Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí – Ceist 6

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treora maidir le Cosaint Sonraí le haghaidh eagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí – Ceist 6

Cathain agus conas is ceart measúnú tionchair a dhéanamh ar chosaint sonraí?

Tá feidhm aige maidir le Cás 2, ach amháin a mhéid a bhaineann le húsáid sheirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin

Mar ionadaí, ní mór duit Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) a dhéanamh i gcás inar dócha go mbeidh ardriosca ann do chearta agus do shaoirsí daoine aonair mar thoradh ar an bpróiseáil. I measc nithe eile, tá sé ag teastáil go háirithe i gcás ina bpróiseáiltear sonraí íogaire ar scála mór.

Tá Treoirlínte maidir le Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí leagtha síos ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí. Ba cheart duit a sheiceáil freisin ar eisigh d’Údarás náisiúnta inniúil Cosanta Sonraí treoir bhreise maidir le cathain agus conas DPIAnna a dhéanamh.

Ba cheart an DPIA a dhéanamh roimh an bpróiseáil agus ba cheart é a mheas mar uirlis bheo, agus ní mar ghníomh aonuaire amháin. I gcás ina bhfuil rioscaí iarmharacha ann nach féidir a mhaolú leis na bearta a chuirtear chun feidhme, ní mór dul i gcomhairle leis an Údarás inniúil náisiúnta Cosanta Sonraí sula gcuirtear tús leis an bpróiseáil.

TABHAIR DO D'AIRE:

Ní gá DPIA a dhéanamh maidir leis an bpróiseáil faoi rialú comhpháirteach leis an gCoimisiún, mar go bhfuil próiseáil den sórt sin cumhdaithe cheana féin ag an DPIA a dhéanann an Coimisiún (féach Cás 1).

Tagairtí:

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?