Navigation path

Left navigation

Additional tools

An Coimisiún Eorpach - Press release

Státchabhair: Thug Éire suas le €13 billiún de shochair chánach neamhdhleathacha do Apple

Brussels, an 30 Lúnasa 2016

Tá sé déanta amach ag an gCoimisiún Eorpach gur thug Éire suas le €13 billiún de shochair chánach mhíchuí do Apple. Tá sé sin mídhleathach faoi rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair mar lig sé do Apple i bhfad níos lú cánach a íoc ná mar a bhí á híoc ag gnólachtaí eile. Ní mór d'Éirinn an chabhair mhídhleathach sin a aisghabháil.

Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Coimisinéir a bhfuil an beartas maidir le hiomaíocht de chúram uirthi: "Ní féidir le Ballstáit sochair chánach a thabhairt do ghnólachtaí roghnaithe – tá sé sin mídhleathach faoi rialacha an Aontais maidir le státchabhair. Thángthas ar an gconclúid in imscrúdú an Choimisiúin gur thug Éire sochair chánach mhídhleathacha do Apple, rud a lig dó i bhfad níos lú cánach a íoc i gcaitheamh na mblianta ná mar a bhí á híoc ag gnólachtaí eile. Go deimhin, d'fhág an chóireáil roghnaitheach seo gurb é 1% an fíor-ráta de cháin chorparáide a bhí a íoc ag Apple ar a bhrabús Eorpach in 2003, figiúr a thit go 0.005% in 2014."

Tar éis dó grinn‑imscrúdú státchabhrach a dhéanamh a seoladh i Meitheamh 2014, tá cinneadh déanta anois ag an gCoimisiún Eorpach gur laghaidh dhá rialú cánach a d'eisigh Éire i leith Apple an cháin a d'íoc Apple in Éirinn go mór agus go saorga ó 1991 i leith. Leis an dá rialú sin, ceadaíodh modh chun brabús incháinithe a bhunú do dhá ghnólacht chorpraithe Éireannacha de chuid ghrúpa Apple (Apple Sales International agus Apple Operations Europe), nach raibh ag freagairt don fhíorshaol eacnamaíoch: rinneadh an brabús ar fad, geall leis, a rinne an dá ghnólacht sin a chur i leith 'ceannoifig' go hinmheánach. Léirigh measúnú an Choimisiúin nárbh ann do na "ceannoifigí" sin ach ar pháipéar agus nach bhféadfadh brabús den sórt sin a bheith déanta acu. Ní raibh an brabús a leithdháileadh na "gceannoifigí" faoi réir cánach in aon tír faoi fhorálacha sonracha dhlí cánach na hÉirinn, forálacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh. Mar thoradh ar an modh leithdháilte a ceadaíodh sna rialuithe cánach, níor íoc Apple ach fíor‑ráta cánach corparáide 1% ar bhrabús Apple Sales International in 2003, figiúr a thit go 0.005% in 2014.  

Tá an chóireáil cánach roghnaitheach sin a tugadh do Apple in Éirinn mídhleathach faoi rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair óir thug sé buntáiste mór do Apple ar ghnólachtaí eile atá faoi réir rialacha cánach na hÉireann. Is féidir leis an gCoimisiún ordú a dhéanamh an státchabhair neamhdhleathach a aisghabháil i ndáil leis an tréimhse 10 mbliana roimh an gcéad iarratas ar fhaisnéis a rinne an Coimisiún in 2013. Ní mór d'Éirinn an cháin nár íoc Apple in Éirinn le linn na tréimhse 2003–2014 a aisghabháil, sin suas le €13 billiún, maille le hús.

I bhfírinne, lig an chóireáil cánach in Éirinn do Apple cáin a sheachaint ar an mbrabús ar fad, nach mór, a rinneadh as díolacháin earraí Apple i Margadh Aonair iomlán an Aontais Eorpaigh. Is é is cúis leis sin cinneadh Apple gach díolachán a thaifeadadh in Éirinn seachas sna tíortha inar díoladh na táirgí. Ní thagann an struchtúr sin, áfach, faoi rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair. Dá n‑éileodh tíortha eile ar Apple níos mó cánach a íoc ar bhrabús an dá ghnólacht i gcaitheamh na tréimhse céanna faoi na rialacha náisiúnta cánachais atá acu féin, laghdófaí an méid a bheadh le haisghabháil ag Éirinn.

Struchtúr cánach Apple san Eoraip

Is dhá ghnólacht chorpraithe Éireannacha iad Apple Sales International agus Apple Operations Europe atá faoi úinéireacht iomlán ag grúpa Apple, agus atá á stiúradh i ndeireadh thiar ag an máthairghnólacht i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Apple Inc. Is ina seilbh siúd atá na cearta maoin intleachtúil Apple a úsáid chun táirgí Apple a dhíol agus a mhonarú lasmuigh de Mheiriceá Thuaidh agus de Mheiriceá Theas, cearta atá acu de bharr comhaontú a rinneadh le Apple Inc. den saghas a dtugtar 'comhaontú roinnte costas' air. Faoin gcomhaontú sin, déanann Apple Sales International agus Apple Operations Europe íocaíochtaí bliantúla le Apple sna Stáit Aontaithe, chun taighde agus forbairt a mhaoiniú thar ceann na ngnólachtaí Éireannacha sna Stáit Aontaithe. Thart ar US$ 2 billiún a bhí sna híocaíochtaí sin in 2011 agus tháinig méadú nach beag orthu in 2014. Baineadh úsáid as na speansais sin, ar íoc Apple Sales International a bhformhór, chun níos mó ná leathchuid de thaighde ghrúpa Apple a mhaoiniú sna Stáit Aontaithe chun a chuid maoine intleachtúla a fhorbairt ar fud an domhain. Asbhaintear na speansais sin den bhrabús a chuireann Apple Sales International agus Apple Operations Europe ar taifead in Éirinn gach bliain, i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm.

Bhí brabús incháinithe Apple Sales International agus Apple Operations Europe á shocrú de réir rialú cánach a thug Éire isteach i 1991, agus ansin de réir rialú eile cánach den saghas céanna a tugadh isteach in 2007 agus a cuireadh in ionad rialú 1991. Cuireadh deireadh leis an rialú cánach sin nuair a d'athraigh Apple Sales International agus Apple Operations Europe na struchtúir a bhí acu in 2015.

Apple Sales International

Is é atá de chúram ar Apple Sales International táirgí Apple a cheannach ó mhonaróirí trealaimh as gach cearn den domhan agus na táirgí sin a dhíol san Eoraip (agus sa Mheán Oirthear, san Afraic agus san India). Chuir Apple a chuid oibríochtaí díolacháin ar bun san Eoraip ar bhealach a d'fhág go raibh custaiméirí, ó thaobh an chonartha de, ag ceannach táirgí ó Apple Sales International in Éirinn seachas ó na siopaí a dhíol na táirgí iad féin. Ar an mbealach sin, rinne Apple gach díolachán, agus an brabús a tháinig as na díolacháin sin, a thaifeadadh go díreach in Éirinn.

Bhain an dá rialú cánach a d'eisigh Éire le leithdháileadh inmheánach an bhrabúis sin laistigh de Apple Sales International (seachas leis an leagan amach ginearálta atá ar oibríochtaí díolacháin Apple san Eoraip). Go sonrach, cheadaigh an dá rialú an brabús a dheighilt chun críocha cánach in Éirinn: Faoin modh a comhaontaíodh, rinneadh formhór an bhrabúis a aistriú as Éirinn trína leithdháileadh ar "cheannoifig" laistigh de Apple Sales International. Ní raibh an "cheannoifig" seo bunaithe in aon tír agus ní raibh aon fhostaí ná áitreabh dá chuid féin aici. Ní raibh de ghníomhaíochtaí ar siúl aici ach cruinnithe boird a thionóladh anois agus arís. Ní dhearnadh ach méid fíorbheag de bhrabús Apple Sales International a leithdháileadh ar chraobh Éireannach na gnólachta agus níor gearradh cáin in Éirinn ach ar an méid sin. Rinneadh formhór mór an bhrabúis a bhí fágtha a leithdháileadh ar an "gceannoifig", agus níor gearradh aon cháin air ansin.

Dá bhrí sin, ní dhearnadh cáin a ghearradh in Éirinn ach ar chéatadán beag de bhrabús Apple Sales International, agus níor gearradh cáin ar an gcuid eile aon áit. In 2011, mar shampla (de réir figiúirí a eisíodh ag éisteachtaí poiblí i Seanad SAM), ba US$ 22 billiún (c. €16 billiún[1]) an brabús taifeadta a rinne Apple Sales International, ach faoi théarmaí an rialaithe cánach níor measadh ach thart ar €50 milliún a bheith incháinithe in Éirinn, rud a d'fhág brabús €15.95 billiún nár gearradh cáin air. Mar thoradh air sin, is lú ná €10 milliún an cháin chorparáide a d'íoc Apple Sales International in Éirinn in 2011 – fíor-ráta cánach thart ar 0.05% ar a bhrabús bliantúil foriomlán. Sna blianta ina dhiaidh sin, lean brabús taifeadta Apple Sales International de bheith ag méadú ach níor mhéadaigh an brabús a measadh a bheith incháinithe in Éirinn faoi théarmaí an rialaithe cánach. Dá bhrí sin, tháinig laghdú breise ar an bhfíor-ráta cánach sin go dtí nach raibh ann in 2014 ach 0.005%.

 

Apple Operations Europe

Bunaithe ar an dá rialú cánach céanna a eisíodh i 1991 agus in 2007 faoi seach, bhain Apple Operations Europe leas as socrú cánach den chineál céanna i gcaitheamh na tréimhse céanna. Bhí an ghnólacht sin freagrach as sraitheanna áirithe ríomhairí a mhonarú do ghrúpa Apple. Rinneadh formhór an bhrabúis ón ngnólacht sin a leithdháileadh go hinmheánach ar a "ceannoifig" freisin agus níor gearradh cáin air in aon áit.

Measúnú an Choimisiúin

Tá rialuithe cánach lándleathach iontu féin. Is litreacha suaimhnis iad a eisíonn údaráis chánach chun soiléire a thabhairt do ghnólacht maidir le conas a ríomhfar a cáin chorparáide nó maidir le húsáid forálacha cánach ar leith.

Is é an ról atá ag an rialú a dhéanann an tAontas Eorpach ar státchabhair féachaint chuige nach dtabharfar, trí bhíthin rialuithe cánach ná ar dhóigh ar bith eile, cóireáil cánach do ghnólachtaí roghnaithe atá níos fearr ná an chóireáil a thugtar do ghnólachtaí eile. Le bheith níos sonraí, ní mór brabús a leithdháileadh idir gnólachtaí i ngrúpa corparáideach agus idir codanna éagsúla den aon ghnólacht amháin i gcaoi atá i gcomhréir leis an bhfíorshaol eacnamaíoch. Ciallaíonn sin gur ceart an leithdháileadh a dhéanamh i gcomhréir leis na socruithe a dhéantar faoi chúinsí tráchtála idir cuideachtaí neamhspleácha (an prionsabal ar a dtugtar "prionsabal na neamhthuilleamaíochta").

Go háirithe, bhain imscrúdú an Choimisiúin ar státchabhair le dhá rialú cánach a d'eisigh Éire ceann i ndiaidh a chéile, lenar ceadaíodh modh chun brabús a leithdháileadh go hinmheánach laistigh de Apple Sales International agus Apple Operations Europe, dhá ghnólacht chorpraithe de chuid na hÉireann. Breithníodh, mar chuid den imscrúdú, an cheist ar thug an modh sin ar tugadh cead é a úsáid le brabús incháinithe an dá chomhlachta in Éirinn a ríomh, ar thug sé buntáiste míchuí do Apple, buntáiste atá neamhdhleathach de réir rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh.

Tá sé léirithe ag imscrúdú an Choimisiúin gur cheadaigh na rialuithe cánach a d'eisigh Éire leithdháileadh inmhéanach brabúis laistigh de Apple Sales International agus Apple Operations Europe, rud nach bhfuil aon údar leis ó thaobh na bhfíricí ná ó thaobh na heacnamaíochta. De thoradh na rialuithe cánach sin, leithdháileadh formhór bhrabús Apple Sales International ar a 'cheannoifig' cé nach raibh aon acmhainn oibriúcháin ag an oifig sin gnó dáileacháin a láimhseáil agus a bhainistiú, ná aon ghnó substainteach a dhéanamh ach a oiread leis sin. Is ag an gcraobh Éireannach de Apple Sales International amháin a bhí sé d'acmhainn ioncam a ghiniúint as trádáil, i.e. as dáileadh tháirgí Apple. Dá bhrí sin, ba cheart brabús Apple Sales International a chur ar thaifead na craoibhe Éireannaí agus cáin a ghearradh orthu sa tír sin.

Ní raibh aon fhostaí ná aon áitreabh ag an "gceannoifig". An t‑aon chineál oibre a bhí ar bun ag na 'ceannoifigí', bhain sé le cinntí teoranta a rinne a stiúrthóirí (agus bhí cuid mhór de na stiúrthóirí sin ag obair go lánaimseartha mar fheidhmeannaigh de chuid Apple Inc. san am céanna) maidir le dáileadh díbhinní, socruithe riaracháin agus bainistiú airgid thirim. Ghin na gníomhaíochtaí sin brabús a tháinig as ús, agus de réir mheasúnú an Choimisiúin, sin an t‑aon bhrabús amháin is féidir a lua leis an "gceannoifig".

Mar an gcéanna, is ag an gcraobh Éireannach de Apple Sales International amháin a bhí sé d'acmhainn ioncam a ghiniúint as trádáil, i.e. as táirgeadh sraitheanna áirithe ríomhairí thar ceann ghrúpa Apple. Dá bhrí sin, ba cheart brabús Apple Operations Europe a chur ar thaifead na craoibhe Éireannaí agus cáin a ghearradh ar an mbrabús sa tír sin.

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún amach gur cheadaigh na rialuithe cánach a d'eisigh Éire leithdháileadh saorga de bhrabús díolachán Apple Sales International agus Apple Operations Europe ar a "gceannoifigí", agus níor gearradh aon cháin orthu. De thoradh air sin, bhí Apple in ann, de bharr na rialuithe cánach sin, i bhfad níos lú cánach a íoc ná mar a d'íoc gnólachtaí eile, rud atá neamhdhleathach de réir rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh.

An cinneadh seo atá déanta ag an gCoimisiún, ní chuireann sé amhras i gcóras cánach na hÉireann go ginearálta ná a ráta cánach corparáide.

Lena chois sin, ní bhaineann struchtúr cánach Apple san Eoraip ann féin, ná an cheist arbh fhéidir brabús a thaifeadadh sna tíortha ina ndearnadh na díolacháin dáiríre, ní bhaineann sin le rialacha cánach an Aontais Eorpaigh. Má taifeadadh brabús i dtíortha eile, áfach, is féidir go mbeidh tionchar aige sin ar an méid aisghabhála a dhéanfar in Éirinn (tuilleadh sonraí thíos).

5

 The infographic is available in high resolution here.

Aisghabháil airgid

Tá sé leagtha síos mar phrionsabal i rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh nach mór státchabhair neamh-chomhoiriúnach a aisghabháil chun an saobhadh iomaíochta a tháinig as an státchabhair sin a chur ar ceal. Níl aon fhíneálacha leagtha síos i rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh agus an t‑airgead a aisghabhtar, ní pionós atá ann ar an ngnólacht lena mbaineann. Ní dhéanann an aisghabháil sin ach an chóireáil a thugtar don ghnólacht sin a dhéanamh comhionann le cóireáil a thugtar do ghnólacht eile arís.

An modh a úsáideadh chun luach an bhuntáiste iomaíochta mhíchuí a bhí ag Apple a ríomh, tá sé leagtha síos ag an gCoimisiún sa chinneadh a d'eisigh sé. Go háirithe, ní mór d'Éirinn an brabús uile ó dhíolacháin a leithdháileadh go hindíreach roimhe sin ar "cheannoifigí" Apple Sales International agus Apple Operations Europe agus an ghnáthcháin chorparáide a ghearrtar in Éirinn a ghearradh ar an mbrabús ath‑leithdháilte sin. Ní iarrtar sa chinneadh aon chuid den ioncam a fuair an dá ghnólacht agus ar féidir é a lua leis an "gceannoifig", ní iarrtar é a ath-leithdháileadh.

Is í athghabháil na státchabhrach neamhdhleathaí a tugadh le deich mbliana roimh chéadiarraidh an Choimisiúin ar fhaisnéis ar an ábhar sin, iarraidh a rinneadh siar in 2013, agus athghabháil na státchabhrach sin amháin a fhéadfaidh an Coimisiún a ordú. Dá bhrí sin, ní mór d'Éirinn an cháin nár íocadh le haghaidh na tréimhse roimh 2003 a aisghabháil, cáin arb é a luach €13 billiún, móide ús. Tuairim is €50 milliún de cháin nár íocadh, baineann sé le leithdháileadh míchuí brabúis ar "cheannoifig" Apple Operations Europe. As leithdháileadh míchuí brabúis ar "cheannoifig" Apple Sales International a tháinig an chuid eile. In 2014 a tháinig deireadh leis an tréimhse aisghabhála, ós rud é gur athraigh Apple a struchtúr in Éirinn ó 2015 amach agus nach bhfuil feidhm ag rialú 2007 a thuilleadh.

Laghdófaí méid na cánach nár íocadh agus atá le haisghabháil ag údaráis na hÉireann dá n‑éileodh tíortha eile ar Apple níos mó cánach a íoc ar an mbrabús a thaifead Apple Sales International agus Apple Operations Europe le haghaidh na tréimhse sin. B'fhéidir gurbh amhlaidh a bheadh dá gcuirfidís san áireamh, i bhfianaise na faisnéise a léirigh imscrúdú an Choimisiúin, gur ceart rioscaí tráchtála, díolacháin agus gníomhaíochtaí eile Apple a thaifeadadh ina ndlínsí féin. Tá sin amhlaidh mar go laghdófaí brabús incháinithe Apple Sales International in Éirinn dá dtaifeadfaí an brabús i dtíortha eile agus dá ngearrfaí cáin orthu ansin in ionad iad a thaifeadadh in Éirinn.

Lena chois sin, laghdófaí an méid cánach nár íocadh agus atá le haisghabháil ag údaráis na hÉireann dá n‑éileodh údaráis na Stát Aontaithe ar Apple méideanna níos mó airgid a íoc lena mháthairghnólacht sna Stáit Aontaithe le haghaidh na tréimhse sin chun taighde agus forbairt a mhaoiniú. Déantar an taighde agus an fhorbairt sin sna Stáit Aontaithe thar ceann Apple Sales International agus Apple Operations Europe, agus déanann an dá ghnólacht íocaíochtaí bliantúla ar son na hoibre sin cheana féin.

Ar deireadh, tá cinntí uile an Choimisiúin faoi réir scrúdú chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Má chinneann Ballstát ar achomharc a dhéanamh i leith cinneadh ón gCoimisiún, ní mór dó an státchabhair neamhdhleathach a aisghabháil fós ach d'fhéadfadh sé, mar shampla, an méid a aisghabhadh a chur i gcuntas eascró go dtí go bhfoilseofaí toradh na n‑imeachtaí i gcúirteanna an Aontais Eorpaigh.

Cúlra

Ó bhí Meitheamh 2013 ann, tá an Coimisiún ag imscrúdú cleachtais rialaithe cánach roinnt Ballstát. Leathaníodh an t‑imscrúdú i Nollaig 2014 chun na Ballstáit uile a chuimsiú. I nDeireadh Fómhair 2015, rinne Coimisiún amach gur thug Lucsamburg agus an Ísiltír buntáistí roghnaitheacha do Fiat agus do Starbucks. In Eanáir 2016, rinne an Coimisiún amach go bhfuil na buntáistí roghnaitheacha a thug an Bheilg do 35 ghnólacht ilnáisiúnta ar a laghad, arb as an Aontas Eorpach a bhformhór, faoina scéim "brabús breise", go bhfuil siad neamhdhleathach de réir rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh. Lena chois sin tá dhá ghrinn‑imscrúdú ar siúl ag an gCoimisiún ar an an bhféidearthacht go bhfuil saincheisteanna státchabhrach ag baint le rialuithe cánach a d'eisigh Lucsamburg i leith Amazon agus McDonald's.

Tá an Coimisiún i mbun straitéis leitheadach chun cánachas cothrom agus trédhearcacht níos mó a chur ar bun agus rinneadh dul chun cinn mór sa réimse sin le déanaí. Ar bhonn na moltaí a rinneamar maidir le trédhearcacht cánach i Márta 2015, bhí comhaontú polaitiúil tugtha i gcrích cheana féin ag na Ballstáit faoi Mheán Fómhair 2015 i ndáil le malartú uathoibríoch faisnéise faoi rialuithe cánach. Cuideoidh an comhaontú sin leibhéal na trédhearcachta a ardú go mór agus is lú an mhí-úsáid a bhainfear as rialuithe cánach dá barr. I Meitheamh 2015, chuireamar i láthair ár bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Cánachas Cothrom Éifeachtach. Is éard atá sa phlean sin sraith tionscamh arb é is aidhm dóibh timpeallacht cánach corparáide an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos cothroime agus níos éifeachtaí. Ar na príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe tá creat chun féachaint chuige go mbeidh cánachas éifeachtach ann san áit ngintear brabús agus straitéis chun an Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide a athsheoladh. Tá coinne le togra nua i leith na straitéise sin i mbliana. An 27 Eanáir seo a chuaigh thart, sheol an Coimisiún pacáiste tionscnamh eile arb e is aidhm dóibh seachaint cánach corparáide a chomhrac laistigh den Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Bhí toradh díreach ar sin, mar atá go bhfuil toiliú tugtha ag na Ballstáit cheana féin dul i ngleic leis na lúba ar lár is coitianta lenar féidir cáin a sheachaint agus an malartú uathoibríoch faisnéise a leathnú chun go mbeidh tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais cuideachtaí ilnáisiúnta de réir na tíre ina chuid de . Ina theannta sin rinneadh moladh cuid den fhaisnéis airgeadais sin a nochtadh don phobal. Tá ár gcuid oibre uile bunaithe ar an bprionsabal simplí go gcaithfidh na gnólachtaí uile, mór beag iad, cáin a íoc san áit a ndéanann siad brabús.

Cuirfear an leagan neamhrúnda de na cinntí ar fáil faoin uimhir cáis SA.38373 i gclár na Státchabhrach ar Shuíomh Gréasáin Ard Stiúrthóireacht na hIomaíochta nuair a bheidh cibé ceisteanna rúndachta atá ann réitithe. Bíonn liosta sa State Aid Weekly e-News de gach cinneadh i leith Státchabhrach atá i ndiaidh a fhoilsithe. Tá fáil air sin ar an idirlíon agus in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

 

[1]         Bunaithe ar rátaí malartaithe stairiúla.

IP/16/2923

Press contacts

General public inquiries: Europe Direct by phone 00 800 67 89 10 11 or by email


Side Bar

Photos