Sélecteur de langues
Chemin de navigation

An Coimisiún Eorpach
Preasráiteas
An Bhruiséil, 28 Eanáir 2013
Maith sibh aistritheoirí óga an AE!
Foilsíodh ainmneacha na 27 buaiteoir i gcomórtas bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh d'aistritheoirí óga - comórtas Juvenes Translatores do dhaltaí meánscoile - inniu (an 28 Eanáir, féach liosta na ndaltaí agus na scoileanna thíos). Bhí os cionn 3 000 dalta ó 750 scoil páirteach sa chomórtas i mí na Samhna 2012. Tabharfar cuireadh do na buaiteoirí – duine ó gach tír san AE - freastal ar shearmanas bronnta sa Bhruiséil an 11 Aibreán, chun a nduaiseanna a ghlacadh ón gCoimisinéir Androulla Vassiliou, agus beidh deis acu an uair sin aistritheoirí an Choimisiúin a fheiceáil i mbun a gcuid oibre.
"Bealach iontach is ea an comórtas seo le foghlaim teangacha agus an t‑aistriúchán mar ghairm bheatha a chur chun cinn. Buntáiste iontach atá i scileanna teanga: cothaíonn siad dearcadh leathan agus cuireann siad le hinfhostaitheacht an duine, rud a bhfuil an-tábhacht ag baint leis go háirithe i bhfianaise cúrsaí eacnamaíocha mar atá faoi láthair," a dúirt Androulla Vassiliou, an Coimisinéir um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige.
D'aistrigh na daltaí téacs aon leathanaigh amháin idir a rogha féin péire de na 506 péire teanga is féidir a roghnú as measc 23 teanga oifigiúil an AE. Úsáideadh gach ceann de na 23 teanga mar theanga fhoinseach. Ba shuntasach an éagsúlacht teanga i dtéacsanna na mbuaiteoirí - d'aistrigh 11 ón mBéarla, 5 ón bhFraincis, 5 ón Spáinnis, 4 ón nGearmáinis, duine amháin ón Eastóinis agus duine amháin ón nGaeilge. Ba iad aistritheoirí an Choimisiúin a rinne an mharcáil.
Eagraíodh an comórtas den chéad uair in 2007, ach tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Chláraigh beagnach 1 750 scoil do chomórtas 2012-2013. Laghdaíodh ar an uimhir sin go 750 scoil ar chúiseanna lóistíochta, áfach, agus is le ríomhaire a rinneadh an roghnú randamach sin. Tá líonra dá chuid féin cruthaithe ag an gcomórtas agus tá mic léinn, múinteoirí agus gairmithe in ann dul i dteagmháil lena chéile trí Facebook, Twitter agus blag.
Tugann sé deis freisin do scoileanna rudaí a fhoghlaim óna chéile agus triail a bhaint as modhanna éagsúla chun teangacha a mhúineadh. B'fhiú súil a choinneáil ar scoil Salzmannschule Schnepfenthal in Thüringen sa Ghearmáin: tá an gradam buaite ag mic léinn ón scoil sin trí huaire. Ná habair nach bhfuil baint ag ainm an phríomh-mhúinteora teangacha – Susanna Bravo – leis sin!
Bhí na téacsanna aistriúcháin sa chomórtas seo dírithe ar dhlúthpháirtíocht idir glúine, téama na Bliana Eorpaí 2012, agus ina measc bhí tuairiscí ar dhaoine óige ag múineadh dá sinsir conas ríomhairí a úsáid, agus seandaoine ag múineadh staire do leanaí. Ba iad aistritheoirí an Choimisiúin a d'ullmhaigh na téacsanna chun a chinntiú go mbeadh siad chomh dúshlánach céanna ó thaobh na teanga de do gach duine a bhí páirteach sa chomórtas.
Beidh cead ag daltaí ón gCróit bheith páirteach i gcomórtas 2013-2014 den chéad uair, tar éis don Chróit teacht isteach san AE, uair a mbeidh an Chróitis mar an 24ú teanga oifigiúil de chuid an AE.
Cúlra
Gach bliain eagraíonn Ard‑Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh an comórtas 'Juvenes Translatores' ('aistritheoirí óga' sa Laidin). Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas foghlaim teangacha a chur chun cinn i scoileanna, agus blaiseadh a thabhairt do dhaoine óga de ghairm an aistritheora. Tá cead ag daltaí meánscoile atá 17 mbliana d'aois cur isteach air (i gcás chomórtas 2012-2013, daltaí a rugadh i 1995 a bhí páirteach) agus bíonn sé ar siúl ag an am céanna sna scoileanna ar fad a roghnaítear ar fud na hEorpa. Tá an comórtas tar éis cuid de na mic léinn a bhí páirteach ann a spreagadh chun dul i mbun staidéir ar theangacha agus chun a bheith ina n‑aistritheoirí.
Contacts : Dennis Abbott (+32 2 295 92 58); Twitter: @DennisAbbott Dina Avraam (+32 2 295 96 67) |
Seo a leanas na buaiteoirí (mar aon leis an bpéire teanga a roghnaigh siad don chomórtas) agus na scoileanna ar a bhfuil siad ag freastal:
TÍR | BUAITEOIR | SCOIL |
An Bheilg | Juliette Louvegny (DE-FR) | Collège du Christ-Roi, Ottignies |
An Bhulgáir | Пламена Малева (DE-BG) | Езикова гимназия „Проф. д-р Асен Златаров“, Велико Търново, |
An Chipir | Μαρία Μυριανθοπούλο (EN-EL) | Ενιαίο Λύκειο Κύκκου Α, Λευκωσία |
An Danmhairg | Maria Priego Christiansen (ES-DA) | Rybners stx, Esbjerg |
An Eastóin | Eeva Aleksejev (FR-ET) | Gustav Adolfi Gümnaasium, Tallinn |
Éire | Maeve Walsh (GA-EN) | Loreto High School Beaufort, Baile Átha Cliath |
An Fhionlainn | Annika Metso (FR-FI) | Puolalanmäen lukio, Turku |
An Fhrainc | Lou Barra-Thibaudeau (ES-FR) | Lycée Victor Hugo, Poitiers |
An Ghearmáin | Valentin Donath (ET-DE) | Salzmannschule Schnepfenthal, Waltershausen |
An Ghréig | Μαρία Φανή Δεδεμπίλη (ES-EL) | Γενικό Λύκειο Βέλου, Βέλο Κορινθίας |
An Ísiltír | Anne-Mieke Thieme (EN-NL) | Marnix College, Ede |
An Iodáil | Francesca Magri (DE-IT) | Liceo Linguistico Europeo paritario S.B Capitanio, Bergamo |
An Laitvia | Elvis Ruža (EN-LV) | Mērsraga vidusskola, Mērsrags |
An Liotuáin | Giedrė Pupšytė (EN-LT) | Žemaičių Naumiesčio gimnazija, Šilutės rajonas |
Lucsamburg | Sophie Schmiz (FR-DE) | Athénée de Luxembourg |
Málta | Janice Valentina Bonnici (EN-MT) | G.F. Abela Junior College |
An Ostair | Sophie Maurer (ES-DE) | Sir-Karl-Popper-Schule/Wiedner Gymnasium, Wien |
An Pholainn | Urszula Iskrzycka (EN-PL) | I Liceum Ogólnokształcące im. K.Miarki, Mikołów, śląskie |
An Phortaingéil | Catarina Pinho (ES-PT) | Escola Secundária de Rio Tinto, Rio Tinto |
Poblacht na Seice | Daniela Ottová (EN-CS) | Gymnázium a Střední odborná škola, Jilemnice |
An Ríocht Aontaithe | Angus Russell (DE-EN) | City of London School, London |
An Rómáin | Diana Alexandra Amariei (FR-RO) | Liceul Teoretic Sfantu-Nicolae, Gheorgheni, jud.Harghita |
An tSlóivéin | Gita Mihelčič (EN-SL) | Gimnazija in srednja šola Kočevje, Kočevje |
An tSlóvaic | Lenka Mišíková (FR-SK) | Gymnázium bilingválne, Žilina |
An Spáinn | Jaime Bas Domínguez (EN-ES) | IES El Burgo de Las Rozas, Las Rozas, Madrid |
An tSualainn | Agnes Forsberg (EN-SV) | Johannes Hedberggymnasiet, Helsingborg |
An Ungáir | Rebeka Tóth (EN-HU) | Erkel Ferenc Gimnázium és Informatikai Szakképző Iskola, Gyula |
Tá na buaiteoirí ar fáil chun agallamh a dhéanamh (sonraí le fáil ón urlabhraí).
Áiteanna dúchais na mbuaiteoirí:

Tuilleadh eolais:
Suíomh gréasáin an chomórtais: ec.europa.eu/translatores
Facebook: facebook.com/translatores
Twitter: @translatores
Blag JT do mhúinteoirí: http://blogs.ec.europa.eu/translatores/
Ard‑Stiúrthóireacht an Aistriúcháin: ec.europa.eu/dgs/translation
Suíomh gréasáin Androulla Vassiliou: ec.europa.eu/commission_2010-2014/vassiliou