Air adhart gu susbaint
European Union flag
ARDÁN RANNPHÁIRTÍOCHTA LEANAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
MOLADH ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LE CÓRAIS CHOMHTHÁITE UM CHOSAINT LEANAÍ A FHORBAIRT AGUS A NEARTÚ

LEAGAN NA LEANAÍ

©Adobe Stock: rozaivn58

Is grúpa de 27 dtír é an tAontas Eorpach (an AE go gairid) atá ag obair le chéile. Tá an AE ag iarraidh a chinntiú go mbeidh saol maith ag páistí.

Is ionann moladh agus cáipéis bheartais trína gcuirtear comhairle ar rialtais Eorpacha maidir le cad ba chóir dóibh a dhéanamh.

Leis an moladh seo mínítear conas is féidir le haosaigh oibriú le chéile ar shlí níos fearr chun páistí a choinneáil slán.

Is páirt de Straitéis an AE um chearta an linbh é, rud a fhágann go bhfuil foréigean ar leanaí a chosc agus iad a chosaint mar phríomhthosaíocht an AE féin.

Nocht breis is 1,000 páiste a dtuairimí chun an moladh seo a ullmhú trí Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an AE.

©Adobe Stock: luismolinero

CUSPÓIRÍ

  • Gach páiste a chosaint ó gach cineál foréigin.
  • Gach duine a chur ag obair chun páistí a choinneáil slán.
  • Tíortha an AE (rialtais, réigiúin agus cathracha) a spreagadh chun feabhas a chur ar a rialacha agus ar an mbealach a gcosnaíonn siad páistí.
  • Cabhrú le páistí a choinneáil slán ar fud an domhain.
  • Taispeáint conas is féidir le dlite, beartais agus airgead an AE cabhrú le tíortha an AE páistí a chosaint.
©Adobe Stock: luismolinero

PRÍOMHTHEACHTAIREACHTAÍ

ÉIST LE PÁISTÍ AGUS
TABHAIR TÚS ÁITE DÁ RIACHTANAIS

Ba chóir do thíortha an AE:

  • slite a aimsiú a chuirfidh ar chumas páistí a dtuairimí a comhroinnt, le go n-éistfear leo agus go dtabharfar eolas soiléir dóibh.
  • Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an AE a spreagadh chun dul i ngleic le páistí agus cluas éisteachta a thabhairt dá dtuairimí.
  • gach páiste a chosaint ó gach cineál foréigin, fisiciúil nó meabhrach.
  • freastal ar riachtanais páistí agus oibriú ar son gach páiste, agus aird faoi leith a thabhairt ar pháistí is mó atá i mbaol foréigin.
  • páistí a chosaint ó leithcheal atá bunaithe ar chreideamh, inscne, áit dhúchais, míchumas, a dtuairimí nó cé a thaitníonn leo.
  • páistí a dhéanamh sábháilte agus iad sa bhaile, ar scoil, nó i mbun spóirt agus gníomhaíochtaí eile.
  • páistí a dhéanamh sábháilte ar líne, mar shampla trí pháistí agus teaghlaigh a theagasc conas a choinneáil slán nuair a úsáideann siad uirlisí idirlín, agus a chinntiú go bhfuil an t-idirlíon slán do pháistí.

SLÁINTE PÁISTÍ A CHOSAINT
AGUS FORÉIGEAN A CHOSC

Ba chóir do thíortha an AE:

  • plean náisiúnta a bheith acu chun tacú le meabharshláinte na bpáistí.
  • seirbhísí tacaíochta a bheith acu do pháistí a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu.
  • céimeanna a thógáil le cosc a chur ar gach saghas tromaíochta.
  • tacú le sláinte páistí (m.sh. bia folláin, spórt, cosc ar andúil).
  • céimeanna a ghlacadh le foréigean a chosc sula dtosaíonn sé (m.sh cosc a chur ar bhualadh páistí agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh).
  • a léiriú go soiléir conas is féidir le páistí foréigean a thuairisciú agus cabhrú a fháil go mear.

OBAIR LE CHÉILE
CHUN PÁISTÍ A CHOSAINT

Ba chóir do thíortha an AE:

  • pleananna náisiúnta a bheith acu chun stop a chur le foréigean in éadan páistí agus lena chinntiú go gcuirtear go leor airgid agus foirne ar fáil chun an plean a chur i bhfeidhm.
  • ba chóir múinteoirí, foirne liachta, na póilíní, oibrithe sóisialta, breithiúna agus gairmithe eile a chur faoi oiliúint agus go mbeidís ar an eolas conas bheith ag obair le chéile chun cosaint agus tacaíocht a thabhairt do pháistí.
  • freastal ar riachtanais páistí nach bhfuil cónaí orthu lena dteaghlach féin agus cinntiú go bhfuil siad ag maireachtáil i dteaghlach nó i bpobal seasmhach.
  • an córas dlí a chur in oiriúint do pháistí, bealaí a aimsiú lena chinntiú go gcaitear le gach duine ar bhonn cothrom.
  • cosaint a thabhairt do pháistí ar imircigh iad, go háirithe dóibh siúd a tháinig gan a dteaghlach féin.
  • eolas cruinn a bhailiú faoi chosaint páistí.
  • leas a bhaint as uirlisí, dlite, beartais agus airgead an AE chun cosaint níos fearr a thabhairt do pháistí.

COSAINT LEANAÍ
AR FUD AN DOMHAIN

Ba chóir go dtógfadh tíortha an AE céimeanna chun:

  • leanaí a chosaint ina mbeartas sa domhan.
  • dúshaothrú páistí a chosc.
  • leanaí a chosaint i gcoimhlintí armtha.
  • leanaí a chosaint ó athrú aeráide agus dochar aeráide agus iad a bheith páirteach in aimsiú réiteach.
Air ais gu mullach