Navigation path

Left navigation

Additional tools

“Ó chogaíocht go síocháin: scéal Eorpach”

European Commission - SPEECH/12/930   10/12/2012

Other available languages: EN FR DE DA ES NL IT SV PT FI EL CS ET HU LT LV MT PL SK SL BG RO HR RU ZH

Aitheasc Herman Van Rompuy, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

& José Manuel Durão Barroso, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

“Ó chogaíocht go síocháin: scéal Eorpach”

Ar bhronnadh Dhuais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach/Osló

10 Nollaig 2012

[Ag seo caint an Uachtaráin Van Rompuy]

A Mhórgachtaí,

A Mhórgachtaí Ríoga,

A Cheannairí Stáit agus Rialtais,

A Chomhaltaí de Choiste Ioruach Nobel,

A Shoilsí,

A dhaoine uaisle,

Is go humhal agus go buíoch a sheasaimid anseo le chéile chun an duais seo a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh.

I ré seo na neamhchinnteachta, cuireann an lá seo bunchuspóir an Aontais i gcuimhne do dhaoine ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain: is é bunchuspóir é an bráithreachas idir náisiúin na hEorpa a chur chun cinn, anois agus amach anseo.

Is é ár saotharna é faoi láthair.

Saothar é a rinne glúine a chuaigh romhainn.

Saothar é a bheidh le deánamh ag na glúine inár ndiaidh.

In Osló inniu, ba mhaith liom urraim a thabhairt do na hEorpaigh uile ar taibhríodh Eoraip shíochánta shuaimhneach dóibh, agus freisin do na daoine sin a oibríonn lá i ndiaidh lae le cinntiú gurb amhlaidh atá sí le fírinne.

Is leosan an duais seo.

*****

Tá an chogaíocht chomh sean leis an Eoraip féin. Tá méirscrí sleánna agus claimhte, canónacha agus gunnaí, trinsí agus tancanna, agus tuilleadh eile, le feiceáil ar ár n-ilchríoch.

Léiríonn na focail a dúirt Heireadótais 25 céad bliain ó shin, tragóid na cogaíochta: “In aimsir na síochána, cuireann na mic a n aithreacha. Ach in aimsir cogaidh, is iad na haithreacha a chuireann a mic.”

Ach, ... i ndiaidh dhá chogadh thubaisteacha a ghabh ár n ilchríoch agus an domhan ar fad ina ngreim, ... rinneadh buansíocháin san Eoraip sa deireadh thiar.

Sna laethanta dorcha sin, bhí cathracha na hEorpa ina bhfothracha, agus bhí an dobrón agus an ghangaid ina gcroí ag mórán daoine go fóill. Caithfidh sé gur samhlaíodh do mhuintir an ama sin gur dheacair, mar a dúirt Winston Churchill, “na pléisiúir agus na dóchais bheaga sin a fháil ar ais, na nithe sin a thugann brí dár saol”.

Mar gur rugadh mise sa Bheilg díreach i ndiaidh an dara cogadh domhanda, chuala mé scéalta cogaidh ó dhaoine a raibh taithí phearsanta acu air.

Labhair mo sheanmháthair faoin gCogadh Mór.

In 1940, bhí ar m’athair, nach raibh ach seacht mbliana déag d’aois ag an am, a uaigh féin a dhéanamh. D’éalaigh sé; murach sin ní bheinn anseo inniu.

Nach dána a bhí bunaitheoirí na hEorpa mar sin, nuair a dúirt siad: ‘is féidir linn fáinne fí an fhoréigin a bhriseadh, is féidir linn deireadh a chur le hargóint an díoltais, is féidir linn todhchaí níos fearr a thógáil, agus déanfaimid sin le chéile'. Nach iontach an tsamhlaíocht a bhí acu.

*****

Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí síocháin san Eoraip fiú gan an tAontas. D’fhéadfadh sé sin, b’fhéidir. Ní bheidh a fhios sin go deo againn. Ach ní bheadh an cháilíocht chéanna i síocháin den chineál sin. Buansíocháin atá i gceist agam, seachas sos comhraic doicheallach.

Dar liom, is é an rud is sonraíche faoin tsíocháin san Eoraip ná an t athmhuintearas.

Sa pholaitíocht, agus sa ghnáthshaol go deimhin, is é an rud is deacra den iomlán an t athmhuintearas a dhéanamh. Is mó é ná maithiúnas a thabhairt nó dearmad a dhéanamh, nó díreach bogadh ar aghaidh.

Má smaoinímid ar ar tharla idir an Fhrainc agus an Ghearmáin…, agus ansin gur thug siad an chéim seo chun tosaigh…Shínigh siad Conradh Cairdis… Gach uair a chloisim na focail sin – Freundschaft, Amitié – téann siad go mór i bhfeidhm orm. Is focail phríobháideacha iad nach gnách a úsáid i gconarthaí idir náisiúin. Ach toisc gurb é mian na ndaoine a chinntiú nach dtarlóidh an stair athuair, agus go raibh siad ag iarraidh rud úrnua a thriail, bhí orthu focail a aimsiú le hé sin a chur in iúl.

Do na daoine, gealltanas a bhí san Eoraip. B'ionann an Eoraip agus dóchas.

Nuair a tháinig Konrad Adenauer go Páras chun an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach a shíniú in 1951, tráthnóna amháin nuair a d’fhill sé ar an óstán, bhí bronntanas ann roimhe. Croix de Guerre a bhí ann, nó bonn cogaidh, ar le saighdiúir Francach é. Ba í iníon an tsaighdiúra sin, scoláire óg, a d'fhág an bonn don Seansailéir agus nóta beag leis, mar chomhartha athmhuintearais agus dóchais.

Tagann cuid mhór íomhánna corraitheacha eile chun cuimhne.

Ceannairí ó shé Stát cruinnithe le chéile le tabhairt faoi thodhchaí nua, sa città eterna, sa Róimh...

Willy Brandt ar a ghlúine i Vársá.

Dugairí Gdansk ag geataí a longcheárta.

Mitterrand agus Kohl agus greim láimhe acu ar a chéile.

Dhá mhilliúin duine ina slabhra daonna ag ceangal Ríge le Taillinn agus Ríge le Vilnius in 1989.

Leigheas na hócáidí sin an Eoraip.

Ní leor gothaí siombalacha chun an tsíocháin a bhuanú, áfach.

Seo an áit a bhfuil tábhacht ag baint le “harm rúnda" an Aontais Eorpaigh: is é sin ár leasanna a cheangal chomh dlúth sin dá chéile go mbeadh sé dodhéanta ó thaobh ábhair de cogadh a dhéanamh. Agus déanaimid sin trí idirbheartaíocht leanúnach, faoi ábhair atá ag dul in éagsúlacht i gcónaí agus le líon tíortha atá de shíor ag dul i méad. Is é sár-riail Jean Monnet é: "Mieux vaut se disputer autour d'une table que sur un champ de bataille." (“Is fearr troid timpeall boird ná troid ar mhachaire catha.”)

Dá mbeadh orm é a mhíniú do Alfred Nobel, déarfainn leis: ní comhdháil síochána é ach síorchomhdháil síochána!

Ar ndóigh, d’fhágfadh gnéithe áirithe mearbhall ar dhaoine, agus ní daoine nach bhfuil aon chur amach acu ar an AE amháin atá i gceist agam.

Bíonn airí ó thíortha talamhiata páirteach i bplé teasaí ar chuótaí iascaigh.

Agus Feisirí Lochlannacha de Pharlaimint na hEorpa ag cur is ag cúiteamh faoi phraghas na hola olóige.

Tá máistreacht bainte amach ag an Aontas ar cheird an chomhréitigh. Ní ann do dhráma an bhua nó an bhriste, ach áirithítear gur ina mbuaiteoirí a fhágann gach tír láthair gach comhchainte. Chuige sin, is fiú an pholaitíocht leadránach...

*****

A dhaoine uaisle,

D’éirigh linn.

Is léir anois gurb ann don tsíocháin.

Ní ligfimis lenár n-ais anois smaoineamh ar ghabháil chun cogaidh.

Ní ionann, áfach, ‘gan smaoineamh air' agus é a bheith ‘dodhéanta’.

Agus is é sin an fáth a bhfuilimid bailithe anseo inniu.

Ní mór don Eoraip gealltanas na síochána a choinneáil.

Creidim gurb é sin bunchuspóir an Aontais go fóill.

Ach ní féidir leis an Eoraip fanacht i muinín an ghealltanais sin, agus ina mhuinín sin amháin, chun saoránaigh a spreagadh. Ar bhealach, is maith an rud é sin; tá cuimhní cogaidh ag dul i ndearmad de réir a chéile.

Fiú mura bhfuil siad dearmadta i ngach áit go fóill.

Níl sé ach seal beag fiche bliain ó tháinig deireadh le rialú na Sóivéadach ar Oirthear na hEorpa.

Tharla sléachtanna uafásacha sna Balcáin tamall ina dhiaidh sin. Na páistí a tháinig ar an saol le linn shléacht Srebrenica, ní bheidh siad ach i gceann a n-ocht mbliana déag d'aois an bhliain seo chugainn.

Ach tá deartháireacha agus deirfiúracha acu cheana a rugadh i ndiaidh an chogaidh sin: is iadsan, dáiríre, céadghlúin iarchogaidh na hEorpa. Caithfear a chinntiú gur mar sin a fhanfas sé.

A Uachtarána agus a Phríomh-Airí,

A Shoilsí,

Mar sin, an áit a raibh cogaíocht tá an tsíocháin anois i réim. Tá cúram stairiúil eile orainn anois, áfach: an tsíocháin a bhuanú anois nuair atá sí ann. Tar éis an tsaoil, ní úrscéal í an stair, ní leabhar í is féidir linn a dhruidim nuair a thagaimid a fhad leis an gCríoch Shona: táimid go hiomlán freagrach fós as a dtarlóidh amach anseo.

Is soiléire sin inniu ná riamh. Tá géarchéim gheilleagrach againn san Eoraip, an ghéarchéim is measa le dhá ghlúin, géarchéim a fhágann go bhfuil cuid mhór de mhuintir na hEorpa i gcruachás agus go bhfuil naisc pholaitiúla ár nAontais á dtástáil.

Tá tuismitheoirí ann a bhfuil sé ag dul crua orthu a mbeatha a thabhairt i dtír, tá oibrithe á scaoileadh chun bóthair, tá mic léinn ann a bhfuil eagla orthu nach bhfaighidh siad post, is cuma cén iarracht a dhéanfaidh siad: nuair a smaoiníonn na daoine sin ar an Eoraip, ní hí an tsíocháin is túisce a thagann chun cuimhne chucu...

Nuair is cosúil go bhfuil an rathúnas agus an fhostaíocht faoi bhagairt, dúshraith ár sochaithe, ní nach ionadh go bhfuil croíthe ag cruachan, go bhfuiltear ag díriú ar an bhféinleas, agus fiú amháin go bhfuil ábhair deighilte agus steiréitíopaí a raibh dearmad déanta le fada orthu ag teacht chun cinn arís. D’fhéadfadh sé go mbeadh drochamhras ar dhaoine áirithe, ní amháin faoi chomhchinntí áirithe, ach faoi go bhfuiltear i mbun comhchinnteoireachta ar chor ar bith.

Agus cé nár cheart dúinn dul thar fóir leis seo - ní fhéadfadh fiú teannas den sórt sin muid a tharraingt siar chuig duibheagán na haimsire seo a chuaigh thart – ná bíodh amhras orainn nó is fíordhúshlán atá roimh an Eoraip.

Mar a dúirt Abraham Lincoln tráth a bhíothas ag cur féachaint chrua ar ilchríoch eile, is é atá faoi mheasúnú inniu “an féidir leis an Aontas sin, nó le haon Aontas a cheaptar agus a thiomnaítear amhlaidh, maireachtáil go buan”.

Freagraímid an cheist sin lenár ngníomhartha, agus muinín againn go n éireoidh linn. Táimid ag obair ar theann ár ndíchill chun na deacrachtaí a shárú, chun fás agus fostaíocht a athbhunú.

Déanaimid an obair sin, ar ndóigh, toisc go bhfuil fíorghá leis. Ach tá rudaí eile mar réalta eolais againn: ár mian ár gcinniúint féin a stiúradh, an dáimh a mhothaímid le chéile, agus ar dhóigh éigin... b’fhéidir mar ghuth ó anallód … smaoineamh Europa féin.

Sa mhéid agus go bhfuil an oiread sin ceannairí Eorpacha anseo inniu, is léir go gcreidimid uile sa rud céanna: tiocfaimid as an nguais seo, le chéile agus níos láidre ná riamh. Láidir go leor ar an leibhéal domhanda lenár leasanna a chosaint agus ár luachanna a chur chun cinn.

Oibrímid go léir chun Eoraip níos fearr a fhágáil do pháistí an lae inniu agus do pháistí an lae amárach. Sa chaoi agus go n amharcfaidh daoine siar, lá is faide anonn, agus go ndéarfaidh siad: choinnigh an ghlúin sin, an ghlúin atá suas inniu, gealltanas na hEorpa.

Tá aos óg an lae inniu ag maireachtáil cheana i ndomhan nua. Dóibhsean, is réaltacht laethúil í an Eoraip. Ní hé atá sa réaltacht sin iallach a bheith orthu a bheith sa chor céanna lena chéile. Ní hea; is é réaltacht é, an tsaoirse atá acu agus an acmhainn atá acu a bheith ag roinnt, ag taisteal agus ag malartú. Ag roinnt is ag múnlú a n-ilchríche, a dtaithí, agus a dtodhchaí.

A Shoilsí,

A dhaoine uaisle,

Is iontach an acmhainn athchruthaithe atá san ilchríoch seo againn, ilchríoch a d'éirigh in airde ón luaithreach i ndiaidh 1945 agus a aontaíodh in 1989. Faoi na glúine atá le teacht atá sé an comhfhiontar seo a chur ar aghaidh. Tá súil agam go nglacfaidh siad chucu go bródúil an fhreagracht sin. Agus go bhféadfaidh siad a rá, mar atá á rá againn inniu: Ich bin ein Europäer. Je suis fier d'être européen. Cúis bhróid dom bheith i m'Eorpach.

*****

[Ag seo caint an Uachtaráin Barroso]

A Mhórgachtaí,

A Shoilsí,

A dhaoine uaisle,

"Is mó ná easpa cogaidh an tsíocháin, is suáilce í", mar a scríobh Spinoza: "Pax enim non belli privatio, sed virtus est". Agus dúirt sé freisin gur "staid intinne, claonadh chun dea mhéine, chun muiníne agus chun ceartais" í.

Go deimhin, ní féidir fíorshíocháin a bheith ann gan na daoine a bheith muiníneach. Iad ar a suaimhneas lena gcóras polaitiúil. Iad deimhin de go bhfuil a gcearta bunúsacha á n urramú.

Tá níos mó i gceist leis an Aontas Eorpach ná an tsíocháin idir na náisiúin. Ionchollú, i bhfoirm tionscadail pholaitiúil, na staide sin ar thrácht Spinoza air atá ann. Sa mhéid is gur pobal é atá bunaithe ar luachanna, léiriú is ea é ar fhís na síochána agus an cheartais.

Is rómhaith is cuimhin liom a bheith i measc an tslua daoine a thug na sráideanna orainn féin in 1974 i mo chathair dhúchais, Liospóin, sa Phortaingéil, chun an réabhlóid dhaonlathach agus an tsaoirse a cheiliúradh.

An gliondar sin a tháinig le briseadh amach an daonlathais, tháinig sé ar na glúine céanna sa Spáinn agus sa Ghréig. Tháinig sé ina dhiaidh sin ar mhuintir na hEorpa Láir agus ar mhuintir Oirthear na hEorpa, agus ar mhuintir Stáit na mBalcán nuair a bhain siad a neamhspleáchas amach. Tá sé léirithe arís is arís eile ag glúine de mhuintir na hEorpa gurbh ionann acu an Eoraip a roghnú agus an tsíocháin a roghnú.

Ní scarfaidh le mo chuimhne go brách Rostropovich ag seinm Bach in aice Bhalla Bheirlín i ndiaidh a thitime. Cuireann an íomhá sin i gcuimhne don domhan gurbh í tóraíocht na saoirse agus an daonlathais a réab anuas na seandeighiltí a bhí ann agus a d'fhág gurbh fhéidir an ilchríoch a athaontú. Dul isteach san Aontas Eorpach, ba chéim riachtanach é i dtreo dhaingniú an daonlathais i ngach ceann dár dtíortha.

Sin toisc go bhfuil an duine aonair agus urraim ar dhínit an duine ina chroílár. Toisc go dtugann sé cead difríochtaí a chur os ard ach go bhfuil sé ina chúis aontaithe san am céanna. Agus mar sin, tar éis athaontú na hEorpa, mar a dúirt Karol Wojtiła, bhí sí ábalta anáil a tharraingt lena dhá scamhóg. D'éirigh an tAontas Eorpach ina bhaile coiteann againn. "Tír dhúchais ár dtíortha dúchais" an cur síos fileata a bhí ag Vaclav Havel air.

Is mó ná comhlachas stát an tAontas seo againne. Ord nua dlí is ea é, ord nach bhfuil bunaithe ar chothromaíocht na cumhachta idir na náisiúin ach ar shaorthoil na stát flaitheas a chomhroinnt.

Ón uair a socraíodh gual agus cruach a chomhroinnt, go dtí an t-am ar socraíodh deireadh a chur le teorainneacha inmheánacha, ón am nach raibh ann ach sé thír go dtí an lá inniu agus an Chróit ar tí teacht isteach mar an t-ochtú tír is fiche, is iontach an t aistear Eorpach é seo; is aistear é atá dár dtabhairt ionsar "aontas buandlúite". Agus tá inár lámha againn ceann amháin de na siombailí is feiceálaí dá bhfuil ag an aontacht sin eadrainn i láthair na huaire. Sin é an euro, airgeadra ár nAontais Eorpaigh. Seasfaimid leis.

****

A Shoilsí,

A dhaoine uaisle,

Ní féidir an tsíocháin a fhágáil faoi dhea-mhéin an duine.

Ní mór í a bhunú ar bhailiúchán dlíthe, ar chomhleasanna agus ar chiall níos doimhne don phobal agus don chinniúint.

Ba é ginias thionscnóirí an Aontais gur thuig siad go gcaithfeadh siad a gcuid smaointeoireachta a leathnú taobh amuigh de choincheap an Náisiúnstáit chun an tsíocháin a chinntiú san fhichiú aois.

Mar a dúirt Walter Hallstein, céaduachtarán an Choimisiúin Eorpaigh: "Das System der Nationalstaaten hat den wichtigsten Test des 20. Jahrhunderts nicht bestanden". ("Theip ar chóras na náisiúnstát ceannasach sa triail is tábhachtaí den 20ú haois"). Agus lean sé air, "agus sa dá chogadh dhomhanda léirigh sé nach raibh sé in ann an tsíocháin a chaomhnú."

Chomhcheangail sé dlisteanacht na Stát daonlathach le dlisteanacht institiúidí fornáisiúnta: an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa. Is dá bhrí sin atá an tAontas Eorpach uathúil. Institiúidí fornáisiúnta iad sin arb é is feidhm leo an leas coiteann Eorpach a chosaint, leas phobal na hEorpa a chaomhnú agus a bheith ina n-ionchorprú ar chinniúint an chomhphobail. I dteannta na Comhairle Eorpaí, áit a ndéantar ionadaíocht ar na rialtais, tá daonlathas trasnáisiúnta uathúil forbartha againn le blianta anuas arb í Parlaimint na hEorpa, a thoghtar go díreach, a shiombail.

Ní haon saothar ealaíne foirfe againn í an iarracht seo ar son aontas na hEorpa. Obair idir lámha is ea í nach foláir aire agus dúthracht shíoraí a thabhairt di. Ní críoch inti féin í aontas na hEorpa, ach dóigh le cuspóir níos tábhachtaí a bhaint amach. Ar a lán bealaí, is cruthúnas í ar an iarracht ord iltíreach a bhaint amach, ord inar féidir le duine amháin a bheith thuas gan duine eile a bhualadh síos, ord ina gcomhlíontar na rialacha ar mhaithe le luachanna uilíocha.

****

Sin an chúis a bhféadfaidh an tAontas Eorpach, in ainneoin a chuid lochtanna, a bheith ina inspioráid chumhachtach ag a lán daoine ar fud an domhain, agus go deimhin sin an chúis ar inspioráid cheana é. Is féidir na dúshláin a gcaithfimid dul i ngleic leo a bheith éagsúil ó réigiún go chéile, ach is é an cineál céanna iad.

Ar scáth a chéile a mhairimid ar an bpláinéad seo. An bhochtaineacht, an choireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht, an t-athrú aeráide: is fadhbanna iad sin atá beag beann ar theorainneacha náisiúnta. Is iad na mianta agus na luachanna uilíocha céanna atá againn uile: de réir a chéile, tá siad ag cur amach fréamhacha i níos mó agus níos mó tíortha ar fud an domhain. Is ionann dúinn go léir "l'irréductible humain", is é sin uathúlacht dholaghdaithe an duine. Ar neamhchead don náisiún agus don ilchríoch seo, is den aon chine daonna amháin muid go léir.

Ag seo na focail deiridh a bhí ag Jean Monnet ina chuimhní cinn: "Les nations souveraines du passé ne sont plus le cadre où peuvent se résoudre les problèmes du présent. Et la communauté elle-même n'est qu'un étape vers les formes d'organisation du monde de demain." ("Ní féidir le náisiúin cheannasacha an ama a chuaigh thart fadhbanna an ama i láthair a réiteach a thuilleadh. Agus níl sa Chomhphobal [Eorpach] féin ach céim ar an gcabhsa chuig an sórt eagair a bheidh ar an saol amach anseo."

Tá an aisling fheidearálach iltíreach seo ar cheann de na buanna is tábhachtaí is féidir leis an Aontas Eorpach a chur ar fáil don ord domhanda atá á mhúnlú faoi láthair.

A Shoilsí,

A dhaoine uaisle,

Fáisceadh an ról gníomhach atá ag an Aontas Eorpach i gcúrsaí an domhain as an aithne a chuir muintir ár n-ilchríche ar uafáis an náisiúnachais antoiscigh agus na cogaíochta, agus ar olc uafar an Uileloiscthe. Is é sin atá dár spreagadh, ár mian nach ndéanfaí na dearmaid chéanna an athuair.

Sin é is bunsraith leis an gcur chuige iltaobhach againn ar son domhandú atá bunaithe ar na freagrachtaí seo: an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht dhomhanda;

Sin é faoi deara an ról gníomhach atá againn lenár dtíortha comharsanacha agus lenár bpáirtithe idirnáisiúnta, ón Mheánoirthear go dtí an Áise, ón Afraic go Meiriceá;

Sin é a mhúnlaíonn ár seasamh i gcoinne phionós an bháis agus an tacaíocht a thugaimid don cheartas idirnáisiúnta, seasamh atá ionchorpraithe sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;

Sin é faoi deara muid a bheith chun tosaigh sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus ar son na slándála bia agus fuinnimh;

Sin é an taca atá faoinár bpolasaí maidir le dí-armáil agus faoinár bpolasaí in aghaidh an iomadaithe núicléach.

Ó tharla gur ilchríoch í an ilchríoch seo againne a d'éirigh ón scrios le bheith ar cheann de na geilleagair is láidre ar domhan, agus ar cheann de na córais shóisialta is forásaí dá bhfuil ann, agus ar cheann de phríomhdheontóirí cúnaimh an domhain, tá freagracht speisialta orainn i leith na milliún daoine atá san angar.

San 21ú aois tá sé do ghlactha amach agus amach go bhfuil tuismitheoirí ann nach bhfuil aon neart acu ar a leanbh a bheith ag fail bháis d’uireasa córa leighis bunúsaí, go bhfuil máithreacha ann a chaithfidh siúl ar feadh an lae ar fad le súil go dtiocfaidís ar bhia nó ar uisce glan, go bhfuil an óige á séanadh ar bhuachaillí agus ar chailíní beaga mar go gcaithfidh siad éirí suas ina ndaoine fásta roimh a n-am.

De bhrí gur comhphobal náisiún muid ar éirigh linn an chogaíocht a chloí agus a chuir comhrac ar an ollsmachtachas, seasfaimid i gcónaí leo siúd a dteastaíonn an tsíocháin agus dínit an duine uathu.

Agus deirim seo libh san áit seo inniu: smál ar choinsias an domhain is ea an staid ina bhfuil an tSiria faoi láthair, agus tá sé de dhualgas morálta ar an bpobal idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt uirthi.

Agus ós é an lá inniu lá idirnáisiúnta chearta an duine, smaoinímid, thar laethanta eile an tsaoil, ar lucht cosanta chearta an duine ar fud na cruinne a théann i bhfiontar a mbáis chun na luachanna is cás linn a chosaint. Ní féidir le ballaí aon charcrach a nguth a phlúchadh. Cloisimid inniu iad sa seomra seo.

Tugaimis chun cuimhne freisin, go ndearnadh, ar an ardán ceannann céanna seo, onóir a thabhairt do thriúr ban as a gcoimhlint shíochánta ar son shábháilteacht agus chearta na mban. De bhrí gur luach bunúsach ag an Aontas an comhionannas idir mná agus fir, comhionannas atá cumhdaithe i gConradh na Róimhe, 1957, táimid tiomanta cearta na mban a chosaint ar fud an domhain agus tacú le cumhachtú ban. Ina theannta sin, is mór againn cearta bunúsacha na ndaoine is leochailí, a gcearta siúd a bhfuil an todhchaí ina lámha acu: páistí an domhain.

De bhrí gur dea-shampla muid d'athmhuintearas síochánta atá bunaithe ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, cuidímid cineálacha nua comhair a chur chun cinn atá bunaithe ar mhalartú smaointe, ar an nuálaíocht agus ar an taighde. Tá an eolaíocht agus an cultúr i gcroílár na hoscailteachta Eorpaí; saibhríonn siad mar dhaoine muid agus cruthaíonn siad naisc thar teorainneacha.

***

A Mhórgachtaí,

A Mhórgachtaí Ríoga

A Cheannairí Stáit agus Rialtais,

A Chomhaltaí den Choiste Ioruach Nobel,

A Shoilsí,

A dhaoine uaisle,

Is le tréan umhlaíochta a ghlacaimid Duais Nobel na Síochána, agus níl aon áit níos fearr leis an bhfís seo a chomhroinnt ná anseo san Iorua, tír a bhfuil éacht déanta aici ar son na síochána domhanda.

Bhí "síothú na hEorpa" ar cheann de na cuspóirí ba mhó ag Alfred Nobel. I ceann de luathdhréachtaí a thiomna, chuaigh sé chomh fada lena ionannú leis an tsíocháin idirnáisiúnta.

Tá macalla de sin le fáil i gcéadabairt Dhearbhú Schuman, doiciméad bunaidh an Aontais Eorpaigh. "La paix mondiale". "Gan iarrachtaí ar chomh-mhéid leis na contúirtí atá ag bagairt uirthi," a deir sé, "ní féidir an tsíocháin dhomhanda a choimeád slán".

Siod é an teachtaireacht atá agam inniu: is féidir libh a bheith ag brath orainn troid ar son síochána marthanaí, ar son na saoirse, agus ar son an cheartais san Eoraip agus sa domhan.

Le seasca bliain anuas, tá sé léirithe ag an tionscadal Eorpach gur féidir le daoine agus le náisiúin teacht le chéile trasna teorainneacha.

Gur féidir na difríochtaí idir "iadsan" agus "muidne" a chur ar leataobh.

Is é an dóchas agus an tiomantas atá againn anseo inniu go gcuideoidh an tAontas Eorpach, le cúnamh fear agus ban dea-thola, an domhan a thabhairt le chéile.

Go raibh maith agaibh.


Side Bar

My account

Manage your searches and email notifications


Help us improve our website