|
CUARDACH DE RÉIR AONÁIN
Aonán eagraíochta: Aon seirbhís, grúpa, aonad, stiúrthóireacht, srl. atá mar chuid d'Fhoras.
Is féidir gach aonán a aithint as a ainm, a chuireann síos ar a ionad laistigh den fhoras, leibhéal ar leibhéal.
Sampla: Parlaimint na hEorpa; CPE-anna (Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa); Coistí; An Coiste Gnóthaí Dlí an t-ainm iomlán, "Parlaimint na hEorpa" an foras, "An Coiste Gnóthaí Dlí" is ainm don aonán ar leith.
Tig leat aon aonán a chuardach mar seo a leanas:
Foras: Cuimsítear na forais go léir. Tig leat srian a chur leis an gcuardach ach foras ar leith a roghnú ón liosta.
Ainm an aonáin: clóscríobh focal nó dhó in ainm an aonáin nó na seirbhíse atá uait.
Sampla: tugann 'Oifig na bhFoilseachán' sa ghort "Aonáin eagraíochta" an toradh 'An Coimisiún Eorpach'; Oifig na bhFoilseachán'.
Deimhníonn an córas an bhfuil an teaghrán carachtar a chuir tú isteach le fáil in ainm an aonáin. Mar shampla, má chuireann tú isteach 'foilseachán', taispeánfaidh an córas roinnt torthaí, ina measc:
"Banc Ceannais na hEorpa; Stiúrthóireacht - Cumarsáid; Foilseacháin Oifigiúla agus Leabharlann" "An Coimisiún Eorpach; Oifig na bhFoilseachán"
Uasmhéid na bhfreagraí le taispeáint: tugann critéir dhoiléire líon mór freagraí, agus a lán ama chun freagra a fháil. Mar sin tig leat srian a chur le huasmhéid na dtorthaí más mian leat.
Roghnaigh:gliogáil an cnaipe seo chun tús a chur leis an gcuardach agus liosta na n-aonán a fháil a théann leis na critéir a thug tú. Tig leat aonán amháin a roghnú ansin agus eolas níos mine faoi a fheiceáil.
|
Page up |
|