IP/10/ 250
An Bhruiséil, 9 Márta 2010
Cultúr: Lipéad Oidhreachta Eorpach á mholadh ag an gCoimisiún don Eoraip ar fad
Mhol an Coimisiún Eorpach inniu an tionscnamh 'Lipéad Oidhreachta Eorpach' a bhunú don Eoraip ar fad. Tá sé mar aidhm ag an Lipéad aird a tharraingt ar láithreacha ar siombailí iad de lánpháirtíocht, d'idéil agus de stair na hEorpa agus a dhéanann comóradh ar na gnéithe sin. Cuirfear an moladh maidir leis an Lipéad a bhunú faoi bhráid Chomhairle Airí an AE agus Pharlaimint na hEorpa lena ghlacadh, agus d'fhéadfadh sé teacht i bhfeidhm in 2011 nó in 2012.
"Creidim go gcabhróidh an Lipéad Oidhreachta Eorpach an pobal a chur ar an eolas faoinár n-oidhreacht chultúrtha agus faoi na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí atá mar chuid di, chomh maith le turasóireacht chultúrtha agus agallamh idirchultúrtha a spreagadh" a dúirt Androulla Vassiliou, an Coimisinéir Eorpach um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige.
Cuireann tionscnamh seo an Choimisiúin le tionscal idir-rialtais 2006 a raibh baint aige le 17 mBallstát. Má dhéantar tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh den Lipéad Oidhreachta Eorpach, beidh inchreidteacht, infheictheacht agus stádas níos mó aige.
Tá an lipéad faighte ag 64 láthair faoin scéim reatha, bunaithe ar roghnúcháin a rinne na Ballstáit féin (féach an liosta san iarscríbhinn). Ina measc siúd tá teach Robert Schuman, státaire Francach a bhí ar dhuine de na daoine a bhunaigh an AE, atá suite in Scy-Chazelles (Lorraine), agus longchlóis Gda ń sk sa Pholainn. Is in Gda ń sk a bunaíodh Solidarność, an chéad chomharchumann neamhspleách a bunaíodh i dtír a bhí faoi réimeas Chomhaontú Vársá. Bhí páirt thábhachtach ag bunú Solidarność i spreagadh na n‑imeachtaí a chuir deireadh leis an gCogadh Fuar, rud a réitigh an bealach d'aontú mhór-roinn na hEorpa.
Faoin scéim nua atá molta, d'fhéadfadh gach ceann de na 27 Ballstát dhá láthair ar a mhéid a mholadh gach bliain chun an Lipéad Oidhreachta Eorpach nua seo a fháil. Dhéanfadh painéal de shaineolaithe neamhspleácha na hainmniúcháin a mheas agus roghnódh siad láthair amháin ar a mhéid i ngach tír gach bliain ar a mbronnfaí an lipéad. Ar bhonn deonach a ghlacfaí páirt sa scéim seo.
Ar na príomhbhuntáistí a bhainf eadh leis an Lipéad Oidhreachta Eorpach bheadh:
d eiseanna nua chun foghlaim faoi oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus na luachanna daonlathacha atá mar bhonn le stair agus le lánpháirtíocht san Eoraip;
f easacht níos mó faoi thurasóireacht chultúrtha san Eoraip, rud a mbeadh leasanna eacnamaíocha ag baint léi;
c ritéir shoiléire agus thrédhearcacha maidir leis na Ballstáit rannpháirteacha;
nósanna imeachta roghnúcháin agus monatóireachta a áiritheodh nach mbronnfaí an lipéad ach ar na láithreacha is mó a luífeadh leis na critéir.
Ní hionann an Lipéad Oidhreachta Eorpach atá molta agus tionscaimh eile a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha amhail Liosta UNESCO maidir le hOidhreacht na Cruinne nó tionscnamh 'Bealaí Cultúrtha na hEorpa' a bhunaigh Comhairle na hEorpa. Is ar na cúiseanna seo a leanas é sin:
is láithreacha a raibh príomhról acu i stair an Aontais Eorpaigh a bheadh i gceist;
is ar bhonn an luach siombalach atá acu ó thaobh na hEorpa de, seachas ar bhonn a gcáilíochta áille nó ailtireachta, a roghnófaí na láithreacha;
c huirfí béim ar an ngné oideachasúil den láthair, go háirithe le haghaidh daoine óga.
Iarscríbhinn: Láithreacha ar bronnadh an Lipéad Oidhreachta Eorpach orthu faoin scéim reatha:
Lipéad Oidhreachta Eorpach – na láithreacha a roghnaigh na Ballstáit cheana
| TÍR | LÁTHAIR 1 | ||||
| AN BHEILG |
| ||||
| AN BHULGÁIR |
| ||||
| AN CHIPIR |
| ||||
| AN EILBHÉIS |
| ||||
| AN FHRAINC |
| ||||
| AN GHRÉIG |
| ||||
| AN IODÁIL |
| ||||
| AN LAITVIA |
| ||||
| AN LIOTUÁIN |
| ||||
| MÁLTA | Catacóim Rabat | ||||
| POBLACHT NA SEICE |
| ||||
| AN PHOLAINN |
| ||||
| AN PHORTAINGÉIL |
| ||||
| AN RÓMÁIN |
| ||||
| AN tSLÓIVÉIN |
| ||||
| AN tSLÓVAIC |
| ||||
| AN SPÁINN |
| ||||
| AN UNGÁIR |
|
Roghnaigh na Ballstáit na láithreacha seo faoi shocruithe idir-rialtais. D'fhonn comhleanúnachas an Lipéid Oidreachta Eorpaigh a áirithiú, ní mór athmheasúnú a dhéanamh de réir na gcritéar nua ar na láithreacha sin san Aontas Eorpach ar bronnadh an lipéad orthu faoin gcóras idir-rialtais agus a dteastaíonn uathu an Lipéad nua a fháil.