
Céim 1: Tús a chur leis
Sula seolann tú tionscnamh, is fiú smaoineamh ar chuid de na gnéithe praiticiúla, mar shampla:
- tá ag iarraidh go rithfear reachtaíocht de chuid an Aontais an dóigh is fearr le do chuspóirí a bhaint amach?
- ar dtús caithfidh tú grúpa d’eagraithe a bhunú atá comhdhéanta de 7 saoránach ó na Ballstáit ar a laghad atá ina gcónaí i 7 dtír éagsúla. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit dul i gcomhar le daoine ar fud na hEorpa atá ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do do shaincheist.
- conas a n-eagróidh tú d’fheachtas leis na sínithe a bhailiú?
Féadfaidh tú comhairle mhionsonraithe maidir leis na saincheisteanna seo a fháil ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Céim 2: Do thionscnamh a chlárú
Sula bhféadfaidh tú tosú ar shínithe a bhailiú do do thionscnamh, ní mór duit iarraidh ar an gCoimisiún é a chlárú.
Chun é sin a dhéanamh, seo thíos a bheidh ort a dhéanamh:
- cruthaigh cuntas d’eagraithe. Beidh sé seo in úsáid agat le do thionscnamh a bhainistiú agus chun dul i dteagmháil leis an gCoimisiún a fhad agus a bheidh an tionscnamh idir lámha agat.
- iarrtar ort cur síos a dhéanamh ar do thionscnamh i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (chomh maith le sonraí agus doiciméid ábhartha maidir leis an ngrúpa d’eagraithe, cistiú a fuarthas, etc.)
Níl ceangal ar an gCoimisiún na tionscnaimh ar fad a chlárú. Ní chláraíonn an Coimisiún ach tionscnaimh a chomhlíonann critéir áirithe.
Nuair a iarrann tú do thionscnamh a chlárú, déanfaimid measúnú an nglacfar leis nó nach nglacfar.
Gheobhaidh tú freagra laistigh de 2 mhí (nó, uaireanta, laistigh de 4 mhí).
Má ghlacann muid le clárú do thionscnaimh, déanfar é a fhoilsiú anseo.

Céim 3: Tacaíocht a fháil
Ní mór duit tacaíocht a fháil ó 1 mhilliún duine ar a laghad,
agus líon áirithe sínithe a bhailiú i seacht mBallstát ar a laghad.
Ní mór do na daoine sin foirm ráitis tacaíochta shonrach a líonadh isteach.
Féadfaidh tú na nithe seo a leanas a bhailiú:
- ar pháipéar (foirmeacha réamhlíonta, atá ar fáil le híoslódáil ó do chuntas d’eagraithe) nó
- ar líne(roghnaigh idir 2 rogha).
Tá na foirmeacha seo ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh.
Uainiú
Agus tú réidh le d’fheachtas a sheoladh, ní mór duit dáta tosaithe a phiocadh
(ar a dhéanaí 6 mhí ón dáta a cláraíodh do thionscnamh) agus an Coimisiún a chur ar an eolas 10 lá oibre roimh an dáta atá roghnaithe agat.
Ansin beidh 12 mhí agat leis an líon áirithe ráiteas tacaíochta a bhailiú.
Cé atá in ann a bheith ina shínitheoir?
Chun a bheith ina shínitheoir, ní mór do dhuine:
- a bheith ina náisiúnach den Aontas Eorpach (i.e. náisiúnach de Bhallstát)
- a bhfuil an aois vótála do na toghcháin Eorpacha bainte amach acu nó atá ar a laghad 16 bliana d’aois i dtíortha áirithe
LEID – Is fearr níos mó sínithe ná mar atá ag teastáil uait a bhailiú. Uaireanta ní bheidh na húdaráis i ngach tír in ann na ráitis tacaíochta ar fad a thíolacann tú a dheimhniú. Le linn an nós imeachta bailithe, ní mór duit cloí leis na rialacha cosanta sonraí.
Tuilleadh faisnéise maidir le sínithe a bhailiú

Céim 4: Ráitis tacaíochta a fhíorú
Má éiríonn leat go leor sínithe a bhailiú laistigh den tréimhse 12 mhí, ní mór duit iad a bhailiú le chéile de réir náisiúntachta agus iad a sheoladh chuig na húdaráis inniúla i ngach tír de chuid an Aontais Eorpaigh lena bhfíorú.
Tá suas le 3 mhí agat leis sin a dhéanamh.
Ansin beidh 3 mhí eile ag na húdaráis chun na ráitis tacaíochta atá bailí a fhíorú (eiseoidh siad deimhniú duit mar gheall air sin).
TIP – Má úsáideann tú lárchóras ar líne an Choimisiúin chun ráitis tacaíochta a bhailiú, féadfaidh tú ár seirbhís shlán malartaithe comhad a úsáid chun iad a aistriú (cibé a bailíodh ar pháipéar nó ar líne iad) chuig na húdaráis náisiúnta. Muidne a thugann aire don aistriú seo.
Tuilleadh faisnéise maidir le ráitis tacaíochta a fhíorú.

Céim 5: Tíolaic do thionscnamh
Nuair a bheidh an deimhniú deireanach faighte agat ó na húdaráis náisiúnta, beidh 3 mhí agat le do thionscnamh a thíolacadh chuig an gCoimisiún – mar aon leis an bhfaisnéis faoin tacaíocht agus faoin cistiú atá faighte agat don tionscnamh seo.
Tuilleadh faisnéise maidir leis an tionscnamh a thíolacadh.

Céim 6: Freagra a fháil
Nuair a bheidh do thionscnamh tíolactha agat, tosóidh an measúnú ar do thionscnamh:
- Laistigh d'aon mhí amháin
Buailfidh tú le hionadaithe ón gCoimisiún le go bhféadfaidh tú na saincheisteanna a ardaíodh i do thionscnamh a mhíniú go mion.
- Laistigh de 3 mhí
Beidh an deis agat do thionscnamh a chur i láthair ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa. D'fhéadfadh díospóireacht a bheith ag an bParlaimint ag seisiún iomlánach, agus é a bheith mar thoradh air sin go nglacfar rún a bhaineann le do shaincheist.
- Laistigh de 6 mhí
Léireoidh an Coimisiún go soiléir cén ghníomhaíocht a bhfuil sé i gceist aige a mholadh mar fhreagra ar do thionscnamh (má bhíonn moltaí aige), agus na cúiseanna le beart a dhéanamh (nó gan beart a dhéanamh). Beidh an freagra seo i bhfoirm cumarsáide atá glactha go foirmiúil ag na Coimisinéirí agus foilsithe i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais
Tuilleadh faisnéise maidir le freagra a fháil ón gCoimisiún.

An chéad chéim eile
Reachtaíocht
I gcás go bhfuil an Coimisiún den bharúil gur maith an freagra ar do thionscnamh é reachtaíocht a chur i bhfeidhm, tosóidh sé ar thogra foirmiúil a chur le chéile. D'fhéadfadh sé go mbeadh réamhbhearta cosúil le comhairliúcháin phoiblí, measúnuithe tionchair, etc. mar chuid de sin. Agus é glactha ag an gCoimisiún, déantar an togra a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh (nó i gcásanna áirithe, chuig an gComhairle amháin), a mbeidh orthu é a ghlacadh le go ndéanfar dlí de.
Gníomhaíocht eile
Níl ceangal ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh. Fiú i gcás freagraí dearfacha ar thionscnaimh, d’fhéadfadh sé gur obair leantach neamhreachtúil an obair leantach is iomchuí ar thionscnamh. Tá réimse bearta eile ann a d’fhéadfadh a bheith níos oiriúnaí.
Obair leantach
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa measúnú a dhéanamh ar na bearta atá glactha ag an gCoimisiún freisin.