Navigation path

Left navigation

Additional tools

COMHAIRLE
AN AONTAIS EORPAIGH

GA

16042/11

(OR. en)

PRESS 397

PR CO 65

PREASEISIÚINT

An 3121ú cruinniú de chuid na Comhairle

Ceartas agus Gnóthaí Baile

Lucsamburg, 27 agus 28 Deireadh Fómhair 2011

An tUachtarán Mr Jerzy MILLER
Aire Gnóthaí Baile na Polainne
Krzysztof KWIATKOWSKI
Aire Dlí agus Cirt na Polainne

Príomhthorthaí

Ghlac an Chomhairle Comhshocrú Eorpach i gcoinne drugaí sintéiseacha. Sa chomhthéacs sin, mhalartaigh sí tuairimí freisin i ndáil le tuarascáil bhliantúil 2011 maidir le staid na bhfadhbanna drugaí san Eoraip, a rinne an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i ndrugaí (EMCDDA), agus i ndáil leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal.

"Chun cur leis an bhfreagairt Eorpach ar dhrugaí."

Tháinig na hAirí ar chomhaontú faoi chur chuige ginearálta maidir le togra lena leasaítear rialacha AE i ndáil le trácht teorann áitiúil (TTA) arb é an aidhm atá leis trasnuithe teorann i limistéar Kaliningrad a éascú.

Thug an Chomhairle dá haire an staid mar atá i ndáil le hobair maidir leis an gComhchóras Tearmann Eorpach. Sa chomhthéacs sin, léirigh an Uachtaránacht gurb é is móide, mar thoradh ar chomhaontú deiridh le Parlaimint na hEorpa, go nglacfar dhá threoir ag deireadh na bliana : treoir amháin maidir le cead aonair do náisiúnaigh tríú tíortha chun cónaí agus obair a dhéanamh san AE agus tacar comhchoiteann de chearta d'oibreoirí tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát, an treoir eile maidir le cáilíocht agus stádas náisiúnach tríú tíortha mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta.

Scrúdaigh an Chomhairle an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta na Gréige maidir le hathchóiriú tearmann agus bainistiú imirce. Imirce neamhdhleathach, léirscaoileadh víosa agus gainneáil ar dhaoine na príomhábhair a pléadh le linn an lóin.

Thug an Coimisiún faisnéis faoin staid mar atá i dtaca le dhá cheann de thacair chaibidlíochta le SAM: bhain tacar amháin le comhaontú AE-SA maidir le cosaint sonraí, bhain an tacar eile le comhaontú AE-SA maidir le PNR.

Bhí díospóireachtaí treoshuímh ag na hAirí freisin ar líon éagsúil de theachtaireachtaí ón gCoimisiún maidir leis an méid a leanas:

  • roghanna atá ar fáil maidir le córas Eorpach chun maoiniú sceimhlitheoirí a rianú;

  • clár oibre Eorpach do lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha; agus

  • comhar i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir.


Sa chuid sin den Chomhairle a bhain leis an gceartas, léirigh an Uachtaránacht gurb é is móide, mar thoradh ar chomhaontú deiridh le Parlaimint na hEorpa, gur ag deireadh na bliana a nglacfar an treoir maidir leis
an gcomhrac i gcoinne teacht i dtír gnéasach a bheith á dhéanamh ar leanaí agus i gcoinne na pornagrafaíochta leanaí.

Bhí an chéad mhalartú tuairimí ann idir na hAirí maidir leis na tograí is déanaí ón gCoimisiún, ar tograí iad maidir le Dlí Eorpach coiteann Díolacháin agus thug siad dréacht-treoir dá n‑aire maidir le smachtbhannaí coiriúla don déileáil chos istigh agus don chúbláil mhargaidh. I réimse na gceart nós imeachta, thug an Chomhairle dá haire an staid mar atá maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir agus maidir leis an gceart chun cumarsáid a dhéanamh tráth gabhála. Thionól an Chomhairle díospóireacht treoshuímh chomh maith maidir le treoir atá á beartú lena mbunaítear caighdeáin íosta maidir le cearta íospartaigh choireachta agus maidir le tacú leis na híospartaigh sin agus maidir leis na híospartaigh sin a chosaint.

Ar imeall na Comhairle, d'fháiltigh an Coiste Measctha (an AE móide an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Eilvéis) roimh an seoladh is déanaí den Chóras Fáisnéise Víosaí (VIS) agus d'fhéach sé ar an staid mar atá maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS II). Chaith sé súil freisin ar an togra thuasluaite, ar togra é arb é an aidhm atá leis trasnuithe teorann i limistéar Kaliningrad a éascú, agus mhalartaigh sé tuairimí maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le teorainneacha cliste.

Ar imeall na Comhairle freisin, shínigh an AE agus an Airméin dearbhú maidir le comhpháirtíocht sogluaisteachta.

CLÁR1

RANNPHÁIRTITHE

MÍREANNA A PLÉADH

BEARTAS AN AE MAIDIR LE DRUGAÍ

Comhshocrú Eorpach i gcoinne drugaí sintéiseacha

Teachtaireacht ón gCoimisiún / Tuarascáil bhliantúil 2011 ó ghníomhaireacht drugaí an AE

TRÁCHT TEORANN ÁITIÚIL I LIMISTÉAR KALININGRAD

AN COMHCHÓRAS EORPACH TEARMANN (CCET)

CEAD AONAIR DO NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍORTHA CHUN CÓNAÍ AGUS OBAIR A DHÉANAMH SAN AE

TREOIR CÁILIÚCHÁIN

PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA NÁISIÚNTA NA GRÉIGE MAIDIR LE TEARMANN AGUS LE hIMIRCE

AN COMHAONTÚ AE-SA UM CHOSAINT SONRAÍ

AN COMHAONTÚ AE-SA MAIDIR LE PNR

CÓRAS EORPACH CHUN MAOINIÚ SCEIMHLITHEOIRÍ A RIANÚ (AE CEMS)

NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍORTHA A LÁNPHÁIRTIÚ

COMHAR SA RÉIMSE CGB LAISTIGH DE CHOMHPHÁIRTÍOCHT AN OIRTHIR

ÍOSPARTAIGH NA COIREACHTA

TEACHT I DTÍR GNÉASACH AR LEANAÍ

DLÍ EORPACH COITEANN DÍOLACHÁIN

CEART CHUN ROCHTAIN A FHÁIL AR DHLÍODÓIR

DÉILEÁIL CHOS ISTIGH AGUS CHÚBLÁIL MHARGAIDH

AN COISTE MEASCTHA

VIS

SIS II

Trácht teorann áitiúil i limistéar Kaliningrad

Teorainneacha cliste

Aon Ghnó Eile

MÍREANNA EILE A FORMHEASADH

CEARTAS AGUS GNÓTHAÍ BAILE

  • "Cinneadh réime na Sualainne" - Conclúidí

  • Malartú uathoibríoch sonraí - an Laitvia

  • Comhpháirtíocht Soghluaisteachta AE-an Airméin - Dearbhú

  • Comóradh 60 bliain an Choinbhinsiúin i dtaobh Stádas Dídeanaithe - Dearbhú

  • Tuarascáil Eurojust

  • Gréasán don chomhar reachtach

  • Oiliúint bhreithiúnach Eorpach – Conclúidí

GNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHA AGUS AIRGEADAIS

  • Iompar trasteorann airgid thirim in euro*

BUISÉID

  • Idir-Réiteach maidir le buiséad 2012 an AE

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

GNÓTHAÍ EACHTRACHA

  • Bearta sriantacha - Burma/Maenmar

  • Bearta sriantacha - Poblacht na Guine

  • Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv

  • Caidrimh leis an Úisbéiceastáin

GNÓTHAÍ GINEARÁLTA

  • An Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise a bhainistiú

COMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA

  • Cleachtadh 2011 an AE maidir le bainistiú géarchéime

BEARTAS TRÁDÁLA

  • Ítimí dé-úsáide a rialú: údaruithe nua ginearálta onnmhairithe*

  • Coigeartuithe ar chomhaontuithe trádála leis an Astráil, leis an Nua Shéalainn agus leis an Airgintín

  • Comhaontú Saorthrádála - an AE agus an Chóiré Theas

COMHSHAOL

  • Lastais dramhaíle

RANNPHÁIRTITHE

An Bheilg:

Stefaan DE CLERCK An tAire Dlí agus Cirt

Melchior WATHELET Státrúnaí do Bheartas maidir le hImirce agus Tearmann

An Bhulgáir:

Margarita POPOVA An tAire Dlí agus Cirt

Boyko KOTZEV An Buanionadaí

Poblacht na Seice:

Jan KUBICE An tAire Gnóthaí Baile

Jaroslav HRUŠKA An Leas-Aire Gnóthaí Baile

Marek ŽENÍŠEK An Leas-Aire Dlí agus Cirt

An Danmhairg:

Morten BØDSKOV An tAire Dlí agus Cirt

An Ghearmáin:

Ole SCHRÖDER Státrúnaí Parlaiminte, an Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Baile

Max STADLER Státrúnaí Parlaiminte don Aire Cónaidhme Dlí agus Cirt

An Eastóin:

Kristen MICHAL An tAire Dlí agus Cirt

Ken-Marti VAHER An tAire Gnóthaí Baile

Éire:

Alan SHATTER An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Rory MONTGOMERY An Buanionadaí

An Ghréig:

Christos PAPOUTSIS An tAire um Chosaint an tSaoránaigh

Ioannis IOANNIDIS An tArdrúnaí um Thrédhearcacht agus um Chearta an Duine, an Aireacht Dlí agus Cirt, Trédhearcachta agus Chearta an Duine

An Spáinn:

Anna TERRÓN I CUSÍ An Státrúnaí Inimirce agus Eisimirce

Justo Tomás ZAMBRANA PINEDA An Státrúnaí Slándála

Luis PLANAS PUCHADES An Buanionadaí

An Fhrainc:

Claude GUEANT An tAire um Ghnóthaí Baile, um Chríocha thar lear, um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha agus um Inimirce

Michel MERCIER Coimeádaí na Séalaí, An tAire Dlí agus Cirt agus Saoirsí

An Iodáil:

Sonia VIALE An Státrúnaí Gnóthaí Baile

Giacomo CALIENDO An Státrúnaí Dlí agus Cirt

An Chipir:

Neoklis SYLIKIOTIS An tAire Gnóthaí Baile

Loukas LOUKA An tAire Dlí agus Cirt agus Oird Phoiblí

An Laitvia:

Ilze JUHANSONE An Buanionadaí

An Liotuáin:

Remigijus ŠIMAŠIUS An tAire Dlí agus Cirt

Raimundas PALAITIS An tAire Gnóthaí Baile

Lucsamburg:

François BILTGEN An tAire Dlí agus Cirt

Nicolas SCHMIT An tAire Saothair, Fostaíochta agus Inimirce

Jean-Marie HALSDORF An tAire Gnóthaí Baile agus an Grande Région, An tAire Cosanta

An Ungáir:

Tibor NAVRACSICS An tAire Riaracháin Phoiblí agus Dlí agus Cirt

Károly KONTRÁT Státrúnaí Parlaiminte, an Aireacht Gnóthaí Baile

Málta:

Carmelo MIFSUD BONNICI An tAire Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Baile

An Ísiltír:

Fred TEEVEN An Státrúnaí Slándála agus Dlí agus Cirt

An Ostair:

Johanna MIKL-LEITNER An tAire Cónaidhme Gnóthaí Baile

Beatrix KARL An tAire Cónaidhme Dlí agus Cirt

An Pholainn:

Jerzy MILLER An tAire Gnóthaí Baile agus Riaracháin

Krzysztof KWIATKOWSKI An tAire Dlí agus Cirt

Igor DZIALUK Leas-Státrúnaí, An Aireacht Dlí agus Cirt

An Phortaingéil:

Paula TEIXEIRA DA CRUZ An tAire Dlí agus Cirt

Juvenal SILVA PENEDA An Státrúnaí don Aire Gnóthaí Baile

An Rómáin:

Traian IGAS An tAire Riaracháin agus Gnóthaí Baile

Catalin PREDOIU An tAire Dlí agus Cirt

Marian-Grigore TUTILESCU Státrúnaí, Ceannaire ar an Roinn Schengen, an Aireacht Riaracháin agus Gnóthaí Baile

An tSlóivéin:

Aleš ZALAR An tAire Dlí agus Cirt

Nina GREGORI Ard-Stiúrthóir de Stiúrthóireacht na hImirce agus an lánpháirtithe, an Aireacht Gnóthaí Baile

An tSlóvaic:

Daniel LIPŠIC An tAire Gnóthaí Baile

Mária KOLÍKOVÁ Státrúnaí ag an Aireacht Dlí agus Cirt

An Fhionlainn:

Päivi RÄSÄNEN An tAire Gnóthaí Baile

Anna-Maja HENRIKSSON An tAire Dlí agus Cirt

An tSualainn:

Beatrice ASK An tAire Dlí agus Cirt

Tobias BILLSTRÖM An tAire Imirce

An Ríocht Aontaithe:

Damian GREEN Aire Stáit na Roinne Baile (An tAire Inimirce)

Kenneth CLARKE An Ard-Seansailéir, Státrúnaí Dlí agus Cirt

Frank MULHOLLAND Ard-Abhcóide na hAlbain

An Coimisiún:

Viviane REDEING An Leas-Uachtarán

Cecilia MALMSTRÖM Comhalta

ÍTIMÍ A PLÉADH

BEARTAS AN AE MAIDIR LE DRUGAÍ

Comhshocrú Eorpach i gcoinne drugaí sintéiseacha

Ghlac an Chomhairle comhshocrú Eorpach i gcoinne drugaí sintéiseacha (15544/11), ar comhshocrú é lena gcomhlánaítear an Comhshocrú Eorpach chun an ghainneáil idirnáisiúnta ar dhrugaí a chomhrac - Bealaí cócaoin agus hearóine a réabadh - a glacadh in 2010 (8821/10).

Bíonn druga sintéiseach nua ar fáil ar an margadh beagnach gach seachtain agus is sa chomhthéacs sin a glacadh an comhshocrú sin. Táirgtear roinnt mhaith de na drugaí sin laistigh den AE agus tá na substaintí a úsáidtear lena dtáirgeadh ('réamhtheachtaithe') ar fáil go dlíthiúil, rud lena gcruthaítear "siabhráin dhleathacha" mar a thugtar orthu.

Leis an gcomhshocrú Eorpach i gcoinne drugaí sintéiseacha, tugtar aghaidh ar cheithre phríomhréimse:

  • táirgeadh drugaí sintéiseacha a chosc;

  • an ghainneáil ar dhrugaí sintéiseacha agus ar réamhtheachtaithe a chosc;

  • dul i ngleic le substaintí sícighníomhacha nua;

  • oiliúint d'fhorghníomhú an dlí maidir le saotharlanna folaitheacha a aimsiú, a scrúdú agus a dhíchóimeáil.

Leagann an comhshocrú béim ar an ngá atá leis na sásraí malartaithe faisnéise a shruthlíniú, go háirithe maidir le treochtaí nua i ndáil le drugaí sintéiseacha a tháirgeadh (siabhráin dhleathacha'), le cur le déine an chomhair oibríochtúil agus an chomhair imscrúdaithigh le rannpháirteachas Europol agus oiliúint speisialaithe a chomhchuibhiú maidir le saotharlanna neamhdhlíthiúla drugaí a aimsiú.

Ina theannta sin, tá an comhshocrú i gcomhréir go hiomlán le tosaíochtaí an AE maidir leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac idir 2011 agus 2013, mar a shainaithin an Chomhairle iad (11050/11) agus lena dtagraítear do "táirgeadh agus dáileadh drugaí sintéiseacha san AE a laghdú, lena n‑áirítear substaintí sícighníomhacha nua".

Cuirfear an comhshocrú chun feidhme trí thimthriall beartais an AE don choireacht idirnáisiúnta atá eagraithe agus tromchúiseach.

Teachtaireacht ón gCoimisiún / Tuarascáil bhliantúil 2011 ó ghníomhaireacht drugaí an AE

Mhalartaigh an Chomhairle tuairimí maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún "Chun cur leis an bhfreagairt Eorpach ar dhrugaí", a glacadh an 25 Deireadh Fómhair 2011 (15983/11) agus maidir le cur i láthair ón Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i ndrugaí (EMCDDA) i ndáil leis an tuarascáil bhliantúil a rinne sé do 2011 maidir le staid na bhfadhbanna drugaí san Eoraip. Cuirfidh an ghníomhaireacht drugaí an tuarascáil sin ar fáil don phobal an 15 Samhain 2011.

Agus na huirlisí a chuirtear ar fáil le Conradh Liospóin á n‑úsáid aige, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún ionstraimí dlíthiúla AE um beartas frithdhrugaí, ar ionstraimí iad atá ann cheana, a thabhairt cothrom le dáta agus ionstraimí nua a dhréachtú, agus é mar aidhm freagairt níos gasta ar na substaintí sícighníomhacha nua agus dul i ngleic le díol na substaintí sin ar an idirlíon, feabhas a chur ar an sainiú ar chionta agus ar smachtbhannaí maidir le gainneáil drugaí, gnóthachain airgeadais na ngáinneálaithe drugaí a bhaint díobh ar bhealach níos éifeachtúla (d'fhéadfaí sin a dhéanamh, mar shampla, trí choigistiú agus trí aisghabháil sócmhainní) agus cur lena dhéine a rialaítear na ceimiceáin a úsáidtear chun drugaí a tháirgeadh.

Ba cheart cur leis an gcomhar idirnáisiúnta freisin chun fadhb na ndrugaí a chomhrac agus ba cheart íoschaighdeáin cháilíochta a fhorbairt tuilleadh chun cur lena éifeachtaí atá an cosc ar dhrugaí, an chóireáil drugaí agus an laghdú díobhála.

Thug an Chomhairle an cur i láthair a rinne an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i ndrugaí (EMCDDA) dá haire maidir leis an tuarascáil bhliantúil a d'eisigh sé do 2011 maidir le staid na bhfadhbanna drugaí san Eoraip.

Cuirfidh an ghníomhaireacht drugaí an tuarascáil sin ar fáil don phobal an 15 Samhain 2011.

TRÁCHT TEORANN ÁITIÚIL I LIMISTÉAR KALININGRAD

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le togra lena leasaítear rialacha an AE maidir le trácht teorann áitiúil (TTA) (13344/11). Fágfaidh sé seo go bhféadfaí tús a chur le teagmhálacha le Parlaimint na hEorpa.

Ghlac an Chomhairle freisin dearbhú comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún lena gcuirtear in bhfios go láidir nach fasach d'aon réigiún eile i ndáil le rialacha an AE maidir le trácht teorann áitiúil é an réiteach a mholtar do limistéar Kaliningrad. Mar fhocal scoir, thug an Chomhairle dá haire dearbhú ón bPolainn lena leagtar amach na bearta a dhéanfaidh an Pholainn chun ardleibhéal slándála agus trédhearcachta a sholáthar.

Leis na leasuithe atá beartaithe, dírítear ar thrasnuithe teorann i limistéar Kaliningrad a éascú tríd limistéar Kaliningrad agus ceantair riaracháin theorainnithe ar leith sa Pholainn a chuimsiú sa cheantar teorann incháilithe.

Tháinig limistéar Kaliningrad de Chónaidhm na Rúise ina bhfuil daonra de bheagnach aon milliún áitritheoirí le bheith mar an aon iamhchríoch amháin laistigh den AE mar thoradh ar mhéadú an AE i 2004.

Glacadh an bunrialachán i 2006 lena áirithiú nach gcruthófaí bacainní ar thrádáil, ar idirmhalartú sóisialta agus cultúrtha ná ar chomhar réigiúnach, ar bacainní iad nach mbeadh gá leo, leis na teorainneacha idir Ballstáit an AE agus a dtíortha comharsanachta nach bhfuil san AE. Leis an rialachán sin, d'fhéadfaí maolú, le haghaidh daoine a chonaíonn i limistéar teorann, ó na rialacha ginearálta maidir le seiceálacha teorann a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen Leis an rialachán, údaraítear do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích le tíortha comharsanachta nach bhfuil san AE, ar chuntar go gcomhlíonann na comhaontuithe sin ina n‑iomláine na paraiméadair atá leagtha síos ag an rialachán.

AN COMHCHÓRAS EORPACH TEARMANN (CCET)

Bhreathnaigh an Chomhairle ar an staid mar atá i ndáil leis an bpacáiste tearmainn ar bhonn páipéar ón uachtaránacht (15843/11).

Leagtar síos caighdeáin íosta leis an gcreat reachtach atá ann cheana sa réimse tearmainn Ag teacht leis an tiomantas CCET a bhunú faoi 2012, chuir an Coimisiún isteach sraith tograí, ar tograí iad atá dírithe ar chomhchuibhiú níos fearr ar na córais tearmainn náisiúnta agus ar leibhéil cosanta níos airde. Tá na tograí sin ag céimeanna difriúla den phróiseas reachtach:

  • Treoir cáiliúcháin: D'fháiltigh an Chomhairle roimhe gur fhormhuinigh Parlaimint na hEorpa an tseachtain seo an téacs comhréitigh a comhaontaíodh i mí Iúil. Leis sin ceadófar glacadh deiridh ag an gComhairle sna seachtainí atá le teacht.

  • Córas Bhaile Átha Cliath II lena mbunaítear nósanna imeachta chun an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh: I Meán Fómhair 2011, thacaigh an Chomhairle leis an smaoineamh chun an coincheap maidir le próiseas réamhrabhaidh agus ullmhachta a áireamh sa thogra chun feidhmiú praiticiúil na gcóras tearmainn náisiúnta a mheasúnú, i bhfoirm 'meicníocht measúnaithe tearmainn'. Maidir leis an 'éigeandáil' nó an 'sásra fionraíochta' a áirithítear go dtí seo sa togra ón gCoimisiún, chloígh tromlach na mBallstát leis an diúltú a léirigh siad ina leith.

  • Rialachán Eurodac: tá an plé maidir le leasuithe ar na rialacha lena rialaítear an bunachar méarloirg seo ar feitheamh ar thogra lena gceadófaí rochtain d'údaráis fhorghníomhaithe dlí.

  • Treoracha maidir le nósanna imeachta tearmainn agus coinníollacha glactha: Chuir an Coimisiún na tograí athbhreithnithe i láthair an 1 Meitheamh 2011 (11207/11 agus 11214/11, faoi seach). Tá obair fós ar siúl.

Rinneadh dhá chomhaontú a bhaineann leis an CCET go dtí seo. Tá baint acu leis an treoir um chónaí fadtéarmach agus le cruthú na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (EASO)

CEAD AONAIR DO NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍORTHA CHUN CÓNAÍ AGUS OBAIR A DHÉANAMH SAN AE

Chuir an uachtaránacht i bhfios don Chomhairle gur baineadh amach comhaontú críochnaitheach an tseachtain seo caite idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir leis an treoir ar chruthú ceada aonair do náisiúnaigh tríú tíortha chun cónaí agus obair a dhéanamh san AE. Ionas go dtiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm, beidh ar an dá institiúid a chur in iúl go foirmiúil go bhfuil siad i bhfabhar na treorach sin. Táthar ag súil leis go dtarlóidh sé sin roimh dheireadh na bliana.

Leis an treoir um chead aonair, dírítear ar na nósanna imeachta a shimpliú maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a ghlacadh chun cónaí agus obair a dhéanamh san AE agus ar an smacht ar stádas na náisiúnach sin a éascú. Leagtar síos freisin, leis an treoir sin, sraith ceart comónta do náisiúnaigh tríú tíortha a chónaíonn de réir dlí i mBallstát, bunaithe ar chomhchóireáil le náisiúnaigh an bhallstáit sin.

A luaithe a ghlacfar í, ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta laistigh de dhá bhliain tar éis di teacht i bhfeidhm. Is í an chéad uirlis i réimse na hinimirce dlíthiúla a glacadh faoi rialacha Chonradh Liospóin, i.e. trí chomhchinnteoireacht.

TREOIR CÁILIÚCHÁIN

Chuir an uachtaránacht i bhfios don Chomhairle an staid mar atá i ndáil leis an treoir maidir le cáilíocht mar thairbhí na cosanta idirnáisiúnta agus ábhar na dteidlíochtaí a bhfuil baint acu le cáilíocht mar sin. Tar éis gur ghlac Parlaimint na hEorpa na rialacha nua an tseachtain seo, is é an t‑aon chéim atá fós le déanamh glacadh foirmiúil ag an gComhairle. Táthar ag súil leis go dtarlóidh sé sin roimh dheireadh na bliana.

Leis an treoir cáiliúcháin déantar iarracht a ráthú go ndéanfar measúnú ar na riachtanais chosanta, sa chás go gcuirfidh duine isteach ar chosaint idirnáisiúnta san AE, i gcomhréir le critéir chomónta agus leis sin bronntar íosleibhéal sochar. Féadfaidh teifigh - daoine a bheadh faoi réir géarleanúna de réir na bhforas atá i gCoinbhinsiún na Ginéive, dá bhfillfidís - a bheith ina dtairbhithe den chosaint idirnáisiúnta agus den chosaint coimhdeach - daoine nach gcáilítear mar theifigh ach a mbeadh riosca na díobhála tromchúisí ag bagairt orthu.

Leis na rialacha nua, simpleofar cinnteoireacht i rith nósanna imeachta tearmainn agus beidh cinntí níos láidre mar thoradh orthu ag an gcéad chéim, lena bhfeabhsófar éifeachtúlacht an phróisis tearmainn agus lena gcoiscfear mí-úsáid. Feabhsófar leo freisin rochtain éifeachtach ar chearta lena gcuirtear san áireamh dúshláin chomhtháthaithe ar leith do thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta agus na neascheart agus sochair do theifigh agus do tairbhithe na cosanta coimhdí. Mar fhocal scoir, áirithítear leis na leasuithe comhleanúnachas maidir le Chúirt Breithiúnais na hEorpa agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine atá ag forbairt.

A luaithe a ghlacfar í, ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta laistigh de dhá bhliain tar éis di teacht i bhfeidhm. Is í an treoir sin a bheidh an chéad treoir i bpacáiste de chúig uirlis dlíthiúla atá le glacadh le haghaidh chruthú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CCET) faoi dheireadh 2012, dáta a dheimhnigh an Chomhairle Eorpach i Meitheamh 2011 (féach pointe 30 de EUCO 23/11). Baineann na tograí eile le Rialachán Bhaile Átha Cliath, Rialachán Eurodac, an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha agus an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn.

Is é príomhsprioc an CCET comhchuibhiú breise ar na córais tearmainn náisiúnta agus leibhéil cosanta níos airde d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a thabhairt isteach.

PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA NÁISIÚNTA NA GRÉIGE MAIDIR LE TEARMANN AGUS LE hIMIRCE

Phléigh an Chomhairle cur chun feidhme phlean gníomhaíochta náisiúnta na Gréige maidir le hathchóiriú tearmainn agus bainistiú imirce ar bhonn an tsuímh mar atá a chuir aire na Gréige agus an Coimisiún i láthair. Ba é sin a cúigiú uair a bhí cur chun feidhme phlean gníomhaíochta na Gréige chun an córas náisiúnta maidir le tearmann agus inimirce a athchóiriú ar chlár oibre na Comhairle.

Agus dul chun cinn á tuairisciú, rinne an Ghréig agus an Coimisiún tagairt do roinnt dúshlán a bhí ar chóras tearmainn na Gréige mar thoradh ar theacht leanúnach líon mór inimirceach neamhdhleathach.

Sa chomhthéacs sin, thug gníomhaireacht teorann an AE (Frontex) forbhreathnú ar a cuid feidhmíochtaí sa réimse atá dírithe ar inimirce neamhdhleathach a chomhrac agus rinne oifig Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn an AE (EASO) tuairisc ar a gníomhaíochtaí chun tacaíocht a thabhairt d'údaráis na Gréige.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an nóta faisnéise.

AN COMHAONTÚ AE-SA UM CHOSAINT SONRAÍ

Thug an Chomhairle dá haire cur i láthair ón gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn sna himeachtaí i ndáil le comhaontú AE-SA i dtaca le sonraí pearsanta a chosaint.

I mí na Nollag 2010, ghlac an Chomhairle sainordú caibidlíochta a thug cead don Choimisiún, mar chaibidleoir an AE, plé a chur ar bun leis na SA.

A luaithe a ghlacfar é, clúdófar leis an comhaontú AE-SA sonraí pearsanta a aistrítear agus a phróiseáiltear chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, lena n‑áirítear an sceimhlitheoireacht, maidir le comhar póilíní agus comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla.

Is é an cuspóir atá ag an gcaibidlíocht 'brat'-chomhaontú AE-SA a chruthú le haghaidh sonraí a chosaint, lena mbunófaí roinnt comhphrionsabal um chosaint sonraí maidir le póilíní trasatlantacha agus comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla. Airítear le réimsí ina mbunófaí prionsabail, i measc nithe eile: cosaint neamh-idirdhealaitheach na sonraí pearsanta; cáilíocht sonraí agus nuashonruithe; srian leis an gcuspóir; íoslaghdú sonraí, próiseáil atá slán; logáil nó doiciméadú; ceart rochtana, ceartúchán, scriosadh agus sásamh chomh maithe le ceart cúitimh.

Ní chruthófaí leis an gcomhaontú bunús breise dlí chun sonraí a aistriú, a bheadh fós faoi rialú na gconarthaí ar leith (agus an dlí intíre). Chruthófaí leis, áfach creat ginearálta dlíthiúil chun malartú trasatlantach sonraí a fheabhsú, ní amháin trí roinnt comhphrionsabal um chosaint sonraí a ordú, ach trí shásra éifeachtach maoirseachta a bhunú chomh maith.

AN COMHAONTÚ AE-SA MAIDIR LE PNR

Tar éis cur i láthair ón gCoimisiún, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle ar an dul chun cinn a rinneadh sa chaibidlíocht idir an AE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir leis an gcomhaontú AE‑SA um Thaifid Ainmneacha Paisinéirí (PNR).

I mí na Nollag 2010, ghlac an Chomhairle treoracha caibidlíochta le haghaidh comhaontuithe maidir le taifid ainmneacha paisinéirí (PNR) a aistriú agus a úsáid leis an Astráil, le Ceanada agus le Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cheadaigh sin don Choimisiún, mar chaibidleoir an AE, plé a chur ar bun leis na trí thír seo.

An sprioc atá ag na trí chomhaontú go léir an sceimhlitheoireacht agus foirmeacha eile coireachta trasteorann a chosc agus a chomhrac. Ag an am céanna, tá an AE tiomanta a áirithiú chomh maith go ndéanfar tarchur aon sonraí PNR chuig tríú tíortha ar bhealach slán, a bheidh ag teacht le ceanglais dhlithiúla reatha an AE, agus go mbeidh paisinéirí in ann a gcearta a chur i bhfeidhm maidir lena sonraí a phróiseáil.

Is é atá i gceist le PNR an fhaisnéis a chuireann paisinéirí ar fáil go deonach agus a bhailíonn aeriompróirí le linn na ngnáthamh maidir le cur in áirithe agus seiceáil isteach. Áirítear leis dátaí taistil agus cúrsaí taistil, seoladh, uimhir ghutháin, uimhir do chárta creidmheasa, gníomhaire taistil, uimhir shuíocháin agus faisnéis do bhagáistí.

I mí Bhealtaine 2010, chinn Parlaimint na hEorpa a vóta a chur ar ceal faoin iarratas ar thoiliú maidir leis na comhaontuithe reatha PNR leis na SA agus leis an Astráil. Níl an dá chomhaontú sin curtha i gcrích go fóill mar sin agus tá siad curtha i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó 2007 agus 2008 faoi seach. I rún, d'éiligh an Pharlaimint gur cheart comhaontuithe nua a chaibidil leis na SA agus leis an Astráil chomh maith le Ceanada, a bhfuil comhaontú PNR i bhfeidhm leis ó 2006.

I ndáil le comhaontú AE-an Astráil maidir le PNR ghlac an Chomhairle cinneadh maidir leis an gcomhaontú a shíniú i Meán Fómhair 2011 (10093/11). Síníodh é an 29 Meán Fómhair 2011. Thug Parlaimint na hEorpa a toiliú don chomhaontú an 27 Deireadh Fómhair 2011. An t-aon ní atá fágtha maidir leis an gcomhaontú a chur i bhfeidhm an chomhaontú a chur i gcrích ag an gComhairle agus gach seans go dtarlóidh sin roimh dheireadh na bliana. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an preasráiteas.

CÓRAS EORPACH CHUN MAOINIÚ SCEIMHLITHEOIRÍ A RIANÚ (AE CEMS)

Bhí díospóireacht treoraíochta ag an gComhairle maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún "Córas Eorpach chun maoiniú sceimhlitheoirí a rianú: na roghanna atá ar fáil" a cuireadh síos i mí Iúil 2011 (12957/11).

Tharla an díospóireacht sin i bhfianaise nóta ón Uachtaránacht (14207/11) inar tarraingíodh trí cheist lárnacha aníos:

  • an bhfuil an gá oibríochtúil ann CEMS Eorpach a bhunú agus an bhfuil luach breise i gceist i bhfianaise an tsásra atá ann cheana;

  • más ea, cad iad na saincheisteanna lárnacha atá fós ann ar cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt orthu san obair bhreise ullmhúcháin a bheidh aige;

  • cén tionchar a bheadh ar CEMS na SA agus cén idirghníomhaíocht a bheadh leis sin faoi Chomhaontú AE-SA 2010 maidir le CEMS.

Tar éis idirghabhálacha ó na Ballstáit, ó chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an AE agus ó Europol, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún na ráitis a rinneadh a chur san áireamh maidir le breis oibre ar an gcomhad, lena n-áirítear togra reachtach a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le CEMS Eorpach. Leag na hAirí béim chomh maith ar an gá atá ann measúnú tionchair a dhéanamh ar dtús chun íomhá chuimsitheach a fháil ar na gnéithe praiticiúla, airgeadais agus dlíthiúla CEMS AE a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus an luach breise a bhainfeadh leis sin.

Sa teachtaireacht a sheol sé, cuireann an Coimisiún síos ar na spriocanna a bhaineann le Córas AE chun maoiniú sceimhlitheoirí a rianú (CEMS), aithníonn sé na feidhmeanna lárnacha atá aige agus aibhsíonn sé na prionsabail lárnacha ar cheart iad a urramú agus córas mar sin a dhearadh. Cuireann sé trí rogha dhifriúla i láthair ansin do thogra a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le AE CEMS.

Aibhsíonn an Coimisiún an dá chuspóir lárnacha atá ag córas mar sin: ar an gcéad dul síos, uirlis éifeachtach chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, agus, ina dhiaidh sin sreabhadh sonraí pearsanta chuig tríú tíortha a theorannú.

Freagraíonn an teachtaireacht ón gCoimisiún d'iarraidh ón gComhairle, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, staidéar a dhéanamh ar chreat dlíthiúil agus teicniúil chun sonraí a bhaint maidir le críoch an AE. D'iarr an Pharlaimint staidéar den sórt sin ós rud é gur ábhar imní faoi leith é di bulcaistriú na sonraí pearsanta chuig tríú tíre. Bhí ábhar imní na Parlaiminte dírithe ar shonraí pearsanta daoine aonair soineanta a aistriú chuig tríú tír nó a stóráil i mbulc.

NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍORTHA A LÁNPHÁIRTIÚ

Bhí an Chomhairle sásta leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le clár oibre Eorpach do náisiúnaigh tríú tíortha a lánpháirtiú (13290/11) agus Páipéar Inmheánach Oibre a ghabhann léi ina chuirtear síos ar thionscnaimh an AE sna réimsí éagsúla beartas lena dtugtar tacaíocht do na hiarrachtaí comhtháthaithe seo (13290/11 ADD1) agus bhí an chéad mhalartú tuairimí aici.

Tá sé beartaithe ag an gComhairle conclúidí a ghlacadh maidir leis sin faoi dheireadh na bliana.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an nóta faisnéise.

COMHAR SA RÉIMSE CGB LAISTIGH DE CHOMHPHÁIRTÍOCHT AN OIRTHIR

Bhí díospóireacht treoraíochta ag an gComhairle maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le comhar i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir (14864/11).

Is ina dhá chuid lárnacha atá an teachtaireacht ón gCoimisiún: ceann amháin ina gclúdaítear na prionsabail lárnacha agus na struchtúir reatha don chomhar chomh maith leis na gnéithe a bhaineann le comhordú agus le cúnamh airgeadais; dírítear an ceann eile ar thosaíochtaí téamacha: imirce, soghluaisteacht agus tearmann; bainistíocht chomhtháite teorainneacha; ord poiblí agus sábháilteacht; drugaí mídhleathacha a chomhrac; agus réimse an cheartais agus cearta bunúsacha.

ÍOSPARTAIGH NA COIREACHTA

Bhí díospóireacht treoraíochta ag an gComhairle maidir le saincheisteanna lárnacha áirithe den dréacht-Treoir lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta mar a mhol an Chomhairle i mBealtaine 2011 (10610/11).

Bhí na hAirí ag díriú ar dhá cheist:

  • Bhain an chéad cheist le raon feidhme atá ag cearta áirithe: ceart chun faisnéise (Airteagal 5), ceart i leith seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin (Airteagal 7), agus ceart maidir le haisíoc costas (Airteagal 13). D'aontaigh an chuid is mó de na hAirí leis an gcur chuige a mhol an Uachtaránacht gur cheart na cearta a thugtar sa treoir seo a dheonú i gcomhréir le ról na n-íospartach sa chóras ábhartha ceartais. Sa chomhthéacs sin, chuir roinnt toscaireachtaí in iúl go bhféadfadh raon feidhme róleathan na gceart a thabharfaí d'íospartaigh cur isteach ar imeachtaí agus ualach breise riaracháin a chruthú. Meabhraíodh chomh maith go leagtar síos rialacha íosta leis an Treoir seo. Féadfaidh Ballstáit na cearta a leagtar amach sa Treoir seo a leathnú d'fhonn cosaint níos fearr a chur ar fáil.

  • Bhí an dara ceist ag baint leis na critéir chun íospartaigh shoghonta a aithint (Airteagail 21). Dheimhnigh an Chomhairle gur cheart é a thoimhdiú go bhfuil leanaí i gcónaí soghonta. Thairis sin, áfach, d'aontaigh na hAirí nár cheart go mbeadh liosta táscach d'íospartaigh shoghonta ann i gcuid fheidhmiúil an téacs mar a mhol an Coimisiún. Ba cheart plé leis na híospartaigh eile ar bhonn gach cáis ar leith. Ba cheart go bhfaighidís measúnú aonair agus tráthúil, mar thúsphointe, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta, lena chinneadh an bhfuil siad soghonta (m.sh. íospairt thánaisteach agus athíospairt nó imeaglú) agus na bearta cosanta is gá dóibh. Luadh chomh maith nár cheart go mbeadh éifeacht ag an Treoir ar fhorálacha níos forleithne i ngníomhartha eile an AE ina dtugtar aghaidh ar na riachtanais ar leith atá ag íospartaigh shoghonta ar bhealach níos dírithe (m.sh. an Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine agus an Treoir maidir le teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac).

    Tugadh treoir do chomhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle leanúint ar aghaidh leis an obair ar an gcomhad.

TEACHT I DTÍR GNÉASACH AR LEANAÍ

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoin dul chun cinn sna himeachtaí i ndáil leis an Treoir maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac. Nuair a ghlac Parlaimint na hEorpa an téacs comhréitigh an tseachtain seo (11987/11), an t-aon ní atá le déanamh chun an comhaontú ar an gcéad léamh a chur i gcrích is ea glacadh foirmiúil ón gComhairle. Táthar ag súil go dtarlóidh sin roimh dheireadh na bliana.

Tar éis a glactha, ní amháin go mbunófar leis an Treoir rialacha íosta a bhaineann le cionta coiriúla agus smachtbhannaí, Cuirfidh sé cosc níos daingne ar na coireanna sin chomh maith agus beidh cosaint níos mó do na híospartaigh trí na bearta inter alia a dhéanamh:

  • i gcoinne na turasóireachta gnéis do leanaí a fhógairt agus a eagrú;

  • i gcoinne láithreán gréasáin ina bhfuil pornagrafaíocht leanaí nó ina scaiptear sin; agus

  • i gcoinne sirtheoireachta leanaí chun críocha gnéasacha trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (grúmaeireacht).

    Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an preasráiteas.

DLÍ EORPACH COITEANN DÍOLACHÁIN

Bhí an chéad mhalartú tuairimí ag an gComhairle maidir le togra ón gCoimisiún do Dhlí Eorpach Coiteann Díolacháin (15429/11) agus d'iarr sí ar chomhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle tosú go pras leis an obair ar an gcomhad. Áirítear ar na pointí lárnacha a tarraingíodh anuas sa phlé an bunús dlí, an leibhéal cosanta don tomhaltóir agus an chastacht a bhaineann leis an togra a leabú sna córais dlí náisiúnta éagsúla.

Thabharfadh an Rialachán mar a mhol an Coimisiún é rogha eile do ghnólachtaí agus do thomhaltaí ó thíortha eile seachas gnó a dhéanamh faoi rialacha tíre faoi leith a bhféadfadh an dá pháirtí gan bheith ar an eolas fúthu. D'fhéadfadh an dá pháirtí chonarthacha comhaontú ar an dara sraith eile de rialacha ar fud an AE dá gconarthaí díolacháin trasteorann a bheadh ann ag an am céanna le gach ceann de na 27 ndlí náisiúnta díolacháin.

Is é an cuspóir atá ag an togra fás agus trádáil sa mhargadh inmheánach a fheabhsú a bheadh bunaithe ar shaoirse chonarthach agus an-chosaint don tomhaltóir ar an tuiscint go spreagfaí leis an sraith eile rialacha sin níos mó gnó trasteorann.

Chlúdófaí leis an Dlí eile díolacháin seo conarthaí maidir le hearraí a dhíol agus ábhar digiteach a sholáthar, chomh maith leis na seirbhísí a bhaineann go díreach leis sin. Bheadh sé ar fáil do chonarthaí idir gnólacht agus tomhaltóir chomh maith leis na conarthaí sin idir ghnólachtaí, ar conarthaí iad ina bhfuil páirtí amháin ar a laghad ina fhiontar beag nó meánmhéide (FBM). Tá sé tábhachtach é a aibhsiú gur ghá don dá pháirtí i gconradh trasteorann comhaontú ar na rialacha eile Eorpacha sin a úsáid.

Chlúdófaí leis na rialacha nua an chuid is mó de shaincheisteanna a bhaineann le dlí na gconarthaí a mheastar a bheith ábhartha go praiticiúil le linn saolré conartha trasteorann, lena n‑áirítear cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe agus na réitigh ar neamhchomhlíonadh, dualgais réamhchonarthacha faisnéise, ceart chun tarraingt siar agus na hiarmhairtí a eascraíonn as sin agus léiriú, ábhar agus éifeachtaí an chonartha.

De réir an togra ón gCoimisiún, d'fhéadfaí na rialacha nua a úsáid chomh maith má tá ceann amháin de na páirtithe bunaithe i mBallstát, agus an ceann eile ag teacht as tír lasmuigh den AE. Thairis sin, bheadh an rogha ag ballstát an AE Dlí Coiteann Díolacháin a chur ar fáil do chonarthaí intíre amháin chomh maith.

D'fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach agus aonfhoirmeach a áirithiú, beartaítear leis an togra mar bhearta tacaíochta amach anseo “téarmaí conartha samhlacha Eorpacha” a fhorbairt agus bunachar sonraí na gcinntí ábhartha breithiúnacha a chruthú a mbeidh rochtain ag an bpobal air.

CEART CHUN ROCHTAIN A FHÁIL AR DHLÍODÓIR

Cuireadh in iúl don Chomhairle faoin dul chun cinn sna himeachtaí i ndáil leis an togra reachtach a bhfuil sé d'aidhm aige daoine atá faoi amhras agus cúisithe in imeachtaí coiriúla a sholáthar leis an gceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir agus an ceart chun cumarsáid a dhéanamh, tráth gabhála, leis na húdaráis taidhleoireachta nó le tríú duine, amhail gaol nó fostóir. Thíolaic an Coimisiún an togra sin in Iúil 2011 (11497/11).

Leagadh béim i bpáipéar ón Uachtaránacht ar na pointí lárnacha don phlé amach anseo (15812/11):

  • raon feidhme na Treorach: Cé go bhfuil roinnt Ballstát den tuairim gur cheart go dtabharfaí, leis an gceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir, ceart do dhuine atá faoi amhras nó do chúisí a n‑eascraíonn cabhair iarbhír ó dhlíodóir as, foráiltear i mBallstáit eile do chóras difriúil, sa tslí nach dtugtar le fios le ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir go bhfaighidh an duine atá faoi amhras nó an cúisí cabhair ó dhlíodóir i ngach cás. Sa chéad chás, baineann an fhreagracht chun an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir a fheidhmiú, go páirteach ar a laghad, leis na húdaráis phoiblí (cur chuige ráthaíochta). D'fhéadfaí iarmhairtí maidir le nós imeachta agus le hairgeadas bheith i gceist leis sin. Sa dara cás, cuirtear an fhreagracht ar an duine atá faoi amhras nó ar an gcúisí (cur chuige deise). D'fhéadfadh an cur chuige sin raon feidhme i bhfad níos leithne a cheadú, ina mbeadh an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir ina phrionsabal uileghabhálach chomh maith go luath sna himeachtaí coiriúla, fiú mura bhfeidhmeofar an ceart sin i ngach cás.

  • na cásanna inar cheart ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir a thabhairt: Tá an-bhaint ag an gceist seo le raon feidhme. Dealraítear go bhfuil comhaontú leathan ann gur cheart an ceart sin a thabhairt, ar a laghad, i ngach cás ina bhfuil baint ag duine atá amhras faoi nó cúisí le himeachtaí coiriúla os comhair na cúirte agus inar gabhadh é. Tá cásanna eile fós á bplé, amhail má iarrtar ar dhuine é féin a chur i láthair go deonach ag stáisiún na bpóilíní le haghaidh ceisteanna, má stoptar duine ar an tsráid agus má iarrtar air ceisteanna a fhreagairt ó na húdaráis imscrúdaithe nó "gníomhartha nós imeachta nó bailithe fianaise".

  • saincheist na réiteach: Molann an Coimisiún nach féidir ráitis nó fianaise a úsáid, ar fianaise í a fhaightear agus an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir á shárú, ag aon chéim den nós imeachta mar fhianaise i gcoinne an duine lena mbaineann, agus coimeádtar an rogha sa chás nach dochar cearta na cosanta d'úsáid fianaise den sórt sin. Ní féidir leis an gcuid is mó de na Ballstáit glacadh leis sin agus bhí siad an-soiléir nár cheart treoracha a thabhairt do bhreithiúna. Déanann siad an argóint gur cheart do chúirt a mbeadh dlínse aici i gcúrsaí coiriúla féachaint ar an luach a bheadh le bronnadh ar na ráitis sin.

    Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an nóta faisnéise.

DÉILEÁIL CHOS ISTIGH AGUS CHÚBLÁIL MHARGAIDH

    Thug an Chomhairle dá haire togra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach maidir le smachtbhannaí coiriúla don déileáil chos istigh agus don chúbláil mhargaidh (16000/11) a tíolacadh an 21 Deireadh Fómhair 2011 taobh le Rialachán maidir le déileáil chos istigh agus don chúbláil mhargaidh, dá dtagraítear go comhpháirteach mar dhrochúsáid mhargaidh (16010/11).

    Tá an dréacht-treoir beartaithe leis an Rialachán a chomhlánú trí rialacha íosta a bhunú do smachtbhannaí coiriúla le haghaidh na gcionta is tromchúisí maidir le drochúsáid mhargaidh, eadhon, déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh. Chruthódh sé sin oibleagáid do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an t-iompar sin inphionóis mar chion coiriúil.

    De réir na rialacha atá beartaithe, bheadh gríosadh, rannpháirteachas i gcoireacht chomh maith le hiarracht aon cheann de na cionta a leagtar síos sa treoir ina chion coiriúil ar fud an AE. Moltar sa dréacht-Treoir, ar deireadh thiar thall, ní amháin go bhfuil daoine nádúrtha faoi dhliteanas na gcionta sin ach daoine dlítheanacha chomh maith.

AN COISTE MEASCTHA

Agus seisiún na Comhairle ar siúl, phléigh an Coiste Measctha (an AE agus an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Eilvéis) na hábhair seo a leanas:

VIS

Cuireadh an Coiste ar an eolas maidir le seoladh an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS). Tháinig an córas i bhfeidhm an 11 Deireadh Fómhair 2011 i gconsalachtaí na mBallstát sa réigiún ina bhfuil sé á chur i bhfeidhm ar dtús (Tuaisceart na hAfraice). Ní mór leas a bhaint as tráth nach déanaí ná 20 lá tar éis an dáta sin chun rialú a dhéanamh ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha.

I gcaitheamh an chéad deich lá ina raibh an córas i bhfeidhm (11 Deireadh Fómhair ‑ 20 Deireadh Fómhair 2011), próiseáladh os cionn 40,000
iarratas ar víosa leis an VIS.

Agus tús á chur leis an VIS, chuir an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, i gcomhar leis na Ballstáit, feachtas faisnéise ar bun.

SIS II

Chaith an Coiste súil freisin ar chur chun feidhme Chóras Faisnéise Schengen II (SIS II), tar éis cur i láthair ón gCoimisiún. Sa sceideal domhanda a thíolaic an Coimisiún ag cruinniú na Comhairle i mí Dheireadh Fómhair 2010, foráiltear go dtiocfaidh SIS II i bhfeidhm faoin gcéad trí mhí de 2013.

Trácht teorann áitiúil i limistéar Kaliningrad

D'ullmhaigh an coiste an comhaontú faoi chur chuige ginearálta maidir leis an moladh rialacha an AE i ndáil le trácht teorann áitiúil (LBT) i limistéar Kaliningrad (13344/11) a leasú mar atá sonraithe i mír ar leith thuas.

Teorainneacha cliste

Phléigh an coiste an teachtaireacht is déanaí ón gCoimisiún maidir le teorainneacha cliste (16049/11). Iarrtar ar chomhlachtaíábhartha na Comhairle an teachtaireacht a scrúdú tuilleadh. Thug an Coimisiún le fios go mb'fhéidir go gcuirfeadh sé tograí reachtacha ar aghaidh maidir leis na príomhghnéithe den teachtaireacht, i.e. Córas Isteach/Amach ag teorainneacha an AE (EES) agus córas ina mbeadh Clár do Thaistealaithe Cláraithe AE (RTP).

Bhí ceithre shaincheist á bplé ag na toscaireachtaí, den chuid is mó: ar cheart an dá chóras a bhainistiú go lárnach nó go forimeallach; an cheist faoi shonraí a stóráil; ar cheart go n‑áireofaí leis na córais sonraí bithmhéadracha in éineacht le sonraí alfa‑uimhriúla agus más ceart, cathain?; na ceisteanna faoi na costais a bhaineann leis na córais a chur ar bun agus a reáchtáil.

Maidir leis an EES, dá gcuirfí i bhfeidhm é, chuirfí sonraí beachta ar fáil don AE maidir leis na sreabha taistil isteach agus amach as limistéar Schengen ag gach cuid de na teorainneacha seachtracha agus chuirfí sonraí beachta ar fáil maidir le 'daoine a fhanann thar téarma', i.e. náisiúnaigh ó thríú tíortha a fhanann i limistéar Schengen níos sia ná mar a cheadaítear lena víosa. D'fhéadfaí freisin meastóireacht fianaise-bhunaithe a dhéanamh ar bhearta léirscaoilte víosaí, ar chomhaontuithe éascaithe víosaí agus ar threochláir maidir le tionscnaimh dá leithéid a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo. I gcomhar leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS), chuideodh an EES lena éifeachtaí is atá na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an AE aghaidh a thabhairt ar an imirce fholaitheach agus cur le líon na ndaoine a sheoltar ar ais. D'fhéadfadh an EES leas a bhaint as an ardán teicniúil céanna is atá á úsáid ag Córas Faisnéise Schengen (SIS II) agus ag an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS).

Is córas sonrach é an RTP do thaistealaithe 'bona fide' nach náisiúnaigh de chuid an AE iad a bhféadfaí stádas 'Taistealaí Cláraithe' a dheonú dóibh. Bhainfí amach an stádas sin ar bhonn deonach trí nósanna imeachta réamhscagtha ag consalacht nó ag ionad coiteann um iarratais ar víosaí a bheidh ann amach anseo, bunaithe ar chomhchritéir ghrinnfhiosrúcháin. D'fhéadfadh taistealaithe bona fide agus náisiúnaigh de chuid an AE a bhfuil ríomhphasanna acu tairbhe a bhaint as uathsheiceálacha ag an teorann trí gheataí uathoibríocha a léifeadh na sonraí bithmhéadracha atá sna doiciméid taistil nó atá stóráilte ar bhunachar sonraí agus iad a chur i gcomparáid le bithmhéadracht an taistealaí. Táthar ag súil go gcuirfidh sé dlús le trasnú teorann i gcás 4-5 milliún taistealaí in aghaidh na bliana1. Bunaithe ar an taithí atá ag roinnt ballstát, is féidir an méid ama a thógann sé teorann a thrasnú ar an meán a laghdú ó 1-2 nóiméad, mar atá faoi láthair, go dtí faoi bhun 30 soicind.

Mhol an Chomhairle, cúpla uair, na bearta sin a chur ar bun e.g. ina conclúidí maidir le bainistiú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an AE a glacadh i mí an Mheithimh 2008 (9873/08) agus ina conclúidí maidir leis an 29 mbeart chun cosaint na dteorainneacha seachtracha a threisiú agus chun an inimirce neamhdhleathach a chomhrac, a glacadh i mí Feabhra 2010 (6435/3/10).

Aon Ghnó Eile

Faoi aon ghnó eile, chaith na toscaireachtaí súil ar cheithre phointe faisnéise:

Bhain an chéad cheann le grúpaí coireachta taistil. I mí na Nollag 2010, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an gcomhrac i gcoinne coireanna a rinne grúpaí coireachta taistil (15875/10). I mí an Mheithimh 2011, tugadh aghaidh arís ar an bhfadhb sna conclúidí ón gComhairle maidir le tosaíochtaí an AE a leagan síos don chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe idir 2011 agus 2013 (11050/11).

Ba í an dara saincheist a bhí á plé acu go bhféadfadh an Rúis ceanglas a chur ar chriúnna aerárthach ó roinnt ballstát san AE víosaí a bheith acu agus iad ag eitilt go críoch na Rúise. Táthar ag súil go réiteofar an cheist sin faoi chuimsiú na gcaibidlíochtaí maidir le leasuithe ar an gcomhaontú éascaithe víosaí idir an AE agus an Rúis.

Faoin tríú pointe, cuireadh in iúl don Chomhairle an toradh a bhí ar Fhóram Airí an AE-na mBalcán Thiar a tionóladh in Ohrid an 3-4 Deireadh Fómhair 2011 agus ar Chomhairle um Bhuan‑Chomhpháirtíocht Airí an AE-na Rúise a tionóladh i Vársá an 10‑11 Deireadh Fómhair 2011.

Thagair Lichtinstéin, ar deireadh, don chinneadh atá ar feitheamh ón gComhairle maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán maidir leis an tír sin.

ÍTIMÍ EILE AFORMHEASADH

CEARTAS AGUS GNÓTHAÍ BAILE

"Cinneadh réime na Sualainne" - Conclúidí

- Glacadh na gconclúidí

Ghlac an Chomhairle conclúidí (15277/11) maidir le cur chun feidhme Chinneadh Réime 2006/9601 maidir leis an malartú eolais agus faisnéise a shimpliú idir údaráis um fhorghníomhaithe dlí de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ("cinneadh réime na Sualainne" mar a thugtar air).

Is é is aidhm don ghníomh reachtach sin cuidiú leis an gcoireacht a bhrath, a chosc nó a imscrúdú, chun an fhreagairt a thabhairt atá riachtanach chun déileáil le bagairtí a bhaineann le coirpigh a fheidhmíonn thar limistéar atá gan teorainneacha inmheánacha.

- Tuarascáil

Thacaigh an Chomhairle leis an tuarascáil maidir le forálacha "chinneadh réime na Sualainne" a bheith á gcomhlíonadh ag na Ballstáit (15278/11). Bhí sé mar cheanglas ar an gCoimisiún an measúnú sin a thíolacadh don Chomhairle roimh an 19 Nollaig 2011.

Rinne beagnach dhá thrian de na Ballstáit an cinneadh réime a thrasuí ina reachtaíocht faoin 31 Nollaig 2010, mar a fhoráiltear sa chinneadh; na Ballstáit sin nach bhfuil an spriocdháta maidir leis an trasuíomh bainte amach acu go fóill, thug siad le fios gurb é an príomhchúis a bhí leis sin ná nach raibh a nósanna imeachta parlaiminte tugtha chun críche fós acu.

Malartú uathoibríoch sonraí - an Laitvia

Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le seoladh malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Laitvia (14526/11). Baineadh mar thátal as an nós imeachta meastóireachta a éilítear le Cinneadh 2008/616/JHA ón gComhairle (IO L 210, 6.8.2008) go ndearna an Laitvia na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí a chur chun feidhme go hiomlán agus go raibh an tír i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus sholáthar ón lá a dtiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm, chun cionta coiriúla a chosc agus a imscrúdú.

Comhpháirtíocht Soghluaisteachta AE-an Airméin - Dearbhú

Thug an Chomhairle dá haire an dearbhú comhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus an Airméin maidir le comhpháirtíocht soghluaisteachta (14963/11 ADD 1). Is é is aidhm don chomhpháirtíocht soghluaisteachta gluaiseacht daoine a éascú idir an Airméin agus an AE, agus ag an am céanna a áirithiú go ndéantar na sreabha imirce a bhainistiú ar bhealach níos fearr faoi chuimsiú chur chun feidhme an Chur Chuige Dhomhanda i leith na hImirce.

Go dtí seo, síníodh Comhpháirtíochtaí Soghluaisteachta le Rinn Verde, leis an Moldóiv agus leis an tSeoirsia.

Féach freisin: Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hImirce Ciorclach agus Comhpháirtíochtaí Soghluaisteachta (9776/07)

Comóradh 60 bliain an Choinbhinsiúin i dtaobh Stádas Dídeanaithe - Dearbhú

Thacaigh an Chomhairle leis an dearbhú ón Aontas Eorpach (15358/11) chuig cruinniú, ar leibhéal na n‑airí, de chuid bhallstát uile na Náisiún Aontaithe, a reachtálfar an 7-8 Nollaig 2011 sa Ghinéiv. Is comóradh 60 bliain ar Choinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe é an dearbhú sin.

Tuarascáil Eurojust

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ó Chomhchomhlacht Maoirseachta Eurojust ar ghníomhaíochtaí don bhliain 2020 (15603/11) agus chuir sí ar aghaidh í chuig Parlaimint na hEorpa le haghaidh faisnéise, mar a éilítear leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Eurojust1.

Gréasán don chomhar reachtach

Ghlac an Chomhairle an tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an rúin lena mbunaítear gréasán do chomhar reachtach idir aireachtaí ceartais an Aontais Eorpaigh (15729/11, http://legicoop.eu). Is é cuspóir an ghréasáin tuiscint níos fearr ar rialacha Ballstát eile a chur chun cinn, agus feabhas á chur ar mhuinín fhrithpháirteach ar an gcaoi sin agus cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun cinn.

Glacadh an rún an 28 Samhain 20082 agus éilítear leis go ndéanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an rúin trí bliana tar éis an dáta a nglacfar é ar a dhéanaí.

Oiliúint bhreithiúnach Eorpach – Conclúidí

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hoiliúint bhreithiúnach Eorpach (15690/11), ar bhonn na teachtaireachta a tháinig ón gCoimisiún le déanaí "Gné nua san oiliúint bhreithiúnach Eorpach" (HREF="http://register.consilium.europa.eu/pdf/en/11/st14/st14196.en11.pdf" MACROBUTTON HtmlResAnchor 14196/11).

Tá oiliúint bhreithiúnach maidir le saincheisteanna trasteorann agus Eorpacha ríthábhachtach, mar go gcuirtear feabhas ar mhuinín fhrithpháirteach idir Ballstáit, cleachtóirí agus saoránaigh leis an oiliúint sin. Tá sé mar chuspóir ag an AE cur ar chumas leath na gcleachtóirí dlí san AE páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oiliúna breithiúnaí Eorpaí faoi 2020.

GNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHA AGUS AIRGEADAIS

Iompar trasteorann airgid thirim in euro*

Ghlac an Chomhairle rialachán lena ndírítear ar iompar trasteorann airgid thirim in euro de bhóthar a éascú idir Bhallstáit sa limistéar euro, tar éis di teacht at chomhaontú le Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh (18/11 + 15366/11 ADD 1).

Leis an rialachán nua foráiltear do choinníollacha a ceapadh chun go ráthófar slándáil an idirbhirt, sábháilteacht na foirne slándála iompair airgid (CIT) a bheidh rannpháirteach agus sábháilteacht an phobail, agus saorghluaiseacht airgid thirim in euro. Áirítear leis sin an oibleagáid atá ar chuideachtaí ar mian leo airgead tirim in euro a iompar trasna teorainneacha de bhóthar iarratas a dhéanamh ar cheadúnas trasteorann (CIT) leis an údarás deonúcháin ina mBallstáit tionscnaimh.

BUISÉID

Idir-Réiteach maidir le buiséad 2012 an AE

Dhearbhaigh an Chomhairle nach raibh sí in ann na leasuithe go léir a rinne Parlaimint na hEorpa maidir le buiséad 2012 an AE a ghlacadh. Ciallaíonn sin go gcuirfear tús le tréimhse idir-réitigh a mhairfidh trí seachtaine an 1 Samhain, lena ndíreofar ar an mbearna a laghdú idir seasaimh éagsúla atá ag Pharlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

Féach 16017/11 le haghaidh sonraí.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

D'fhormheas an Chomhairle an leasú ó Pharlaimint na hEorpa lena ndiúltaítear modhnú a dhéanamh ar phlean bunaíochta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí in 2011, a bhí molta ag an gCoimisiún i ndréachtbhuiséad leasaitheach 5 do 20111.

GNÓTHAÍ EACHTRACHA

Bearta sriantacha - Burma/Maenmar

Mhodhnaigh an Chomhairle Rialachán 2008/194 maidir le bearta sriantacha i ndáil le Burma/Maenmar. Cuirtear cinntí polaitiúla a rinne an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an 12 Aibreán 2011 chun feidhme leis na hathruithe. Féach preaseisiúint 8741/11 chun faisnéis a fháil.

Bearta sriantacha - Poblacht na Guine

Leathnaigh an Chomhairle na bearta sriantacha in aghaidh Phoblacht na Guine go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2012.

Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv

Rinne an Chomhairle na bearta sriantacha (Cinneadh 2010/603/CFSP agus Cinneadh 2010/145/CFSP) atá ceaptha chun tacú le cur chun feidhme shainordú an Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (ICTY) a aisghairm. Ó athraíodh Goran Hadzic, an duine deireanach a bhí díotáilte ag an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv agus a bhí fós saor, go cúram an Bhinse Choiriúil Idirnáisúnta don iar-Iúgslaiv an 22 Iúil 2011, rinne an Chomhairle na bearta a aisghairm.

Caidrimh leis an Úisbéiceastáin

Ghlac an Chomhairle seasamh an Aontais Eorpaigh don 10ú cruinniú de chuid na Comhairle um Chomhar an AE-Úisbéiceastáin, a thionólfar sa Bhruiséil an 14 Samhain 2011.

GNÓTHAÍ GINEARÁLTA

An Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise a bhainistiú

Ghlac an Chomhairle na conclúidí maidir le tuarascáil speisialta na Cúirte Iniúchóirí Uimh 2/2011 "Obair leantach i dtaca le tuarascáil speisialta Uimh. 1/2005 maidir leis an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) a bhainistiú", a leagtar amach in 15274/11. Cuirtear fáilte sna conclúidí roimh na bearta atá déanta ag OLAF chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht a oibríochtaí, ach is oth leis an gComhairle go bhfuil meánfhad na n‑oibríochtaí fós rófhada. Tá an mhoill sin mar thoradh ar dhul chun cinn teoranta maidir le feabhas a chur ar phleanáil na n‑imscrúduithe agus ar mhaoirseacht ar na himscrúduithe. Iarrtar ar an OLAF sna conclúidí dlús a chur lena iarrachtaí d'fhonn a chuid pleanála a fheabhsú agus d'fhonn úsáid a chuid acmhainní agus a chuid uirlisí a bharrfheabhsú.

COMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA

Cleachtadh 2011 an AE maidir le bainistiú géarchéime

D'fhormheas an Chomhairle dáta nua do chleachtadh 2011 an AE maidir le bainistiú géarchéime, a bheidh ar siúl ón 18 Samhain go dtí an 6 Nollaig 2011.

BEARTAS TRÁDÁLA

Ítimí dé-úsáide a rialú: údaruithe nua ginearálta onnmhairithe*

Ghlac an Chomhairle Rialachán lena mbunaítear údaruithe nua ginearálta onnmhairithe faoi chóras an AE chun onnmhairithe ítimí dé-úsáide a rialú (38/11 agus 15364/11 ADD1).

Leis an Rialachán nua, leasaítear agus forlíontar Rialachán 428/2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, broicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú lena n‑éilítear go ndéanfar ítimí dé-úsáide a rialú i gcás onnmhairiú ón Aontas nó idirthurais tríd an Aontas1. Ceaptar na rialuithe sin ar bhealach ina gcuirfear cosc ar iomadú na n-arm ollscriosta go háirithe. Comhlíontar leo na cuspóirí a leagtar síos le rún 1540 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (2004).

Féachtar leis na rialacha nua rialuithe a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach agus comhsheasmhach ar fud an Aontais chun a áirithiú go dtabharfaí an deis chéanna d'onnmhaireoirí an AE. Comhchuibhítear leo raon feidhme na n‑údaruithe ginearálta onnmhairithe agus coinníollacha a n‑úsáide agus áirithítear leo éifeachtacht na rialuithe slándála.

Glacadh an Rialachán tar éis comhaontaithe ar an gcéad léamh le Parlaimint na hEorpa, a vótáil an 27 Meán Fómhair 2011 (14777/11).

Coigeartuithe ar chomhaontuithe trádála leis an Astráil, leis an Nua Shéalainn agus leis an Airgintín

Ghlac an Chomhairle trí chinneadh lenar tugadh comhaontuithe chun críche idir an AE ar thaobh amháin agus an Astráil, an Nua Shéalainn agus an Airgintín ar an taobh eile maidir le lamháltais trádála a mhodhnú i sceidil na Bulgáire agus na Rómáine tar éis a n-aontachas leis an Aontas Eorpach (6603/11 + 6536/11 + 6609/11).

Comhaontú Saorthrádála - an AE agus an Chóiré Theas

Ghlac an Chomhairle seasamh an AE a ghlacfar sa choiste trádála a bunaíodh leis an gcomhaontú saorthrádála idir an Aontas Eorpach agus an Chóiré Theas maidir le rialacha nósanna imeachta an choiste sin agus le liosta a bhunú ar a mbeadh 15 duine aonair a fhreastalóidh mar eadránaithe (14893/11).

COMHSHAOL

Lastais dramhaíle

Chinn an Chomhairle gan cur i gcoinne ghlacadh an Rialacháin ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán 1013/2006 ón gComhairle1 maidir le lastais dramhaíle chun dramhaíl neamhrangaithe a chur in Iarscríbhinn IIIB a ghabhann leis an rialachán (14391/11).

Bunaítear le Rialachán 1013/2006 nósanna imeachta agus córais rialaithe chun dramhaíl a sheoladh, ag brath ar thionscnamh agus ar cheann scríbe an lastais agus ar an mbealach a rachaidh sé, ar chineál an lastais a sheolfar agus ar an gcineál cóireála a chuirfear i bhfeidhm ar an lastas nuair a bhainfear ceann scríbe amach.

Tá an Rialachán ón gCoimisiúin faoi réir an "nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú" mar a thugtar air. Ciallaíonn sé sin, anois go bhfuil a toiliú tugtha ag an gComhairle, go bhféadfaidh an Coimisiún an Rialachán sin a ghlacadh mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agóid ina gcoinne.

1 :

Ar an mbun go gcuirfeadh ar a laghad 20% de na daoine uile a n‑eisítear víosa dul isteach iolrach dóibh- tuairim is 10 milliún duine in aghaidh na bliana - isteach ar stádas an taistealaí cláraithe, agus go gcuirfeadh líon coibhéiseach daoine nach gá dóibh víosa a bheith acu isteach air freisin.

1 :

OJ L 386, 29.12.2006.

1 :

IO L 63, 6.3.02.

2 :

IO C 326, 20.12.2008.

1 :

Vótáil an toscaireacht UK ina choinne.

1 :

IO L 134, 29.5.2009, lch. 1.

Is ítimí sibhialta iad ítimí dé-úsáide a fhéadfar a úsáid chun críocha míleata, lena n-áirítear bogearraí agus teicneolaíocht.

1 :

IO L 190, 12.7.2006.


Side Bar