Skip to main content

Fianáin

Le go n-oibreoidh an suíomh seo i gceart, tarlaíonn sé uaireanta go gcuirimid comhaid bheaga sonraí, ar a dtugtar fianáin, ar do ghléas ríomhaireachta. Déanann an chuid is mó de na suíomhanna móra amhlaidh freisin.

Cad is fianán ann?

Is comhad beag téacs é an fianán a shábhálann suíomh gréasáin ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste le linn duit cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin sin. Fágann sé gur féidir leis an suíomh gréasáin do chuid gníomhaíochtaí agus do roghanna (m.sh. logáil isteach, teanga, clómhéid agus sainroghanna eile taispeána) a choinneáil i gcuimhne ar feadh tréimhse ama, le nach mbeidh ortsa iad a chur isteach arís is arís eile nuair a fhilleann tú ar an suíomh sin nó nuair a dhéanann tú brabhsáil ó leathanach go leathanach.

Conas a úsáidtear fianán?

Tá roinnt leathanach againn a úsáideann fianáin chun nach ndearmadtar an méid seo:

  • do shainroghanna taispeána, m.sh. an teanga bhrabhsála
  • má thug tú freagra ar mhír aníos i bhfoirm suirbhé ina raibh ort do thuairim a thabhairt faoi cé chomh húsáideach agus a bhí an t-ábhar (le nach gcuirfear an cheist chéanna ort arís)
  • má tháinig teachtaireacht ar do scáileán (le nach dtaispeánfar arís í)
  • má d'aontaigh tú nó murar aontaigh tú leis an úsáid a bhainimid as fianáin ar an suíomh seo.

Chomh maith leis sin, tá roinnt físeán atá leabaithe ar na leathanaigh againn a bhaineann úsáid as fianán le staitisticí a bhailiú faoin tslí ar tháinig tú ar leathanach áirithe agus faoi na físeáin ar fhéach tú orthu. Ní luafar d'ainm leis na staitisticí sin.

Is é Europa Analytics an tseirbhís chorparáideach a dhéanann éifeachtacht agus éifeachtúlacht shuíomh gréasáin Thairseach Óige na hEorpa a thomhas, a stórálann fianáin freisin.

Ní hé go gcaithfear na fianáin sin a chumasú i gcónaí le go n-oibreoidh an suíomh gréasáin ach beidh an bhrabhsáil a dhéanfaidh tú níos éasca má chumasaítear iad. Is féidir na fianáin sin a scriosadh nó a bhlocáil, ach má dhéanann tú amhlaidh b'fhéidir go mbeadh roinnt gnéithe ar an suíomh nach mbeadh ag obair i gceart.

Ní bhaintear leas as an eolas a bhaineann le fianáin le thú a aithint go pearsanta agus tá smacht iomlán againn ar na sonraí brabhsála. Ní bhaintear aon úsáid eile as na fianáin sin ach na húsáidí a bhfuil cur síos déanta orthu anseo.

An mbíonn fianáin eile in úsáid againn?

D’fhéadfadh sé go mbeadh fianáin bhreise nó dhifriúla ó na fianáin thuasluaite in úsáid ar leathanaigh áirithe nó ar fhoshuíomhanna gréasáin. Má dhéantar amhlaidh, tabharfar mionsonraí faoi na fianáin sin ar an leathanach fóga a ghabhann leis na fianáin áirithe sin. D’fhéadfadh sé go n‑iarrfaí ort do chead a thabhairt chun na fianáin sin a stóráil.

Fianáin tríú páirtí

Úsáidtear fianáin tríú páirtithe ar an roinn DiscoverEU den tairseach le haghaidh a leathanaigh féin https://europa/youth/discovereu/competition. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a léamh faoi na fianáin a úsáidtear ar an leathanach sin ag https://www.wyng.com/privacy-policy/.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh seirbhísí tríú páirtithe ar nós YouTube, Twitter, Instagram nó Facebook, seirbhísí a bhailíonn fianáin tríú páirtithe, in úsáid ag cuid dár leathanaigh nó dár bhfoshuíomhanna. Is féidir fógraí príobháideachais na seirbhísí tríú páirtithe sin a léamh chun tuilleadh eolais a fháil faoi na fianáin a bhailíonn siad.

Conas fianáin a rialú

Is féidir leat fianáin a rialú agus/nó a scriosadh de réir mar is mian leat – féach aboutcookies.org. Is féidir leat na fianáin uile atá ar do ríomhaire cheana a scriosadh agus is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe a shocrú le bac a chur orthu. Má dhéanann tú sin, ámh, b'fhéidir go mbeadh ort roinnt de na roghanna a athrú gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh agus b’fhéidir nach n‑oibreodh seirbhísí ná feidhmiúlachtaí áirithe.