Cearta cónaithe

Faigh an t-eolas ar fad atá uait maidir le cónaí i dtír eile den Aontas bíodh tú fostaithe, i do mhac léinn, i do phinsinéir nó i do chuardaitheoir poist. Go háirithe, cad iad na cearta atá agat i do thír óstach? Cad iad na foirmiúlachtaí riaracháin a bheidh ort a dhéanamh?

Eadóirseacht

Má tá ceisteanna agat maidir le bheith i do shaoránach eadóirsithe (an próiseas chun saoránacht a fháil i do thír óstach), is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar ár leathanach eadóirseachta.

Roghnaigh cás

Mar shaoránach den Aontas, tá an ceart agat bogadh go dtí aon tír eile san Aontas chun cónaí, chun obair nó staidéar a dhéanamh, chun post a lorg nó chun dul ar scor.

Is féidir leat fanacht i dtír eile den Aontas ar feadh tréimhse suas le 3 mhí gan clárú ann, agus d’fhéadfadh sé go mbeidh ort do chuid láithreachta a chur in iúl bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv . Is é an t-aon cheanglas atá ort go mbeidh cárta aitheantais náisiúnta nó pas bailí agat. Más mian leat fanacht ar feadh níos faide ná 3 mhí, d’fhéadfadh sé go mbeidh ort do chuid cónaithe a chlárú bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv .

I roinnt mhaith tíortha den Aontas, ní mór duit cárta aitheantais nó pas a bheith leat i gcónaí. Sna tíortha sin, d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort nó tú a choinneáil ar bhonn sealadach má fhágann tú do dhoiciméid aitheantais sa bhaile - ach ní féidir iallach a chur ort filleadh ar do thír bhaile ar an gcúis sin amháin.

Féach an gá duit aitheantas nó pas a bheith leat i gcónaí i do thír óstach:

Buanchónaí

Má tá cónaí ort go dleathach i dtír eile den Aontas ar feadh tréimhse leanúnach 5 bliana, faigheann tú an ceart buanchónaithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv sa tír sin go huathoibríoch.

Féach na cearta atá agat ag brath ar do chás:

Is mian liom:

obair a dhéanamh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv

staidéar a dhéanamh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv

dul ar scor bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv

post a lorg bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv

a bheith le mo theaghlach bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv

rud éigin eile a dhéanamh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv

Mura bhfuil tú i do shaoránach den Aontas agus más mian leat bogadh go dtí an tAontas chun obair nó staidéar a dhéanamh ann, is féidir leat an t-eolas praiticiúil uile a fháil ar Thairseach inimirce an Aontais en es fr pt .

Gaolta den Aontas bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv

Last checked: 23/02/2024
Share this page