Tá na treoirlínte agus na moltaí reatha i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (‘an Rialachán’ anseo feasta) beartaithe d’údaráis inniúla na mBallstát (agus is ar a n-iarraidh sin dóibh, go páirteach, a ullmhaíodh iad). Clúdaíonn siad céimeanna éagsúla nós imeachta an tionscnaimh ó na saoránaigh, go háirithe na céimeanna a bhaineann le haistriú agus fíorú na ráiteas tacaíochta. Ar an ábhar sin, beidh siad ina gcuidiú ar go leor bealaí do na heagraithe.
Den chuid is mó, déanann na treoirlínte agus na moltaí seo soiléiriú nó nuashonrú ar chomhairle a thug an Coimisiún roimhe, bíodh sé i bpáipéir leathoifigiúla, i gcomhfhreagras scríofa, nó ag cruinnithe de chuid Ghrúpa Saineolaithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hiad a athbhreithniú le himeacht ama bunaithe ar thaithí údaráis inniúla na mBallstát agus an Choimisiúin i dtaca lena gcur chun feidhme.
Malartú faisnéise
Clárú:
Cuirfidh an Coimisiún údaráis na mBallstát ar an eolas trí ríomhphost faoi iarrataí ar chlárú na dtionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a bhfuil sé tar éis glacadh leo nó diúltú dóibh.
Tús na tréimhse bailiúcháin:
Nuair a bheidh an Coimisiún curtha ar an eolas ag na heagraithe faoi dháta tosaigh na tréimhse bailiúcháin, cuirfidh an Coimisiún an dáta sin in iúl d’údaráis na mBallstát. Sonróidh an Coimisiún dáta tosaigh agus dáta deiridh an bhailiúcháin sa chlár poiblí.
Ráitis tacaíochta a fhíorú:
I gcás ina gcuireann na heagraithe iarraidh ar fhíorú isteach gan seirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin a úsáid, ba cheart d’údarás an Bhallstáit a fhaigheann an iarraidh sin an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach, agus ina dhiaidh sin comhroinnfidh an Coimisiún an t-eolas sin le húdaráis na mBallstát eile. I gcás ina n-úsáideann na heagraithe seirbhísí aistrithe (an tseirbhís malartaithe comhad) a chuireann an Coimisiún ar fáil, bíonn feidhm ag an nós imeacht sonrach lena n-áirítear fógra mar a shainmhínítear faoi Roinn 5 thíos
Imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin:
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin atá ar bun ag eagraithe ina dtír maidir le próiseas fíorúcháin na ráiteas tacaíochta nó toradh an phróisis sin, lena dtugtar le fios gur cheart na sonraí atá sa lárchóras bailiúcháin ar líne a chur ar athlá nó a scrios.
Is féidir cumarsáid idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát a dhéanamh trí ríomhphost ach bosca ríomhphoist feidhmiúil an Choimisiúin a úsáid: SG-ECI-EXPERT-GROUP@ec.europa.eu.
Deimhniú córas bailiúcháin aonair ar líne
Faoin Rialachán nua, is féidir leis na heagraithe a gcóras féin a roghnú chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne. Tá an rogha sin acu maidir le tionscnaimh a chláraítear go dtí deireadh 2022. Maidir le tionscnaimh a chláraítear ó 2023 ar aghaidh, beidh ar na heagraithe lárchóras bailiúcháin ar líne an Choimisiúin.
Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis na cásanna sin ina mbíonn sé beartaithe ag na heagraithe a gcóras bailiúcháin ar líne féin a úsáid.
Níor cheart córas bailiúcháin ar líne a dheimhniú ach uair amháin, sa Bhallstát a ndéanfar na sonraí a stóráil ina chríoch. Ní féidir leis na heagraithe an deimhniúchán sin a iarraidh ach amháin tar éis a dtionscnamh beartaithe a chlárú leis an gCoimisiún. Tá mí amháin ag an údarás inniúil náisiúnta córas bailiúcháin ar líne a dheimhniú.
Aithneoidh na Ballstáit na teastais a eisíonn údaráis inniúla de chuid Ballstáit eile le haghaidh córas bailiúcháin ar líne de chuid tionscnamh ar leith. Más rud é go ndiúltaíonn údarás inniúil de chuid Ballstát amháin córas bailiúcháin ar líne de chuid tionscnamh ar leith a dheimhniú, ní féidir le húdarás inniúil de chuid Ballstát eile é sin a úsáid mar údar le gan measúnú a dhéanamh ar chóras bailiúcháin ar líne an tionscnaimh chéanna nó le diúltú é a dheimhniú.
Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2019/1799 (‘an Rialachán cur chun feidhme’ anseo feasta) na ceanglais nach mór do na córais bailithe ar líne a chomhlíonadh.
Sula n-iarrann na heagraithe deimhniú a gcórais bailiúcháin ar líne, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann chun a chinntiú go bhfuil an grúpa eagraithe agus an t-údarás inniúil araon ullmhaithe go maith. Ar an gcaoi sin, go háirithe, beidh an t-údarás náisiúnta in ann comhairle a chur ar na heagraithe faoi chineál beacht na doiciméadachta nach mór dóibh a chur ar fáil. Más rud é go bhfuil a rialacha agus ceanglais slándála sonracha féin forbartha ag an údarás chun córais bailiúcháin ar líne a dheimhniú, cuirfidh sé na rialacha sin ar fáil do na heagraithe arna iarraidh sin dóibh. Beidh na rialacha sonracha sin i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla ghinearálta a leagtar síos sa Rialachán cur chun feidhme.
Meastar iarraidh ar dheimhniú a bheith déanta ach a mbíonn na doiciméid uile a cheanglaítear leis an Rialachán cur chun feidhme curtha isteach ag na heagraithe, in éineacht le haon fhoirmeacha sonracha a iarrann an t-údarás inniúil náisiúnta i gceist. Ós rud é go mbíonn mí amháin ag na húdaráis inniúla náisiúnta chun a fhíorú go bhfuil an Rialachán cur chun feidhme á chomhlíonadh, ba cheart don údarás sin a sheiceáil go tapa go bhfuil an doiciméadacht a chuirtear isteach curtha i gcrích go hiomlán. Murab amhlaidh an cás, ba cheart na heagraithe a chur ar an eolas láithreach agus ba cheart iarraidh orthu aon doiciméadacht atá in easnamh a chur ar fáil gan mhoill. In éagmais freagairt phras ó na heagraithe, d’fhéadfaí diúltú don deimhniú ar an bhforas nach bhfuil go leor ama ag an údarás náisiúnta chun measúnú ceart a dhéanamh ar an gcóras bailiúcháin ar líne lena mbaineann. De rogha air sin, féadfaidh an t-údarás náisiúnta a chinneadh nach dtosaíonn an sprioc-am míosa go dtí go mbíonn an doiciméadacht is gá curtha i gcrích go hiomlán.
Is faoi údarás an Bhallstáit atá sé a chinneadh, ar bhonn na doiciméadachta, conas a fhíorú go bhfuil ceanglais an Rialacháin chur chun feidhme á gcomhlíonadh. D'fhéadfadh tástáil leochaileachta agus/nó treáite a bheith i gceist san fhíorú sin, nó fíorúchán ar an láthair má mheastar gá a bheith leis.
Ba cheart d’údarás de chuid Ballstáit deimhniú níos simplí a dhéanamh ar chóras bailiúcháin ar líne más rud é go bhfuil an soláthraí seirbhíse deimhnithe cheana féin ag an údarás sin le haghaidh tionscnaimh eile a chláraítear faoin Rialachán agus más rud é go bhfuil sé curtha in iúl ag na heagraithe ina n-iarraidh nach ndearnadh modhnuithe ar an gcóras. I gcásanna den sórt sin, ba cheart d’údarás an Bhallstáit díriú i bprionsabal ina nós imeachta deimhniúcháin ar a chinntiú go leantar de na bearta slándála a deimhníodh roimhe a chur chun feidhme. Ba cheart a thuiscint anseo le soláthraí seirbhíse ní amháin an soláthraí seirbhíse óstála ach freisin an soláthraí comhpháirteanna bogearraí.
Eisíonn údarás an Bhallstáit an deimhniú má tá na gnéithe slándála agus teicniúla leordhóthanacha i bhfeidhm ag an gcóras, mar a shainmhínítear in Airteagal 11(4) den Rialachán agus sa Rialachán cur chun feidhme. Níl teorainn ama leis an deimhniú agus, ar an gcaoi sin, ní féidir oibleagáid a chur ar na heagraithe é a athnuachan. Mar sin féin, ní mór a chinntiú go gcomhlíonann na córais Airteagal 11(4) den Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme le linn na tréimhse bailiúcháin. Má dhéanann na heagraithe modhnú ar a gcóras bailiúcháin ar líne tar éis é a dheimhniú ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don mheasúnú atá mar bhunús leis an deimhniú (agus thar na nuashonruithe riachtanacha is gá chun na Rialacháin a chomhlíonadh), ní bheidh feidhm ag an deimhniú maidir leis an gcóras ba cheart a mheas mar chóras nua. Dá bhrí sin tabharfaidh na heagraithe fógra gan moill mhíchuí don údarás faoi na hathruithe a dhéantar ar an gcóras (nó bearta eagraíochtúla tacaíochta), agus lorgóidh siad comhairle uaidh faoi cé acu an gá nó nach gá dóibh deimhniú nua a iarraidh dá gcóras bailiúcháin ar líne leasaithe.
Ní chiallaíonn deimhniú go gcomhlíonann na heagraithe na hoibleagáidí cosanta sonraí. Le haghaidh eolais maidir le hoibleagáidí cosanta sonraí atá dírithe ar na heagraithe (féach na Ceisteanna Coitianta freisin).
Foirmeacha ráitis tacaíochta
Tá saoirse ag na heagraithe na foirmeacha a chuirtear ar fáil dóibh ina gcuntas eagraí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin a úsáid, nó foirmeacha a ullmhaíonn siad féin bunaithe ar na múnlaí a leagtar amach sa Rialachán. Féadfaidh údaráis na mBallstát foirmeacha den sórt sin a chur ar fáil do na heagraithe, ach ní féidir a shainordú go n-úsáidfear iad.
I ngach cás, níor mhór go gcomhlíonfadh na foirmeacha a úsáidtear chun ráitis tacaíochta a bhailiú – ar féidir iad a scríobh in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais – an múnla in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán, ní mór na sonraí is gá le haghaidh gach Ballstáit faoi seach de bhun Iarscríbhinn III (Cuid A nó Cuid B) a bheith san áireamh iontu, agus ní mór an t-eolas bunriachtanach is gá faoin tionscnamh mar a fhoilsítear i gclár an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh a chur ar fáil iontu.
Cé gur cheart na foirmeacha a ullmhaíonn na heagraithe a bheith i gcomhréir iomlán leis an múnla a chuirtear ar fáil in Iarscríbhinn III, d’fhéadfaí iad a leasú chun lógó nó íomhá den tionscnamh a chur leo.
Ba cheart an fhoirm a bheith ar bhileog amháin (féadfaidh sé a bheith déthaobhach), mar go dtabharfadh sé sin dearbhú éigin go bhfeicfeadh na sínitheoirí iomlán na foirme agus an eolais atá uirthi. Thairis sin, ba cheart é a bheith soiléir do na sínitheoirí sula síníonn siad an fhoirm cén Ballstát a seolfar chuige í. Ní mór an fhoirm a sheoladh chuig Ballstát a náisiúntachta nó ceann dá náisiúntachtaí.
I gcás ina ndéanann an Coimisiún an tionscnamh a chlárú i bpáirt, ní mór raon feidhme an tionscnaimh mar a fhoilsítear é a léiriú sna foirmeacha. Tá an t-eolas ábhartha san áireamh sna foirmeacha a chuirtear ar fáil do na heagraithe ina gcuntas ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Níl údarás de chuid Ballstáit inniúil chun foirmeacha nua a dhearann na heagraithe a ‘fhormheas’. I gcás amhrais faoi chomhlíonadh leis an múnla a thugtar in Iarscríbhinn III, féadfaidh údaráis na mBallstát teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún más gá.
Níl feidhm ag na foirmeacha maidir le tacaíocht a thugtar trí eID (féach Airteagal 9(2), an fhomhír dheireanach den Rialachán).
Sínitheoirí
De réir Airteagal 2 den Rialachán, ní mór do na sínitheoirí, ar gá dóibh a bheith ina saoránaigh den Aontas, a bheith sean go leor le bheith i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó 16 bliana d’aois ag brath ar chinneadh an Bhallstáit lena mbaineann. An ceart chun vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bheith acu nó a bheith cláraithe chun vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ní féidir é sin a bheith ina cheanglas chun tacú le tionscnamh ó na saoránaigh. Ní mór do na Ballstáit a fhíorú go bhfuil an sínitheoir sean go leor, agus sin amháin. Fíoróidh na Ballstáit ráitis tacaíochta an tsaoránaigh dá náisiúntacht, gan beann ar a n-áit chónaithe.
Nuair a bheartaíonn Ballstát an aois íosta ag ar féidir tacú le tionscnamh ó na saoránaigh a laghdú nó má bheartaíonn sé an aois íosta chun vótáil sna toghcháin Eorpacha a laghdú (rud a d’fhágfadh gur ísle an aois íosta chun tacú le tionscnamh ó na saoránaigh), tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin athrú sin, agus dáta a theacht i bhfeidhm san áireamh. Ba cheart an fógra sin a thabhairt 3 mhí roimh ré más féidir chun deis a thabhairt don Choimisiún agus do na heagraithe an t-athrú a chur i bhfeidhm ar na foirmeacha ábhartha.
Tuilleadh eolais faoi cheanglais sonraí.
Ráitis tacaíochta a aistriú le fíorú
Ginearálta
Ní féidir le heagraithe ach iarraidh amháin ar fhíorú ráitis tacaíochta in aghaidh an tionscnaimh a chur faoi bhráid údarás gach Ballstáit inniúil. Bíonn cead acu déanamh amhlaidh nuair a bhíonn an líon íosta ráiteas tacaíochta faoin Rialachán bailithe acu. Ag an am céanna, ní gá go mbeadh íostairseach bainte amach acu i mBallstát ar leith chun go ndéanfadh an Ballstát sin an fíorú.
Foilsíonn an Coimisiún dáta deiridh na tréimhse bailiúcháin sa chlár (12 mhí ón dáta a leagann na heagraithe síos chun a mbailiúchán a thosú). Cé go maireann an tréimhse bhailiúchán 12 mhí, féadfaidh na heagraithe a chinneadh deireadh a chur leis an mbailiúchán níos luaithe (Airteagal 8(1)). Ina dhiaidh sin ní mór do na heagraithe a n-iarrataí ar fhíorú a chur faoi bhráid na n-údarás inniúla náisiúnta laistigh de 3 mhí ón dáta sin.
Ní mór ráitis tacaíochta a bhailítear i bhfoirm páipéir, agus na cinn a bhailítear trí chóras bailithe ar líne, a chur isteach ar leithligh.
Ní mór ráitis tacaíochta a bhailítear ar líne a chur isteach i gcomhréir leis an bhformáid leictreonach seo.
Is féidir ráitis tacaíochta a bhailítear i bhfoirm páipéir a chur isteach i bhfoirm páipéir nó a aistriú go formáid leictreonach (e.g. scanta mar PDF nó JPEG).
Níl sé de cheangal ar na heagraithe uimhir a shannadh do gach ráiteas tacaíochta, ach is féidir leo déanamh amhlaidh.
Córas malartaithe comhad an Choimisiúin a úsáid (á oibriú trí úsáid a bhaint as an gcóras s-CircaBC)
Cuireann an Coimisiún ráitis tacaíochta a bhailíonn na heagraithe tríd an lárchóras bailiúcháin ar líne faoi bhráid údaráis na mBallstát tríd an gcóras malartaithe comhad.
Ina theannta sin féadfaidh na heagraithe a chinneadh a gcuid ráiteas tacaíochta a bhailítear i bhfoirm páipéir agus a scantar nó a bhailítear ar líne trí chóras bailiúcháin aonair ar líne a chur isteach tríd an tseirbhís malartaithe comhad.
Nuair a úsáideann eagraithe an tseirbhís malartaithe comhad, bíonn feidhm ag an sprioc-am 3 mhí chun an iarraidh ar fhíorú a chur isteach. Tabhair do d’aire go bhféadfadh moill suas le 5 lá a bheith ann, tar éis do na heagraithe an aighneacht a thosú, sula gcuirfeadh an Coimisiún an t-aistriú i gcrích. Is é is ceart a thuiscint le dáta na hiarrata an dáta ar ar iarr siad an aighneacht.
Chomh luath agus a bheidh an t-aistriú curtha i gcrích ag an gCoimisiún agus a bheidh na comhaid ar fáil in s-CircaBC, fíoróidh na Ballstáit an bhfuil na comhaid i bhformáid inléite agus deimhneoidh siad do na heagraithe agus don Choimisiún go bhfuil na comhaid faighte in ord maith. Is lasmuigh den tseirbhís malartaithe comhad a dhéanfar admháil go bhfuarthas na comhaid agus aon chumarsáid ina dhiaidh sin leis na heagraithe.
Ní féidir a chur as an áireamh, maidir leis na heagraithe a bhaineann úsáid as s-CircaBC chun a gcuid ráiteas páipéir agus/nó ráiteas a bhailítear trí chóras aonair a chur isteach, go gcuirfeadh na heagraithe sin a gcuid comhad isteach i bhfillteán an Bhallstáit mhíchirt in s-CircaBC. Ós rud é nach bhfuil rochtain ag an gCoimisiún ar na sonraí atá iontu, ní bheidh sé in ann é sin a sheiceáil. Má tá na comhaid criptithe le heochair phoiblí an Bhallstáit a meastar gur cuireadh na ráitis tacaíochta faoina bhráid, ní bheidh an Ballstát a fhaigheann na comhaid sin trí earráid in ann iad a léamh. Más rud é, ina theannta sin, go bhfuil na comhaid criptithe go hearráideach le heochair phoiblí an Bhallstáit a ndearnadh teagmháil leis go hearráideach, beidh údarás an Bhallstáit sin in ann na comhaid a rochtain. Sa dá chás, tabharfaidh údarás an Bhallstáit fógra do na heagraithe agus don Choimisiún a luaithe is féidir, agus scriosfaidh sé na comhaid i gcomhaontú leis na heagraithe.
Chun sonraí iomlána a fháil faoin gcaoi leis an tseirbhís malartaithe comhad a láimhseáil, féach an doiciméadacht shonrach a dáileadh ar an ngrúpa saineolaithe.
Cuirtear an méid seo a leanas i gcuimhne d’údaráis inniúla na mBallstát:
- ní mór dóibh bainistiú eochracha a chur i bhfeidhm chun comhaid a rochtain ar s-CircaBC (lena sanntar údarú do dhaoine na heochracha a rochtain agus a úsáid, agus bainistiú leaganacha) chun a chinntiú go gcosnaítear na heochracha uile ar rochtain neamhúdaraithe;
- glacann siad páirt i dtástálacha ar nósanna imeachta s-CircaBC a eagróidh an Coimisiún dhá uair sa bhliain, na tástálacha ar bhailíocht na n-eochracha (agus a leaganacha) a úsáidfear chun na comhaid a uaslódálann an Coimisiún nó na heagraithe a rochtain san áireamh;
- gheobhaidh siad fógra uathoibríoch ó s-CircaBC a luaithe a bheidh na comhaid ar fáil le híoslódáil. Ansin déanfaidh siad deimhin de go gcuirfidh siad an próiseas fíorúcháin i gcrích laistigh den amlíne a fhorordaítear sa Rialachán.
Ráitis tacaíochta a dheimhniú
Ní mór d’údaráis inniúla na mBallstát seiceálacha iomchuí a dhéanamh laistigh de thréimhse 3 mhí ó fhaigheann siad na ráitis tacaíochta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, chun na ráitis tacaíochta a fhíorú (Airteagal 12(4)). Is ar an mbonn sin a chinneann siad agus a dheimhníonn siad an líon ráiteas tacaíochta bailí. Ní mór an deimhniú a eisiúint saor in aisce.
Ní mór d’údaráis na mBallstát glacadh leis na ráitis tacaíochta i gceann ar bith de theangacha oifigiúla an Aontais. Mar sin féin, ní mór ábhar an tionscnaimh a shonraítear ar an bhfoirm a bheith ag teacht leis an téacs a fhoilsítear i gclár an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh sa teanga chomhfhreagrach.
Ní gá d’údaráis na mBallstát barántúlacht na ráiteas a bhailítear i bhfoirm páipéir a sheiceáil, ní gá dóibh ach comhleanúnachas na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil a sheiceáil.
Ós rud é go bhfuil impleachtaí dlíthiúla ag an gcleachtadh fíorúcháin, impleachtaí a d’fhéadfaí a chonspóid os comhair na cúirte, tá sé tábhachtach go mbeadh coimircí áirithe i bhfeidhm, go háirithe nuair a úsáidtear an tsampláil randamach mar mhodh:
Méid an tsampla:
Ba cheart d’údaráis na mBallstát a chinntiú go roghnaíonn siad sampláil randamach atá bailí ó thaobh staitisticí de, i.e. sampla atá mór go leor agus ionadaíoch go leor agus, i gcás inarb iomchuí, a chuireann leibhéil éagsúla riosca san áireamh (e.g. riosca níos airde i measc ráitis tacaíochta a bhailítear trí chainéal ar leith). Chun an méid sin a dhéanamh, ba cheart dóibh lamháil earráide agus leibhéal muiníne a roghnú a chinnteoidh go mbeidh na torthaí cruinn go leor. Ina theannta sin ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil gá leis an daonra a shrathú, mar shampla maidir le bealaí a bhféadfaí an bailiúchán a dhéanamh, roimh an tsampláil, go háirithe má tá amhras ann nach bhfuil baisceanna áirithe ráiteas tacaíochta chomh hiontaofa ceanna.
Earráidí bréagacha:
Níor cheart go neamhbhaileodh botúin nó athruithe beaga áirithe na ráitis tacaíochta nach bhfuil aon léiriú nó amhras iontu go bhfuil calaois ar siúl (e.g. tá fíorearráid déanta ag an sínitheoir [1] nó tá mioneolas fágtha ar lár aige [2] nach gcaitheann amhras ar bharántúlacht an ráitis tacaíochta nó nach gcuireann cosc ar na húdaráis é/í a shainaithint), nó d’athraigh an sínitheoir a áit chónaithe ó shínigh sé an tionscnamh. Is féidir cuntas a thabhairt ar bhotúin nó athruithe den sórt sin trína mheas go bhfuil céatadán áirithe de ráitis neamhbhailíochtaithe bailí. Más go huathoibríoch a dhéantar an deimhniú, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na ráitis tacaíochta dhiúltaithe a sheiceáil faoi dhó de láimh chun earráidí bréagacha den sórt sin a bhrath.
Sochar an amhrais:
Le linn d’údaráis na mBallstát torthaí an tsampla a eachtarshuí don daonra iomlán, ba cheart dóibh sochar an amhrais a thabhairt do na heagraithe go háirithe tríd an tairseach níos ísle a roghnú sa leibhéal muiníne (i.e. an t-eatramh a fhaightear tríd an lamháil earráide a chur leis an toradh agus a bhaint de).
Chun toradh dóchúil an deimhnithe a chúiteamh – is é sin go ndéanfar roinnt ráiteas tacaíochta a neamhbhailíochtú – ba cheart na heagraithe a spreagadh go láidir i bhfad níos mó ráitis tacaíochta a bhailiú ná an 1 mhilliún atá ag teastáil.
Má bhraitear roinnt ráitis tacaíochta ón sínitheoir céanna, ba cheart ceann amháin díobh a mheas mar ráiteas bailí, seachas iad ar fad a neamhbhailíochtú.
Ní cheanglaítear ar na Ballstáit leis an Rialachán ach comhleanúnachas na sonraí a chuireann na sínitheoirí ar fáil a sheiceáil agus ní cheanglaítear orthu toil an tsínitheora tacú le tionscnamh a sheiceáil. Fágann sé sin gur cheart gur leor, go ginearálta, do shaoránach foirm ráitis tacaíochta a líonadh isteach, ar pháipéar nó go leictreonach, agus nár cheart go nglaofaí air gníomhú den dara huair trí litreacha nó ríomhphoist a fhreagairt, mar shampla. Mar sin féin, má tá amhras réasúnta ag údarás inniúil faoi chalaois a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr neamhréire sna sonraí a chuirtear ar fáil, rud a dhéanfadh na ráitis tacaíochta a neamhbhailíochtú, is féidir leis an údarás seiceálacha breise a dhéanamh, mar shampla teachtaireachtaí leictreonacha nó litreacha a sheoladh chuig na daoine lena mbaineann, chun a dheimhniú arbh iad na daoine lena mbaineann nó tríú páirtí neamhúdaraithe a chuir na ráitis tacaíochta isteach. I gcás den sórt sin is féidir le freagra dearfach ráiteas tacaíochta a ‘ghlanadh’, ráiteas a bheadh neamhbhailí murach sin. Is cúis leordhóthanach freagra diúltach chun an ráiteas tacaíochta a neamhbhailíochtú. Mura bhfreagraíonn an sínitheoir, déanfar an ráiteas tacaíochta a neamhbhailíochtú, bunaithe ar an measúnú bunaidh ar neamhréir na sonraí.
Ní mór do na Ballstáit an teimpléad in Iarscríbhinn VI a leanúint. Ní mór aon eolas breise (mar shampla, cúiseanna le cuid de na ráitis tacaíochta a neamhbhailíochtú agus leigheasanna atá ar fáil) a chur ar fáil i ndoiciméad ar leithligh.
Pointí teagmhála ar an leibhéal náisiúnta
Ní mór do gach Ballstát pointe teagmhála amháin nó níos mó a bhunú chun eolas agus tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí d’eagraithe maidir leis an gcreat dlíthiúil agus na gnéithe praiticiúla faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, an méid seo a leanas san áireamh:
- Eolas agus treoraíocht maidir le nósanna imeachta deimhniúcháin agus fíorúcháin;
- Eolas a thabhairt nó iad a threorú chuig údaráis atá in ann eolas a thabhairt maidir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, mar shampla maidir le heintitis dhlítheanacha a chruthú;
- Eolas a thabhairt nó iad a threorú chuig údaráis atá in ann eolas a thabhairt maidir leis an gcosaint sonraí.
Meastar go gcuideoidh na pointí teagmhála freisin chun feasacht faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a ardú, i gcomhar leis an gCoimisiún agus lena ionadaíochtaí. Iarrtar ar na pointí teagmhála úsáid a bhaint as an ábhar a chuireann an Coimisiún ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais ar an suíomh gréasáin seo.
[1] Mar shampla, thug an sínitheoir uimhir a fhreagraíonn do dhoiciméad aitheantais atá éagsúil ón gceann a luaitear (e.g. pasuimhir seachas uimhir aitheantais).
[2] Mar shampla, uimhir na sráide nó an cód poist nuair a bhíonn an seoladh ag teastáil.