Gnéithe ginearálta
Tugann tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh deis duitse agus d’Eorpaigh eile páirt ghníomhach a ghlacadh i gceapadh beartais an Aontais Eorpaigh.
Más mian leat go ndéanfadh an tAontas beart i leith saincheist áirithe, is féidir leat tionscnamh ó na saoránaigh a chruthú chun iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht nua de chuid an Aontais a mholadh maidir leis an tsaincheist sin.
Chun go mbeidh an Coimisiún in ann tionscnamh a mheas, is gá duit 1 mhilliún duine ó gach cearn den Aontas a mhealladh lena dtacaíocht a chur in iúl tríd an tionscnamh a shíniú.
Is do Pharlaimint na hEorpa amháin is féidir leat achainíocha a thíolacadh. Ach is don Choimisiún Eorpach a thíolactar na tionscnaimh ó na saoránaigh.
Is ar na cúiseanna seo a leanas go príomha atá achainíocha difriúil:
- baineann siad le gníomhaíochtaí de chuid an Aontais atá ar siúl cheana féin; ní féidir leo tograí le haghaidh dlíthe nua de chuid an Aontais a iarraidh (leis na tionscnaimh ó na saoránaigh moltar dlíthe nua de chuid an Aontais)
- is féidir le haon achainíoch amháin achainí a thíolacadh (tá grúpa foirmiúil d’eagraithe ag tionscnamh ó na saoránaigh)
- níl aon líon íosta sínithe i gceist leo (teastaíonn 1 mhilliún síniú ó na tionscnaimh ó na saoránaigh).
TÁ.
Tá tionscnaimh nó uirlisí comhchosúla ann ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i bhformhór na mBallstát. Tá difríocht eatarthu ó thaobh raon feidhme agus nós imeachta de.
Tá samplaí le fáil sa staidéar seo:
I gcás tionscnaimh a cláraíodh roimh an 1 Eanáir 2020, tá feidhm ag na rialacha atá ann faoi láthair maidir le gnéithe ar leith díobh, agus tá feidhm ag an rialacha a bhí ann roimhe seo maidir le gnéithe eile díobh (e.g. ceanglais sonraí i dtaca le sínitheoirí, na córais bailithe ar líne, an deimhniú a dhéanann na Ballstáit ar na sínithe).
Tá tuilleadh eolais faoi sin san fhógra ón gCoimisiún faoi shocruithe idirthréimhseacha.
Tús a chur leis – an tionscnamh féin
TÁ.
Tá comhairle neamhspleách faoi ghnéithe dlíthiúla agus faoi ghnéithe eagraíochtúla ar fáil ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh.
NÍL.
Moltaí maidir le ceisteanna a bhfuil gá, dar leis na saoránaigh, le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme (agus dá réir sin gan na Conarthaí a mhodhnú), is leis na tograí sin amháin a bhaineann tionscnaimh ó na saoránaigh.
TÁ.
Níl aon chosc air sin sna rialacha.
TÁ.
Níl aon chosc air sin sna rialacha.
Tús a chur leis – na heagraithe
IS É.
Is í an tír chónaithe an rud is tábhachtaí. Is ceadmhach an náisiúntacht chéanna nó náisiúntachtaí éagsúla a bheith ag na heagraithe.
NÍL.
Is gá duit a bheith i do náisiúnach de Bhallstát den Aontas.
Is gá an aois vótála do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a bheith bainte amach agat.
Is é sin 18 mbliana d’aois i bhformhór na mBallstát – seachas:
- san Ostair agus i Málta, áit ar 16 bliana d’aois an aois vótála
- sa Ghréig, áit ar 17 bliana d’aois an aois vótála.
NÍ GÁ.
Ní gá ach an aois vótála do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a bheith bainte amach agat (féach an cheist roimhe seo).
TÁ.
Ach ní féidir iad a áireamh ar an líon íosta daoine a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla (agus ní féidir iad a bheith ar an liosta sin nuair a dhéantar d’iarraidh ar chlárú a thíolacadh).
Is iad na daoine teagmhála – an t-ionadaí agus an t-ionadaí malartach – atá údaraithe labhairt agus gníomhú thar ceann na n-eagraithe.
Is féidir leo a bheith i measc an tseachtar comhaltaí den ghrúpa a bhfuil cónaí orthu i seacht dtír éagsúla nó féadfaidh sé gur beirt chomhaltaí eile den ghrúpa iad.
Déanann siad idirchaidreamh idir an grúpa agus an Coimisiún, go háirithe trí bhainistiú a dhéanamh ar gach tionscnamh a thíolactar don Choimisiún.
Tá rochtain acu beirt ar an gcuntas d'eagraithe agus faigheann siad gach comhfhreagras ón gCoimisiún.
IS GÁ.
Agus iarraidh ar chlárú á déanamh ag ionadaí an ghrúpa d’eagraithe, is gá dó doiciméid a uaslódáil ina bhfuil ainmneacha iomlána, seoltaí poist agus náisiúntachtaí an tseachtar comhaltaí den ghrúpa a bhfuil cónaí orthu i seacht dtír éagsúla.
Is gá na doiciméid chéanna a sholáthar freisin i gcás na ndaoine teagmhála (an t-ionadaí agus an t-ionadaí malartach), mura duine den seachtar comhaltaí sin iad.
Déanfaidh an Coimisiún na doiciméid sin a sheiceáil agus féadfaidh sé go n-iarrfaidh an Coimisiún ar an ionadaí breis faisnéise a sholáthar.
IS FÉIDIR.
Má dhéantar athruithe ar an ngrúpa, is gá duit (an t-ionadaí nó an t-ionadaí malartach) an cuntas d'eagraithe atá agat a úsáid chun na hathruithe a chur in iúl don Choimisiún.
I gcás ina ndéanfaidh na hathruithe difear do líon íosta chomhaltaí an ghrúpa a bhfuil cónaí orthu i seacht dtír éagsúla, is gá duit na doiciméid riachtanacha a sholáthar lena dtaispeántar go bhfuil na ceanglais i dtaca le náisiúntacht, aois agus áit chónaithe á gcomhlíonadh ag do ghrúpa go fóill.
Chomh maith leis sin, is gá duit foirmeacha na ráiteas tacaíochta a athrú le go léireofar na hathruithe sin.
Taispeánfar ainmneacha chomhaltaí nua an ghrúpa sa chlár ar líne. Beidh ainmneacha iarchomhaltaí an ghrúpa fós le feiceáil sa chlár le linn an nós imeachta (féadfaidh na húdaráis ábhartha seiceáil a dhéanamh ansin ar bhailíocht na sínithe a bailíodh agus a tíolacadh dóibh lena bhfíorú).
IS FÉIDIR.
Níl aon chosc air sin sna rialacha.
NÍ GÁ.
Is féidir eintiteas dlíthiúil a bhunú ach níl sé riachtanach.
Má bhunaítear eintiteas dlíthiúil, is é a bheidh i gceannas go dlíthiúil ar an tionscnamh a bhainistiú.
TÁ.
Aon eintiteas dlíthiúil a dhéanann bainistíocht ar thionscnamh, is gá é a bhunú de réir dhlí náisiúnta na tíre ina bhfuil sé cláraithe. Is gá doiciméid a sholáthar lena gcruthaítear gur cláraíodh é go sonrach chun an tionscnamh a bhainistiú agus go bhfuil an t-ionadaí údaraithe gníomhú thar a cheann.
An tionscnamh a chlárú
- teideal an tionscnaimh (100 carachtar ar a mhéad, gan spásanna)
- cuspóirí an tionscnaimh (1,100 carachtar ar a mhéad, gan spásanna)
- na hairteagail sna Conarthaía mheasann sibh, mar eagraithe, a bheith ábhartha don tionscnamh atá beartaithe
- ainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí agus dátaí breithe an tseachtar comhaltaí den ghrúpa a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla
- na sonraí pearsanta céanna sin le haghaidh an ionadaí agus an ionadaí mhalartaigh, mar aon lena seoltaí ríomhphoist agus uimhreacha gutháin
Is féidir leis an ionadaí agus leis an ionadaí malartach a bheith i measc an tseachtar comhaltaí den ghrúpa atá luaite thuas (iad sin a bhfuil cónaí orthu i seacht dtír éagsúla) nó féadfaidh sé gur comhaltaí eile den ghrúpa iad.
- doiciméid lena gcruthaítear ainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí agus dátaí breithe gach duine den seachtar comhaltaí sin den ghrúpa, mar aon le hainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí agus dátaí breithe an ionadaí agus an ionadaí mhalartaigh, mura duine den seachtar comhaltaí sin den ghrúpa iad
- ainmneacha chomhaltaí eile an ghrúpa
- gach foinse cistithe agus tacaíochta (atá ar eolas tráth an chláraithe) dar luach os cionn €500 in aghaidh an urra
- más ábhartha, doiciméid lena gcruthaítear (i) gur bunaíodh eintiteas dlíthiúil chun an tionscnamh a bhainistiú agus (ii) go bhfuil ionadaí an ghrúpa údaraithe gníomhú thar ceann an eintitis.
Is féidir an méid seo a leanas a sholáthar chomh maith:
- iarscríbhinn ina gcuirtear ar fáil tuilleadh sonraí cúlra faoi do shaincheist agus faoi chuspóirí an tionscnaimh (5,000 carachtar ar a mhéad, gan spásanna) atá le líonadh isteach ar líne
- faisnéis bhreise, dréachtghníomh dlí, mar shampla, ina dtugtar aghaidh ar do shaincheist (atá le huaslódáil – 5 MB ar a mhéad)
- seoladh an tsuímh gréasáin ar a bhfuil do thionscnamh á óstáil (más ann dó).
Déanfaidh an Coimisiún do thionscnamh a chlárú más rud é:
- go bhfuil an grúpa d’eagraithe curtha ar bun agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe
- gur cuireadh an t-eintiteas dlíthiúil ar bun go sonrach (más rud é go bhfuil eintiteas dlíthiúil le cur ar bun) chun an tionscnamh a bhainistiú agus go bhfuil an t-ionadaí údaraithe gníomhú thar a cheann
- go mbaineann an tionscnamh le saincheist a bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiúndlí de chuid an Aontais a mholadh ina leith
- nach bhfuil an tionscnamh míchuí, suaibhreosach ná cráiteach
- go bhfuil an tionscnamh i gcomhréir le (i) luachanna an Aontais, mar a leagtar amach iad in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le (ii) na cearta a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
NÍL.
Spás neamhfhoirmiúil atá san Fhóram ar ar féidir le heagraithe (ionchasacha) a smaointe le haghaidh tionscnamh a phlé, comhairle a fháil agus teacht ar dhaoine le dul i gcomhar leo.
Chun do thionscnamh a chlárú agus chun tús a chur le sínithe a bhailiú, is gá duit iarraidh fhoirmiúil ar chlárú a thíolacadh don Choimisiún ar dtús.
Cuirfear cinneadh an Choimisiúin in iúl duit laistigh de 2 mhí tar éis duit an iarraidh a dhéanamh.
Eisceacht
Más rud é go bhfuil gach ceanglas comhlíonta ag do thionscnamh ach nach bhfuil sé i réimse a bhfuil cumhachtaí ag an gCoimisiún ina leith, gheobhaidh do ghrúpa freagra laistigh de 1 mhí amháin, agus tabharfar deis daoibh an togra a athrú dá réir.
Ina dhiaidh sin beidh 2 mhí ar a mhéad agat chun an leagan nuashonraithe a sheoladh chuig an gCoimisiún (nó d’fhéadfá cinneadh a dhéanamh gan leanúint leis an tionscnamh).
Dá gcinnfeá ar leagan nuashonraithe a sheoladh, dhéanfadh an Coimisiún cinneadh deiridh laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó é a fháil. Bheadh ceann amháin de na 3 ní seo a leanas i gceist leis an gcinneadh sin:
- an leagan iomlán den tionscnamh a chlárú
- an tionscnamh a chlárú i bpáirt
- diúltú an tionscnamh a chlárú.
I gcásanna den chineál sin, d’fhéadfadh sé go dtógfadh an nós imeachta clárúcháin ar fad suas le 4 mhí.
Déantar tionscnamh a chlárú i bpáirt mura bhfuil gach ceann de na cuspóirí i gcomhréir le cumhachtaí an Choimisiúin dlí de chuid an Aontais a mholadh.
I gcás tionscnamh a cláraíodh i bpáirt, féadfar ráitis tacaíochta a bhailiú ar an tuiscint nach gcuirfidh an Coimisiún san áireamh ach na páirteanna sin den tionscnamh atá i gcomhréir lena chumhachtaí, fiú má bhailíonn tú an 1 mhilliún síniú is gá agus má éiríonn leat an tionscnamh a thíolacadh i gceart.
Is féidir le sínitheoirí sin a fháil amach trí chlár ar líne an Choimisiúin a sheiceáil, áit a mbeidh faisnéis le fáil faoi na páirteanna den tionscnamh a cláraíodh.
Chomh maith leis sin, tá oibleagáid ar an ngrúpa d’eagraithe cur in iúl do na sínitheoirí nach bhfuil siad ag tacú ach leis na páirteanna cláraithe den tionscnamh agus iad ag síniú.
Seo a leanas an t-aon fhaisnéis a fhoilseofar:
- an cur síos ar an tionscnamh (an teideal, na cuspóirí agus aon fhaisnéis eile a sholáthraítear)
- ainmneacha iomlána chomhaltaí an ghrúpa d’eagraithe agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála (an t-ionadaí agus an t-ionadaí malartach)
- tír chónaithe an ionadaí nó (más rud é gur cuireadh eintiteas dlíthiúil ar bun leis an tionscnamh a bhainistiú) ainm an eintitis agus an tír ina bhfuil sé bunaithe
- faisnéis faoi na foinsí cistithe agus tacaíochta.
Tá tuilleadh eolais faoi chosaint sonraí le fáil sa ráiteas príobháideachais.
Is féidir leat aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a úsáid.
FOILSÍTEAR.
Is é an Coimisiún a aistríonn teideal, cuspóirí agus iarscríbhinn an tionscnaimh go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus foilsíonn sé iad ar a chlár poiblí.
Dá mba mhian leat aon rud eile (dréachtghníomh dlí, mar shampla) a aistriú, is tú féin, i do cháil mar eagraí, atá freagrach as sin. Ina dhiaidh sin chuirfeadh an Coimisiún na haistriúcháin bhreise sin leis na cinn eile sa chlár poiblí.
IS FÉIDIR.
Is ar fhorais dlí atá an cinneadh bunaithe, rud a fhágann gur féidir agóid a dhéanamh ina choinne. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna lena chinneadh agus míneoidh sé cad iad na leigheasanna dlí atá ar fáil duit nó cad iad na réitigh mhalartacha atá ar fáil lasmuigh den chúirt.
Áirítear orthu sin imeachtaí a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach (chun gearán a dhéanamh faoi dhrochriarachán).
IS FÉIDIR.
Is féidir leat tionscnamh a tharraingt siar tráth ar bith sula dtíolacfar don Choimisiún é (i.e. tar éis na sínithe uile a bheith bailithe agus deimhnithe).
Agus tionscnamh tarraingthe siar agat, ní féidir é a oscailt arís agus beidh na sínithe uile ar neamhní go hiomlán.
Beidh tú in ann breathnú air go fóill, áfach, i measc na dtionscnamh atá sa chartlann.
Tacaíocht a fháil
Is féidir leat an dáta a thosófar ar bhailiú na sínithe a roghnú – ach is gá gur dáta é nach déanaí ná 6 mhí tar éis do thionscnamh a chlárú.
Is gá duit an dáta tosaithe atá roghnaithe agat a chur in iúl don Choimisiún 10 lá oibre roimh an dáta sin. Ina dhiaidh sin foilseoimid dáta tosaithe agus dáta deiridh na tréimhse bailiúcháin inár gclár ar líne.
IS FÉIDIR.
Bliain amháin ar a mhéad, sin an tréimhse atá agat chun sínithe a bhailiú. Is féidir leat an bailiú a stopadh tráth ar bith má tá tú cinnte go bhfuil an líon íosta sínithe bainte amach agat (1 mhilliún síniú san iomlán ar a laghad, agus na líonta íosta bainte amach i seacht mBallstát ar a laghad)
Is í an chéad chéim eile atá le déanamh agat ina dhiaidh sin na sínithe a thíolacadh do na húdaráis náisiúnta inniúla lena bhfíorú.
NÍ FÉIDIR.
Chun sínithe a bhailiú, is gá duit foirmeacha ar leith a úsáid atá i gcomhréir leis na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus ina bhfuil an fhaisnéis riachtanach uile faoin tionscnamh, mar atá foilsithe ar an suíomh gréasáin seo.
Ina theannta sin, braitheann na sonraí is gá do na sínitheoirí a sholáthar ar an tír arb as dóibh.
Lena chinntiú go bhfuil na foirmeacha cearta agat, is féidir leat foirmeacha réamhlíonta a íoslódáil ón gcuntas d'eagraithe ar an suíomh gréasáin seo. Tá na sonraí ábhartha faoi do thionscnamh ar na foirmeacha sin cheana féin.
NÍ FÉIDIR.
Ní mór duit foirmeacha ar leith a úsáid, ag brath ar náisiúntacht na sínitheoirí. Ciallaíonn sé sin gur gá gur náisiúnaigh den aon Bhallstát amháin iad na sínitheoirí uile atá ar an aon fhoirm amháin.
An tír chuig a gcuirfear an fhoirm leis na sínithe a fhíorú, ní mór duit an tír sin a léiriú ar gach foirm ar dtús. Ní féidir ach le náisiúnaigh den tír sin an fhoirm sin a úsáid.
Is féidir leat sínithe a bhailiú in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais, beag beann ar náisiúntacht.
NÍ FÉIDIR.
Ní mór d'eagraithe rogha a dhéanamh idir córas bailithe an Choimisiúin agus a gcóras féin.
Má thograíonn na heagraithe a gcóras féin a thógáil, beidh orthu iarraidh ar an údarás ábhartha sa tír ina stóráiltear na sonraí an córas sin a dheimhniú.
NÍL.
Is córas réamhdhéanta saor in aisce é an córas sin. Agus tá na ceanglais theicniúla agus slándála á gcomhlíonadh aige cheana féin.
Níl le déanamh agat ach comhaontú a shíniú le go mbeidh tú i do chomhrialaitheoir sonraí, in éineacht leis an gCoimisiún.
Beidh tú in ann tosú ar shínithe a bhailiú ansin, 10 lá tar éis duit dáta tosaithe na tréimhse bailiúcháin a chur in iúl don Choimisiún.
NÍ FÉIDIR.
Is gá duit iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh a chlárú ar dtús.
Is féidir leat úsáid a bhaint as an modh sásaimh atá ar fáil i do thír féin – údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin náisiúnta (ombudsmain náisiúnta nó réigiúnacha san áireamh), mar shampla.
Ina theannta sin, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún i dtaca le sárú ar dhlí an Aontais.
Is gá sin a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil tacaíocht ag tionscnamh i measc réimse leathan náisiúntachtaí.
Tuilleadh eolais faoi líon íosta na sínithe in aghaidh na tíre.
NÍ CHIALLAÍONN.
Cuirfear gach síniú a bhailítear san áireamh i líon iomlán na sínithe chun an sprioc 1 mhilliún síniú a bhaint amach.
Tacaíocht a thabhairt
Is gá duit ráiteas tacaíochta a líonadh isteach agus a shíniú, ar pháipéar nó ar líne.
Athraíonn an fhaisnéis sin ó thír go tír.
Tá an méid seo a leanas riachtanach i gcás gach náisiúnaigh den Aontas: náisiúntacht; céadainm iomlán agus sloinne iomlán; agus, ag brath ar an tír,
ceann amháin díobh seo a leanas
A. seoladh poist iomlán agus dáta breithe
(i gcás náisiúnaigh na dtíortha seo: an Danmhairg, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ísiltír, Lucsamburg agus an tSlóvaic)
nó
B. uimhir aitheantais phearsanta agus uimhir/cineál an doiciméid
(i gcás náisiúnaigh na dtíortha seo: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Eastóin, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir).
Chomh maith leis sin, féadfaidh roinnt náisiúnaigh den Aontas ríomh-shainaitheantas a úsáid chun tacú le tionscnamh.
Ceanglais sonraí in aghaidh na tíre
Nuair a bheidh an líon sínithe is gá bainte amach ag tionscnamh, déanfaidh na húdaráis i ngach tír na sonraí atá bailithe a fhíorú. Aon ráiteas tacaíochta ina bhfuil sonraí earráideacha, ní mheasfar é a bheith bailí.
Is gá an aois vótála do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a bheith bainte amach agat.
Is é sin 18 mbliana d’aois i bhformhór na mBallstát, seachas:
- san Ostair agus i Málta, áit ar 16 bliana d’aois an aois vótála
- sa Ghréig, áit ar 17 mbliana d’aois an aois vótála.
Mar sin féin, féadfaidh roinnt tíortha cinneadh a dhéanamh an aois íosta a ísliú go 16 bliana d’aois.
NÍ GÁ.
Ní gá ach an aois vótála do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a bheith bainte amach agat nó ní gá duit ach a bheith ar a laghad 16 bliana d’aois i gcás na dtíortha a bhfuil cinneadh déanta acu tacaíocht a cheadú ó dhaoine a bhfuil an aois sin acu (féach an cheist roimhe seo).
NÍ FÉIDIR.
Ní féidir ach le náisiúnaigh den Aontas (is é sin náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas) tacú leis na tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh.
I dtír do náisiúntachta.
Mar shampla, más Liotuánach thú atá i do chónaí in Éirinn, is sa Liotuáin a chuirfear do shíniú san áireamh.
Má tá dénáisiúntacht agat, níl le déanamh agat ach ceann amháin de na náisiúntachtaí atá agat a roghnú agus foirm amháin a líonadh isteach. Ní féidir leat tacú le tionscnamh ach uair amháin.
IS FÉIDIR.
Agus an tionscnamh á shíniú agat, roghnaigh tír do náisiúntachta. Is sa tír sin a chuirfear do shíniú san áireamh.
Ráitis tacaíochta a fhíorú
TÁ.
Ní mór duit iad a thíolacadh laistigh de 3 mhí ó dheireadh na tréimhse bailiúcháin.
Déanann údaráis ainmnithe i ngach Ballstát seiceálacha chun líon na ráiteas tacaíochta a bailíodh a dheimhniú.
Tá 3 mhí ar mhéad acu chun sin a dhéanamh. Féadfaidh sé go mbunófar na seiceálacha sin ar shampláil randamach.
Ní mór na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne a thíolacadh i gcomhréir leis an scéimre leictreonach, atá ar fáil anseo.
Más rud é gur roghnaigh tú lárchóras an Choimisiúin a úsáid, is é an Coimisiúin a dhéanfaidh an tíolacadh.
Cuireann an Coimisiún córas slán ar fáil le gur féidir le heagraithe na ráitis tacaíochta a bailíodh a chomhroinnt leis na húdaráis inniúla náisiúnta.
Is féidir gach ráiteas tacaíochta (na leaganacha leictreonacha agus na leaganacha scanta de na foirmeacha páipéir a bailíodh) a uaslódáil i bhfoirm chriptithe sa chóras.
Más mian leat an córas sin a úsáid chun na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil, is gá duit sin a chur in iúl don Choimisiún chomh maith. Beidh ort gach ráiteas tacaíochta a bailíodh ar pháipéar a uaslódáil laistigh de 2 mhí ó dheireadh na tréimhse bailiúcháin agus ansin, nuair a bheidh sé sin déanta, an Coimisiún a chur ar an eolas faoi.
IS FÉIDIR.
Níl an rochtain ar an tseirbhís sin srianta dóibh sin atá ag úsáid chóras bailithe an Choimisiúin.
Is féidir leat é a úsáid chun na ráitis tacaíochta a bailíodh ar pháipéar agus na ráitis tacaíochta a bailíodh go leictreonach a aistriú.
Is féidir leat úsáid a bhaint as an modh sásaimh atá ar fáil i do thír féin – mar shampla, údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin náisiúnta (ombudsmain náisiúnta nó réigiúnacha san áireamh).
Ina theannta sin, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún i dtaca le sárú ar dhlí an Aontais.
Tionscnamh a thíolacadh
TÁ.
Tá 3 mhí agat chun sin a dhéanamh, ón dáta a fuair tú an deimhniú deireanach ó na húdaráis inniúla náisiúnta.
NÍ GÁ.
Níl le seoladh agat ach an fhoirm thíolactha tríd an gcuntas d’eagraithe, mar aon le cóipeanna de gach deimhniú a fuair tú ó na húdaráis náisiúnta lena ndearbhaítear gur bhailigh tú an líon íosta sínithe.
Freagra a fháil
Reáchtálfar an cruinniú laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a thíolaic na heagraithe an tionscnamh.
Le linn an chruinnithe déanfar plé struchtúrtha ar ábhar an tionscnaimh, lena chinntiú go bhfuil tuiscint shoiléir ag an gCoimisiún ar na cuspóirí (agus ar aon soiléiriú is gá), sula ndéanfaidh sé a fhreagra a ullmhú.
NÍ GÁ.
Nuair a bheidh do thionscnamh tíolactha agat, cuirfidh an Coimisiún sin in iúl don Pharlaimint. Rachaidh an Pharlaimint i dteagmháil leat ina dhiaidh sin chun an éisteacht a eagrú.
Chomh maith le Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas, cuirfidh an Coimisiún Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún agus gach parlaimint náisiúnta san Aontas ar an eolas freisin.
TÁ.
6 mhí ón dáta a tíolacadh an tionscnamh.
Déanfaidh an Coimisiún teachtaireacht a eisiúint ina gcuirfidh sé in iúl na bearta atá sé i gceist aige a dhéanamh, más ann dóibh, chomh maith le haon réasúnú agus amlíne maidir leis na bearta a chur chun feidhme.
Foilseofar an teachtaireacht ar an suíomh gréasáin seo i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún agus gach parlaimint náisiúnta san Aontas ar an eolas freisin.
NÍL.
Is é is aidhm don Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh é a chur ar a gcumas do mhuintir na hEorpa díospóireacht a thosú agus dul i bhfeidhm ar chlár oibre an Aontais trí iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh.
Chun dualgas a chur ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh, ba ghá athbhreithniú a dhéanamh ar an gConradh.
Is gá don togra ón gCoimisiún an nós imeachta reachtach ábhartha a leanúint.
Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, nó i gcásanna áirithe go mbeidh ar an gComhairle amháin, é a scrúdú agus a ghlacadh chun dlí a dhéanamh de.
NÍL.
Murab ionann agus an diúltú tionscnamh a chlárú, tá an cinneadh seo bunaithe ar anailís an Choimisiúin ar shubstaint an tionscnaimh agus níl sé faoi réir nós imeachta achomhairc.
Is uirlis í an Tionscnamh ó na saoránaigh a thugann deis do shaoránaigh tionchar a bheith acu ar chlár oibre an Choimisiúin agus a chuireann dualgas ar an gCoimisiún machnamh cúramach a dhéanamh ar iarrataí ó shaoránaigh na hEorpa. Níl dualgas ar an gCoimisiún gníomhú orthu, áfach.
Má chinneann an Coimisiún gan gníomhú, tabharfaidh sé míniú soiléir ar na cúiseanna.
Cistiú agus urraíocht
IS GÁ.
Ní mór duit faisnéis a sholáthar faoi gach cistiú atá os cionn €500 in aghaidh an urra.
Ní mór duit an fhaisnéis sin a sholáthar nuair atá an iarraidh ar chlárú á déanamh agat agus ansin ní mór duit an fhaisnéis a nuashonrú gach 2 mhí ar a laghad.
Chomh maith leis sin, is gá duit faisnéis a sholáthar faoi aon tacaíocht neamh-airgeadais a tairgeadh do do thionscnamh agus a fuarthas.
Foilseoimid na sonraí faoin tacaíocht agus faoi na hurraí inár gclár ar líne.
NÍL.
Thiocfadh sé sin salach ar an bprionsabal atá ann go bhfuil na tionscnaimh ó na saoránaigh neamhspleách agus go bhfuil an Coimisiún neodrach.
Mar sin féin, cuireann an Coimisiún tacaíocht neamh-airgeadais ar fáil lena sheirbhísí aistriúcháin saor in aisce agus lena chóras bailithe sínithe ar líne saor in aisce.
Tá tacaíocht bhreise – i bhfoirm comhairle agus treorach – le fáil ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh.
IS FÉIDIR.
Más mian leat foláirimh a spreagadh nó gearáin a dhéanamh faoi na hurraí agus faoin tacaíocht a dearbhaíodh maidir le tionscnamh ar leith (e.g. má chreideann tú go bhfuil an fhaisnéis a foilsíodh mícheart nó neamhiomlán), úsáid an fhoirm theagmhála atá ar fáil ar leathanach an tionscnaimh.
Chun go mbeimid in ann gníomhú ar do ghearán, beidh ort fianaise a sholáthar ina leith.
Déanfaimid teagmháil le heagraithe an tionscnaimh chun na fíricí a shuí agus iarrfaimid orthu aon eolas míchruinn faoin gcistiú nó faoin tacaíocht a réiteach.
Cumarsáid
NÍ FÉIDIR.
Tá dualgas ar an gCoimisiún a bheith neodrach i leith gach tionscnamh atá fós ar oscailt.
Mar sin féin, eagraíonn an Coimisiún feachtais ghinearálta phoiblíochta agus eolais chun feasacht an phobail a mhúscailt faoin Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus chun iad a chur ar an eolas gur bealach é le páirt a ghlacadh sa phróiseas ceaptha beartas.
Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin seo chun eolas a fháil faoi na forbairtí is déanaí sa Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar an iomlán agus freisin faoi thionscnaimh ar leith, nó chun liostáil lenár nuachtlitir.
Ina theannta sin, nuair a thacaíonn tú le tionscnamh trí lárchóras an Choimisiúin, is féidir leat liostáil le nuashonruithe sonracha faoi thionscnaimh a fháil ó na heagraithe agus ón gCoimisiún.
IS FÉIDIR.
Is féidir leat seoltaí ríomhphoist na sínitheoirí a bhailiú le haghaidh cumarsáide agus faisnéise ar an gcoinníoll:
- go dtugann siad a dtoiliú
- go gcomhlíonann tú na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí.
Cosaint sonraí
IS É.
Le dlí an Aontais tugtar údarás do na heagraithe faisnéis shonrach fút a bhailiú, ar pháipéar nó ar líne, agus an fhaisnéis sin a chur in iúl do na húdaráis inniúla atá i gceannas ar fhíorú na tacaíochta a bailíodh.
Is dualgas dlíthiúil ar na heagraithe é seo; gan faisnéis faoi na sínitheoirí, ní thabharfar aitheantas don tacaíocht dá dtionscnamh.
Na sonraí pearsanta uile a phróiseáiltear chun críche tionscnaimh, tá siad faoi réir na reachtaíochta ábhartha maidir le cosaint sonraí.
Ina gcáil mar rialaitheoir sonraí, tá ionadaithe na ngrúpaí d'eagraithe faoi dhliteanas faoin dlí náisiúnta as aon díobháil a dhéanann siad nó as aon riail a sháraíonn siad, agus tá siad faoi réir pionóis iomchuí.
Is féidir le heagraithe úsáid a bhaint as córas an Choimisiúin nó as a gcóras féin chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne.
Tugann córas an Choimisiúin an leibhéal slándála is airde d’úsáideoirí (criptiú sonraí san áireamh) i gcomhréir lena rialacha maidir le córais shlána chumarsáide agus faisnéise. Is féidir le saoránaigh tacú le tionscnaimh ar an gcóras freisin trí úsáid a bhaint as a ríomh-shainaitheantas (eID) náisiúnta.
Na córais a chuireann eagraithe tionscnaimh ar bun go neamhspleách, déanann na húdaráis deimhniúcháin sa tír ina stóráiltear na sonraí seiceáil ar na córais sin lena chinntiú go bhfuil na híoscheanglais slándála agus theicniúla á gcomhlíonadh acu.
Lena chinntiú go bhfuil córas de chuid tionscnaimh i gcomhréir leis na híoscheanglais, féach an bhfuil deimhniú ó na húdaráis sin ar an suíomh gréasáin ar a bhfuil tú ag síniú.
Ní féidir leat na sonraí a bhailítear ar fhoirm oifigiúil na ráiteas tacaíochta a choinneáil; ní féidir úsáid a bhaint astu sin ach chun tacú le do thionscnamh.
Mar sin féin, is féidir leat sonraí teagmhála na sínitheoirí a iarraidh go sonrach orthu – faoi réir a dtoilithe – le haghaidh cumarsáide agus faisnéise.
Is é an rialaitheoir sonraí:
- ionadaí an ghrúpa d’eagraithe, nó
- an t-eintiteas dlíthiúil, má cuireadh ceann ar bun leis an tionscnamh a bhainistiú.
Baineann an ról sin le próiseáil sonraí pearsanta (seoltaí ríomhphoist san áireamh) a bailíodh ó dhaoine aonair le linn sínithe a bheith á mbailiú.
Comhroinntear ról an rialaitheora sonraí leis an gCoimisiún más rud é go mbaineann tionscnamh úsáid as:
- córas an Choimisiúin chun sínithe agus seoltaí ríomhphoist a bhailiú
- seirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin chun sínithe a aistriú chuig Ballstáit.
Tá ról an rialaitheora sonraí ag na húdaráis náisiúnta freisin le linn dóibh a bheith ag fíorú sínithe.
Tá rialacha sonracha leagtha síos sa Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh – féach Airteagal 19.
I dtaca le gach gné eile, is faoi réir rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí atá na heagraithe agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit.
Le linn don Choimisiún a bheith ag gníomhú mar chomhrialaitheoir, is le Rialachán (AE) 2018/1725 a rialaítear a chuid beart.
Ráitis tacaíochta:
Ní mór duitse (an t-eagraí) agus don Choimisiún gach ráiteas tacaíochta a síníodh ar son do thionscnaimh (agus gach cóip díobh) a scriosadh faoi cibé dáta is túisce acu seo a leanas:
- 1 mhí amháin tar éis duit an tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún
- 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin.
Má tharraingíonn tú siar do thionscnamh tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, áfach, ní mór na ráitis (agus gach cóip díobh) a scriosadh laistigh de 1 mhí amháin tar éis an tarraingt siar.
Na húdaráis náisiúnta a n-iarrfar orthu do ráitis a fhíorú, ní mór dóibh gach ráiteas (agus gach cóip díobh) a scriosadh laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an próiseas sin a chur i gcrích.
Eisceacht – má tá tú páirteach in aon imeacht dlíthiúil nó riaracháin a bhaineann le do thionscnamh, féadfaidh tú na ráitis tacaíochta (agus na cóipeanna díobh) a choinneáil tar éis na dteorainneacha ama sin.
Seoltaí ríomhphoist:
Ní mór duit (an t-eagraí) agus don Choimisiún gach taifead de sheoltaí ríomhphoist a scriosadh faoi na teorainneacha ama seo a leanas:
- 1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a bheith tarraingthe siar nó
- 12 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin nó
- 12 mhí tar éis an tionscnamh a bheith tíolactha don Choimisiún.
Más le teachtaireacht fhoirmiúil a thugann an Coimisiún freagra ar do thionscnamh, áfach, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse coinneála le haghaidh seoltaí ríomhphoist 3 bliana tar éis an teachtaireacht sin a fhoilsiú.