfuil cinnte go bhfuil leanaí aibí go leor le vóta a chaitheamh agus go leor eolais acu chun sin a dhéanamh.
  • Tá sé tábhachtach foghlaim faoin daonlathas i scoileanna chun cinntí ciallmhaire a dhéanamh nuair atáthar ag caitheamh vóta.
  • Tá tuilleadh eolais agus spreagadh ag teastáil ó leanaí chun bheith rannpháirteach sa daonlathas.

Cad atá ag teastáil ó leanaí?

  • Níos mó cainte a dhéanamh ar scoil faoin daonlathas.
  • Níos mó oideachais ar aois óg maidir le vótáil, an daonlathas, institiúidí daonlathacha agus próisis pholaitiúla.
  • A bheith spreagtha páirt a ghlacadh sa chinnteoireacht trína thaispeáint céard is féidir le leanaí a fhoghlaim ó bheith rannpháirteach sa daonlathas agus cén leas is féidir leo a bhaint as an rannpháirtíocht sin.

Ba é an rud ab fhearr faoi achainí na comhairle scoile gur thosaigh na múinteoirí de thuiscint a fháil orainn agus de sheasamh linn, agus gur éisteadh linn faoi dheireadh.
-Grúpa fócais san Ungáir
Air ais gu mullach