Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Baile

Bíodh ról níos mó agat i gceapadh na mbeartas a imríonn tionchar ar do shaol. Is deis ar leith duitse an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun cuidiú a thabhairt an tAontas Eorpach a mhúnlú trí thathant ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh. Ar 1 mhilliún síniú a bheith bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún cé na bearta is gá a dhéanamh. Féach conas a n-oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, céim ar chéim
Má smaoiníonn tú ar thionscnamh a thosú, téigh i gcomhairle le Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun comhairle dlí agus phraiticiúil a fháil.
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: Do cheart mar shaoránach den Aontas Eorpach

An scéala is déanaí

Logo of Stop Finning EU
  • 12/03/2024

Obair leantach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh go maith leis, ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil’  

An 21 Feabhra, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach glao ar fhianaise chun tuairimí agus saineolas a lorg maidir leis na hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhainfeadh le cosc a d’fhéadfadh a bheith ann ar eití scaoilte siorcanna a dhíol san Aontas Eorpach agus a thrádáil go hidirnáisiúnta, agus aiseolas a bhailiú maidir le roghanna beartais a d’fhéadfadh a bheith ann chun siorcanna agus éiceachórais mhuirí ghaolmhara a chosaint ar bhealach ní b’fhearr. 

Is í an aidhm atá ann cinnte a dhéanamh den bhealach is feasaí, is rannpháirtíche agus is trédhearcaí chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an obair leantach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil’ in 2023. 

 

Judicial updates-court cases
  • 22/02/2024

Breithiúnas críochnaitheach na Cúirte ar an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis an TES ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ (C-54/22 P)

An 22 Feabhra 2024, thug an Chúirt Bhreithiúnais a breithiúnas uaithi i gcás C-54/22 P, an Rómáin v an Coimisiún. Seastar leis an gcinneadh ón gCoimisiún in 2019 an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ a chlárú go páirteach, tar éis achomharc na Rómáine a dhíbhe.    

 

Imagine EU video competition - 2 students, Commission building, info on the prize
  • 21/02/2024

Torthaí chomórtas físeán ImagineEU do scoileanna

Le comórtas físeán ImagineEU a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2023, iarradh ar Eorpaigh óga machnamh a dhéanamh ar smaointe nithiúla a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do na saoránaigh ar fud an Aontais – cosúil leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.    

 Roghnaigh an giúiré na trí fhíseán is fearr a chuir foirne scoile ón bhFrainc, ón Iodáil agus ón Rómáin isteach. Turas staidéir chun na Bruiséile i mí an Mhárta a bhronntar ar na foirne.  

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?