Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

 

An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC)

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint le Gníomhaíocht Chomhpháirteach ó Chomhairle na nAirí an 12 Iúil, 2004 EnglishPDF d’fhonn:

  1. cumais chosanta an AE a fheabhsú, go háirithe i réimse na bainistíochta géarchéime;

  2. comhar a chur chun cinn maidir le harmálacha an AE;

  3. bonn cosanta an AE, ó thaobh na tionsclaíochta agus na teicneolaíochta de, a neartú agus margadh iomaíoch Eorpach a chruthú i dtrealamh cosanta;

  4. taighde a chur chun cinn, d'fhonn cumas tionsclaíoch agus teicneolaíochta na hEorpa a neartú i réimse na cosanta.

Dá réir sin, áirítear na cúraimí seo a leanas ar chúraimí reatha na Gníomhaireachta:

  1. cur chuige cuimsitheach córasach a chruthú maidir le ceanglais Bheartas Slándála agus Cosanta na hEorpa a shainiú agus freastal dóibh; comhar a chur chun cinn idir Ballstáit an AE maidir le trealamh cosanta;

  2. cabhrú chun tionscal cosanta na hEorpa a fhorbairt agus a athstruchtúrú ó bhun;

  3. Taighde agus Teicneolaíocht de chuid an AE, a bhaineann le cosaint, a chur chun cinn, agus aire a thabhairt i gcónaí do thosaíochtaí beartais Eorpacha;

  4. dul i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun margadh a bheadh iomaíoch go hidirnáisiúnta a fhorbairt san Eoraip do threalamh cosanta.

Is é “buntáiste comparáideach” na Gníomhaireachta a cumas déileáil leis na cláir oibre seo ar fad, agus iad a thabhairt le chéile ar shlí a fhíoraíonn a sineirgíochtaí.

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin: An tUasal Alexander Weis

Seoladh:
Rue des Drapiers 17-23
B-1050 An Bhruiséil
An Bheilg

Teileafón: +32 (0)2 504.28.00
Facs: +32 (0)2 504.28.15

R-phost: info@eda.europa.eu
Gréasán: http://www.eda.europa.eu/

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?