Navigation path

Left navigation

Additional tools

An Coimisiún Eorpach - Óráid - [Check Against Delivery]

Staid an Aontais, 2015 - Tráth Ionracais, Aontachta agus Dlúthpháirtíochta

Strasbourg, an 9 Meán Fómhair 2015

Jean‑Claude JUNCKER
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

 

A Uachtaráin,

A Chomhaltaí Onóracha Pharlaimint na hEorpa,

Inniu den chéad uair tá sé d'onóir agam i gcáil Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh aitheasc ar Staid ár nAontais Eorpaigh a thabhairt os comhair an Tí seo.

Dá bhrí sin, is mian liom tábhacht pholaitiúil na hócáide institiúidí ríspeisialta seo a chur i gcuimhne daoibh.

Tá foráil shainráite maidir leis an aitheasc ar Staid an Aontais sa Chomhaontú Réime lena rialaítear an caidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach. Foráiltear sa Chomhaontú sin "[g]ach bliain sa chéad pháirtseisiún i Meán Fómhair, [tionólfar] díospóireacht faoi Staid an Aontais agus tabharfaidh Uachtarán an Choimisiúin aitheasc sa díospóireacht sin, ar aitheasc é ina ndéanfar an bhliain reatha a mheas agus ina bhféachfar ar aghaidh chuig na tosaíochtaí do na blianta ina dhiaidh sin. Chuige sin, agus ag an am céanna, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin na príomheilimintí lena dtreorófar ullmhú Chlár Oibre an Choimisiúin don bhliain ina dhiaidh sin a leagan amach i scríbhinn don Pharlaimint."

Tugann an t‑aitheasc ar Staid an Aontais ar Uachtarán an Choimisiúin a mhachnamh a dhéanamh ar an staid ina bhfuil ár nAontas Eorpach i láthair na huaire agus tosaíochtaí na hoibre atá romhainn a leagan síos.

Ina theannta sin, cuireann sé tús leis an bpróiseas idirinstitiúideach as a dtagann Clár Oibre nua an Choimisiúin Eorpaigh don bhliain atá amach romhainn.

In éineacht le Frans Timmermans, an Chéad-Leas-Uachtarán, chuir mé litir ar maidin chuig Uachtaráin an dá bhrainse den reachtóir Eorpach: chuig an Uachtarán Martin Schulz, agus chuig Xavier Bettel, Príomh-Aire Lucsamburg, arb é sealbhóir reatha Uachtaránacht rothlach na Comhairle é. Tá leagtha amach go grinn sa litir sin an mhórchuid beart atá sé de rún ag an gCoimisiún a dhéanamh le reachtaíocht agus le tionscaimh eile, idir seo agus deireadh 2016. Tá dianchlár reachtach atá uaillmhianach, agus a bhfuil cuspóirí soiléire aige, á bheartú againn. Clár é a dteastóidh dlúthchomhar éifeachtach idir an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle lena aghaidh.

Ní thabharfaidh mé mioneolas faoinár gclár oibre reachtach faoi láthair. Beidh idirphlé struchtúrtha agam leis an bParlaimint agus leis an gComhairle ina thaobh sna seachtainí atá romhainn.

Ach ceapaim nach é seo an ócáid chuí le labhairt air sin uile.

Is mise an chéad Uachtarán ar an gCoimisiún a ainmníodh agus a toghadh mar thoradh díreach ar thoghchán Pharlaimint na hEorpa, a bhí ann i mBealtaine 2014.

Ós rud é go raibh mé i m'iarrthóir príomha, is é sin i mo Spitzenkandidat, san fheachtas toghchánaíochta, bhí deis agam bheith níos polaitiúla mar uachtarán.

Tá an ról polaitiúil sin leagtha síos sna Conarthaí, agus is trí bhíthin na gConarthaí sin a chuir na Ballstáit cúram chur chun cinn leas ginearálta an Aontais ar an gCoimisiún. Ach tá blianta na géarchéime tar éis an tuiscint sin a mhaolú.

Sin an fáth a ndúirt mé Meán Fómhair seo caite os comhair an Tí seo go raibh uaim bheith i mo cheannaire ar Choimisiún polaitiúil. Ar Choimisiún an-pholaitiúil.

Ní dúirt mé sin toisc go gcreidim gur féidir agus gur cóir gach uile rud a dhéanamh polaitiúil.

Dúirt mé é toisc go gcreidim nach bhfágann na dúshláin ábhalmhóra atá roimh an Eoraip san am i láthair – dúshláin inmheánacha agus dúshláin sheachtracha – creidim nach bhfágann siad an dara rogha againn ach aghaidh a thabhairt orthu le dearcadh an-pholaitiúil, ar dhóigh an-pholaitiúil agus sinn lánfheasach faoi thionchar polaitiúil ár gcinntí.

Tá an géarghá atá le cur chuige polaitiúil dá shórt san Aontas Eorpach deimhnithe ag na heachtraí a thit amach le déanaí.

Ní tráth é seo le leanúint dár ngnóthaí mar is gnách.

Ní tráth é seo le ticeanna a chur le liostaí ná le seiceáil gur luadh a leithéid seo nó siúd de thionscamh earnála san aitheasc ar Staid an Aontais.

Ní tráth é seo le bheith ag cuntas an lín uaireanta atá focail ar nós ‘sóisialta’, 'eacnamaíoch' nó 'inbhuanaithe' luaite san aitheasc ar Staid an Aontais.

Ní hea, ar chor ar bith. Is tráth ionracais é seo.

Tráth é seo le labhairt amach go neamhbhalbh faoi na dúshláin atá roimh an Aontas Eorpach.

 

Óir ní maith an staid ina bhfuil ár nAontas Eorpach.

 

Ní leor a bhfuil den Eorpachas san Aontas seo.

Agus ní leor a bhfuil den Aontassan Aontas seo.

 

Ní mór dúinn é sin a athrú. Agus ní mór dúinn é a athrú anois.

 

Géarchéim na nDídeanaithe: An Dualgas Práinneach Gníomhú mar Aontas

Is cuma cad é atá leagtha síos sa chlár oibre ginearálta agus sa chlár oibre reachtach – inniu, ní mór tús áite a thabhairt don chaoi a rachfar i ngleic le géarchéim na ndídeanaithe.

Ó thús na bliana seo, tá beagnach 500,000 duine tar éis a mbealach a dhéanamh chun na hEorpa. Tá a bhformhór mór ag teitheadh ón gcogadh sa tSiria, ó sceimhle an Stáit Ioslamaigh sa Libia nó ón deachtóireacht san Eiritré. Is iad na Ballstáit is mó a bhfuil tionchar aige seo orthu an Ghréig, áit a bhfuil breis is 213,000 dídeanaí, an Ungáir, áit a bhfuil breis is 145,000 dídeanaí, agus an Iodáil, áit a bhfuil breis is 115,000 dídeanaí.

Is díol suntais na huimhreacha sin. Scanraíonn siad daoine áirithe.

Ach ní tráth fuaiscnimh é seo. Seo an t-am don Aontas Eorpach, dá chuid institiúidí agus do gach ceann de na Ballstáit beart cróga diongbháilte a dhéanamh, le chéile.

Thar rud ar bith eile, is é an daonnacht agus dínit an duine atá i gceist anseo. Agus i dtaca leis an Eoraip, tá cothrom na Féinne ó thaobh na staire de i gceist freisin.

Ba cheart dúinne, Eorpaigh, a choinneáil i gcuimhne go raibh beagnach gach duine ina dhídeanaí tráth den saol ar mhór-roinn seo na hEorpa. Is cuid dár stair chomónta é gurbh éigean do na milliúin Eorpach teitheadh ó ghéarleanúint reiligiúnach nó pholaitiúil, ó chogaíocht, ó dheachtóireacht nó ó chos ar bolg.

Na hÚgónaigh a theith ón bhFrainc sa 17ú hAois, cuir i gcás.

Giúdaigh, Sintígh, Romaigh, agus go leor nach iad, a theith ón nGearmáin le linn ré uafáis na Naitsíoch sna 1930idí agus sna 1940idí.

Poblachtaigh Spáinneacha a theith go campaí do dhídeanaithe i ndeisceart na Fraince i ndeireadh na 1930idí tar éis a gcloíte sa Chogadh Cathartha.

Réabhlóidithe Ungáracha a theith chun an hOstaire i ndiaidh do thancanna Sóivéadacha a n-éirí amach i gcoinne an réimis chumannaigh a chur faoi chois in 1956.

Saoránaigh Sheiceacha agus Shlóvacacha ar deoraíocht i dtíortha eile san Eoraip tar éis Earrach Phrág a bheith curtha faoi chois in 1968.

Na céadta agus na mílte ar cuireadh iallach orthu teitheadh óna dtithe tar éis na gcogaí san Iúgslaiv.

An bhfuil dearmad déanta againn cén fáth a bhfuil níos mó daoine dar sloinne MacDhómhnaill ina gcónaí sna Stáit Aontaithe ná atá in Albain? Nó cén fáth a bhfuil níos mó daoine dar sloinne Ó Néill agus Ó Murchú sna Stáit Aontaithe ná atá in Éirinn?

An bhfuil dearmad déanta againn go bhfuil níos mó ná 20 milliún duine de shliocht na Polainne ina gcónaí taobh amuigh den Pholainn féin, de dheasca imirce pholaitiúil agus eacnamaíoch a tháinig as athruithe ar theorainneacha, as díbirt agus as an athlonnú faoi éigean a tharla le linn stair na Polainne, stair ar mhinic coscrach í?

An féidir go bhfuil dearmad déanta againn go raibh 60 milliún duine ina ndídeanaithe san Eoraip tar éis ollscrios an Dara Cogadh Domhanda? Gur bunaíodh réimeas domhanda cosanta – Coinbhinsiún 1951 na Ginéive i dtaobh stádas dídeanaithe – mar thoradh ar na nithe uafásacha úd a thit amach san Eoraip, chun tearmann a thabhairt dóibh siúd san Eoraip a léim thar bhallaí chun éalú ón gcogaíocht agus ón gcos ar bolg ag córais ollsmachtacha?

Ba cheart go mbeadh a fhios againne, Eorpaigh, an tábhacht a bhaineann le tearmann a thabhairt agus an ceart bunúsach chun tearmainn a urramú, agus ba cheart dúinn gan é sin a ligean i ndearmad choíche.

Tá ráite agam cheana gur ró-annamh linn bheith bródúil as ár n-oidhreacht Eorpach agus as ár dtionscadal Eorpach.

Mar sin féin, in ainneoin ár leochaileachta, agus na laigí a mheasaimid féin a bheith ionainn, inniu is í an Eoraip atá ina ceann scríbe ag lucht iarrtha tearmainn agus ag deoraithe.

Sa lá atá inniu ann, is ar an Eoraip a smaoiníonn muintir an Mheánoirthir agus na hAfraice; dearcann siad uirthi mar lóchrann dóchais agus mar chuan foscaidh.

Is ábhar bróid é sin agus ní cúis eagla.

Sa lá atá inniu ann, tá an Eoraip, d'ainneoin na ndifríochtaí ó Bhallstát go chéile, i bhfad níos saibhre agus níos cobhsaí ná aon mhór-roinn eile ar domhan.

Tá na hacmhainní is gá againn chun cabhrú leo siúd atá ag teitheadh ón gcogaíocht, ón sceimhle agus ón gcos ar bolg.

Tá a fhios agam go bhfuil a lán a déarfadh go bhfuil sé sin ar fad go breá ach nach féidir gach duine a ghlacadh isteach san Eoraip.

Is fíor nach féidir leis an Eoraip ainnise agus dearóile uile an domhain a thógáil ina fochras. Ach bímis ionraic agus ná déanaimis áibhéil.

Is cinnte go bhfuil líon mór dídeanaithe, níos mó ná riamh, ag teacht chun na hEorpa i láthair na huaire. Ach fós féin, níl sa líon sin ach 0.11% de dhaonra iomlán an Aontais Eorpaigh. Sa Liobáin, is dídeanaithe iad 25% den daonra. Agus is tír í sin nach bhfuil ag a muintir ach an cúigiú cuid den saibhreas atá againne san Aontas Eorpach.

Bímis soiléir macánta lenár gcuid saoránach a bhfuil imní orthu: fad a mhairfidh an cogadh sa tSiria agus an sceimhle sa Libia, beidh géarchéim na ndídeanaithe ann.

Is féidir linn ballaí a thógáil; is féidir linn sconsaí a chur suas. Ach samhlaigh duit féin ar feadh soicind gur tú féin atá i do dhídeanaí, do leanbh cuachta i d’ucht agat, an saol a raibh taithí agat air ina chonamar thart ort. Níl aon phraghas nach n‑íocfá, níl aon bhalla nach ndreapfá, níl aon fharraige nach dtrasnófá, níl aon teorainn nach sárófá dá mba ó chogadh agus ó dhanarthacht an Stáit Ioslamaigh, mar a thugann siad orthu féin, a bheifeá ag teitheadh.

Tá sé thar am againn, mar sin, gníomhú agus géarchéim na ndídeanaithe a bhainistiú. Níl an dara rogha ann.

Is iomaí uair a fuarthas locht ar a leithéid seo nó a leithéid siúd le roinnt seachtainí anuas. Chuir Ballstáit i leith a chéile nach raibh siad sásta a gcion féin den obair a dhéanamh nó gurb é an rud mícheart a bhí siad a dhéanamh. Ach, chomh minic lena athrach, is é rud a bhí rialtais na mBallstát ag cur an lochta ar an mBruiséil.

D'fhéadfaimis uile fearg a ghlacadh i dtaobh chluiche seo an lochtaithe. Ach fiafraím díom féin cén gar a bheadh ann sin. Ní chuidíonn an fhearg le haon duine. Agus má bhítear ag iarraidh an locht a chur ar dhaoine eile, is minic nach mbíonn ann ach comhartha nach bhfuil na polaiteoirí in ann ag cúinsí a tháinig gan choinne orthu.

Ina ionad sin, ba cheart dúinn cuimhneamh ar an méid a comhaontaíodh cheana agus ar féidir dó bheith ina chuidiú san am i láthair. Tá sé in am dearcadh ar a bhfuil ar an gclár agus gluaiseacht go gasta ar aghaidh.

Ní ag tosú as an nua atáimid. Ó bhlianta tosaigh an chéid seo níor stad an Coimisiún ach ag cur gníomhartha reachtacha síos ar an gclár féachaint Comhchóras Tearmainn Eorpach a chruthú. Agus tá an Pharlaimint agus an Chomhairle ag glacadh na ngníomhartha sin, ceann i ndiaidh a chéile. Is i mí Iúil 2015 féin a tháinig an gníomh reachtach deireanach i bhfeidhm.

Tá comhchaighdeáin againn ar fud na hEorpa anois maidir leis an gcaoi a nglacaimid iarrthóirí tearmainn agus a bpróiseálaimid a n-iarratas ar thearmann, agus tá comhchritéir againn a úsáideann ár gcórais dlí neamhspleácha chun a dhéanamh amach an bhfuil duine áirithe i dteideal cosaint idirnáisiúnta.

Ach caithfear na caighdeáin sin a chur chun feidhme agus a urramú go fíor. Agus is léir nach amhlaidh fós an scéal: tá sin le feiceáil ar an teilifís gach lá. Roimh an samhradh, bhí ar an gCoimisiún tosú ar an gcéad sraith de 32 chaingean maidir le sáruithe dlí, chun a chur i gcuimhne do na Ballstáit cad é ar thoiligh siad leis roimhe seo. Rachfar i gceann an dara sraith sna laethanta amach romhainn. Ní mór do na Ballstáit uile dlíthe na hEorpa a chur i bhfeidhm – ní foláir nó tá sin follasach tharla go bhfuil an tAontas bunaithe ar an smacht reachta.

Tá comhchaighdeáin tearmainn tábhachtach, ach ní leor iad chun an ghéarchéim dídeanaithe atá ann faoi láthair a láimhseáil. Dúirt an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle an méid sin in earrach na bliana seo. Chuir an Coimisiún Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce, clár oibre a bhí cuimsitheach, ar an gclár i mí na Bealtaine. Ba bhréag a rá nach ndearnadh rud ar bith ó shin.

Mhéadaíomar ár láithreacht ar muir faoi thrí. Sábháladh níos mó ná 122,000 duine ó shin. Is mór an bhris duine amháin féin a bheo a chailleadh, ach is mó go mór ná an líon a cailleadh an líon daoine a tarrtháladh – 250% níos mó – de bharr an mhéid a rinneamar. Tá 29 de Bhallstáit agus de Thíortha a mBaineann Schengen leo páirteach sna comhoibríochtaí atá á gcomhordú ag Frontex san Iodáil, sa Ghréig agus san Ungáir. 102 aoi-oifigeach as 20 tír; 31 long; 3 héileacaptar; 4 eitleán; 8 gcarr patróil, 6 fheithicil teirmea-radhairc agus 4 fheithicil iompair – sin gearrchuntas ar na chéad bhearta a tháinig as an dlúthpháirtíocht Eorpach, cé gur gá níos mó a dhéanamh, ar ndóigh.

Chuireamar a dhá oiread fuinnimh inár n-iarracht smuigléirí agus grúpaí atá i mbun gáinneáil daoine a chur dá mbonn nó a bhriseadh. Is deacra anois longa a cheannach saor agus fágann sin gur lú daoine atá ag cur a mbeatha i mbaol i mbáid a bhfuil drochbhail orthu agus nach bhfuil acmhainneach ar muir. Mar gheall air sin, cobhsaíodh bealach Cheantar Láir na Meánmhara agus tháinig tuairim is 115,000 duine isteach an bealach sin i mí Lúnasa, an oiread céanna agus a tháinig anuraidh. Caithfimid cobhsú den chineál sin a dhéanamh ar bhealach na mBalcán anois, bealach is léir a ndearna lucht déanta beartas faillí ina thaobh go dtí seo.

Is é an tAontas Eorpach an príomhdheontóir airgid sna hiarrachtaí domhanda le géarchéim na ndídeanaithe ón tSiria a fhuascailt. Tá luach tuairim is €4 billiún de chúnamh daonnachtúil agus de chúnamh forbartha, eacnamaíoch agus cobhsaíochta curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na Ballstáit do mhuintir na Siria ina dtír, agus do dhídeanaithe agus dá bpobail aíochta i dtíortha comharsanachta, an Liobáin, an Iordáin, an Iaráic, an Tuirc agus an Éigipt. Agus inniu féin lainseálamar dhá thionscadal nua le scolaíocht agus slándáil bia a sholáthar do 240,000 dídeanaí ón tSiria atá sa Tuirc.

Tá gealltanas tugtha againn go léir le chéile breis is 22,000 duine ó lasmuigh den Eoraip a athlonnú ó seo go ceann bliana, le dlúthpháirtíocht a léiriú dár gcomharsana. Is beag sin, gan dabht, i gcomparáid leis an obair éachtach atá á déanamh ag muintir na Tuirce, na hIordáine agus na Liobáine, mar a bhfuil breis is 4 mhilliún dídeanaí ón tSiria ag cur fúthu. Is ábhar misnigh dom go bhfuil roinnt Ballstát ag léiriú gur mian leo dlús mór a chur lenár n-iarrachtaí daoine a athlonnú anseo san Eoraip. Fágann sin go mbeimid in ann córas struchtúrtha a chur ar bun gan mhoill lena bhféadfar an t-athlonnú a chomhroinnt ar dhóigh níos córasaí.

Is é mar a loic an Eoraip, go follasach, nár léiríomar dlúthpháirtíocht, inar measc féin, maidir leis na dídeanaithe a tháinig a fhad linn.

Tá sé ríshoiléir agamsa nach féidir a fhágáil faoi na Ballstáit sin a dtagann na dídeanaithe chucu ar dtús – an Iodáil, an Ghréig agus an Ungáir faoi láthair – déileáil leis an dúshlán seo leo féin.

Is ar an ábhar sin a mhol an Coimisiún i mí na Bealtaine sásra éigeandála a chur ar bun d'fhonn 40,000 duine a bhí sa Ghréig agus san Iodáil, agus a bhí ag lorg cosaint idirnáisiúnta, a athshuíomh.

Agus is ar an ábhar céanna atáimid ag moladh an dara sásra éigeandála d'fhonn 120,000 duine atá san Iodáil, sa Ghréig, agus san Ungáir a athshuíomh.

Teastaíonn dlúthpháirtíocht mhór i measc thíortha na hEorpa chuige sin. Roimh an samhradh, ní bhfuaireamar an tacaíocht a rabhamar ag súil léi ó na Ballstáit. Ach is léir dom go bhfuil casadh sa taoide anois. Agus is mithid sin dar liom.

Iarraim ar na Ballstáit moltaí an Choimisiúin maidir le hathshuíomh éigeandála 160,000 dídeanaí a ghlacadh ag Comhairle Urghnách na nAirí Inmheánacha an 14 Meán Fómhair. Ní mór dúinn dul i mbun birt láithreach. Ní féidir linn an Iodáil, an Ghréig agus an Ungáir a fhágáil taobh leo féin. Díreach mar nach bhfágfaimis aon Bhallstát eile san fhaopach. Is ón tSiria atá daoine ag teitheadh inniu, ach más ea féin, d'fhéadfadh sé gur ón Úcráin a bheadh siad ag teitheadh amárach.

Rinne an Eoraip earráid san am atá caite nuair a rinne sí difear idir Giúdaigh, Críostaithe agus Moslamaigh. Ní bhaineann reiligiún, creideamh ná fealsúnacht le ceist na ndídeanaithe.

Ná déantar beag is fiú den phráinn a bhaineann leis seo. Ná déantar beag is fiú den ghá atá le dul i mbun gnímh. Tá an geimhreadh ag druidim linn – smaoinigh ar na teaghlaigh a chodlóidh i bpáirceanna agus i stáisiúin traenach i mBúdaipeist, i bpubaill in Traiskirchen, nó ar an trá in Kos. Cad tá rompu le linn oícheanta fuara an gheimhridh?

Gan dabht ní hé an t-athshuíomh réiteach iomlán na faidhbe. Is fíor go gcaithfear deighilt níos fearr a dhéanamh idir, ar thaobh, na daoine a bhfuil géarghá acu le cosaint idirnáisiúnta agus ar fíordhóchúil go ndéanfaidh siad iarratas ar thearmann agus go n-éireoidh lena n-iarratas, agus ar an taobh eile, daoine a d'fhág a dtír dhúchais ar chúiseanna eile agus nach bhfuil i dteideal tearmainn. Is ar an ábhar sin a mholann an Coimisiún Eorpach liosta coiteann de thíortha sábháilte tionscnaimh a bheith ag an Aontas Eorpach. Ach liosta dá leithéid a bheith ar fáil, bheadh na Ballstáit ábalta mearphróiseáil a dhéanamh ar phróisis tearmainn i gcás náisiúnach de chuid tíortha a mheastar a bhfuil sé slán cónaí iontu. Aon tír ar chinn an Chomhairle Eorpach d'aontoil go gcomhlíonann siad bunchritéir Chóbanhávan maidir le ballraíocht san Aontas – go háirithe i dtaca le daonlathas, smacht reachta agus cearta bunúsacha – ní mór a mheas go bhfuil sí sábháilte. Ba cheart an tuiscint chéanna a bheith ann i leith tíortha atá sna Balcáin Thiar, i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta acu le stádas iarrthóra a bhaint amach.

Is maith is eol dom gan dabht nach bhfuil sa liosta de thíortha sábháilte ach simpliú riaracháin. Ní féidir an ceart bunúsach tearmainn a bhaint de lucht iarrtha tearmainn ón Albáin, ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ó Iarphoblacht Iúgslavach na Macadóine, ón gCosaiv, ó Mhontainéagró, ón tSeirbia agus ón Tuirc. Ach thabharfadh sé caoi do na húdaráis náisiúnta díriú ar na dídeanaithe sin ar dóchúil go ndeonfar tearmann dóibh, go háirithe dídeanaithe ón tSiria. Agus tá géarghá leis an bhfócas sin i bhfianaise na caoi a bhfuil nithe i láthair na huaire.

De réir mo bharúla, is mithid dúinn, de bhreis ar na bearta is gá a dhéanamh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na héigeandálaí atá ann faoi láthair, is mithid dúinn ullmhú chun hathrú bunúsach a dhéanamh ar an gcaoi a ndéileálaimid le hiarratais ar thearmann – agus go háirithe córas Bhaile Átha Cliath a athrú, córas faoina bhfuil sé leagtha síos go gcaithfear déileáil le hiarratais ar thearmann sa chéad tír ar tháinig an t‑iarratasóir isteach inti.

Tá gá againn le breis Eorpachais inár mbeartas tearmainn. Tá gá againn le breis Aontais inár mbeartas tearmainn.

Chun go mbeidh ár mbeartas i leith dídeanaithe agus tearmainn ina bheartas Eorpach dáiríre, ní mór an dlúthpháirtíocht a bheith ina dlúthchuid sheasta den dóigh a gceapaimid an beartas agus na rialacha. Sin an fáth a bhfuil an Coimisiún ag moladh inniu, freisin, sásra buan athshuímh a chur ar bun, a chuirfidh ar ár gcumas déileáil go mear le géarchéimeanna amach anseo.

Chun comhbheartas i leith dídeanaithe agus tearmainn a chur ar bun ní mór na beartais tearmainn a thagann i bhfeidhm nuair atá stádas teifigh deonaithe a chur níos mó i gcomhréir le chéile. Caithfidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid beartas tacaíochta, lánpháirtíochta agus cuimsithe. Tá an Coimisiún sásta scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le cistí an Aontais Eorpaigh tacú leis na hiarrachtaí sin. Agus táim go mór ar son ligean d'iarrthóirí tearmainn bheith ag obair agus ag tuilleamh airgid dóibh féin, fad is atá a n-iarratas á phróiseáil.

Ina theannta sin, chun beartas aontaithe i leith dídeanaithe agus tearmainn a chur ar bun teastóidh comhiarracht níos tréine lenár dteorainneacha seachtracha a dhaingniú. Ar an dea-uair, chuireamar deireadh le rialuithe teorann idir na Ballstáit i Limistéar Schengen, chun saorghluaiseacht daoine – siombail ar leith den chomhtháthú Eorpach – a áirithiú. Ach is é an taobh eile den tsaorghluaiseacht go gcaithfimid oibriú níos dlúithe le chéile chun ár dteorainneacha seachtracha a bhainistiú. Tá na saoránaigh ag súil leis sin. Dúirt an Coimisiún tamall siar é, i mí na Bealtaine, agus dúirt mise le linn m'fheachtais toghchánaíochta é: Caithfimid Frontex a neartú go mór agus garda teorann agus cósta Eorpach lánfheidhmiúil a dhéanamh de. Tá sin indéanta gan aon agó. Ach cosnóidh sé airgead. Creideann an Coimisiún gur dea-infheistiú airgid a bheadh ann. Is é sin an fáth a molfaimid bearta uaillmhianacha roimh dheireadh na bliana maidir le Garda Teorann agus Cósta Eorpach.

Chun beartas imirce a bheadh aontaithe agus Eorpach go fírinneach a chur ar bun, caithfimid cuimhneamh ar chainéil dhleathacha imirce a oscailt freisin. Bíodh sé seo soiléir, áfach: ní bheidh seo ina chuidiú againn agus sinn ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim dídeanaithe atá againn faoi láthair. Ach má bhíonn níos mó bealaí sábháilte rialaithe ar fáil leis an Eoraip a bhaint amach, is fearr a bheimid in ann an imirce a bhainistiú agus ní bheidh an oiread céanna tarraingthe a thuilleadh ag obair mhídhleathach na ngáinneálaithe daoine. Ná déanaimis dearmad – tá pobal na hilchríche seo againne ag dul in aois agus tá an daonra ag laghdú. Beidh tallann de dhíth orainn. Le himeacht ama, caithfear acmhainn dhea-bhainistithe a dhéanamh den imirce seachas bheith ag dearcadh uirthi mar fhadhb nach mór dul i ngleic léi. Chuige sin, go luath in 2016, ullmhóidh an Coimisiún pacáiste dea-cheaptha maidir le himirce dhleathach.

Ní thiocfar ar réiteach buanfasach mura dtugaimid aghaidh ar na bunchúiseanna, ar na fáthanna atá leis an ngéarchéim mhór dídeanaithe seo. Caithfidh beartas eachtrach an Aontais Eorpaigh a bheith níos teanntásaí. Níl sé ar ár n-acmhainn a thuilleadh bheith aineolach ná easaontaithe i dtaobh cogadh nó míchobhsaíocht inár ngar-chomharsanacht.

Sa Libia, caithfidh an tAontas Eorpach agus ár mBallstáit níos mó a dhéanamh le bheith ag plé le páirtithe sa réigiún chun a chinntiú go mbeidh Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta ann gan mhoill. Ba chóir dúinn a bheith ullamh chun cuidiú a thabhairt don rialtas sin, le gach uirlis dá bhfuil ag an Aontas Eorpach, slándáil agus seirbhísí a sholáthar don phobal a luaithe a bheidh sé i réim. An tacaíocht forbraíochta agus dhaonnúil sin a chuirfidh an tAontas Eorpach ar fáil, caithfear í a chur ar fáil gan mhoill agus caithfidh sí a bheith cuimsitheach.

Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh freisin go bhfuil an cúigiú bliain de ghéarchéim na Siria ag druidim linn, agus gan aon dealramh air go mbeidh sí thart go luath. Loic an pobal idirnáisiúnta ar mhuintir na Siria go dtí seo. Loic an Eoraip ar mhuintir na Siria.

Tá mé ag iarraidh inniu go rachadh an Eoraip i mbun feachtas taidhleoireachta chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna sa tSiria agus sa Libia. Ní mór don Eoraip bheith níos láidre ó thaobh beartas eachtrach de. Is mór an t-ábhar sásaimh agam gur réitigh Federica Mogherini, ár nArd-Ionadaí diongbháilte, an bealach dó sin trínar bhain sí amach mar thaidhleoir san idirbheartaíocht maidir le clár núicléach na hIaráine. Agus go bhfuil sí réidh le bheith ag obair i ndlúthpháirtíocht lenár mBallstáit ar son na síochána agus na cobhsaíochta sa tSiria agus sa Libia.

Chun éascaíocht a dhéanamh do chuid oibre Federica, tá an Coimisiún ag beartú inniu Ciste Iontaobhais éigeandála a chur ar bun a gcuirfear €1.8 billiún isteach ann ar dtús as comhacmhainní airgeadais an Aontais chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna i réigiúin na Saiheile agus Loch Shead, i gCorn na hAfraice agus i dTuaisceart na hAfraice. Is mian linn cuidiú a thabhairt buanchobhsaíocht a bhaint amach, trí dheiseanna fostaíochta a chur ar fáil i bpobail áitiúla, mar shampla, agus ar an gcaoi sin, aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an díchobhsaithe, an easáitithe éigeantaigh agus na himirce neamhdhleathaí. Tá coinne agam go ndéanfaidh Ballstáit uile an Aontais a gcion féin agus go mbeidh siad inchurtha leis an méid a bhfuilimid ag dúil leis uathu.

Níor mhaith liom a chur in iúl go dtiocfaidh deireadh gan mhoill le géarchéim na ndídeanaithe. Ní thiocfaidh. Ach maidir le báid a bheith á gcoinneáil amach ó chéanna, campaí dídeanaithe a bheith á gcur trí thine nó an tsúil a bheith á dhúnadh ar dhaoine bochta agus ar dhaoine atá gan chosaint: ní hé sin an Eoraip.

An Eoraip, sin an báicéir in Kos a thugann a chuid aráin uaidh saor in aisce do chréatúir ocracha atuirseacha. An Eoraip, sin na mic léinn in München agus in Passau a thugann éadaí leo do na daoine atá i ndiaidh an stáisiún traenach a bhaint amach. An Eoraip, sin an póilín san Ostair a chuireann fáilte roimh dhídeanaithe traochta ar theacht trasna na teorann dóibh. Sin an Eoraip ar mhaith liom cónaí inti.

Is crua an ghéarchéim atá ann agus is fada an bealach atá romhainn. Tá mé ag brath oraibhse, a mhuintir an Tí seo, agus ar na Ballstáit uile, an misneach is dual d'Eorpaigh a thaispeáint anois agus feasta, i gcomhréir lenár gcomhluachanna agus lenár stair, agus de mheon athnuaite aontachais agus dlúthpháirtíochta.

 

Tús nua don Ghréig, don limistéar euro agus do gheilleagar na hEorpa

A Uachtaráin, a Chomhaltaí Onóracha,

Dúirt mé gur mhian liom labhairt faoi na ceisteanna móra inniu. Sin an fáth ar gá dom aghaidh a thabhairt ar chás na Gréige in aitheasc seo Staid an Aontais chomh maith leis na ceachtanna níos leithne atá le foghlaim as an gcúigiú bliain den ghéarchéim Ghréagach, gearchéim a bhfuil a tionchar le brath fós sa limistéar euro agus sa tsochaí i gcoitinne.

Ó bhí tús na bliana ann, tá an idirbheartaíocht i dtaca leis an nGréig ag cur crua ar ár bhfoighne uile. Is mór an t-am a cuireadh amú agus is mór an chailliúint muiníne a tharla. Dódh droichid. Dúradh briathra nach furasta a tharraingt siar.

Bhí cur i gcéill polaitiúil ann, sáraíocht, agus maslaí á gcaitheadh ar nós cuma liom.

Is rómhinic a shíl daoine go dtiocfadh leo a ndearcadh féin a bhrú ar dhaoine eile gan bacadh ar chor ar bith le dearcadh an duine nár aontaigh leo.

Bhí stáit dhaonlathacha sa limistéar euro á gcur in adharca a chéile. An aisghabháil post agus an cruthú post a rinneadh sa Ghréig anuraidh, cuireadh ar ceal iad le linn na míonna sin.

Bhíomar uile ag amharc romhainn ar an aibhéis.

Agus, arís eile, b’éigean dúinn dul faoi bharr ribe den tubaiste sular aithníomar go soiléir cá raibh ár leas, agus gur chuamar i mbun ár gcúraimí le hinniúlacht.

Sa deireadh thiar, thángthas ar mhargadh, cloíodh le gealltanais agus cuireadh chun feidhme iad. Táthar ag tosú ar an muinín a fháil ar ais, fiú más sobhriste leochaileach í fós.

Níl gach gné de na torthaí a fuarthas ina ábhar bróid agam. Tá bród orm, áfach, as na foirne sa Choimisiún Eorpach a bhí ag obair de lá agus d'oíche go dtí deireadh Lúnasa, gan stad gan staonadh, féachaint droichead a dhéanamh thar an mbearna a bhí idir seasaimh a bhí i bhfad i bhfad ó chéile, agus réitigh a fháil ar mhaithe leis an Eoraip agus le muintir na Gréige.

Is maith atá a fhios agam nach raibh gach duine sásta den méid a rinne an Coimisiún.

Is iomaí polaiteoir de chuid na Gréige nach raibh sásta leis an síoréileamh uainn go ndéanfaí athchóirithe sa Ghréig, go háirithe athchóirithe a bhaineann le córas pinsean nach bhfuil inbhuanaithe agus le córas cánach atá leatromach.

Bhí neart polaiteoirí Eorpacha eile ann nár thuig cén fáth ar lean an Coimisiún den idirbheartaíocht. Cuid acu, níor thuig siad cén fáth nár fhágamar cúram na hidirbheartaíochta ar theicneoirí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Níor thuig siad ach oiread cén fáth ar labhraíomar, amanna, faoi ghné shóisialta na ngealltanas a bhí sa chlár agus ar leasaíomar na gealltanais sin mar gheall ar na héifeachtaí a bhí acu ar na daoine is leochailí sa tsochaí. Níor thuig siad ach chomh beag an dóigh a raibh sé de chroí agam féin a rá arís agus arís eile go bhfuil an euro, agus ballraíocht sa limistéar euro, in ainm bheith buan.

 

A Uachtaráin, a Chomhaltaí Onóracha,

Tá bunús an-soiléir le sainordú an Choimisiúin i gcaibidlíocht le tír atá rannpháirteach i gclár, cuir i gcás an Ghréig: is é an Conradh ar an Aontas Eorpach an bunús sin, agus cuireann sé d’fhiacha ar an gCoimisiún comhleas an Aontais a chur chun cinn agus seasamh leis an dlí. Sa dlí céanna tá clásal Conartha ann, ar ghlac gach Ballstát leis, a deir gur ballraíocht nach bhfuil dul siar uirthi an bhallraíocht sa limistéar euro.

A fhad agus nach ndéanfaidh na Ballstáit leasú ar na Conarthaí, creidim go bhfuil sainordú agus dualgas ar an gCoimisiún, agus ar gach institiúid eile de chuid an Aontais, gach rud is féidir a dhéanamh chun sláine an limistéir euro a chaomhnú.

Faoin gConradh maidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), cuireadh de chúram ar an gCoimisiún go sainráite caibidlíocht a dhéanamh le Ballstát atá rannpháirteach i gclár, agus tá an conradh sin daingnithe ag gach Ballstát sa limistéar euro. Ní mór dúinn é sin a dhéanamh i gcomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach agus, nuair is féidir sin, in éineacht leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Ach tá sainordú soiléir againn lena aghaidh.

Gach áit a bhfuil tagairt don Choimisiún sna Conarthaí, tuigim gurb é is ciall leis sin an Coimisiún mar institiúid a bhfuil an tUachtarán agus an Coláiste Coimisinéirí i gceannas air ó thaobh na polaitíochta de. Sin an chúis nach faoi lucht maorlathais an Choimisiúin, amháin, a d’fhág mé na cainteanna leis an nGréig, in ainneoin an tsaineolais atá acu agus in ainneoin na hoibre crua atá ar siúl acu. Labhair mé féin lenár gcuid saineolaithe go rialta, cúpla uair sa lá go minic, chun cuidiú leo dul sa treo ceart, nó a gcuid oibre a athrú. Rinne mé deimhin de freisin go ndearnadh staid na caibidlíochta sa Ghréig a phlé go mion agus ar bhealach an‑pholaitiúil gach seachtain i gcruinnithe an Choláiste.

Óir ní ceist theicniúil é cé acu ba cheart an ráta cánach breisluacha a ardú ar bhialanna, agus orthu sin amháin, nó é a ardú freisin ar bhia próiseáilte. Is ceist pholaitiúil agus shóisialta é.

Ní ceist theicniúil é, ach ceist thar a bheith polaitiúil, ar cheart an ráta cánach breisluacha ar chógais a ardú i dtír nach bhfuil 30% den phobal cumhdaithe a thuilleadh ag an gcóras poiblí sláinte de dheasca na géarchéime. Nó ar cheart caiteachas míleata a chiorrú ina áit – i dtír ina bhfuil leibhéal an chaiteachais mhíleata fós ar cheann de na leibhéil is airde san Aontas Eorpach.

Agus is cinnte nach ceist theicniúil é ar cheart pinsin na ndaoine is boichte sa tsochaí a laghdú, nó an pá íosta a laghdú; nó, ar cheart, ina ionad sin, cáin a ghearradh ar úinéirí long na Gréige.

Ar ndóigh, ba ghá figiúirí an chláir, atá anois ar an tríú clár a bhí ag an nGréig, a bheith ag teacht le chéile i ndeireadh thiar. Ach d'éirigh linn sin a dhéanamh agus aird a thabhairt san am céanna ar an gcothroime shóisialta. Léigh mé tuarascáil an Troika de chuid Pharlaimint na hEorpa go mion. Tá súil agam gur léir daoibh gur fhoghlaimíomar ceacht aisti, agus gur ullmhaíomar den chéad uair riamh measúnú tionchair shóisialta i dtaca leis an gclár. Cé go n-admhaím go neamhbhalbh go raibh ar an gCoimisiún teacht ar chomhréiteach uaireanta sa chaibidlíocht a bhí ar siúl.

Is é an rud is tábhachtaí domsa ná gur thángthas ar chomhréiteach, i ndeireadh na dála, arbh fhéidir le gach ceann de na 19 mBallstát sa limistéar euro glacadh leis, an Ghréig san áireamh.

Tar éis cainteanna a mhair seachtainí, dul chun cinn beag, go leor constaicí, neart tréimhsí géarchéime, agus lear mór dráma go minic freisin, d'éirigh linn Clár nua Tacaíochta Cobhsaíochta don Ghréig a shíniú an 19 Lúnasa.

Anois agus an clár nua ann, teastaíonn uaim go mbeadh sé ina thús nua, don Ghréig agus don limistéar euro ina iomláine.

Bímis an-ionraic: Nílimid ach ag túsphointe aistir fhada nua.

Maidir leis an nGréig, is é an rud is tábhachtaí anois an margadh a rinneadh a chur chun feidhme. Chuige sin ní mór úinéireacht leathan pholaitiúil a ghlacadh air.

Bhí na ceannairí ó gach ceann de na príomhghrúpaí polaitíochta sa Ghréig istigh san oifig agam sular tugadh an comhaontú deiridh i gcrích. Gheall siad ar fad go dtacóidís leis an gcomhaontú sin, agus thug siad an cruthúnas tosaigh ar an tiomantas sin nuair a vótáil siad don chlár nua agus don chéad trí shraith d'athchóirithe i bParlaimint na Gréige. Tá coinne agam go seasfaidh siad lena bhfocal agus go gcuirfidh siad an comhaontú i bhfeidhm – is cuma cé acu díobh a bheidh i gceannas. Teastaíonn sé ón nGréig tacaíocht leathan a bheith ann do na hathchóirithe, agus go gcuirfí i bhfeidhm iad go tráthúil, chun go bhfaighidh pobal na Gréige, agus geilleagar na Gréige, a muinín ar ais.

Bíodh an clár mar atá, ach ní leor é chun an Ghréig a chur ar bhóthar an fháis inbhuanaithe. Seasfaidh an Coimisiún leis an nGréig le deimhin a dhéanamh de go gcruthóidh na hathchóirithe go maith. Agus cuideoimid leis an nGréig straitéis fáis a cheapadh a mbeidh úinéireacht ag an nGréig uirthi agus a bheidh faoi cheannas na Gréige.

Tríd an riarachán poiblí a nuachóiriú agus trí neamhspleáchas an údaráis cánach, cuirfidh an Coimisiún cúnamh teicniúil saincheaptha ar fáil, mar aon le cúnamh ó chomhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta. Sin an cúram is mó a bheidh ar an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a bhunaigh mé i mí Iúil.

An 15 Iúil, chuir an Coimisiún togra chun cinn chun cómhaoiniú náisiúnta a theorannú sa Ghréig agus chun maoiniú a chur ar fáil i dtosach thréimhse an bhuiséid do thionscadail nach bhfuil a ndóthain leachtachta acu: pacáiste €35 billiún le haghaidh fáis atá i gceist. Tá géarghá leis seo don téarnamh tar éis na míonna de chúngach airgeadais. Is airgead é seo a chuirfear ar fáil i bhfíorgheilleagar na Gréige, sa chaoi go mbeidh gnólachtaí agus údaráis in ann infheistíocht a dhéanamh agus daoine a earcú.

D'oibrigh an Coimisiún lá i ndiaidh lae chun an pacáiste seo a ullmhú. Bhí cruinnithe ag na parlaimintí náisiúnta roinnt uaireanta i mí Lúnasa. Dá bhrí sin tá coinne agam go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa a cion féin, i gcomhréir le gealltanais a tugadh roimhe seo. Tá ár gclár maidir le fás sa Ghréig faoi bhráid an Tí seo le dhá mhí anuas. Má ghlactar é, rachaidh roinnt seachtainí eile thart sula sroichfidh an chéad euro fíorgheilleagar na Gréige.

Tiocfaidh an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an gclár fáis roimh dheireadh na míosa seo agus iarraim oraibh a lorg a leanúint. Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa chomh gasta céanna leis an gComhairle agus í i mbun oibre air seo.

 

Dúirt mé gur mhaith liom go mbeadh an clár nua ina thús nua ní amháin don Ghréig ach don limistéar euro ina iomláine mar tá ceachtanna tábhachtacha le baint as an ngéarchéim seo a bhfuilimid dár gciapadh aici i bhfad rófhada.

Is léir ón staid eacnamaíoch agus shóisialta na deacrachtaí a bhaineann léi: tá breis agus 23 mhilliún duine dífhostaithe fós san Aontas Eorpach, agus tá breis is leath díobh sin gan phost le bliain nó níos faide. Sa limistéar euro amháin, tá níos mó ná 17.5 milliún duine gan phost. Tá neamhchinnteacht dhomhanda ag cur isteach ar an téarnamh. Ar an meán san Aontas tá fiachais rialtais níos mó ná 88% den olltáirgeacht intíre, agus is é 93% an figiúr don limistéar euro.

Níl an ghéarchéim thart. Níl ann ach go bhfuil sí ar sos.

Ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon ní ag athrú. Tá figiúirí dífhostaíochta ag feabhsú, tá méadú ag teacht ar an olltáirgeacht intíre ag ráta nach bhfacthas le blianta, agus tá staid maoinithe teaghlach agus comhlachtaí feabhsaithe go mór. Roinnt Ballstát a bhí thíos go mór leis an ngéarchéim – cuir i gcás an Laitvia, Éire, an Spáinn agus an Phortaingéil – agus a fuair cúnamh airgeadais ón Eoraip, tá siad ag fás go seasta anois agus ag daingniú a ngeilleagair.

Is dul chun cinn an méid seo ach tá an téarnamh rómhall, róleochaileach agus tá sé ag brath go rómhór ar ár gcomhpháirtithe seachtracha.

Agus rud níos bunúsaí fós, de thoradh na géarchéime, tá difríochtaí móra eadrainn ar fud an limistéir euro agus ar fud an Aontais ina iomláine. De dheasca na géarchéime, tá dochar déanta dár gcumas fáis. Ghéaraigh an ghéarchéim ar an treocht atá ann an éagothroime a bheith ag méadú. Tháinig mórchuid amhrais as sin ar fad maidir le dul chun cinn sóisialta, an fiúntas a bhaineann le hathruithe agus an leas a ghabhann le bheith le chéile d’aon taobh.

Is éard atá de dhíth orainn próiseas cóineasaithe idir na Ballstáit agus, freisin, laistigh de shochaithe, agus an táirgiúlacht, an cruthú fostaíochta agus an chothroime shóisialta ina gcuid chroílárnach de.

Tá gá againn le breis Aontais san Eoraip seo againne.

Don Aontas Eorpach, agus don Choimisiún go háirithe, ciallaíonn sin dhá rud: ar an gcéad dul síos, infheistiú i bhfoinsí fostaíochta agus fáis na hEorpa, agus inár Margadh Aonair go háirithe; agus ar an dara dul síos, ár nAontas Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta a iomlánú chun na dálaí a chruthú don téarnamh buan. Táimid ag gníomhú sa dá réimse sin.

In éineacht libh féin agus leis na Ballstáit, chuireamar beocht sa Phlean Infheistíochta don Eoraip ar fiú €315 billiún é, leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS).

Níos lú na bliain i ndiaidh dom an plean sin a fhógairt, tá cuid de na chéad tionscadail díreach ag teacht in éifeacht:

Gheobhaidh 40,000 teaghlach ar fud na Fraince bille leictreachais níos neamhchostasaí agus cruthófar 6,000 post mar gheall ar an bhfeabhas a cuireadh ar thíosacht fuinnimh i bhfoirgnimh. As an gCiste Infheistíochta an maoiniú.

I gclinicí in Barcelona, beidh cóir leighis níos fearr le fáil ag othair mar gheall ar theiripí nua ar bhonn plasma a mhaoinigh an Ciste Infheistíochta.

I Luimneach agus in áiteanna eile in Éirinn beidh sé níos fusa do theaghlaigh teacht ar chúram sláinte príomhúil agus ar sheirbhísí sóisialta a bhuí le ceithre cinn déag d'ionaid nua cúraim phríomhúil. Níl ann sin ach an tús: tá neart tionscadal eile den chineál sin ar na bacáin.

Agus sinn ag cur ár bPlean Infheistíochta i bhfeidhm, táimid ag uasghrádú ár Margaidh Aonair chun níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine agus do ghnólachtaí i ngach ceann de na 28 mBallstát. Trí thionscadail amhail an Margadh Aonair Digiteach, Aontas na Margaí Caipitil agus an tAontas Fuinnimh, táimid ag laghdú na mbac atá roimh ghníomhaíochtaí trasteorann agus ag baint leas as fairsinge mhór-roinn na hEorpa chun an nuálaíocht a spreagadh, inniúlachtaí a nascadh le chéile agus rogha níos leithne táirgí agus seirbhísí a chur ar fáil.

Ach ní éireoidh linn an rathúlacht a chur ar bun mura n‑aithnímid an fhírinne gharbh seo: níor chuireamar ina luí ar mhuintir na hEorpa agus ar mhuintir an domhain fós nach chun teacht slán amháin atá an tAontas againn – tá sé againn chun go mbeadh rath agus rathúnas orainn.

Ná cuirimis dallamullóg orainn féin: tá ár neart uile lagaithe ag na míonna beaga seo a chuaigh thart mar nár éirigh linn gníomhú d’aon taobh chun freagairt do ghéarchéim na Gréige go soiléir gasta. Loiteadh an mhuinín a bhí ag daoine inár n‑airgeadra aonair agus loiteadh clú an Aontais sa domhan chomh maith.

An seoltóir gan treoir, is beag an tairbhe dó an chóir – caithfimid a fhios a bheith againn cá bhfuil ár dtriall.

Sin éirim na tuarascála a chuir mé féin agus Uachtaráin eile na n-institiúidí Eorpacha i láthair i mí an Mheithimh maidir le tógáil ár nAontais Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta a chríochnú.

B'fhollas dom gur cheart an tUachtarán Schulz a bheith páirteach san obair thábhachtach sin. I ndeireadh na dála, is í an Pharlaimint croí an daonlathais ar leibhéal an Aontais, ar an dóigh chéanna a bhfuil na parlaimintí náisiúnta i gcroílár an daonlathais ar an leibhéal náisiúnta. Is í Parlaimint na hEorpa parlaimint an limistéir euro agus caithfidh sin leanúint de bheith amhlaidh. Agus is ar Pharlaimint na hEorpa, ina cáil mar reachtóir, a bheidh sé de chúram cinneadh a dhéanamh maidir leis na tionscnaimh nua a bheartóidh an Coimisiún sna míonna amach romhainn chun ár nAontas Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta a dhoimhniú. Is cúis áthais dom, mar sin, gur 'Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán' atá scríofa againn an uair seo, den chéad uair riamh, seachas 'Tuarascáil ón gCeathrar Uachtarán'.

Cé go mbímis ag díospóireacht linn go déanach san oíche chun comhaontú a fháil don Ghréig le linn na tréimhse sin, scríobhamar an tuarascáil i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh chun an cúrsa i dtreo todhchaí níos láidre a leagan amach. Tá treochlár comhaontaithe ag Cúigear Uachtarán phríomhinstitiúidí an Aontais agus ba chóir go gcuirfeadh sí ar ár gcumas an limistéar euro a chobhsú agus a dhaingniú faoi thús 2017; agus ansin, trínar ngeilleagar a chóineasú a thuilleadh, athchóiriú níos bunúsaí a dhéanamh agus, gach uair is féidir é, scor de bheith ag déileáil leis an ngéarchéim agus tosú ar an bhfás a chothú.

Níorbh aon ábhar iontais dúinn gur spreag an Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán díospóireacht bhríomhar ar fud na hEorpa. Tá cuid de na daoine agrá go bhfuil rialtas ar an euro de dhíth orainn. Tá cuid eile ag rá gurb é rud a theastaíonn smacht níos mó agus urraim níos mó maidir leis na rialacha. Tá mé ag teacht leis an dá dhream: caithfidh comhfhreagracht a bheith eadrainn, agus tuiscint níos fearr ar an leas coiteann, agus caithfear iomlán an mhéid a comhaontaíodh cheana a urramú agus a chur i bhfeidhm. Ach níl mé den tuairim gur cheart institiúidí a iolrú ná an euro a chur i modh uathphíolóta chun sin a bhaint amach. Ní hé rud go dtiocfaidh torthaí níos mó nó níos fearr as institiúidí nua nó as rialacha draíochta.

Ní le rialacha agus staitisticí amháin is féidir airgeadra aonair a choinneáil ar bun. Bíonn síormheasúnú polaitíochta de dhíth air, agus is é sin a bhíonn ina bhonn ag roghanna nua eacnamaíocha, fioscacha, sóisialta agus beartais.

Tá clár oibre iomlán sa Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán i gcomhair na mblianta amach romhainn, agus ba mhaith liom sinn gluaiseacht go mear ar gach fronta – an fronta eacnamaíoch, an fronta airgeadais, an fronta fioscach agus fronta an Aontais pholaitiúil. Beidh orainn cuid dár n-iarrachtaí a dhíriú ar an limistéar euro, ach ba cheart baint a bheith ag iarrachtaí eile leis na 28 mBallstát uile, ós rud é go mbíonn dlúth-idirghníomhaíocht ar siúl idir iad agus ár Margadh Aonair.

Is mian liom béim a leagan ar chúig réimse ina gcuirfidh an Coimisiún tograí uaillmhianacha i láthair gan mhoill, agus tá coinne againn go mbeidh dul chun cinn déanta ina dtaobh faoin bhfómhar.

An chéad réimse: Tá sé comhaontaithe ag an gCúigear Uachtarán go bhfuil gá le comhchóras lena chinntiú go gcosnófar coigilteas bainc na saoránach i gcónaí suas go dtí teorainn €100,000 in aghaidh an duine agus in aghaidh an chuntais. Tá an méid sin in easnamh inár nAontas Baincéireachta.

Is ann do scéimeanna cosanta dá leithéid cheana, ach is ar leibhéal náisiúnta amháin atá siad. Is éard atá de dhíth córas atá níos Eorpaí, córas nach bhfuil ceangailte le sparáin rialtas, ionas go mbeidh saoránaigh lánchinnte go bhfuil a gcuid coigiltis slán.

Chonaiceamar go léir an rud a tharla sa Ghréig i rith an tsamhraidh. Bhí na saoránaigh uile – agus cé thógfadh orthu é – ag tarraingt amach a gcuid coigiltis mar gur bheag muinín a bhí acu i gcumas airgeadais an Stáit tacú lena chóras baincéireachta. Caithfear sin a athrú.

Tá géarghá le comhchóras ráthaithe taiscí níos fearr, agus cuirfidh an Coimisiún togra reachtach i láthair roimh dheireadh na bliana maidir leis na chéad chéimeanna i dtreo na sprice sin.

Is maith is eol dom, ar ndóigh, nach bhfuiltear ar aon intinn faoin méid sin go fóill. Ach tá a fhios agam chomh maith go bhfuil roinnt mhaith daoibh ar aon intinn liom faoin méid seo – caithfear bogadh ar aghaidh. Iad siúd atá amhrasach tá an méid seo le rá agam leo: is maith is eol don Choimisiún nach mar a chéile staid tosaithe na mBallstát uile. Tá a gcuid córas náisiúnta ráthaithe taiscí curtha ar bun agus maoinithe go maith ag roinnt acu. Roinnt eile acu tá siad fós i mbun oibre le córais dá leithéid a bhunú. Ní mór dúinn na difríochtaí sin a chur san áireamh. Is ar an ábhar sin nach moltar frithpháirtiú iomlán sa Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán, ach cur chuige nua a bheadh bunaithe ar chóras athárachais. Tabharfaimid tuilleadh sonraí faoi sin sna seachtainí beaga seo romhainn.

An dara réimse: Tá gá le hionadaíocht níos láidre ar an euro ar leibhéal domhanda. Cad chuige nach féidir leis an limistéar euro, limistéar a bhfuil an dara hairgeadra is mó ar domhan aige, bheith ar aon intinn faoi chúrsaí eacnamaíocha in institiúidí airgeadais idirnáisiúnta?

Samhlaígí ar feadh nóiméid gur sibh féin atá i mbun obair an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ó lá go lá. Tá a fhios againn a thábhachtaí is atá an Ciste. Mar sin féin, in ionad labhairt d'aon ghuth an limistéir euro, tá ar an mBeilg agus Lucsamburg a seasamh vótála a chomhaontú leis an Airméin agus le hIosrael; agus tá an Spáinn san aon limistéar amháin vótála le tíortha as Meiriceá Laidineach.

Cad é mar a tharla sé go bhfuilimidne – muintir na hEorpa, mar scairshealbhóirí comhpháirteacha – inár bpríomh-scairsealbhóir in institiúidí domhanda ar nós an Chiste agus an Bhainc Dhomhanda ach go bhfuilimid fós ag gníomhú mar mhionlach?

Conas a tharla gur bunaíodh Banc Infheistíochta Bonneagair nua ríthábhachtach san Áis, agus go bhfuil rialtais de chuid na hEorpa ag baint na sál dá chéile le bheith ar an gcéad chomhalta den Bhanc sin, seachas a gcuid iarrachtaí féin a chomhordú san Eoraip?

Tá sé thar am againn greim a bhreith ar ár gciall agus ár leas coiteann a chur roimh ár leas náisiúnta. Is ríshoiléir domsa gurb é Uachtarán an ghrúpa Euro is ceart bheith ina urlabhraí don limistéar euro in institiúidí airgeadais amhail an Ciste Airgeadaíochta Eorpach.

An tríú réimse: Tá córas faireachais eacnamaíoch agus fhioscaigh níos éifeachtaí agus níos daonlathaí de dhíth orainn. Teastaíonn uaim go mbeadh an Pharlaimint seo, na parlaimintí náisiúnta, chomh maith leis na comhpháirtithe sóisialta, ina bpríomhghníomhaithe sa phróiseas sin. Teastaíonn uaim freisin go dtabharfaí leas an limistéir euro ina iomláine san áireamh, gan dul ar chúl scéithe leis, i mbeartais an Aontais agus i mbeartais náisiúnta: bainfimid i bhfad níos mó amach i dteannta a chéile ná a bhainfimid amach agus gach tír ag obair ar a conlán féin. Cuirfear an méid sin san áireamh inár gcuid moltaí maidir le tuilleadh cuíchóirithe agus treisithe a dhéanamh ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch.

Táim ag iarraidh nach mar bhriathra binne folmha a éistfear feasta leis na moltaí a dhéanfaimid maidir le treoshuíomh eacnamaíoch an limistéir euro ina iomláine. Is mian liom go dtiocfadh fíor-threoshuíomh díreach soiléir de dhroim na moltaí sin, go háirithe a fhad a bhaineann le seasamh fioscach an limistéir euro.

An ceathrú réimse: Ní mór dúinn cothroime ár gcuid beartas cánachais a fheabhsú. Chuige sin teastaíonn trédhearcacht agus cothromas níos mó do shaoránaigh agus do chomhlachtaí. Chuireamar Plean Gníomhaíochta i láthair i mí an Mheithimh, agus is é a bhun agus a bharr é seo: is éigean gur sa tír ina ngineann an comhlacht brabús a íocfaidh an comhlacht a chánacha.

Céim amháin i dtreo na sprice sin é an obair atá déanta againn ar Chomhbhonn Comhdhlúite um Cháin Chorparáideach. Fágfaidh an simpliú sin go mbeidh sé níos deacra cánacha a sheachaint.

Táimid ag obair ar ár seacht ndícheall freisin, i gcomhar leis an gComhairle, chun comhaontú ar mhalartú uathoibríoch faisnéise faoi rialuithe cánach a thabhairt i gcrích faoi dheireadh na bliana.

San am céanna, táimid ag súil go mbeidh toradh go luath ar ár n-imscrúduithe ar na scéimeanna náisiúnta éagsúla.

Agus táim ag troid go dian le go nglacfaidh na Ballstáit, faoi dheireadh na bliana, na modúlachtaí i leith Cáin ar Idirbhearta Airgeadais.

Tá gá againn le breis Eorpachais, tá gá againn le breis Aontais, agus tá gá againn le breis cothroime inár mbeartas cánachais.

An cúigiú réimse: Caithfimid dlús a chur leis an obair chun margadh saothair a bheidh cothrom, agus uile-Eorpach amach is amach, a chur ar bun. Is éard is brí le cothroime sa chomhthéacs seo saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn agus a chaomhnú mar cheart bunúsach inár nAontas.

Is díol sásaimh soghluaiseacht an lucht saothair agus tá gá léi ionas go mbeidh rath ar an limistéar euro agus ar an margadh saothair. Ba cheart go mbeadh soghluaiseacht an lucht saothair bunaithe ar rialacha agus ar phrionsabail atá soiléir. Ba cheart go mbeadh sé ina bhunphrionsabal go bhféachfaimid chuige go n-íocfar an pá céanna as an obair chéanna san áit chéanna.

Chuige sin, ba mhaith liom colún Eorpach do chearta sóisialta a leagan síos, ina gcuirfear dálaí athraitheacha shochaithe na hEorpa agus shaol na hoibre san áireamh, agus a bheidh ina thagarphointe don chóineasú athnuaite laistigh den limistéar euro.

Ba cheart an colún Eorpach a bheith ina fhorlíonadh ar a bhfuil bainte amach againn cheana a fhad a bhaineann le cosaint oibrithe san Aontas Eorpach. Beidh mé ag súil go nglacfaidh na comhpháirtithe sóisialta ról lárnach sa phróiseas seo. Is é mo thuairim gur maith an rud é go bhfuil an tionscnamh á thosú againn laistigh den limistéar euro, agus cead á thabhairt againn do Bhallstáit eile den Aontas páirt a ghlacadh ann más mian leo é.

Mar a dúradh sa Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán, beidh orainn breathnú romhainn agus céimeanna níos bunúsaí a thabhairt maidir leis an limistéar euro. In earrach 2017 cuirfidh an Coimisiún i láthair Páipéar Bán maidir leis seo.

Cinnte, beidh orainn státchiste don limistéar euro a bhunú, amach anseo; státchiste a bheidh cuntasach ar leibhéal Eorpach. Agus creidim gur cheart é a bhunú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, sásra a chruthaíomar le linn na géarchéime agus a bhfuil téagar agus acmhainn ann atá ar aon dul leis an gCiste Aisrgeadaíochta Idirnáisiúnta, arae tá an poitéinseal aige ciste creidmheasa €500 billiún a bheith aige. Ba cheart go nglacfadh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach feidhm chobhsaithe mhaicreacnamaíoch níos leithne chuige féin ionas gurbh fhearr a d'fhéadfaí déileáil le suaitheadh den chineál nárbh fhéidir a láimhseáil ar an leibhéal náisiúnta amháin. Réiteoimid an bealach sa chaoi go gcuirfear é sin i gcrích le linn an dara leath de théarma an Choimisiúin seo.

Is tionscadal dinimiciúil an tAontas Eorpach. Tionscadal a dhéanann freastal ar an bpobal. Tá gach duine thuas leis, agus níl aon duine thíos leis. Faighimid níos mó ná ár gcuid féin ar ais. Tionscadal mór cuimsitheach atá ann. Is dár gcomhpháirtithe sa Ríocht Aontaithe an teachtaireacht seo chomh maith, agus cuimhním ar an Ríocht Aontaithe nuair a smaoiním ar na dúshláin mhóra polaitíochta a mbeidh orainn aghaidh a thabhairt orthu sna míonna atá romhainn.

 

Socrú cothrom don Bhreatain

Ón uair a tháinig mé in oifig, tá cuma níos soiléire tar éis teacht ar chúrsaí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe: roimh dheireadh 2017 reáchtálfar reifreann féachaint an bhfanfaidh an Ríocht Aontaithe san Aontas nó nach bhfanfaidh. Is faoi vótálaithe na Ríochta Aontaithe atá sé, ar ndóigh, an cinneadh a dhéanamh. Ach ní bheadh sé ionraice a rá, ná réalaíoch a cheapadh, nach mbeidh tábhacht straitéiseach ag baint leis a gcinneadh sin don Aontas ina iomláine.

Tá sé ráite agam go minic go dteastaíonn uaim go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach. Agus tá sé ráite agam go dteastaíonn uaim oibriú i gcomhar le rialtas na Breataine ar shocrú cothrom don Bhreatain.

Tá na Briotanaigh ag cur ceisteanna bunúsacha ar an Aontas agus ceisteanna bunúsacha mar gheall ar an Aontas. An gcuireann an tAontas rathúnas ar a cuid saoránach. An ndírítear gníomhaíochtaí an Aontais ar réimsí inar féidir leis dea-thorthaí a bhaint amach. An bhfuil an tAontas Eorpach oscailte don chuid eile den domhan.

Is ceisteanna iad seo ar a bhfuil freagraí ag an Aontas, agus ní ar mhaithe leis an Ríocht Aontaithe amháin. Teastaíonn ó na 28 mBallstát go léir go mbeadh an tAontas nua-aimseartha agus ag obair ar son leasa a chuid saoránach go léir. Táimid go léir den tuairim nach mór athrú agus oiriúnú a dhéanamh ar an Aontas i bhfianaise na ndúshlán mór agus na géarchéime a bhfuilimid ag tabhairt aghaidh orthu faoi láthair.

Sin an fáth a bhfuilimid ag cur an Mhargaidh Aonair i gcrích, ag laghdú rómhaorlathais agus ag feabhsú dálaí infheistíochta do ghnólachtaí beaga.

Sin an fáth a bhfuilimid ag cruthú Pacáiste i dtaobh an Mhargaidh Aonair Dhigitigh – chun deimhin a dhéanamh de nach ndéanann an áit a bhfuil duine difear ar bith don phraghas a íocann sé nuair a chuireann sé gluaisteán in áirithe ar líne, cuir i gcás. Táimid ag déanamh nuachóiriú ar rialacha cóipchirt an Aontais ­– chun breis rochtana a thabhairt do dhaoine ar ábhar cultúrtha ar líne agus chun féachaint chuige san am céanna go bhfaighidh údair luach cothrom ar a saothar. Agus díreach dhá mhí ó shin, shocraigh an tAontas deireadh a chur le táillí fánaíochta ó shamhradh na bliana 2017 amach, rud atá á iarraidh ag cuid mhaith turasóirí agus taistealaithe, ón mBreatain go háirithe, leis na blianta.

Sin an fáth a bhfuilimid i mbun caibidlíochta ar chomhaontuithe trádála leis na náisiúin neartmhara, comhaontuithe amhail an Chomhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach. Sin an fáth a bhfuilimid ag oscailt margaí agus ag cur deireadh le bacainní do ghnólachtaí agus d'oibrithe i ngach ceann de na 28 mBallstát.

Maidir le mo mhianta féin, tá mo chroí i dtionscadal amháin ar leith go háirithe, is é sin feabhas a chur ar an gcaoi a mbíonn an tAontas ag obair i gcomhar leis na parlaimintí náisiúnta. Sna litreacha misin a chuir mé chuig gach comhalta den Choimisiún seo, leag mé de chúram orthu uile bheith níos dlúsúla sa chomhar leis na parlaimintí náisiúnta. Creidim go diongbháilte go dtabharfar an tAontas níos gaire do na daoine a bhfuil sé ag fónamh dóibh má neartaímid ár gcaidreamh leis na parlaimintí náisiúnta. Is eol dom go bhfuil an Príomh-Aire David Cameron ar aon intinn liom maidir leis an uaillmhian sin. Táim cinnte go dtiocfaimid, le chéile, ar fhreagraí sásúla.

Breis is bliain ó shin, agus mé i mbun feachtas le bheith i m'Uachtarán ar an gCoimisiún, ghlac mé móid, is é sin go bhféachfainn chuige socrú cothrom a bhaint amach don Bhreatain. Socrú a bheadh cothrom don Bhreatain. Agus socrú a bheadh cothrom do na 27 mBallstát eile chomh maith.

Is mian liom a chinntiú go gcaomhnóimid sláine gach ceann de cheithre shaoirse an Mhargaidh Aonair agus, ag an am céanna, go bhféadfaimid teacht ar bhealaí chun an limistéar euro a chomhtháthú a thuilleadh ionas go neartófar an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

Lena ceart a thabhairt don Ríocht Aontaithe, beidh sé ina chuid den socrú seo glacadh leis an bhfíric nach bhfuil gach Ballstát páirteach i ngach réimse de bheartas an Aontais. Tá staid na Ríochta Aontaithe sainmhínithe i bPrótacail Speisialta, e.g. prótacail i ndáil leis an euro agus i ndáil le Gnóthaí Ceartais agus Baile. Lena gceart a thabhairt do na Ballstáit eile, níor chóir go gcuirfeadh roghanna na Ríochta Aontaithe cosc orthu féin comhtháthú breise a dhéanamh áit a n-oirfeadh sin dóibh.

Féachfaidh mé le socrú cothrom a bhaint amach don Bhreatain. Is ar chúis ar leith agus ar an gcúis sin amháin a dhéanfaidh mé amhlaidh: creidim gur fearrde don Aontas an Bhreatain a bheith ina cuid de, agus gur fearrde don Bhreatain bheith ina cuid den Aontas.

I réimsí tábhachtacha, is féidir linn i bhfad níos mó a bhaint amach le chéile seachas bheith ag gníomhú ar ár gconlán féin. Is amhlaidh atá go háirithe i dtaca leis na dúshláin ollmhóra ó thaobh beartas eachtrach de atá roimh an Eoraip faoi láthair; díreoidh mé orthu sin sa chéad chuid eile de m'aitheasc.

 

Sinn féin agus an Úcráin d’aon taobh

Níl san Eoraip ach cuid bheag den domhan. Má tá rud éigin fónta le tairiscint againn, is é ár saineolas agus ár gceannasaíocht é.

Tuairim is céad bliain ó shin, ba san Eoraip a bhí duine as gach cúigear de dhaonra an domhain; sa lá atá inniu ann duine as gach naonúr atá inti; tar éis céad bliain eile ní bheidh inti ach duine as gach cúigear ar fhichead.

Creidim gur féidir linn, agus gur cheart dúinn, ár gcion féin a dhéanamh ar an leibhéal domhanda; ní le teann mórála, ach toisc go bhfuil rud éigin le tairiscint againn. Is féidir linn a thaispeáint don domhan gur fíor a ndeirtear – nach neart go cur le chéile – agus go bhfuil leas straitéiseach le baint as bheith ag gníomhú le chéile. Ní raibh riamh go dtí seo tráth níos práinní nó níos éigeantaí le haghaidh gnímh.

Tá níos mó ná 40 coinbhleacht ar siúl faoi láthair fud fad an domhain. A fhad is atá na coinbhleachtaí sin ag réabadh leo go rábach, a fhad is atá teaghlaigh á dtarraingt as a chéile agus smionagar á dhéanamh de thithe, ní féidir liom teacht anseo os bhur gcomhair, beagnach 60 bliain tar éis bhunú an Aontais Eorpaigh, agus labhairt faoin tsíocháin. Mar ní domhan síochánta é.

Má theastaíonn uainn an tsíocháin a chur chun cinn ar domhan, teastóidh breis Eorpachais agus breis Aontais uainn inár mbeartas eachtrach. Tá práinn ar leith le cás na hÚcráine.

Cabhrú leis an Úcráin teacht slán, athchóirithe a dhéanamh agus dul chun cinn a dhéanamh – dúshlán don Eoraip is ea é. I ndeireadh na dála, is fís Eorpach í fís na hÚcráine, fís Maidan: maireachtáil i dtír nua-aimseartha, tír ina bhfuil geilleagar cobhsaí, agus córas polaitiúil cothrom cóir.

Le dhá mhí dhéag anuas, táim tar éis aithne mhaith a chur ar an Uachtarán Poroshenko; bhuail mé leis ag cruinniú mullaigh, chaith mé béile ina theach, chonaiceamar a chéile san iliomad cruinnithe agus is iomaí comhrá a bhí agam leis ar an nguthán. Tá sé i mbun a thír a athrú ó bhonn. Tá sé ag comhrac ar son na síochána. Tá ár dtacaíocht tuillte aige.

Tá roinnt mhaith déanta againn cheana; thugamar €3.41 billiún ar iasacht don Úcráin i dtrí chlár um Chúnamh Macra-Airgeadais, chabhraíomar léi margadh maith a fháil a shlánóidh soláthairtí gáis na hÚcráine don gheimhreadh seo agus thugamar comhairle di faoi athchóiriú chóras breithiúna na tíre. Le go n-éireodh linn, ní mór don Aontas agus dá chuid Ballstát uile páirt a ghlacadh san iarracht sin.

Beidh orainn bheith aontaithe chuige sin, agus gan ligean d’aon rud an aontacht sin a mhilleadh.

Beidh orainn bheith aontaithe a fhad a bhaineann sé leis an tslándáil sna Ballstáit in Oirthear na hEorpa, sna Stáit Bhaltacha go háirithe. Ní fhéadfar baint do shlándáil ná do theorainneacha Bhallstáit an Aontais. Is mian liom go dtuigfí sin go soiléir i Moscó.

Tá gá againn le breis aontachta ar feadh a mbaineann le smachtbhannaí. Na smachtbhannaí a chuir an tAontas Eorpach ar an Rúis, déanann siad dochar éigindo gach ceann dár ngeilleagair, agus tá earnálacha tábhachtacha, ar nós earnáil na talmhaíochta, thíos leis. Ach tá na smachtbhannaí ina n‑uirlis chumhachtach le haghaidh a thabhairt ar ionsaitheacht agus ar shárú an dlí idirnáisiúnta. Ní foláir cloí le beartas na smachtbhannaí go dtí go gcomhlíonfar Comhaontuithe Mhionsc ina n-iomláine. Toichim stuama agus seasamh aontaithe, sin é a theastaíonn.

Ag an am céanna caithfimid bheith i gcónaí ag cuardach réitigh nua.

Labhair mé leis an Uachtarán Putin in Brisbane ag an G20, i gcruinniú déthaobhach a mhair amach go maith san oíche. Mheabhraíomar dá chéile a fhad is atá aithne againn ar a chéile, agus an t-athrú mór atá tagtha ar an saol. In ionad meon an chomhair a bheith idir an tAontas agus an Rúis, is é rud atá amhras agus mímhuinín eatarthu le tamall anuas.

Ní mór don Aontas a thaispeáint don Rúis gur slí chostasach slí an achrainn, ach caithfidh sé a dhéanamh soiléir ag an am céanna go bhfuil sé réidh le dul i mbun cainte.

Eoraip nach gcuireann lámh i gcumadh na staire, ní hí sin an Eoraip a theastaíonn uaim. Is mian liom an Eoraip a bheith ar thosach an tslua. Ach an tAontas Eorpach a bheith aontaithe ina chéile go daingean, is féidir linn an domhan a athrú.

 

Aontacht agus ceannaireacht sa troid i gcoinne an athraithe aeráide

Sampla amháin den ról ceannaireachta atá ag an Eoraip is ea an méid atá déanta againn maidir leis an athrú aeráide.

Is eol dúinn uile san Eoraip gur dúshlán mór domhanda é an t‑athrú aeráide – agus is eol dúinn sin le tamall.

Ní féidir leis an bpláinéad a roinnimid le chéile – an t-atmaisféar agus an aeráid chobhsaí – déileáil leis an úsáid atá an duine a bhaint as.

Tá cuid de thíortha an domhan ag maireachtáil ar dhóigh atá thar a n‑acmhainn, ag cruthú fiachas carbóin, agus ag maireachtáil ar an bhfiachas sin. An té a thuigeann an eacnamaíocht agus bainistíocht ghéarchéime, tuigeann sé nach féidir leanúint go buan den mhaireachtáil thar acmhainn.

Is é an comhshaol féin a sheasfaidh an bille dúinn luath nó mall. I gceantair áirithe ar domhan, fágann an t-athrú aeráide go bhfuil athrú ag teacht ar na cúiseanna a bhíonn le coinbhleachtaí – d'fhéadfadh sé bheith níos tábhachtaí smacht a fháil ar dhamba nó ar loch ná ar scaglann ola.

Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na bunchúiseanna anois le feiniméan nua imirce. Beidh na dídeanaithe aeráide ina ndúshlán nua againn — mura dtéimid i mbun gnímh go pras.

Tiocfaidh gníomhaithe móra an domhain le chéile i bPáras faoi cheann 90 lá eile chun teacht ar chomhaontú faoin gcaoi a mbainfear amach an sprioc maidir le hardú theocht an domhain a choinneáil faoi bhun dhá chéim Celsius. Tá ag éirí leis an Aontas sa dúshlán sin agus thugamar gealltanas soiléir i mí an Mhárta: sprioc atá ceangailteach ar fud an gheilleagair maidir le hastaíochtaí a laghdú 40% ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Is é sin an beart is uaillmhianaí a cuireadh i láthair go dtí seo.

Tá tíortha eile ár leanúint, ach is le drogall é, i gcás cuid acu.

Bíodh sé seo rí-shoiléir dár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta: ní socrú leamh ar bith a shíneoidh an tAontas. Tá sé ina thosaíocht agamsa, tá sé ina thosaíocht ag an Eoraip, go mbeidh an socrú aeráide a ghlacfaimid uaillmhianach, láidir agus ceangailteach.

Is chuige sin a chaith an Coimisiún seo agus mé féin cuid den chéad bhliain seo ag cur ar son tacaíocht le haghaidh comhaontú uaillmhianach i bPáras. I mí na Bealtaine seo caite, bhí mé i dTóiceo áit ar thug mé dúshlán don Phríomh-Aire Abe comhoibriú linn lena chinntiú go mbeidh Comhaontú Pháras gach pioc chomh héifeachtach le Comhaontú Kyoto.

Le linn chruinniú mullaigh G7 i mí an Mheithimh, d'aontaigh na ceannairí straitéisí ísealcharbóin fadtéarmacha a leagan amach agus fáil réidh le breoslaí iontaise faoi dheireadh na haoise seo.

Níos déanaí sa bhliain, bhuail mé le Príomh-Aire na Síne, Li Keqiang, le comhpháirtíocht a lainseáil lena chinntiú go ndéanfar cathracha an lae inniu a dhearadh ar chaoi go sásóidh siad riachtanais fuinnimh agus aeráide an lae amárach.

Agus, i gcomhar leis an Ard-Ionadaí, tá comhaltaí an Choláiste gafa le hiarrachtaí taidhleoireachta ar mhaithe leis an aeráid. Inniu féin, tá an Coimisinéir Arias Cañete i Nua-Ghuine Phapua agus é i mbun comhráite faoi na pleananna do chomhdháil Pháras, i dteannta cheannairí Fhóram Oileáin an Aigéin Chiúin. Mura ndéantar beart ceartaitheach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, beidh an barr taoide ag ardú agus is iad na hoileáin sin is túisce a bheidh i mbaol a mbáite.

Mar sin féin, má éiríonn linn i bPáras, beidh córas idirnáisiúnta ag an gcine daonna den chéad uair riamh leis an athrú aeráide a chomhrac go héifeachtúil.

Is é Páras an chéad cheann scríbe eile ach ní hé an ceann scríbe deireanach é. Ar ndóigh tá Bóthar go Páras; ach tá Bóthar amach as Páras freisin.

Féachfaidh an Coimisiún seo chuige go mbeidh an Eoraip ar thosach na troda i gcoinne an athraithe aeráide. Déanfaimid beart de réir ár mbriathair.

Níl aon gheasa draíochta againn a réiteodh an t‑athrú aeráide. Ach a bhuí leis na dlíthe a rinneamar, dlíthe ar nós Scéim an Aontais Eorpaigh maidir le Trádáil Astaíochtaí, agus a bhuí leis na bearta atá déanta againn d'éirigh linn na hastaíochtaí carbóin a laghdú gan baint d'fhás an gheilleagair.

Leis an mbeartas aeráide réamhbhreathnaitheach atá againn tá ag éirí linn dul chun cinn a dhéanamh ionsar spriocanna an Aontais Fuinnimh, spriocanna a bhfuil géarghá leo: dá bharr sin, táimid ar thús cadhnaíochta sa domhan maidir le fuinneamh in-athnuaite, earnáil a fhostaíonn breis agus milliún duine ar fud an Aontais agus a ghineann láimhdeachas €130 billiún; is easpórtálacha €35 billiún de sin. I láthair na huaire, tá 40% de na paitinní uile do theicneolaíochtaí in-athnuaite i seilbh comhlachtaí Eorpacha. Tá tiomáint chomh mór faoin dul chun cinn teicneolaíoch gur mó deiseanna atá ann don teicneolaíocht ghlas sa trádáil dhomhanda.

Is chuige sin atá fócas straitéiseach curtha ar dhá rud i gcur chun feidhme an Aontais Fuinnimh – an nuálaíocht agus idirnascadh na margaí.

Sin a gheall mé daoibh an bhliain seo caite agus sin atá curtha i gcrích ag an gCoimisiún seo, agus leanfaimid á chur sin i gcrích.

Ní comhráite taidhleoireachta sa Bhruiséil nó i bPáras a chinnfidh cad é an toradh a bheidh ar an troid i gcoinne an athraithe aeráide. Is é an pobal a chinnfidh sin, agus muintir na gcathracha, áit a bhfuil formhór mór mhuintir na hEorpa ina gcónaí agus ag obair, agus áit a n-ídítear thart ar 80% den fhuinneamh ar fad a tháirgtear san Eoraip.

Is chuige sin a d'iarr mé ar an Uachtarán Schulz cruinniú de Chúnant na Méaraí a thionól sa Pharlaimint an mhí seo chugainn, tráth a thiocfaidh breis agus 5,000 méara Eorpach ar aon láthair. Tá gealltanas tugtha ag na méaraí sin uile go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir laghdaithe CO2 atá leagtha síos ag an Aontas. Tá súil agam go seasfaidh comhaltaí uile an Tí seo leis na bearta atá pobail agus ceantair ar fud na hEorpa a dhéanamh, bearta lena gcinnteofar go mbeidh rath ar an gcomhdháil i bPáras agus ar an obair a chuirfear i gcrích ina dhiaidh.

 

Conclúid

A Uachtaráin, a Chomhaltaí Onóracha,

Tá a lán rudaí nár luaigh mé agus nár fhéad mé a lua inniu. Ba mhian liom labhairt libh, mar shampla, faoin gCipir, agus faoin dóchas, faoin uaillmhian agus faoin dúil atá agam go bhfeicfidh mé an t-oileán sin aontaithe an bhliain seo chugainn. Tar éis comhrá fada a bheith agam leis na hUachtaráin Nikos Anastasiades agus Mustafa Akinci nuair a bhuail mé leo i gceartlár na Líne Glaise i mí Iúil, táim muiníneach, ach an fhís agus an toil a bheith ag an mbeirt cheannairí sin, go bhféadfar an t-oileán a aontú agus cúinsí mar atá siad faoi láthair, agus má leantar den dea-chomhordú ar iarrachtaí na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh. Tabharfaidh mé gach tacaíocht agus cúnamh le go bhféadfar an cuspóir sin a chur i gcrích. Mar go gcreidim nach cóir go mbeadh ballaí nó sconsaí i mBallstát ar bith den Aontas Eorpach.

Níor thrácht mé go fóill ar fheirmeoirí na hEorpa atá i mbun agóide an tseachtain seo sa Bhruiséil. Aontaím leo go bhfuil rud éigin mícheart sa mhargadh nuair atá praghas an lítir bainne níos ísle ná praghas an lítir uisce. Mar sin féin, ní chreidim gur féidir linn agus ní chreidim gur cheart dúinn tosú, anseo sa Bhruiséil, ag déanamh mionbhainistiú ar mhargadh an bhainne. Ba chóir dúinn a gcaill a chúiteamh leis na feirmeoirí atá thíos leis na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise. Is chuige sin atá an Coimisiún ag tairiscint pacáiste dlúthpháirtíochta €500 milliún do na feirmeoirí. Agus ba chóir do na húdaráis iomaíochta Eorpacha agus náisiúnta súil ghéar a chaitheamh ar struchtúr an mhargaidh. Tháinig cor i margadh an bhainne, agus tá boladh bréan as. Is é mo thuiscint ar an gcás go mbeidh orainn deireadh a chur le roinnt olagaplachtaí miondíola.

Tá an t-uafás eile le rá, ach i ndiaidh trácht go gairid ar na príomhceisteanna, agus ar na dúshláin is mó atá romhainn, tá rud amháin a ritheann liom go láidir soiléir: is cuma cé acu ag trácht ar ghéarchéim na ndídeanaithe, ar an ngeilleagar nó ar an mbeartas eachtrach atáimid: níl ach aon dóigh amháin a n‑éireoidh linn, is é sin mar Aontas aontaithe.

Cad é an tAontas seo a dhéanann ionadaíocht thar ceann 507 milliún saoránach? Is mó é ná an Bhruiséil nó Strasbourg. Is mó é ná na hInstitiúidí Eorpacha. Is iad na Ballstáit, agus na rialtais náisiúnta, agus na parlaimintí náisiúnta, is iad sin an tAontas freisin.

Níl de dhíth ach go dteipfeadh ar pháirtí amháin a chuid féin a chur i gcrích, agus cuirfear sinn uile ag stámhailleach.

Ní mór toradh a bheith ar obair na hEorpa agus ar obair an Aontais. Cé go seasaim go láidir le modh an Chomhphobail de ghnáth, ní haon saoithín mé in am an ghátair – is cuma liom cén dóigh a dtéimid i ngleic le géarchéim, le réiteach idir-rialtasach nó le próiseas atá faoi stiúir an phobail. Is cuma liom ar chor ar bith, a fhad is go dtagaimid ar réiteach agus go ndéanaimid beart fónta ar mhaithe le leas shaoránaigh na hEorpa.

Nuair a fheictear dúinn nach bhfuil modh oibre amháin sásúil caithfimid an cur chuige a athrú.

Cuir i gcás an sásra athshuímh dídeanaithe a mholamar don Ghréig agus don Iodáil i mí na Bealtaine: mhol an Coimisiún scéim dlúthpháirtíochta a bhí pobalaíoch agus ceangailteach. Ina ionad sin, roghnaigh na Ballstáit cur chuige deonach. An toradh: níor baineadh amach an figiúr 40,000 riamh. Níor athshuíodh oiread agus duine amháin go fóill a raibh gá acu le cosaint, agus tá an Iodáil agus an Ghréig ag dul i ngleic leis an bhfadhb ina n-aonar. Níl seo maith go leor, ar dhóigh ar bith.

Cuir i gcás na réitigh idir-rialtasacha amhail an Comhshocrú Fioscach 2011 le smacht fioscach a neartú, nó Comhaontú 2014 lenar bunaíodh comhchiste réitigh banc. Feictear anois nach bhfuil an Comhshocrú Fioscach curtha i bhfeidhm ina iomláine ag oiread agus Ballstát amháin. Agus níl an comhaontú maidir leis an gcomhchiste réitigh banc, a bhfuil sé beartaithe é a lainseáil an 1 Eanair 2016, níl sé daingnithe ach ag 4 Bhallstát as 19 mBallstát.

Níl sé seo sásúil ar chor ar bith má theastaíonn uainn déileáil leis na dúshláin ollmhóra atá romhainn faoi láthair.

Caithfimid ár modh oibre a athrú.

Caithfimid oibriú níos gasta.

Caithfimid a bheith níos Eorpaí inár modh oibre.

Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh cumhachta ar an leibhéal Eorpach. Ach tá gá práinneach le torthaí atá níos fearr agus níos gasta.

Tá gá againn le breis Eorpachais san Aontas seo againne.

Tá gá againn le breis Aontais san Aontas seo againne.

Chreid mé san Eoraip ar feadh mo shaoil. Tá mo chúis féin agam leis sin, agus is eol dom agus is méanar dom, nach mbaineann sí le glúine an lae inniu.

Nuair a tháinig mé in oifig, dúirt mé gur mhaith liom ceangail cairdis a bhí lag a threisiú. Nuair a bhí an dlúthpháirtíocht ag meath. Nuair a bhí seantaibhsí an naimhdis ag iarraidh teacht chun cinn.

Tá bóthar fada amach romhainn go fóill.

Ach nuair a léifidh na glúine atá le teacht scéal na tréimhse seo i leabhair staire na hEorpa, bíodh sé le léamh acu gur sheasamar le chéile, gur léiríomar comhbhá agus gur osclaíomar ár ndoirse do dhaoine a raibh cosaint de dhíth orthu.

Go ndeachamar i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, chun ár luachanna a chosaint agus chun coinbhleachtaí a réiteach.

Gur chinntíomar nach mbeadh ar cháiníocóirí saint na n‑amhantraithe airgeadais a chúiteamh arís go deo.

Gur chinntíomar le chéile gur fás agus rath a bhí in ndán dár ngeilleagair, dár ngnólachtaí, agus dár leanaí go háirithe.

Bíodh sé le léamh acu gur mhúnlaíomar Aontas a bhí níos láidre ná mar a bhí riamh.

Bíodh sé le léamh acu gur ghlacamar páirt chinniúnach i stair na hEorpa. Scéal a léifidh sliocht ár sleachta agus mórtas ina gcroí.

 

Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais:

Buaicphointí an aithisc

Físeán den aitheasc iomlán

An suíomh gréasáin le haghaidh Staid an Aontais, 2015

SPEECH/15/5614


Side Bar

Videos





Photos