Navigation path

Left navigation

Additional tools

An Coimisiún Eorpach

José Manuel Durão Barroso

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Aitheasc faoi Staid an Aontais, 2013

Seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa/Strasbourg

11 Meán Fómhair 2013

A Uachtaráin,

A Uachtaránacht na Comhairle,

A Chomhaltaí Onóracha,

A Dhaoine Uaisle,

Faoi cheann ocht mí, tabharfaidh toghthóirí na hEorpa breithiúnas ar an méid a chuireamar i gcrích le chéile le cúig bliana anuas.

Ar feadh na gcúig bliana sin, ba mhó tábhacht a bhí leis an Eoraip i saol na saoránach ná riamh roimhe sin. Rinneadh an Eoraip a chaibidil i gcaiféanna agus ar chláir teilifíse agus raidió mór le rá ar fud mhór‑roinn na hEorpa.

Inniu, is mian liom súil siar a chaitheamh ar an méid a chuireamar i gcrích le chéile. Ar an méid atá fós le cur i gcrích againn. Agus mar gur mian liom go mbeadh fíor‑dhíospóireacht pholaitiúil againn faoin Eoraip idir seo agus toghcháin na bliana seo chugainn, is mian liom a chur faoi bhur mbráid cé na smaointe, dar liom, is tábhachtaí a chíoradh.

A Chomhaltaí Onóracha,

Cothrom an ama seo go díreach, cúig bliana ó shin, ghabh rialtas na Stát Aontaithe seilbh ar Fannie Mae agus Freddie Mac, tharrtháil sé AIG, agus rinne Lehman Brothers iarratas ar chosaint féimheachta.

Ba iad na heachtraí sin ba chionsiocair leis an ngéarchéim airgeadais dhomhanda. D’éirigh sí ina géarchéim eacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh cheana sa stair. Agus d’éirigh sí ina géarchéim shóisialta a d’fhág a lán dár saoránaigh faoi anás. De dheasca na gcúrsaí sin, chuaigh ár ndeacrachtaí fiachais in olcas, agus tá siad ina n‑anacair mhór fós ar ár rialtais. Is iad is cúis leis an ardú scanrúil ar an dífhostaíocht, go háirithe i measc an aosa óig. Agus tá siad ina mbac fós ar theaghlaigh agus ar lucht gnó na hEorpa.

Ach níor chúb an Eoraip ón dúshlán. Sna cúig bliana sin, thugamar aghaidh go daingean diongbháilte ar an dúshlán a cuireadh romhainn. Sheasamar an fód le chéile in éadan na géarchéime. B’eol dúinn go raibh orainn dul sa bhearna bhaoil le chéile. Agus rinneamar sin.

Má smaoinímid siar ar an méid a rinneamar le chéile leis an Eoraip a aontú feadh na géarchéime, sílim nach miste a rá nach gcreidfeadh aon duine cúig bliana ó shin go mbeadh sé indéanta againn an méid sin a bhaint amach?

Táimid ag déanamh athchóiriú ó bhonn ar an earnáil airgeadais ionas go mbeidh an t‑airgead atá coigilte ag daoine slán sábháilte.

Chuireamar feabhas ar an tslí a gcomhoibríonn na rialtais le chéile, agus ar an tslí a bhfuil siad ag obair chun an t‑airgeadas poiblí a chur ar ais ar bhonn fónta agus chun a ngeilleagair a nuachóiriú.

Tá os cionn 700 billiún euro curtha i leataobh againn chun tíortha atá thíos go mór leis an ngéarchéim a choinneáil ó thitim thar bhruach na haille – sin í an iarracht cobhsaíochta is mó a eagraíodh riamh idir thíortha.

Is maith is cuimhin liom an cruinniú a bhí agam anuraidh le príomheacnamaithe a lán de na bainc is tábhachtaí dá bhfuil againn. Bhí a bhformhór ag meas go bhfágfadh an Ghréig limistéar an euro. Bhí imní orthu uile go mb’fhéidir go dtitfeadh limistéar an euro as a chéile. Ach is féidir linn anois an imní sin a dhíbirt glan as ár n-intinn: níor fhág tír ar bith limistéar an euro, ná níor cuireadh iallach ar thír ar bith imeacht. I mbliana tháinig méadú ó 27 Ballstát go 28 Ballstát ar an Aontas Eorpach. An bhliain seo chugainn, tiocfaidh méadú ar limistéar an euro ó 17 go 18 mBallstát.

Is é an rud atá tábhachtach anois an chaoi a gcaithfimid leis an dul chun cinn atá déanta againn. An ndéanfaimid mór is fiú nó beag is fiú de? An ngabhfaimid ina údar muiníne é chun tuilleadh a chur leis an méid atá déanta againn, nó an ndéanfaimid a bheag de?

A Chomhaltaí Onóracha,

Nílim ach tar éis filleadh ó chruinniú G20 i gCathair Pheadair. Tig liom seo a rá libh: i mbliana, murab ionann agus le blianta beaga anuas, níorbh éigin dúinne, Eorpaigh, éisteacht le ceachtanna ó thíortha in áiteanna eile ar domhan faoin gcaoi le dul i ngleic leis an ngéarchéim. Is ag tréaslú linn a bhítheas, agus dár misniú.

Ní mar gheall air go bhfuil an ghéarchéim thart, mar go deimhin níl sí thart. Leanfar de bheith ag cur tástála ar an teacht aniar atá san Aontas seo againne. Ach a bhuí leis an méid atáimid a dhéanamh, táthar ag éirí muiníneach go bhfuil ag éirí linn an ghéarchéim a chur dínn – is é sin a fhad is nach n‑éirímid bogásach.

Táimid ag obair as lámh a chéile chun na dúshláin sin a shárú.

Agus is as lámh a chéile a chaithfimid dul i ngleic leo.

Sa domhan seo againne, áit a dtarlaíonn athruithe ábhalmhóra geo-eacnamaíocha agus geopholaitiúla, creidim nach bhfuil ach aon dóigh amháin ann a bhféadfaimid riar ar mhianta na saoránach, is é sin, oibriú i gcomhar le chéile mar Aontas Eorpach: chun na luachanna, na leasanna agus an rathúnas atá againn a chosaint agus a chur chun cinn i ré seo an domhandaithe.

Anois an t‑am ceart lenár n-iúl a thógáil os cionn leasanna paróisteacha agus os cionn saincheisteanna náisiúnta; anois an t-am leis an Eoraip a chur chun cinn dáiríre. Anois an t‑am ceart leis an toise Eorpach a chur chun tosaigh go tréan sa díospóireacht a dhéanfar sna toghcheantair náisiúnta.

Anois an t‑am ceart le labhairt amach ar son na hEorpa; anois an t‑am ceart ag na daoine uile ar spéis leo an Eoraip, is cuma cén dearcadh polaitiúil nó idé-eolaíoch atá acu, is cuma cárb as dóibh.

Mura labhraímid féin amach, ní féidir bheith ag súil go labhróidh daoine eile amach.

A Chomhaltaí Onóracha,

Is fada an bóthar atá curtha dínn againn ó bhris an ghéarchéim amach a chéaduair.

I m’aitheasc anuraidh faoi Staid an Aontais, dúirt mé: ‘d’ainneoin na n‑iarrachtaí sin ar fad [a rinneamar], ní dheachaigh ár bhfreagraí i gcion ar na saoránaigh, ar na margaí ná ar ár bpáirtithe idirnáisiúnta go fóill’.

Bliain níos déanaí, is í an fhírinne go bhfuil ár n-iarrachtaí ag dul i gcion ar dhaoine faoi dheireadh thiar thall. Tá na raonta difríochta ag ísliú. Tá na tíortha is leochailí san Eoraip ag íoc níos lú ar iasachtaí. Tá an t-aschur ón tionsclaíocht ag fás. Tá an mhuinín sna margaí ag aiséirí. Tá ag éirí go maith leis na stocmhargaí. Tá feabhas ag teacht ar thodhchaí an ghnó de réir a chéile. Tá méadú mór ag teacht ar an muinín atá ag na tomhaltóirí.

Na tíortha is mó ar bhuail an ghéarchéim iad, agus atá ag déanamh na hiarrachta is mó lena ngeilleagair a athchóiriú, tá torthaí dearfacha le feiceáil acu ar an obair sin anois.

Sa Spáinn, is comhartha ar na hathchóirithe tábhachtacha agus ar an gcumas iomaíochta méadaithe, gur onnmhairí earraí agus seirbhísí atá anois in 33% den olltáirgeacht intíre, an leibhéal is airde ó tugadh isteach an euro. Ó shamhradh na bliana 2012 i leith, tá Éire in ann airgead a tharraingt as na margaí caipitil arís, tá súil go méadóidh an geilleagar arís in 2013 don tríú bliain as a chéile agus tá lucht déantúsaíochta na hÉireann ag earcú foirne arís.

Sa Phortaingéil, tá súil anois go mbeidh an cuntas reatha seachtrach, a raibh a struchtúr i bhfiacha troma, ar comhardú a bheag nó a mhór, agus tá borradh ag teacht faoin bhfás arís cé gur chaith sé ráithe i ndiaidh ráithe ‘sa dearg’. D’éirigh leis an nGréig coigeartú fioscach den scoth a dhéanamh i dtréimhse bheag trí bliana; tá sí ag éirí níos iomaíche arís agus tá sí de dheas de phríomhbharrachas buiséid a bheith aici den chéad uair leis na deicheanna de bhlianta. Agus tá clár na Cipire, clár nár tosaíodh air go dtí níos déanaí sa ghéarchéim, á chur chun feidhme de réir na spriocanna a leagadh amach, rud atá ina réamhchoinníoll sula bhféadfar borradh a chur arís faoin bhfás.

Tá an Eoraip ar aghaidh bisigh.

Beidh orainn bheith ar ár n-airdeall ar ndóigh. ‘Ní scaoth breac’. Bímis réalaíoch inár gcuid anailíse. Ná sílimis barraíocht den mhéid atá bainte amach, ach ná sílimis a bheag de ach a oiread. Ní thig a rá go bhfuil an diantréimhse eacnamaíoch curtha dínn againn ar an ábhar, go díreach, go raibh ráithe mhaith amháin againn. Ach is comhartha é go bhfuilimid ar bhóthar ár leasa. I bhfianaise na bhfigiúirí agus an fhoráis a fheicimid anois, tá ábhar againn bheith muiníneach.

Ba cheart go dtabharfadh sé sin uchtach dúinn leanúint orainn lenár n-iarrachtaí. Is é ár gcomaoin é sin a dhéanamh - dóibh siúd nach bhfuil in acmhainn téarnamh fós, dóibh siúd nach bhfuil ag baint leasa go fóill as an dul chun cinn dearfach atá déanta. Is é ár gcomain é a dhéanamh ar son an 26 milliún duine atá dífhostaithe san Eoraip. Agus go háirithe ar son na ndaoine óga atá ag cur a ndóchais ionainn. Is cuid den chothromóid eacnamaíoch an dóchas agus an mhuinín.

A Chomhaltaí Onóracha,

Is é an fáth ar éirigh linn an staid seo a bhaint amach gur thaispeánamar go bhfuil rún diongbháilte againn ár gcuid polaitíochta agus ár gcuid beartas a chur in oiriúint do na ceachtanna a bhaineamar as an ngéarchéim.

Agus nuair a deirim gur sinne a thaispeáin é, is é sin díreach atá i gceist agam: is sinn uile a rinne é, in éindí.

Ag gach céim ar leith, bhí ról cinntitheach agaibhse, ag Parlaimint na hEorpa, i gceann de na héachtaí is iontaí dá ndearnadh riamh in obair reachtach. Creidimse féin nach ró-mhaith a thuigeann saoránaigh na hEorpa é sin agus tá níos mó creidiúna agus aitheantais tuillte agaibh as sin.

Leanaimis de bheith ag obair i gcomhar lena chéile agus leanaimis de na comhiarrachtaí sin chun ár ngeilleagair a athchóiriú, ar mhaithe le fás agus fostaíocht, agus chun ár struchtúir institiúideacha in oiriúint. Má dhéanfaimid amhlaidh, éireoidh linn teacht as an gcéim seo den ghéarchéim, chomh maith.

Tá a lán is féidir linn a bhaint amach le chéile, le linn shainordú reatha na Parlaiminte seo agus an Choimisiúin seo.

Is é an chéad rud is féidir linn a dhéanamh, agus nach foláir dúinn a dhéanamh, an t‑aontas baincéireachta a thabhairt i gcrích. Is í an chéad chéim í, agus an chéim is práinní, leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíoch a dhoimhniú, rud a leagadh amach sa Treoirphlean a thíolaic an Coimisiún san fhómhar anuraidh.

Tá an próiseas reachtach a bhaineann leis an Sásra Maoirseachta Aonair ag tarraingt ar a dheireadh. Is é an chéad chéim eile den phróiseas sin go ndéanfaidh an Banc Ceannais Eorpach luacháil neamhspleách ar shócmhainní na mbanc, sula dtosóidh sé ina ról nua maoirseachta.

Ní mór dúinn ár n-iúl a dhíriú anois go práinneach ar an Sásra Réitigh Aonair. Tá togra an Choimisiúin tíolactha ó bhí mí Iúil ann agus ní mór dúinn tabhairt faoi gacht beart atá riachtanach le go nglacfar é roimh dheireadh an téarma seo.

Sin an chaoi a gcinnteofar nach ar na cáiníocóirí, feasta, a bheidh an chéad dualgas an costas a bhaineann le cliseadh na mbanc a sheasamh.

Sin an chaoi le dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gceangal a bhriseadh idir riosca na mbanc agus riosca na rialtas.

Is é sin an chaoi le ceann de na torthaí is scanrúla agus is neamhshásúla a bhí ar an ngéarchéim a leigheas: breis ilroinnte ar earnáil airgeadais na hEorpa agus ar na margaí creidmheasa – go fiú nach bhfuil sé dulta chomh fada leis an athnáisiúnú a bheith intuigthe.

Agus is é sin an chaoi leis an gcóras iasachtaí sa gheilleagar, go háirithe iasachtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, a thabhairt ar ais chun normáltachta. Mar, d’ainneoin an bheartais airgeadaíochta a bheith in oiriúint dó, níl dóthain creidmheasa ag sreabhadh isteach sa gheilleagar ar fud limistéar an euro. Is gá aghaidh a thabhairt go daingean ar an gceist seo.

Baineann an togra sin le rud amháin go bunúsach: fás an gheilleagair, rud a bhfuil géarghá leis chun teacht ar réiteach ar an fhadhb is práinní atá againn: an dífhostaíocht. Níl an leibhéal dífhostaíochta atá ann faoi láthair inmharthana ó thaobh an gheilleagair de, níl sé inchosanta sa pholaitíocht agus tá sé doghlactha sa tsochaí. Táimid uile anseo sa Choimisiún – agus tá áthas orm a rá go bhfuil mo chuid Coimisinéirí uile anseo i mo chuideachta inniu – táimid uile ag iarraidh dul i mbun dianoibre libhse, agus leis na Ballstáit, chun an méid is féidir linn dár gclár fáis a bhaint amach; táimid ag cur gach ionstraim in úsáid, ach ar ndóigh, caithfimid bheith ionraice faoi, ní ar an leibhéal Eorpach atá na hionstraimí sin uile, tá cuid acu ar an leibhéal náisiúnta. Is mian liom díriú ar chur chun feidhme na gcinntí faoin bhfostaíocht i measc an aosa óig agus faoi mhaoiniú an fhíorgheilleagair. Caithfimid téarnamh gan fostaíocht a sheachaint.

Ní mór don Eoraip, dá bhrí sin, luas a chur faoi na hathchóirithe struchtúracha. Leagtar amach sna Moltaí a bhaineann go sonrach le gach tír ar leith an méid nach foláir do na Ballstáit a dhéanamh i dtaca leis sin.

Ar leibhéal an AE – gan dabht tá rudaí ann is féidir a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus rudaí eile is féidir a dhéanamh ar leibhéal an AE – ba cheart díriú ar an rud is mó tábhacht don fhíorgheilleagar: iomlán tairbhe a bhaint as lánacmhainn an mhargaidh aonair – tugtar tosaíocht dó sin.

Tá margadh aonair in earraí againn agus tá ag éirí go seoigh leis, agus is léir do chách na buntáistí eacnamaíocha a thagann as. Beidh orainn an cur chuige céanna a úsáid i réimsí eile: an t‑iompar, an chumarsáid, an fuinneamh, an t‑airgeadas agus an ríomhthráchtáil, mar shampla. Bacainní atá ag cur cúl ar dhaoine agus ar ghnólachtaí fuinniúla, ní mór dúinn iad a chur i leataobh. An Eoraip a nascadh ina chéile, caithfimid an obair sin a chríochnú.

Is mian liom a fhógairt go nglacfaimid go foirmiúil inniu togra a bheidh ina chéim mhór ionsair mhargadh aonair don teileachumarsáid. Tá a fhios ag na saoránaigh go bhfuil an Eoraip taréis na costais fánaíochta a ísliú go mór. Le togra an lae inniu cuirfear neart breise sna ráthaíochtaí agus ísleofar na praghsanna do na tomhaltóirí, agus tabharfar deiseanna nua do ghnólachtaí. Is eol dúinn go rachaidh an trádáil i dtuilleamaí níos mó agus níos mó ar an gcumarsáid dhigiteach amach anseo. Nach aisteach an paradacsa é go bhfuil margadh imheánach d’earraí againn ach go bhfuil 28 margadh náisiúnta againn laistigh den mhargadh digiteach. Cad é mar a thapóimid na deiseanna uile a thiocfaidh amach anseo sa ngeilleagar digiteach mura gcuirimid an margadh imheánach seo i gcrích go hiomlán?

Baineann an loighic chéanna le clár níos leithne, an clár digiteach: tugann an clár sin faoi fhadhbanna dáiríre a réiteach agus saol an tsaoránaigh a fheabhsú. Braitheann neart an bhoinn thionsclaíoch a bheidh san Eoraip amach anseo ar fheabhas an idirnasctha idir dhaoine agus ghnóthais. Tríd an gclár digiteach a cheangal i gceart le cosaint sonraí agus le cosaint an phríobháideachais, neartóidh an eiseamláir Eorpach seo muinín na saoránach. Ar feadh a mbaineann le forbairtí inmheánacha agus seachtracha, is ríthábhachtach don Choimisiún Eorpach go nglacfaí an reachtaíocht ar chosaint sonraí.

Tá an margadh aonair ríthábhachtach maidir le borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfostaíocht. Má éiríonn linn na tograí uile atá ann faoin nGníomh um an Margadh Aonair I agus II a ghlacadh, agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a chur chun feidhme sna míonna beaga amach romhainn, cuirfimid bunsraith faoin rathúnas sna blianta amach romhainn.

Táimid dár gcur féin in oiriúint freisin do chlaochlú fuinniúil a tharlóidh ar scála domhanda, agus beidh orainn an fuinneamh nuálach sin a spreagadh ar scála Eorpach. Sin an fáth nach foláir dúinn tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa nuálaíocht, sa teicneolaíocht agus i ról na heolaíochta. Tá an-mhuinín agam san eolaíocht, sa chumas atá san intinn dhaonna agus i sochaí chruthaitheach ár bhfadhbanna a réiteach. Tá an saol ag athrú go suaithinseach. Agus criedim gur ó staidéir nua san eolaíocht, agus ó theicneolaíochtaí nua, a thiocfaidh a lán de na réitigh, lasitigh den Eoraip agus lasmuigh di. Ba mhaith liom go mbeadh an Eoraip ar thús cadhnaíochta san iarracht dhomhanda sin. Sin an fáth ar thugamarna – an Pharlaimint agus an Coimisiún – tosaíocht thar na bearta don chlár ‘Fís 2020’ le linn na díospóireachta faoi bhuiséad an AE.

Sin an fáth a bhfuil buiséad an AE dírithe ar infheistíocht i scileanna, san oideachas agus sa ghairmoiliúint, agus dá réir ar fhuinneamh a spreagadh agus ar thacú le daoine ardtallannacha. Sin an fáth a bhfuil béim curtha againn ar Erasmus Plus.

Agus sin an fáth a ndéanfaimid tograí eile, níos déanaí san fhómhar, maidir le beartas tionsclaíochta a bheidh in oiriúint don 21ú haois. An fáth a bhfuilimid ag slógadh tacaíochta do FBManna – creidimid nach féidir geilleagar láidir Eorpach a chruthú mura gcuirtear síos bonn tionsclaíoch láidir fuinniúil.

Le linn dúinn an t-athrú aeráide a chomhrac, tá ár spriocanna 20-20-20 tar éis ár ngeilleagar a chur ar an tslí ionsar an ‘fhás glas’ agus ionsar an éifeachtúlacht acmhainní, rud a laghdaíonn na costais agus a chruthaíonn poist.

Faoi dheireadh na bliana seo, nochtóimid tograí agus spriocanna nithiúla i dtaca lenár gcreat fuinnimh agus aeráide don tréimhse idir seo agus 2030. Leanfaimid leis an tionchar atá againn ar an gclár oibre idirnáisiúnta agus, faoin mbliain 2015, i gcomhar lenár bpáirtithe, cuirfimid i gcrích comhaontú aeráide domhanda a bheidh cuimsitheach, téagartha agus ceangailteach faoin dlí. Ní féidir leis an Eoraip, léi féin, an troid uile a dhéanamh in éadan an athraithe aeráide. Ní chuirfidh mé fiacail ann – teastaíonn cuidiú ó thíortha eile uainn. Ag an am céanna, leanfaimid orainn lenár gcuid oibre ar an tionchar atá ag praghsanna fuinnimh ar an iomaíochas agus leanfaimid den obair chun bealaí a fháil le dul i ngleic leis sin.

Na gnéithe sin uile atá taobh thiar d’fhás an gheilleagair, tá siad cuimsithe sa chlár ‘Eoraip 2020’, agus is tábhachtaí anois ná riamh an clár sin a chur chun feidhme. I gcásanna áirithe beidh orainn níos mó a dhéanamh ná atá leagtha amach i gclár 2020.

Ciallaíonn seo go gcaithfimid ár gclár gníomhach forránach i dtaobh na trádála a bhrú ar aghaidh freisin. Baineann an clár sin le nasc níos cóngaraí a dhéanamh le margaí i dtríú tíortha agus an t-ionad atá againn i slabhra domhanda an tsoláthair a áirithiú. Ní fíor an bharúil atá ag formhór na saoránach go bhfuilimid ag titim chun deiridh sa trádáil dhomhanda – a mhalairt atá fíor, tá barrachas trádála suntasach againn, níos mó ná €300 billiún sa bhliain, in earraí, seirbhísí agus talmhaíocht, agus tá sé ag dul i méid. Caithfimid tuilleadh forbartha a dhéanamh air. Beidh orainn ár n-aird iomlán a dhíriú ar an gclár sin sna míonna amach romhainn, go háirithe ar an gComhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta leis na Stáit Aontaithe agus ar an idirbheartaíocht atá ar siúl le Ceanada agus leis an tSeapáin.

Agus cé gur fhág mé go deireadh é, ná déanaimis dearmad ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, an buiséad Eorpach. Tá buiséad an AE ar an ngléas is feidhmiúla dá bhfuil againn le borradh a chur faoin infheistíocht. Mar nach bhfuil na hacmhainní acu ar an leibhéal náisiúnta, tá cuid dár réigiúin ag brath go hiomlán ar an mbuiséad Eorpach mar fhoinse infheistíochta poiblí.

Bhí Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún ag iarraidh go mbeadh acmhainní breise ann. Throideamar an cath sin i gcuideachta a chéile. Ach mar sin féin, tá níos mó airgid - i bpraghsanna an lae inniu - in aon bhliain amháin de bhuiséad an AE ná mar a bhí i bplean iomlán Marshall tráth dá raibh! Déanaimis cinnte de anois go mbeidh na cláir in ann tosú ar an 1 Eanáir 2014. Agus cinntímis go bhfeictear torthaí na gclár ar an leibhéal áitiúil. Agus déanaimis cinnte de go mbainimid leas as na deiseanna a bhaineann le modhanna maoinithe nuálacha, idir ionstraimí a bhfuil tús curtha leo cheana, airgead an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus bhannaí tionscadail.

Ní mór dúinn seasamh leis an méid a chuireamar romhainn i mí Iúil. Maidir leis an gCoimisiún féin, bainfimid na torthaí sin amach. Éireoidh linn, mar shampla, an dara buiséad leasaitheach do 2013 a thíolacadh an mhí seo. Níl aon am le cur amú againn; dá bhrí sin, ná leomhaimis moill a chur air agus áitím ar na Ballstáit gan moill a dhéanamh.

Ní fhéadfainn dóthain béime a chur air seo: ní leor solabharthacht agus gealltanais leis na saoránaigh a chur ar a suaimhneas – ní mór a chur i gcion orthu an méid atá bainte amach againn. Ní mór dúinn aird a tharraingt ar na réimsí iomadúla inar réitigh an Eoraip fadhbanna dá saoránaigh. Ní hí an Eoraip is cúis leis na fadhbanna, ach is cuid den réiteach í.

Tá cur síos níos cuimsithí fós ar an méid atá le cur i gcrích againn tugtha agam sa litir a sheol mé inniu chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus tá cóip den litir sin faighte ag gach aon duine agaibh. Ní phléifidh mé clár oibre na bliana seo chugainn go ró-mhion anseo inniu.

Ach tá a bhfuil ráite ann ráite go soiléir: tá a lán le baint amach againn fós, i gcomhar le chéile, roimh na toghcháin. Ní seo an t‑am le ligean lenár ndroim, seo an uair le cromadh ar an obair dáiríre.

A Chomhaltaí Onóracha,

Ní rud furasta aon chuid de seo. Is am dúshlánach é seo, agus cuirfear diantástáil struis ar an AE. Tá conair an athchóirithe bhuain achrannach ach tá sí dosheachanta. Ná bíodh dul amú orainn: níl aon dul siar chuig na laethanta a bhíodh. Tá daoine ann a shíleann nuair a thiocfaidh deireadh leis seo go bhfillfidh gach rud ar an tseandóigh. Tá siad contráilte. Ní géarchéim mar gach géarchéim í seo. Ní géarchéim thimthriallach í seo, ach géarchéim sa struchtúr. Ní fhillfear ar an sean-nós. Tá orainn nós úr a mhúnlú. Is ré stairiúil é seo, ré claothlaitheach. Ní leor dúinn sin a rá linn féin – tuigimis é. Agus caithfimid gach tátal a bhaint as sin, agus ár n‑intinn agus an chaoi a dtéimid i ngleic le fadhbanna a chlaochlú dá réir.

Feicimid ó na chéad torthaí go bhfuil sé sin indéanta.

Agus is eol dúinn ón taithí atá againn go bhfuil sé riachtanach.

I láthair na huaire, agus an téarnamh fós leochaileach, is é an baol polaitiúil an ceann is mó a fheicimse: easpa cobhsaíochta agus easpa diongbháilteachta. Le blianta beaga anuas chonaiceamar go gcuirtear pionós láithreach ar aon rud a chaitheann amhras ar thiomantas na rialtas don athchóiriú. Os a choinne sin, bíonn tionchar tábhachtach láithreach ag cinntí polaitiúla atá láidir, diongbháilte. Ná déanaimis dearmad air sin.

Sa staid seo den ghéarchéim, is é cúram na rialtas an chinnteacht agus an intuarthacht atá fós in easnamh sna margaí a chur ar fáil.

Is cinnte gur chuala sibh uile iomrá ar Justus Lipsius. Is é atá mar ainm ar fhoirgneamh na Comhairle sa Bhruiséil. Daonnachaí agus scoláire mór ba ea é a mhair sa 16ú haois agus a chuaigh i gcion go mór ar shaol an ama. Is de thairbhe a leabhair thábhachtaigh De Constantia go háirithe a mhaireann cáil Justus Lipsius.

'Seasmhacht,' a scríobh sé, 'sin neart ceart dochorraithe na haigne, neart nach dtreisíonn agus nach lagaíonn d’ainneoin taismí seachtracha nó ócáideacha.' Is é an 'neart aigne' sin, a d'áitigh sé, arna bhunú ar 'bhreithiúnas agus réasún folláin' an t‑aon rud atá ábalta cabhrú leat teacht trí thráthanna mearbhlacha scanrúla.

An tráth seo atá ann, tá súil agam go dtaispeánfaimid uile – ionadaithe na rialtas a chruinníonn i bhfoirgneamh Justis Lipsius san áireamh – tá súil agam go dtaispeánfaimid uile an diongbháilteacht agus an tseasmhacht chéanna ar feadh a mbaineann le cinntí a glacadh a chur chun feidhme. Sin ceann de na nithe nach foláir dúinn a réiteach – caithfimid bheith comhleanúnach, is é sin le rá, ní amháin go gcaithfimid cinntí a dhéanamh ach caithfimid bheith ábalta iad a chur chun feidhme ina dhiaidh sin. Anois, is iad neart polaitiúil agus daingne, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na nithe is gá dúinn.

A Chomhaltaí Onóracha,

Luíonn sé le nádúr go gcuirfeadh ár n-iarrachtaí chun an ghéarchéim eacnamaíoch a shárú gach rud eile faoi scáth, le blianta beaga anuas.

Ach is leithne i bhfad ná an geilleagar an idé nach mór bheith againn den Eoraip. Is mó i bhfad ná margadh sinn.

Tá baint ag idéal na hEorpa le dúshraith shochaí na hEorpa féin. Baineann sé le luachanna, agus cuirim béim ar an fhocal sin – luachanna. Tá sé bunaithe ar chreideamh daingean i gcaighdeáin pholaitiúla, shóisialta agus eacnamaíocha, arna mbunú ar eacnamaíocht an mhargaidh shóisialta againn.

I saol an lae inniu ní féidir déanamh d'uireasa leibhéal an AE má táthar chun na luachanna agus na caighdeáin sin a chosaint agus cearta na saoránach a chur chun cinn: idir chosaint tomhaltóirí agus chearta lucht saothair, idir chearta na mban agus mheas ar mhionlaigh, idir chaighdeáin chomhshaoil, chosaint sonraí agus phríobháideacht.

Is cuma cé acu atáimid ag iarraidh ár leasanna i dtrádáil idirnáisiúnta a chosaint, ár soláthar fuinnimh a dhaingniú, nó tart na córa a mhúscailt sna daoine trí chalaois agus imghabháil cánach a chomhrac, ní éireoidh linn aon bheart éifeachtach a dhéanamh ar an leibhéal domhanda ach trí ghníomhú mar ba chóir d’fhíor-Aontas gníomhú.

Is cuma cé acu atáimid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh tionchar cuí ag an gcabhair dhaonnúil agus fhorbartha a thugaimid do thíortha atá i mbéal forbartha, nó ag bainistiú ár gcomhtheorainneacha seachtracha nó ag iarraidh beartas slándála agus cosanta láidir a fhorbairt san Eoraip: ní féidir linn ár gcuspóirí a bhaint amach dáiríre ach trí chomhtháthú a thuilleadh.

Níl aon amhras faoi. Tá ár gcomhtháiteacht inmheánach agus ár dtábhacht idirnáisiúnta fite fuaite ina chéile. Is mar a chéile é dár dtarraingteacht eacnamaíoch agus dár dtarraingt pholaitiúil, freisin.

An gcreideann duine ar bith dáiríre, go mbeadh aon chreidiúnacht fágtha againn féin ná ag aon cheann dár mBallstáit go hidirnáisiúnta dá mba rud é go raibh an euro tar éis titim as a chéile?

An ligeann cách lena n‑ais gur éirigh leis an méadú ar an Aontas cnéacha doimhne na staire a chneasú agus an daonlathas a bhunú in áiteanna nár shíl éinne gurbh fhéidir sin a dhéanamh? Gurb é an beartas comharsanachta an tslí ab fhearr, agus is fearr i gcónaí, leis an tslándáil agus an rath geilleagrach a chur ar fáil i réigiúin atá ríthábhachtach don Eoraip? Cá mbeimis uile anois gan é sin ar fad?

Inniu, is mó ná riamh atá tíortha ar nós na hÚcráine ag lorg nasc níos dlúithe leis an Aontas Eorpach, iad á spreagadh ag ár múnla eacnamaíoch agus sóisialta. Ní féidir linn ár ndroim a thiontú leo. Ní féidir linn glacadh le haon iarrachtaí a dhéantar teorainn a chur le roghanna ceannasacha na dtíortha féin. Ní mór an tsaorthoil agus toiliú faoi shaoirse a urramú. Is iad sin na prionsabail atá mar bhonn le Comhpháirtíocht an Oirthir againn, prionsabail ar mhaith linn iad a chur ar aghaidh ag ár gcruinniú mullaigh i Vilnias.

Agus an cuimhin le cách fós go díreach an méid a d'fhulaing an Eoraip de dheasca a cuid cogaí sa chéad seo caite, agus an cuimhin libh gurbh é comhtháthú na hEorpa a raibh de leigheas bailí air sin?

An bhliain seo chugainn, beidh céad bliain imithe thart ó thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Cogadh a shrac an Eoraip as a chéile, ó Shairéavó go dtí an Somme. Níor cheart dúinn talamh slán a dhéanamh den tsíocháin in am ar bith. Ní mór dúinn a thabhairt chun cuimhne gur i ngeall ar an Eoraip atá iar-naimhde ina suí anois ag an mbord céanna agus ag obair le chéile anois. Agus ní raibh de chúis ag an tSeirbia agus an Chosaiv, fiú amháin, teacht ar chomhaontú faoi idirghabháil an AE, ach gur tugadh radharc dóibh ar thodhchaí laistigh den Aontas Eorpach.

Chuir Duais Nobel na Síochána na bliana anuraidh an éacht stairiúil sin i gcuimhne dúinn: gur tionscadal síochána í an Eoraip.

Ba cheart gur mhó ár bhfeasacht féin faoi sin. In amanna feictear dom nár chóir dúinn náire a bheith orainn faoi bheith bródúil asainn féin. Ní díomas atá mé a mholadh, ach go díreach níos mó bróid a bheith orainn. Ba chóir dúinn féachaint i dtreo an ama atá romhainn, ach sin a dhéanamh leis an eagna a ghnóthaíomar ón am atá thart.

Deirim é seo leo siúd uile ar cúis áthais leo deacrachtaí na hEorpa agus ar mian leo ár gcomhtháthú a rolladh siar agus dul ar ais chuig an scoiteacht: ní háil le daoine an Eoraip sin a bhí ann roimh an gcomhthathú, an Eoraip sin na ndeighiltí, na cogaíochta, na dtrinsí, agus ní hé sin atá tuillte acu. Ní raibh tréimhse chomh fada síochána riamh ag ilchríoch na hEorpa ina stair is atá aici ó cruthaíodh an Comhphobal Eorpach.

A Chomhaltaí Onóracha,

Is lenár luachanna a thabharfaimid aghaidh ar chás dofhulaingthe na Siria, cás atá tar éis dianphromhadh a chur ar choinsias an domhain le roinnt míonna anuas. Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí idirnáisiúnta cúnamh a thabhairt don tír sin; tá beagnach billiún go leith euro curtha ar fáil aige, ar de bhuiséad an AE €850 milliún den méid sin. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall dul i gcabhair ar mhuintir na Siria agus ar theifigh Shiriacha atá sna tíortha comharsanacha.

Tá nithe feicthe againn le deireanas ar mheasamar deireadh a bheith curtha leo i bhfad ó shin. Gníomh uafáis is ea é airm cheimiceacha a úsáid, gníomh is ceart dúinn a cháineadh go neamhbhalbh agus ar cheart dúinn freagairt thréan a thabhairt air. Tá sé de chomhdhualgas ar an bpobal idirnáisiúnta, agus na Náisiúin Aontaithe i lár an phobail sin, smachtbhearta a chur i bhfeidhm as na gníomhartha sin agus deireadh a chur leis an gcoinbhleacht seo. An moladh a rinneadh le déanaí airm cheimiceacha na Siria a chur ó mhaith, d'fhéadfadh sé gur cor chun maitheasa é. Caithfidh réimeas na Siria a léiriú go gcuirfidh sé i bhfeidhm gan mhoill é. San Eoraip, táimid faoin tuairim nach bhfuil ach an t-aon dóigh dhealraitheach amháin ann leis an tsíocháin a bhfuil muintir na Siria ina teideal a bhaint amach, is é sin réiteach polaitiúil.

A Chomhaltaí Onóracha,

Táthar ann a mhaíonn gur threiside a dtír féin an Eoraip a bheith lag, gur ualach í an Eoraip; gurbh fhearrde iad a bheith gan í.

Tá freagra glan soiléir agam air sin: teastaíonn uainn go léir an Eoraip a bheith aontaithe, láidir agus oscailte.

Sa díospóireacht atá ar siúl faoi láthair ar fud na hEorpa, tá ceist amháin a bhfuil ríthábhacht ag baint léi: An mian linn an Eoraip a fheabhsú nó an mian linn í a chaitheamh uainn?

Tá freagra glan soiléir agam air sin: déanaimis beart!

Mura dtaitníonn an Eoraip libh faoi mar atá sí: cuirigí feabhas uirthi!

Faighigí bealaí chun an Eoraip a fheabhsú, laistigh den Eoraip féin agus lasmuigh di; má dhéantar sin, beidh mé i mo chúl taca tréan agaibh. Faighigí bealaí leis an éagsúlacht a chur chun cinn gan an t‑idirdhealú a theacht chun cinn; má dhéantar sin, rachaidh mé go ceann scríbe libh.

Ach ná tugaigí cúl bhur gcinn léi.

Admhaím é: dála chuile rud de dhéantús an duine, níl an AE foirfe.

Cuirim i gcás, na conspóidí a bhaineann le comhroinnt cúraimí idir an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach, ní thiocfar choíche ar réiteach deifnídeach orthu.

Is rímhór agam prionsabal na coimhdeachta. Dar liom nach coincheap teicniúil é; prionsabal bunúsach den daonlathas is ea é. In aontas buandlúite idir shaoránaigh na hEorpa, is den éigeantas cinntí a dhéanamh ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir.

Ní gá gach ní a réiteach ar leibhéal na hEorpa. Ní foláir don Eoraip díriú ar na réimsí is mó ar féidir léi tairbhe a dhéanamh iontu. Ní ceart di a ladar a chur i ngnóthaí nuair nach bhfuil sin amhlaidh. Caithfidh an AE a bheith mór sna gnóthaí móra agus beag sna gnóthaí beaga – rud a ndearnamar faillí ann, b'fhéidir, san am atá caite. Caithfidh an AE a thaispeáint go bhfuil sé in ann idir thosaíochtaí dearfacha agus thosaíochtaí diúltacha a leagan síos. Fearacht gach rialtais, ní mór dúinne a bheith cáiréiseach le cáilíocht agus cainníocht na rialála a dhéanaimid, arae tá a fhios againn an rud a dúirt Montesquieu: 'les lois inutiles affaiblissent les lois nécessaires'. ['Lagaíonn dlíthe gan mhaith na dlíthe a bhfuil gá leo'.]

Ach is ann, a chomhaltaí onóracha, do réimsí mórthábhachta ina dteastaíonn tuilleadh comhtháthaithe agus tuilleadh aontachta ón Eoraip. Réimsí nach mbeidh aon rath ar an Eoraip iontu mura mbeidh sí tréan.

Creidim gur cheart aontas polaitiúil a bheith mar chuspóir polaitiúil againn, agus is rud é sin ar leag mé béim air san aitheasc ar Staid an Aontais a thug mé anuraidh. Ní go díreach mar gur duine mé atá paiseanta faoin Eoraip a chreidim sin. Is é an t-aon bhealach amháin é le bonn daingean a chur faoin dul ar aghaidh atá déanta againn agus le cinntiú go mbeidh rath i ndán dúinn amach anseo. I ndeireadh thiar thall, tá stóinseacht ár gcuid beartas, is é sin stóinseacht an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, ag brath ar chreidiúnacht an struchtúir pholaitiúil agus institiúidigh atá ina thaca léi.

Dá bhrí sin, sa doiciméad leis an gCoimisiún Treoirphlean le haghaidh fíor‑Aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta domhain, tá leagtha amach againn ní amháin na gnéithe eacnamaíocha agus airgeadais de seo, ach ina theannta sin na riachtanais, na féidearthachtaí agus na teorainneacha meántéarmacha agus gearrthéarmacha atá ar dhoimhniú ár struchtúir institiúidigh. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair chun a Threoirplean a chur chun feidhme, céim ar chéim.

Agus dearbhaím, mar a fógraíodh anuraidh, go bhfuil sé beartaithe, roimh thoghcháin na hEorpa, tuilleadh smaointe a chur i láthair faoi thodhchaí an Aontais seo againne agus faoi na dóigheanna is fearr le bonn daingean a chur faoin modh comhphobail agus faoin gcur chuige comhphobail agus lena ndoimhniú, san fhadtéarma. Ar an dóigh sin féadfar fíorphlé a dhéanamh orthu san Eoraip. Leagfar amach sna smaointe sin na prionsabail agus na seasaimh a theastaíonn le haghaidh fíor-aontais pholaitiúil.

A Chomhaltaí Onóracha,

Ní bheimid in ann ag dúshláin ár linne mura neartaímid ar an gcomhaontú atá eadrainn faoi na bunchuspóirí atá le baint amach.

Ó thaobh na polaitíochta de, ná bíodh scoilt eadrainn de dheasca na ndifríochtaí idir thíortha limistéar an euro agus na tíortha atá lasmuigh de, idir an lár agus an t‑imeall, idir an Tuaisceart agus an Deisceart. Caithfidh an tAontas Eorpach leanúint de bheith ina thionscadal atá ar mhaithe le gach ceann dá bhaill, agus caithfidh sé leanúint de bheith ina chomhphobal comhionannais – sin a bhfuil de.

Ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de, bhí an Eoraip riamh agus tá sí fós ina dóigh le bearnaí a dhúnadh idir thíortha, réigiúin agus daoine. Agus caithfidh sin leanúint de bheith amhlaidh. Ní féidir linn obair na mBallstát a dhéanamh dóibh. Fúthu féin atá sin. Ach is féidir linn an fhreagracht Eorpach a chomhlánú leis an dlúthpháirtíocht Eorpach, agus is éigean dúinn sin a dhéanamh.

Ar an ábhar sin, beidh sé ina thosaíocht againn sna míonna amach romhainn an ghné shóisialta a neartú, in éindí lenár gcomhpháirtithe sóisialta. Eiseoidh an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an ngné shóisialta den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an 2 Deireadh Fómhair. Cuid dhílis de spiorad na hEorpa is ea an chomhdhlúthaíocht, agus is ábhar bróid againn í.

Is chun luachanna na hEorpa a chosaint, luachanna amhail riail an dlí, a bunaíodh an tAontas Eorpach, agus tá sin amhlaidh ón uair a tháinig sé ar an saol go dtí na méaduithe atá déanta aige ar na saolta deireanacha seo.

San óráid ar Staid an Aontais a thug mé anuraidh, tráth a raibh dúshlán riail an dlí sna Ballstáit á thabhairt, phléigh mé an gá atá le droichead a thógáil idir, ar thaobh, áiteamh polaitiúil agus úsáid spriocdhírithe nósanna imeachta um sárú, agus ar an taobh eile, an rud ar a dtugaim an 'rogha núicléach', is é sin dul i muinín Airteagal 7 agus cearta Ballstáit a chur ar fionraí.

Léiríonn an taithí atá faighte againn go dtí seo gur úsáideach an rud é ról réiteora neamhspleách oibiachtúil a bheith ag an gCoimisiún. Ba cheart dúinn leas a bhaint as an taithí sin trí chreat níos ginearálta a thógáil. Ba cheart é a bheith bunaithe ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit, agus níor cheart é a chur i ngníomh ach amháin i gcásanna sistéamacha ina bhfuil riail an dlí faoi bhagairt ag mórbhaol sistéamach. Ba cheart, leis, tagarmharcanna réamhshainithe a bheith ann lena gcinnfí cén uair a chuirfí i ngníomh é.

Ullmhóidh an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis sin. Creidim gur díospóireacht í seo atá ina cuid ríthábhachtach den chiall atá againn don Eoraip.

Ní chiallaíonn sin go mbeidh srian ar an gceannasacht náisiúnta ná ar an daonlathas. Ach féach go bhfuil meicníocht láidir Eorpach de dhíth orainn mar sin féin chun an mheá a chothromú nuair a bhíonn bunphrionsabail choiteanna i ngeall.

Tá luachanna áirithe ann nach féidir comhghéilleadh ina leith, luachanna a chaithfidh an AE agus a Bhallstáit a chosaint agus a chosnóidh siad go brách.

A Chomhaltaí Onóracha,

An polarú a tháinig as an ngéarchéim, thiocfadh go mbeimis uile thíos leis, agus go mbeadh an tionscadal Eorpach thíos leis freisin.

Is féidir linne, ionadaithe polaitiúla dlisteanacha an Aontais Eorpaigh, an taoide a chasadh. Beidh sibhse, ionadaithe daonlathacha na hEorpa a toghadh go díreach, ag fíorthosach na díospóireachta polaitiúla. Is é an cheist ba mhaith liom a chur: cé acu pictiúr den Eoraip a thaispeánfar do na toghthóirí? An leagan fírinneach nó an leagan cartúin? Na miotais nó na fíricí? An leagan ionraic réasúnta nó an leagan antoisceach pobalach? Is difear tábhachtach é.

Tá a fhios agam go mbeidh roinnt daoine amuigh ansin a déarfaidh gurb í an Eoraip is ciontaí leis an ngéarchéim agus leis an gcruatan.

Ach is féidir linn a chur i gcuimhne do na daoine nárbh í an Eoraip ba bhun leis an ngéarchéim seo a tháinig as an míbhainistiú a rinne rialtais náisiúnta ar chistí poiblí agus as iompar mífhreagrach i margaí airgeadais.

Is féidir linn a mhíniú conas atá an Eoraip ag obair ó shin chun an ghéarchéim a réiteach. An rud a chaillfimis dá dteipeadh orainn an margadh aonair a chaomhnú (mar bhí sé faoi bhagairt) agus an t‑airgeadra comhchoiteann a chaomhnú (mar thuar roinnt daoine go dtiocfadh deireadh leis an euro). Dá mbímis gan comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí athshlánaithe agus ar thionscnaimh fostaíochta.

Déarfaidh roinnt daoine go bhfuil an Eoraip ag cur d’iallach ar rialtais caiteachas a chiorrú.

Ach is féidir linn a chur i gcuimhne do na toghthóirí go ndeachaigh an fiachas rialtais i bhfad thar an measarthacht roimh an ngéarchéim, ní mar gheall ar an Eoraip ach dá hainneoin. Is féidir linn a rá freisin gurb iad na daoine is leochailí inár bpobail, agus gurb iad ár gclann, a bheadh thíos leis sa deireadh mura gcoinneoimis orainn feasta. Agus is é fírinne an scéil go bhfuil tíortha, bíodh siad laistigh den euro nó lasmuigh de, laistigh den Eoraip nó lasmuigh di, ag déanamh iarrachtaí srian a chur le caiteachas as a gcistí poiblí, cistí a bhfuil ualach trom orthu.

Beidh feachtas ar bun ag roinnt daoine agus iad á mhaíomh gur thugamar barraíocht airgid do na tíortha leochaileacha. Déarfaidh daoine eile nár thugamar go leor airgid do na tíortha leochaileacha.

Ach tig le gach duine againn a mhíniú cad é a rinneamar agus cén fáth: go bhfuil nasc díreach idir iasachtaí tíre amháin agus bainc tíre eile, idir infheistíochtaí tíre amháin agus gnólachtaí tíre eile, idir lucht oibre tíre amháin agus gnólachtaí tíre eile. Ciallaíonn an t‑idirspleáchas sin gurb iad na réitigh Eorpacha na cinn a n‑éireoidh leo.

Is éard a deirim le daoine: más ionann an cás daoibh, má tá sibh san aon bhád amháin, ní féidir a rá: 'tá an ceann s’agatsa den bhád ag dul síos'. B'ionann cás dúinn nuair a bhí ag éirí linn agus is ionann fós anois nuair atá an crua orainn.

B’fhéidir go mbeadh feachtas ar siúl ag roinnt daoine a déarfadh: tá barraíocht cumhachta gafa ag an Eoraip. Maífidh daoine eile nach leor a ndéanann an Eoraip choíche, agus gur rómhall a dhéanann sí an méid sin féin. An rud atá suimiúil, in amanna, gurb iad na daoine a bhíonn á rá nach leor a ndéanann an Eoraip na daoine céanna nach dtugann níos mó acmhainní don Eoraip le go bhféadfadh sí an rud atá le déanamh aici a dhéanamh.

Ach is féidir linn a mhíniú gurb iad na Ballstáit a chuir cúraimí ar an Eoraip agus a thug inniúlachtaí di. Ní cumhacht choimhthíoch ná eachtrach é an tAontas Eorpach. Is as cinntí daonlathacha a rinne Institiúidí Eorpacha agus Ballstáit a fuineadh í.

Os a choinne sin, caithfimid a admháil nach bhfuil go leor cumhachta, i réimsí áirithe, ag an Eoraip chun an rud a iarrtar uirthi a dhéanamh. Sin rud a ndéanann na daoine úd dearmad ró-fhurasta de, agus ní beag líon na ndaoine sin, na daoine a bhíonn i gcónaí ag iarraidh an rud atá bainte amach a náisiúnú agus an rud ar theip air a Eorpú. I ndeireadh na dála, is as cinnteoireacht dhaonlathach a tháinig an méid atá agus an méid nach bhfuil againn. Agus sílim gur cheart dúinn sin a chur i gcuimhne do na daoine.

A Dhaoine Uaisle,

A Uachtaráin,

A Chomhaltaí Onóracha,

Tá súil agam go dtógfaidh Parlaimint na hEorpa an dúshlán seo a bhfuil oiread sin idéalachais ag baint leis ar dhóigh atá réalaíoch agus daingean go leor chun freastal ar an ócáid.

Tá na hargóintí ann.

Tá na fíricí ann.

Tá an clár oibre leagtha amach.

Faoi cheann 8 mí déanfaidh na toghthóirí an cinneadh.

San am i láthair, is fúinne atá sé an cás ar son na hEorpa a áiteamh.

Is féidir sin a dhéanamh tríd an méid is féidir a thabhairt chun críche. Tá neart le déanamh againn fós.

An buiséad Eorpach agus an creat airgeadais ilbhliantúil a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Tá infheistíocht inár réigiúin ar fud na hEorpa ag brath air sin. Dá n‑uireasa sin ní fhéadfaimis tabhairt faoin bpríomhthosaíocht atá againn: comhrac a chur ar an dífhostaíocht, dífhostaíocht na n‑óg go háirithe.

An t‑aontas baincéireachta a chur chun cinn agus a chur chun feidhme. Fadhb an chistithe do ghnólachtaí agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide, níorbh fhéidir dul i ngleic léi ina éagmais sin.

Sin iad ár dtosaíochtaí soiléire: fostaíocht agus fás.

Níor chríochnaíomar an tasc fós. Táimid i mbun na céime cinniúnaí faoi láthair.

Mar ní faoi dtaobh de Pharlaimint na hEorpa amháin a bheidh na toghcháin, a Chomhaltaí Onóracha, ná faoin gCoimisiún Eorpach, ná faoin gComhairle, ná faoi phearsantacht an duine seo nó an duine siúd. Faoin Eoraip a bheidh siad.

Tabharfar breithiúnas orainn uile – le chéile.

Oibrímis i gcuideachta a chéile mar sin – ar son na hEorpa.

Go díograiseach daingean.

Ná dearmadaimis an dóigh a raibh an Eoraip céad bliain ó shin – í ag suansiúl isteach i dtubaiste chogadh na bliana 1914.

An bhliain seo chugainn, in 2014, tá súil agam go mbeidh an Eoraip ag siúl amach as an ngéarchéim ionsar Eoraip a bheidh níos aontaithe, níos láidre agus oscailte.

Go raibh maith agaibh as cluas le héisteacht a thabhairt dom.


Side Bar

My account

Manage your searches and email notifications


Help us improve our website