Navigation path

Left navigation

Additional tools

AN CHOMHAIRLE EORPACH AN tUACHTARÁN

GA

An Bhruiséil, 15 Feabhra 2013

EUCO 40/13

PRESSE 58

PR PCE 33

Herman Van Rompuy
Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Buiséad don todhchaí

Seachtain amháin ó shin tar éis oíche fhada caibidlíochta, tháinig 27 uachtarán agus príomh aire ár dtíortha ar chomhréiteach maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh don seacht mbliana atá amach romhainn. Ar an Luan cuirfidh mé faoi bhráid na Parlaiminte Eorpaí é agus déanfaidh mé é a chosaint.

Mar atá soiléir ó na preaseisiúintí, rinne gach ceannaire a seacht ndícheall chun an margadh is fearr a fháil dá dtíortha agus dá saoránaigh. Tá ciall leis seo, mar atá i gcás roinnt ceannairí a dhírigh níos mó ar ábhar imní a gcáiníocóirí agus riachtanais a dtairbhithe i gcás ceannairí eile. An rud atá tábhachtach domsa gur thángamar ar chomhréiteach maidir leis an mbuiséad suas go dtí 2020 agus is margadh maith é don Eoraip i gcoitinne.

Tá sé sin soiléir ó na figiúirí. Tá na spriocanna foriomlána caiteachais ag laghdú, ach tá cion na n-infheistíochtaí don fhás agus don fhostaíocht ag méadú. Léirítear an dá phríomhghné a bhaineann leis na roghanna a chuireamar chun cinn: ag oiriúnú do shrianta diana maidir le buiséad ar fud na hEorpa, agus ag infheistiú sa todhchaí ag an am céanna.

Mar atá sé san Eoraip tríd síos, caithfimid níos mó a dhéanamh ar níos lú airgid, lena n‑áirítear costais riaracháin, lena n-áirithiú go gcuirtear gach euro san áit is fearr. Tá na pócaí teann ar fud na hEorpa agus níor cheart go mbeadh an tAontas ina eisceacht, mar sin ní raibh an dara rogha ann seachas buiséad measarthachta. Den chéad uair riamh, tá na huasteorainneacha caiteachais laghdaithe i gcomparáid leis an tréimhse roimhe seo agus tá uasteorainn cothrom le 1% glan d'ollioncam náisiúnta an AE orthu.

Nuair a chuirtear na dúshláin eacnamaíocha atá ann faoi láthair san áireamh, tá sé ina thosaíocht thar aon ní eile go ndíreofar ar phoist, ar an bhfás agus ar an iomaíochas. Ní féidir linn infheistíochtaí atá dírithe ar an todhchaí maidir le cúrsaí oideachais, taighde agus nuálaíochta a chur ar leataobh. Is de bharr sin go bhforáiltear 37% breise (nó €34 billiún) go beacht do na réimsí sin, ina gcuirfear suimeanna suntasacha ar leataobh don fhuinneamh trasteorann, don iompar agus do líonraí digiteacha (€30 billiún). Beidh méadú sa chaiteachas le sonrú chomh maith maidir le príomhthionscnaimh amhail 'Erasmus do chách', an clár malartúcháin do mhic léinn agus do mhúinteoirí nó 'Fís 2020', an clár taighde agus nuálaíochta is mó ar an mór-roinn.

Cuireadh na tosaíochtaí sin i gcrích tríd an mbuiséad a nuachóiriú. Mar shampla, don talmhaíocht, réimse beartais a thugtar aghaidh air ar leibhéal na hEorpa go heisiach, in ionad il-fhóirdheontas, díreofar tuilleadh ar thorthaí níos cothroime a áirithiú d'fheirmeoirí, mar aon le caighdeán saoil i gceantair thuaithe agus cleachtais níos glaise. Tá sé bunriachtanach go mbeidh earnáil bhia ann a bheidh inbhuanaithe. Ní rud í an talmhaíocht a bhaineann leis an aimsir chaite, ach a bhuíochas sin do na hathchóirithe ar an gcomhbheartas talmhaíochta, tá a mheáchan coibhneasta sa bhuiséad ag laghdú agus leanfar den treocht sin.

Ag freagairt don mhéadú atá le feiceáil sa dífhostaíocht i measc an ógra - a bhfuil tionchar air sin ar duine as gach ceathrar i measc na n-Eorpach óg, agus duine as gach beirt i roinnt tíortha, beidh tionscnamh nua arbh fhiú €6 bhilliún é ina chabhair chun dul i ngleic leis an gcruachás seo. Bainfear leas as na cistí réigiúnacha chun cuidiú leis na tíortha a d'fhulaing is mó le linn na géarchéime. Díreofar na cistí i gcónaí ar na réigiúin is boichte agus ar na daoine is díothaí chun an comhtháthú sóisialta a fheabhsú san Aontas seo againne. In ainneoin na géarchéime, caomhnófar na modhanna ina gceadaítear don Eoraip aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna domhanda is práinne, amhail an cúnamh forbraíochta agus an t-athrú aeráide.

Ar a lán bealaí, is buiséad nua-aimseartha, réadúil é an buiséad seo, ina ndíreofar ar na hábhair imní is mó. Ós rud é gur comhréiteach atá ann, ní buiséad foirfe é do dhuine ar bith, ach tugtar tuairimí cách le chéile leis. Is oth le roinnt daoine nach rabhamar in ann na tograí infheistíochta ar fad a chur san áireamh, mar bheadh sé róchostasach.

B'fhéidir gur ábhar aiféala dom féin é sin, ach bheadh sé míthreorach coigeartuithe ar dhréacht a chur i láthair mar 'chiorruithe', os rud é, i ndáiríre, go gcuirtear ar fáil sa bhuiséad seo méadú suntasach ar an airgead a bheidh ar fáil don infheistíocht agus don fhás ná mar atá sa bhuiséad reatha. Agus déanfar difear leis an airgead sin.

Ní hionann comhréiteach na seachtaine seo caite agus deireadh an scéil. Scrúdóidh Parlaimint na hEorpa an comhaontú polaitiúil ar tháinig na ceannairí air mar ullmhúchán chun go ndéanfar an chaibidlíocht dheireanach ina leith. Fiú roimh an gcruinniú mullaigh, léirigh a cuid feisirí imní dlisteanach, maidir le foinsí nua ioncaim nó cineálacha solúbthachta buiséadaí cuir i gcás. Tá ciall ag roinnt leis sin, os rud é nach féidir le haon duine a thuar cén staid ina mbeidh an Eoraip i gceann seacht mbliana. Thairis sin, áirítear leis an tsolúbthacht go bhféadfar íocaíochtaí an Aontais a bheidh i gcomhréir lena chuid gealltanas.

Baineann féith láidir intuarthachta le buiséad infheistíochta seacht mbliana. Ní fhéadfaimid airgead a gheallúint ach ó bhliain go chéile dá uireasa. Buille a bheadh ansin d'eolaithe, do charthanachtaí agus d'ollscoileanna, agus d'údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud na hEorpa. Tá tionscadail mhóra ag brath air. Tráth a bhfuil méadú ag teacht ar mhuinín inár ngeilleagair de réir a chéile, beidh tabhairt i gcrích na peirspictíochta seacht mbliana seo ina chomhartha dearfach.


Side Bar

My account

Manage your searches and email notifications


Help us improve our website