Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí – Ceist 4

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treora maidir le Cosaint Sonraí le haghaidh eagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí – Ceist 4

Slándáil – cé na céimeanna is ceart duit a ghlacadh agus tú ag bailiú sonraí na sínitheoirí ar pháipéar?

Tá feidhm aige maidir le Cás 2

Nuair a bhailítear ráitis (agus seoltaí ríomhphoist, de réir mar a bheidh) i bhfoirm páipéir, meastar gur sonraí pearsanta iad faoi chosaint RGCS.

Bearta slándála

Mar ghrúpa d’eagraithe, ní mór daoibh bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun ráitis a chosaint go háirithe ar scriosadh de thaisme nó neamhdhleathach nó ar chailliúint, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, agus na rioscaí do shínitheoirí á gcur san áireamh.

Is ceart na rudaí seo a leanas ar a laghad a áireamh iontu:

  • Foirmeacha ráitis páipéir a shlánú agus iad stóráilte (faoi ghlas i dtaisceadáin más féidir é)
  • Foirmeacha páipéir a bailíodh a chur faoi bhráid údaráis fíoraithe agus deimhnithe an Bhallstáit ábhartha ar bhealach slán; e.g. tríd an bpost cláraithe, trí iompróir iontaofa nó le seirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin.

TABHAIR DO D'AIRE: Comhaontuithe le feachtasóirí

De bharr go mbailítear ráitis tacaíochta páipéir de ghnáth ar bhealach díláraithe, go minic is feachtasóirí deonacha nó feachtasóirí ar conradh a dhéanann an obair bhailithe, seachas eagraithe an tionscnaimh iad féin. Ba cheart feachtasóirí den sórt sin a mheas mar phróiseálaithe sonraí agus ba cheart dóibh gníomhú bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn leis an ionadaí.

Dá bhrí sin, aon chomhaontú le 'feachtasóir', is comhaontú idir rialaitheoir agus próiseálaí é de réir bhrí Airteagal 28 RGCS agus ní mór na gnéithe a liostaítear san Airteagal sin a chumhdach ann.

Go táscach, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i gcomhaontú sa chomhthéacs sin:

  • Údarú an ionadaí chun go mbaileoidh feachtasóir ráitis tacaíochta (agus seoltaí ríomhphoist na sínitheoirí) le haghaidh tionscnamh áirithe thar a gceann
  • Treoracha ón ionadaí maidir leis an gcaoi le haghaidh a thabhairt ar cheisteanna cosanta sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann agus iarrataí ó shínitheoirí
  • Gealltanas ón bhfeachtasóir chun beartas cosanta sonraí na n-eagraithe a urramú agus go háirithe: chun ráitis tacaíochta (agus seoltaí ríomhphoist na sínitheoirí) a bhailiú de réir threoracha na n-eagraithe agus dá réir sin amháin agus tríd na foirmeacha a chuir na heagraithe ar fáil dóibh amháin
    •  
    • gan sonraí eile a bhailiú
    • chun sínitheoirí a chur ar an eolas faoi ábhar an tionscnaimh agus faoina gcearta de réir an ráitis phríobháideachais
    • chun sínitheoirí a chur ar an eolas go bhfuil an rogha acu a seoltaí ríomhphoist a thabhairt agus nach gcuireann sé sin coinníoll lena gcearta chun tacú leis an tionscnamh
    • chun ráitis tacaíochta (agus seoltaí ríomhphoist) a bailíodh a stóráil in áit shábháilte go dtí go gcuirtear chuig eagraithe an tionscnaimh iad
    • chun na ráitis tacaíochta agus na seoltaí ríomhphoist a bailíodh a sheoladh ar bhealach slán; e.g. tríd an bpost cláraithe nó le cúiréir agus chuig eagraithe an tionscnaimh amháin
  • Deimhniú an fheachtasóra:
    • go bhfuil sé/sí tar éis forálacha an ráitis phríobháideachais a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigha léamh agus a thuiscint agus eolas a chur ar ábhar an tionscnaimh, agus ar na hábhair a úsáideann na heagraithe chun é a scaipeadh (suíomh gréasáin, doiciméid nó eolas ábhartha eile)
    • go bhfuil sé/sí ar an eolas faoin bhfreagracht atá air/uirthi as na sonraí a bailíodh.

Tagairtí:

  • Airteagail 28 agus 32 de RGCS

 

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?