European Youth week

Le linn Sheachtain Eorpach na hÓige ceiliúrtar daoine óga ar fud na hEorpa agus na slite iomadúla éagsúla ina mbíonn siad páirteach ina bpobal ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta fiú.

 

Beidh na céadta imeacht ar siúl sna 33 tír a ghlacann páirt sa chlár de chuid an Aontais Eorpaigh 'An tAos Óg i mBun  Gníomhaíochta', idir fhéilte scannán agus tobshluaite, idir cheolchoirmeacha agus chóisirí sráide.

 

Le teacht ar eolas faoina bhfuil beartaithe in aice leatsa, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Sheachtain Eorpach na hÓige agus an féilire imeachtaí a ghabhann leis (gliogáil ar na cnaipí ar dheis ar an leathanach seo.)  Is le linn Sheachtain Eorpach na hÓige féin ón 26 Bealtaine go dtí an 2 Meitheamh a tharlóidh formhór na n-imeachtaí, ach beidh roinnt imeachtaí ar siúl roimh an tseachtain sin agus ina diaidh.  Tá roinnt tíortha ag pleanáil a gcuid imeachtaí go fóill, mar sin seiceáil an féilire go rialta le teacht ar  aon ócáid nua a chuirtear leis.

 

Beidh roinnt de na himeachtaí sa Bhruiséil á gcraoladh beo freisin ar an Idirlíon, searmanais duaiseanna agus díospóireachtaí ina measc, mar sin bí san airdeall dóibh ar an bhféilire ar líne agus bí ag féachaint orthu beo! 

 

Is féidir leat a bhfuil ar siúl a fheiceáil freisin ar leathanaigh Sheachtain Eorpach na hÓige ar Facebook (féach thíos) agus teacht ar an eolas faoina bhfuil á rá ag daoine faoin tSeachtain trí na fothaí ar Twitter agus ar Instagram (thíos freisin.)  Bí páirteach ann tú féin trí "#youthweek"!

 

Gaeilge