Téigh siar chuig príomhleathanach na Treora maidir le Cosaint Sonraí le haghaidh eagraithe
Treoir maidir le Cosaint Sonraí – Ceist 3
‘Sonraí íogaire’ – cathain a cháilítear sonraí na sínitheoirí mar chatagóir speisialta sonraí?
Meastar sonraí a bhaineann le reiligiún, tuairimí polaitiúla, sláinte, etc., a bheith ina gcatagóir speisialta (‘sonraí íogaire’) faoi RGCS agus EUDPR agus tugtar cosaint speisialta dóibh. Ní féidir le heagraíochtaí sonraí pearsanta íogaire a phróiseáil ach amháin má tá coimircí sonracha i bhfeidhm.
Gníomhaíocht pholaitiúil is ea tacaíocht a thabhairt do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus d’fhéadfadh sé tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha, gnéaschlaonadh etc., na sínitheoirí a nochtadh.
In aithris (12) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, mínítear an méid seo a leanas:
“Cé go bhféadfadh sonraí íogaire a bheith san áireamh sna sonraí pearsanta a phróiseáilfear i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá údar, i bhfianaise gur ionstraim de chuid an daonlathais rannpháirtíochta an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, le soláthar sonraí pearsanta a cheangal chun tacú le tionscnamh agus leis na sonraí sin a phróiseáil a mhéid is gá chun gur féidir ráitis tacaíochta a fhíorú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta”.
I gcás ina gcáilíonn sonraí na sínitheoirí mar chatagóir speisialta sonraí (‘sonraí íogaire’), is gá bearta breise a dhéanamh chun próiseáil dhleathach na sonraí sin a chinntiú. Go háirithe, tá sé éigeantach feidhm an Oifigigh Cosanta Sonraí a chur ar bun. I gcás ina bpróiseáiltear na sonraí sin ar scála mór tá sé éigeantach freisin measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh.
TABHAIR DO D'AIRE:
Má dhéantar sonraí na sínitheoirí a phróiseáil faoi rialú comhpháirteach leis an gCoimisiún, déantar gach seirbhís de chuid an Choimisiúin a chur in oiriúint don chaoi a bhféadfadh na sonraí i gceist a bheith íogair. Go háirithe, déantar na sonraí uile a stóráil i bhfoirm chriptithe agus cumhdaítear an phróiseáil le measúnú tionchair ar chosaint sonraí.Déanann Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin faireachán ar chur chun feidhme a n-oibleagáidí ag an gCoimisiún faoi EUDRP maidir leis na hoibríochtaí próiseála a bhfuil an Coimisiún freagrach astu.
Tagairtí:
- Airteagail 5(1)(b) agus 9 de RGCS, Airteagal 10 de EUDPR
- Aithris (12) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh