Navigation path

Left navigation

Additional tools

Conclúidí – 7/8 Feabhra 2013

Conclúidí – 7/8 Feabhra 2013

Conclúidí – 7/8 Feabhra 2013

Conclúidí – 7/8 Feabhra 2013

AN COIMISIÚN EORPACH

SECRETARIAT-GENERAL

D/13/2

An Bhruiséil, 8 Feabhra 2013

(OR. en)

AN CHOMHAIRLE EORPACH – CONCLÚIDÍ
An Bhruiséil, 07-08/02/2013
(MULTIANNUAL FINANCIAL FRAMEWORK)

Gheobaidh na toscaireachtaí i gceangal na conclúidí ón gComhairle Eorpach (7/8 Feabhra 2013) maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.1

________________________

GINEARÁLTA

  1. Le blianta beaga anuas, rinne an tAontas Eorpach agus na Ballstáit bearta tábhachtacha mar fhreagairt ar na dúshláin a d'eascair as an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais. Agus sinn ag féachaint chun cinn, ní mór a áirithiú leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile go mbeidh buiséad an Aontais Eorpaigh dírithe ar an Eoraip a tharraingt as an ngéarchéim. Ní mór do bhuiséad an Aontais Eorpaigh dlús a chur leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht ar fud na hEorpa, go háirithe trí infheistíochtaí táirgiúla agus infheistíochtaí sa chaipiteal daonna a spreagadh. Laistigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil atá ar na bacáin, ba cheart leas a bhaint as caiteachas chun tacú leis an bhfás, leis an bhfostaíocht, leis an iomaíochas agus leis an gcóineasú, i gcomhréir leis an Straitéis Eoraip 2020. Ag an am céanna, agus smacht buiséadach á atreisiú san Eoraip, ní mór go léireofar sa CAI amach anseo na hiarrachtaí comhdhlúthaithe atá á ndéanamh ag na Ballstáit chun gach easnamh agus fiachas a chur ar bhealach atá níos inbhuanaithe. Ní mór grinnscrúdú a dhéanamh ar luach gach euro a chaitear chun a áirithiú go gcuirfear feabhas ar an mBreisluach Eorpach agus ar cháilíocht gach caiteachais faoin CAI atá le teacht, go háirithe trí thiomsú acmhainní, trí fheidhmiú mar chatalaíoch agus trí bharainneachtaí scála, éifeachtaí dearfacha trasteorann agus iarmhartacha a chur ar fáil agus, ar an dul sin, cuidiú leis na spriocanna coiteanna comhaontaithe beartas a bheadh níos éifeachtúla nó níos tapúla a bhaint amach agus le caiteachas náisiúnta a laghdú chomh maith. Ní fhillfear ar an bhfás inbhuanaithe ná ar an bhfostaíocht arís mura leanfar le cur chuige comhsheasmhach a bhfuil bonn leathan faoi, ina mbeadh comhdhlúthú buiséadach cliste lena gcaomhnófar an infheistíocht amach anseo san fhás ag gabháil le bearta fónta maicreacnamaíocha agus straitéis ghníomhach fostaíochta lena gcaomhnófar comhtháthú sóisialta. Ní mór do bheartais an AE bheith comhsheasmhach le prionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus na dlúthpháirtíochta agus ní mór dóibh fíor‑bhreisluach a thabhairt leo.

  1. Leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann, ní mór cáilíocht an chaiteachais a áirithiú chomh maith le leibhéal cuí dó. Le cáilíocht an chaiteachais, féadfar na beartais a fhorbairt ar bhealach níos fearr agus bainfear lántairbhe as na deiseanna a thiocfaidh astu ó thaobh an bhreisluacha Eorpaigh de, go háirithe nuair atá srianta móra ar na buiséid náisiúnta. Ba cheart, mar sin, gach ionstraim caiteachais a chaitheamh ar an mbealach a bheidh chomh héifeachtúil agus is féidir. Sna hiarrachtaí chun cáilíocht an chaiteachais ó chistí an Aontais a fheabhsú, ní mór a áireamh, inter alia, rialachas feabhsaithe na mbeartas, lena n-áirítear coinníollachtaí áirithe, comhdhlúthú agus spriocdhíriú na gcistí, maidir le gach ionstraim agus gach clár cistiúcháin faoi gach Ceannteideal, nuair is féidir é sin a dhéanamh, sna réimsí is mó a rannchuideoidh le fás, le poist agus le hiomaíochas. Ba cheart tuairisciú tráthrialta a áirithiú chun torthaí gach beartais agus gach ionstraime cistiúcháin a mheas ar an leibhéal polaitiúil. Chomh maith leis sin, ní mór a áireamh ar na gnéithe lena n‑áiritheofar cáilíocht iomchuí an chaiteachais an tsolúbthacht, dreasachtaí dearfacha, comhdhlúthú cistí a bhaineann le bearta ar mhaithe le fás a fheabhsú, measúnú agus athbhreithniú, béim ar thorthaí, cur chun feidhme a shimpliú, cúnamh teicniúil cuí, prionsabal na hiomaíochta a chur i bhfeidhm nuair a roghnófar tionscadail, agus úsáid chuí na n‑ionstraimí airgeadais. Áirítear sna Conclúidí gnéithe lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm na bprionsabal thuasluaite. Thairis sin, ba cheart do gach institiúid de chuid an Aontais gach iarracht a dhéanamh ionas go n-áireofaí i reachtaíocht earnálach na n‑ionstraimí cistiúcháin ábhartha forálacha lena ndíreofar ar cháilíocht an chaiteachais a fheabhsú.

  1. Chun go bhféadfar measúnú géar ar cháilíocht an chaiteachais a dheimhniú, agus i gcomhréir leis an tuarascáil mheastóireachta bhliantúil ón gCoimisiún, faoi Airteagal 318 CFAE, maidir le hairgeadas an Aontais, seolfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis na cláir CSC (bunaithe ar thuarascálacha bliantúla ó na Ballstáit maidir le cur chun feidhme) chomh maith le cnuasach de na meastóireachtaí go léir a bheidh ar fáil i ndáil leis na Cláir sin. Chomh maith leis sin, cuirfear dhá thuarascáil straitéiseacha ar na cláir CSC i láthair i rith na clárthréimhse.

  1. Cumhdóidh an CAI nua na seacht mbliana idir 2014 agus 2020 agus dréachtófar é i gcomhair Aontais Eorpaigh a chuimsíonn 28 mBallstát ar an dtuiscint reatha go mbeidh an Chróit san Aontas in 2013.

  1. Déanfar caiteachas a ghrúpáil faoi shé Cheannteideal a leagfar amach chun tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a léiriú agus lena ndéanfar foráil don tsolúbthacht is gá ar mhaithe le leithdháileadh éifeachtúil na n-acmhainní.

Beidh an struchtúr seo a leanas ag an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2014 go dtí 2020:

  • Fo-Cheannteideal 1a "Iomaíochas ar mhaithe le fás agus poist" lena n-áireofar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;

  • Fo-Cheannteideal 1b "Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach";

  • Ceannteideal 2 "Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha" lena n-áireofar fo-uasteorainn do chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus le híocaíochtaí díreacha;

  • Ceannteideal 3 "Slándáil agus saoránacht";

  • Ceannteideal 4 "An Eoraip Dhomhanda";

  • Ceannteideal 5 "Riarachán" lena n-áireofar fo-uasteorainn le haghaidh caiteachais riaracháin;

  • Ceannteideal 6 "Cúiteamh".

  1. Is iad EUR X milliún i leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí an t-uasmhéid iomlán caiteachais don AE 28 sa tréimhse 2014-2020, arb ionann sin agus EUR 959 988 milliún i leithreasaí faoi chomhair ceangaltas arb ionann é agus 1.00% de OIN (Ollioncam Náisiúnta) an AE, agus EUR 908 400 milliún i leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann sin agus 0.95% de OIN an AE. Tugtar míniú ar bhriseadh síos na leithreasaí faoi chomhair gealltanas anseo thíos. Leagtar amach na figiúirí céanna sa tábla atá in Iarscríbhinn I ina leagtar amach freisin sceideal na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí freisin. Tugtar na figiúirí go léir agus leas á bhaint as praghsanna seasmhacha ó 2011. Déanfar coigeartuithe uathoibríocha bliantúla mar gheall ar bhoilsciú. Is ar an mbonn sin a lorgóidh an Chomhairle toiliú ó Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 312(2) CFAE ina n-ordaítear go nglacfaidh an Chomhairle Rialachán CAI tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

D'fhonn a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh a eascraíonn as na gealltanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo sa tréimhse 2014-2020 i gcomhréir le hAirteagal 323 CFAE, leagfar síos rialacha sonracha chun na huasteorainneacha íocaíochta bliantúla a bhainistiú.

Is iad na sonraí agus réamhaisnéisí staidrimh a úsáidtear chun incháilitheacht agus imchlúdaigh na gcistí CSC a bhunú agus chun an OIN foriomlán a ríomh na sonraí agus réamhaisnéisí staidrimh ar baineadh leas astu don uasdátú a rinne an Coimisiún maidir leis an Rialachán CAI i mí Iúil 2012 (COM(2012) 388).

  1. Bainfear úsáid níos leithne as ionstraimí airgeadais lena n-áirítear bannaí tionscadail mar chuid de chur chun feidhme an chéad CAI eile, ag féachaint do na hacmhainní airgeadais atá riachtanach chun infheistiú san Eoraip a fhorbairt agus chun cuspóir na héifeachta giarála atá ag gníomhaíochtaí a thacaítear le buiséad an AE a uasmhéadú. Ní mór d'ionstraimí airgeadais aghaidh a thabhairt ar cheann amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha beartais de chuid an Aontais, feidhmiú ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach, dáta éaga soiléir a bheith acu agus prionsabail an bhainistithe fhónta airgeadais a urramú agus bheith comhlántach le hionstraimí traidisiúnta amhail deontais. Déanfar dliteanas airgeadais an Aontais maidir le hionstraimí airgeadais den chineál sin sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a theorannú do ranníocaíocht bhuiséadach an AE agus ní thiocfaidh dliteanais theagmhasacha do bhuiséad an Aontais as.

Ní féidir ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme ach amháin nuair a chomhlíonann siad coinníollacha dochta a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais nua. Níor cheart go dtiocfadh maoiniú ionstraimí airgeadais as buiséad an AE ach amháin ar scála réasúnta agus nuair atá breisluach le fáil as.

  1. Fotháirge dosheachanta i gclársceidealú ilbhliantúil agus i leithreasaí difreáilte atá sa RAL (reste à liquider i.e. gealltanas atá fós le híoc). Mar gheall ar chúiseanna éagsúla, ámh, beidh an RAL i bhfad níos airde ag deireadh an chreata airgeadais don tréimhse 2007-2013 ná mar a measadh. Mar sin, chun leibhéal agus próifíl a bheidh soláimhsithe a áirithiú le haghaidh na n‑íocaíochtaí faoi gach Ceannteideal, is cuid lárnach den chomhaontú maidir le creat airgeadais 2014-2020 iad na tionscnaimh seo:

  • socrófar leibhéil na ngealltanas ar leibhéal cuí faoi gach Ceannteideal;

  • cuirfear rialacha maidir le saoradh ó ghealltanas i bhfeidhm go docht faoi gach Ceannteideal, go háirithe na rialacha a bhaineann le saoradh uathoibríoch;

  • laghdaítear rátaí réamh-mhaoinithe i gcomparáid leis an tréimhse 2007-2013;

  • ní chéimlaghdófar gealltanais bhliantúla le haghaidh socruithe "líontáin sábhála" réigiúnacha faoin mBeartas Comhtháthaithe d'fhonn cur le próifíl sholáimhsithe na ngealltanas agus na n-íocaíochtaí.

  1. Mar gheall ar choinníollaíochtaí áirithe, mar gheall ar rialáil fhónta agus mar gheall ar mheasúnú éifeachtach ar a fheidhmiú, tá de fhreagracht ar an AE a áirithiú go gcaitear cistí ar bhealach níos fearr. Ní mór dó freagairt freisin ar an ngá lena chláir chaiteachais a shimpliú d'fhonn an t-ualach riaracháin agus na costais atá ar a dtairbhithe agus ar gach gníomhaí lena mbaineann a laghdú ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Mar sin, ba cheart go ndéanfadh an reachtaíocht earnálach uile a bhaineann leis an gcéad CAI eile, an Rialachán Airgeadais nua agus an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais, gnéithe nithiúla a chuimsiú lena gcuirfear le simpliú agus le feabhsú na cuntasachta agus an chaiteachais éifeachtaigh maidir le cistí an AE. Déanfar iarracht ar leith, sa reachtaíocht agus ina cur chun feidhme, chun a áirithiú go gcuirfear prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta san áireamh go hiomlán agus go gcuirfear sonraíochtaí clár beag i mBallstáit "monairéigiún" san áireamh agus rialacha níos éadroime á sainiú.

  1. An bealach is fearr chun cuspóirí i réimsí beartais áirithe a bhaint amach, braitheann sé ar phríomhshruthú na dtosaíochtaí amhail cosaint an chomhshaoil faoi éagsúlacht ionstraimí i réimsí beartais eile. Beidh cuspóirí maidir le gníomhaíocht i ndáil leis an aeráid comhionann le 20% de chaiteachas an AE sa tréimhse 2014-2020 agus, mar sin, léireofar iad sna hionstraimí cuí chun a áirithiú go gcuirfear leo le neartú na slándála fuinnimh, agus geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní agus a urramóidh athléimneacht an chomhshaoil á thógáil lena gcuirfear feabhas ar iomaíochas na hEorpa agus lena gcruthófar níos mó post a bheidh níos glaise freisin.

  1. D'fhonn go mbeidh buiséad an AE in ann an ról ríthábhachtach atá aige a chur i gcrích maidir le fás, poist agus iomaíochas a chothú, is gá na téacsanna reachtaíochta a ghlacadh a luaithe is féidir de bhun na nósanna imeachta atá cumhdaithe sa Chonradh agus ról na n-institiúidí éagsúla á urammú freisin. Déanfar an méid seo a leanas go háirithe:

  • an Rialachán lena leagtar síos an CAI do na blianta 2014-2020;

  • an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais;

  • an Cinneadh maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus a chuid beart cur chun feidhme freisin;

Ar bhonn leibhéil na ngealltanas sa chomhaontú seo, agus aird á tabhairt ar na figiúirí táscacha atá molta ag an gCoimisiún i gcomhair na spriocanna faoi gach Ceannteideal, iarrtar ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa teacht ar chomhaontú tráthúil maidir le maoiniú iomchuí gach ceann de na hionstraimí, na cláir agus na cistí atá le maoiniú faoin CAI agus atá beartaithe anois chomh maith leis an bhféidearthacht go ndéanfar athbhreithniú.

Ag meabhrú di na dlúththeagmhálacha a bhí ann le roinnt míonna anuas le Parlaimint na hEorpa, ar imill na gcruinnithe den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta agus ar leibhéal Uachtaráin na nInstitiúidí ar aon dul le hAirteagal 324 CFAE, iarrann an Chomhairle Eorpach ar an Uachtaránacht dul chun cinn pras a dhéanamh san idirphlé le Parlaimint na hEorpa.

Iarrtar ar an gCoimisiún aon chúnamh agus tacaíocht a mheasann sé go mbeadh fiúntach a chur ar fáil chun an próiseas cinnteoireachta a chur chun cinn.

  1. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar na comhreachtóirí na cláir maoiniúcháin a ghlacadh go pras lena gcuirfear Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 chun feidhme d'fhonn a áirithiú go rollfar amach iad go tráthúil ón 1 Eanáir 2014. Meabhraíonn sí an cuspóir agus an fhreagracht atá á roinnt ag na hInstitiúidí agus na Ballstáit chun na rialacha agus na nósanna imeachta maoiniúcháin a shimpliú. Is díol sásaimh don Chomhairle an dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht leanúnach agus áitíonn sí ar na comhreachtóirí teacht ar chomhaontú faoi na cláir atá níos simplí, ina léireofar laghdú soiléir san ualach riaracháin do na húdaráis phoiblí agus do na tairbhithe. Bheadh na cláir níos inrochtaine dá bharr sin, chomh maith le bheith níos solúbtha agus níos dírithe ar thorthaí a bhaint amach maidir le fás agus poist, ar aon dul leis an straitéis Eoraip 2020 atá againn.

CUID I: CAITEACHAS

FO-CHEANNTEIDEAL 1a - Iomaíochas ar mhaithe le fás agus poist

  1. Freagraíonn fás cliste cuimsitheach le réimse ina mbíonn breisluach suntasach ag gníomhaíocht de chuid an AE. Tá acmhainn mhór ag na cláir faoin gCeannteideal seo cur le comhlíonadh na Straitéise Eoraip 2020, go háirithe maidir leis na gnéithe seo: taighde, nuáil agus forbairt theicneolaíoch a chur chun cinn; gníomhaíocht shonrach i bhfabhar iomaíochas na bhfiontar agus FBManna; infheistiú a dhéanamh san oideachas agus i scileanna daonna tríd an gclár ERASMUS do chách; an clár sóisialta a fhorbairt. Nuair a leithdháiltear maoiniú faoin gCeannteideal seo, tabharfar tosaíocht d'fheabhas nithiúil agus forásach a chur ar iarrachtaí an AE i gcúrsaí taighde, oideachais agus nuála, lena n‑áirítear trí na nósanna imeachta a shimpliú.

  1. Nuair a chuirtear an méid a chuidíonn siad leis na cuspóirí atá ag Straitéis Eoraip 2020 san áireamh, beidh fíormhéadú i gceist leis an maoiniú do Fís 2020 agus ERASMUS do gach clár i gcomparáid le leibhéal 2013.

  1. Ní mó na EUR 125,614 milliún a bheidh leibhéal na ngealltanas don fho-Cheannteideal seo:

FO-CHEANNTEIDEAL 1a - Iomaíochas ar mhaithe le fás agus poist

(Milliún euro, praghsanna 2011)

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

15 605

16 321

16 726

17 693

18 490

19 700

21 079

  1. Tá géarghá le sármhaitheas bhonn eolaíoch an Aontais a atreisiú agus a leathnú. Mar sin, bunófar an iarracht maidir le taighde agus forbairt ar an sármhaitheas agus áiritheofar ag an am céanna go mbeidh rochtain fhairsing ag rannpháirtithe i ngach Ballstát; leis seo, agus le simpliú críochnúil ar an gclár, áiritheofar amach anseo Beartas Eorpach Taighde a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil agus áiritheofar freisin deiseanna feabhsaithe do FBManna páirt a ghlacadh sna cláir. Bainfear úsáid as gach beartas chun cur leis an iomaíochas a spreagadh agus díreofar go sonrach ar na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi Fís 2020 a chomhordú leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi chláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe. Sa chomhthéacs sin, beidh sineirgí tábhachtacha ag teastáil idir Fís 2020 agus na cistí struchtúracha chun "staighre i dtreo an tsármhaitheasa" a chruthú agus, sa chaoi sin, feabhas a chur ar na hacmhainní réigiúnacha T&N (Taighde agus Nuáil) agus cabhrú leis na réigiúin bheagfheidhme agus lagfhorbartha braislí sármhaitheasa a fhorbairt.

AN tSAORÁID UM CHÓNASCADH NA hEORPA

  1. Is gnéithe tábhachtacha iad na gréasáin idirnasctha iompair, fhuinnimh agus dhigiteacha maidir le bailchríoch a chur ar an margadh aonair Eorpach. Ina theannta sin, is féidir le hinfheistíochtaí i bpríomh‑bhonneagair a bhfuil breisluach AE acu spreagadh a thabhairt d'iomaíochas na hEorpa sa mheántéarma agus san fhadtéarma i gcomhthéacs eacnamaíoch deacair, ina bhfuil an fás mall agus na buiséid phoiblí srianta. Ar deireadh, is ríthábhachtach iad freisin na hinfheistíochtaí sin i mbonneagar chun cur ar chumas an AE a chuspóirí maidir le fás inbhuanaithe atá sonraithe i Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach agus cuspóirí "20-20-20" an AE i réimse an bheartais fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. Ag an am céanna, urramófar le beartais sa réimse seo príomhchúraimí ghníomhaithe na margaí maidir le pleanáil agus le hinfheistiú i mbonneagar fuinnimh agus digiteach.

Is é EUR 29 299 milliún an t‑imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na Saoráide um Chónascadh na hEorpa don tréimhse ó 2014 go dtí 2020, agus áireofar leis sin an EUR 10 000 milliún a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe dá bhforáiltear anseo thíos in (a). Is mar a leanas a leithdháilfear an méid foriomlán idir na hearnálacha:

(a) iompar: EUR 23 174 milliún, as a n-aistreofar EUR 10 000 milliún ón gCiste Comhtháthaithe le caitheamh i gcomhréir leis an Rialachán SCE i mBallstáit atá incháilithe le haghaidh maoiniú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe;

(b) fuinneamh: EUR 5 126 milliún;

(c) teileachumarsáid: EUR 1000 milliún.

Leis an aistriú ón gCiste Comhtháthaithe le haghaidh bonneagair iompair faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa déanfar tionscadail réamhaimsithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán SCE a chómhaoiniú; go dtí an 31 Nollaig 2016, ba cheart na tionscadail atá incháilithe le haghaidh a maoinithe a roghnú, agus na leithdháiltí náisiúnta a aistrítear ón gCiste Comhtháthaithe don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa á n‑urramú. Ina dhiaidh sin, d'fhéadfaí aon chiste nár caitheadh a aistriú go dtí tionscadail nua trí ghlaonna nua ar thograí ar bhonn iomaíoch.

  1. Tabharfar maoiniú EUR 12 793 milliún ó fho-Cheannteideal 1a do na trí thionscadal mhóra bonneagair seo: Galileo, ITER agus GMES. Chun bainistiú fónta airgeadais agus smacht airgeadais a áirithiú, leagfar síos sa Rialachán CAI uasmhéid na ngealltanas do gach ceann de na tionscadail mar a leanas:

    • Galileo: EUR 6,300 milliún

    • ITER: EUR 2,707 milliún

    • GMES: EUR 3 786 milliún

  1. Chun tacú le sábháilteacht núicléach san Eoraip, tabharfar tacaíocht do dhíchoimisiúnú na stáisiún núicléach2 seo a leanas:

  • EUR 400 milliún do Ignalina sa Liotuáin le haghaidh 2014 - 2020;

  • EUR 200 milliún do Bohunice sa tSlóvaic le haghaidh 2014 - 2020;

  • EUR 260 milliún do Kozloduy sa Bhulgáir le haghaidh 2014 - 2020.

Fo-Cheannteideal 1b - Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

Beartas comhtháthaithe

  1. Sprioc thábhachtach amháin atá ag an Aontas Eorpach is ea an dlúthpháirtíocht agus an comhtháthú ar an leibhéal eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn idir na Ballstáit. Sa chaoi seo, is é an beartas comhtháthaithe an phríomhuirlis chun éagothromaíochtaí idir réigiúin na hEorpa a laghdú agus, mar sin, ní mór díriú ar na réigiúin lagfhorbartha agus ar na Ballstáit lagfhorbartha faoi seach. Príomhuirlis don infheistiú, don fhás agus do phoist a chruthú ar leibhéal an AE agus don athchóiriú struchtúrach ar an leibhéal náisiúnta freisin atá sa bheartas comhtháthaithe. Cuimsíonn sé sciar tábhachtach den infheistiú poiblí san AE, cuireann sé le doimhniú an mhargaidh inmheánaigh agus, sa chaoi sin, imríonn sé ról tábhachtach chun fás eacnamaíoch, fostaíocht agus iomaíochas a spreagadh. Thairis sin, rannchuideoidh an beartas comhtháthaithe leis an Straitéis Eoraip 2020 don fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ar fud an Aontais Eorpaigh. Trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), trí Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus tríd an gCiste Comhtháthaithe (CC), beidh na spriocanna seo aige: beidh 'Infheistíocht le haghaidh fáis agus post' i mBallstáit agus i réigiúin, i dteideal tacaíocht a fháil ó na Cistí go léir; agus beidh ‘comhar críochach Eorpach’ i dteideal tacaíocht a fháil ón CFRE. Tacóidh an Ciste Comhtháthaithe le tionscadail i réimsí an chomhshaoil, an iompair agus na ngréasán tras-Eorpach. Áiritheofar an tacaíocht a bhfuil gá léi don fhorbairt caipitil dhaonna trí scair leordhóthanach i mbeartas comhtháthaithe an CSE.

  1. Maidir le struchtúr an Cheannteidil, agus aird á tabhairt ar shonraíochtaí an bheartais chomhtháthaithe, cuimseofar caiteachas comhtháthaithe i bhfo-Cheannteideal faoi Cheannteideal 1 agus beidh "Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach" mar theideal air".

Leibhéal foriomlán na leithdháiltí

  1. Ní mó ná EUR 325,149 milliún a bheidh leibhéal na ngealltanas don fho-Cheannteideal 1b "Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach":

FO-CHEANNTEIDEAL 1b: Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

(Milliún euro, praghsanna 2011)

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

44 678

45 404

46 045

46 545

47 038

47 514

47 925

  1. Is é foriomlán na n-acmhainní a bheidh ar fáil don sprioc "Infheistíocht don fhás agus do phoist" EUR 313,197 milliún agus leithdháilfear mar a leanas iad:

        • EUR 164,279 milliún san iomlán do réigiúin lagfhorbartha;

        • EUR 31,677 milliún san iomlán do réigiúin trasdula;

          EUR 49,492 milliún san iomlán do réigiúin níos forbartha;

          EUR 66,362 milliún san iomlán le haghaidh Ballstát a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;

        • EUR 1 387 milliún san iomlán mar mhaoiniú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí a shainítear in Airteagal 349 den Chonradh agus na réigiúin thuairsceartacha faoi líon beag daoine a chomhallann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 atá i gceangal le Conradh Aontachais na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne.

    1. Is é foriomlán na n-acmhainní a bheidh ar fáil don sprioc "Comhar críochach Eorpach" EUR 8 948 milliún agus leithdháilfear mar a leanas é:

    (a) EUR 6 627 milliún san iomlán le haghaidh comhair thrasteorann;

    (b) EUR 1 822 milliún san iomlán don chomhar trasnáisiúnta;

    (c) EUR 500 milliún san iomlán don chomhar idir-réigiúnach;

    1. Déanfar 0.35% de na hacmhainní foriomlána a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. Bainfear úsáid as cúnamh teicniúil go háirithe chun tacú le bonn níos treise a chur faoi na hinstitiúidí agus chun an fhorbairt d'acmhainn riaracháin a threisiú ar mhaithe le bainistiú éifeachtach na gCistí agus chun tacú leis na Ballstáit agus tionscadail á sainaithint agus á ndéanamh acu laistigh de na cláir oibríochtúla chun na dúshláin eacnamaíocha reatha a shárú.

    1. Leithdháilfear EUR 330 milliún d’acmhainní na gCistí Struchtúracha don sprioc 'Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ ar ghníomhaíochtaí nuálacha, ar thionscnamh ón gCoimisiún, i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe.

    Sainmhínithe agus incháilitheacht

    1. Is mar a leanas a leithdháilfear acmhainní don sprioc "Infheistíocht le haghaidh fáis agus post" do thrí chineál réigiúin a shaineofar de réir mar a bhaineann a gcuid OTI per capita don tréimhse 2007 go dtí 2009 le meán OTI an AE-27 a thomhasfar de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh agus a ríomhfar ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse tagartha céanna:

          • (a) réigiúin lagfhorbartha, ag a bhfuil OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán-OTI an AE‑27;

            (b) réigiúin trasdula, ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 90 % de mheán-OTI an AE‑27;

            (c) réigiúin níos forbartha, ag a bhfuil OTI per capita os cionn 90 % de mheán-OTI an AE‑27.

    1. Tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis na Ballstáit sin ar lú a n-ollioncam náisiúnta (OIN) per capita ná 90 % de mheán-OIN an AE‑27 per capita le haghaidh na tréimhse tagartha céanna, a thomhasfar de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh agus a ríomhfar ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2008 go 2010.

    1. Maidir le comhar trasteorann, is iad ar leibhéal NUTS 3 ar feadh na dteorainneacha inmheánacha agus seachtracha talún faoi seach a gheobhaidh an tacaíocht chomh maith le réigiúin uile an Aontais ar leibhéal NUTS 3 ar feadh na dteorainneacha muirí ar choinníoll nach bhfuil níos mó ná 150km eatarthu agus gan dochar a dhéanamh d'aon choigeartú a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun comhréir agus leanúnachas na limistéar a áirithiú sna cláir chomhair a bunaíodh don chlárthréimhse 2007-2013.

    1. Maidir le comhar trasnáisiúnta, glacfaidh an Coimisiún liosta na limistéar trasnáisiúnta a gheobhaidh tacaíocht, agus miondealófar é de réir cláir chomhair agus áireofar air réigiúin ar leibhéal NUTS 2, agus leanúnachas an chomhair sin á áirithiú i limistéir chomhréire níos fairsinge bunaithe ar chláir roimhe seo.

    1. Maidir le comhair idir-réigiúnach, cumhdóidh tacaíocht ón CFRE críoch iomlán an Aontais.

    1. Arna iarraidh sin don Bhallstát, maidir le réigiúin ar leibhéal NUTS 2 a cumascadh faoi Rialachán (AE) 31/2011 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2011 agus a bhfuil athrú anois ar stádas catagóra incháilitheachta ceann amháin nó níos mó de na réigiúin mar gheall ar chur i bhfeidhm aicmiú leasaithe NUTS, beidh siadsan mar chuid den chatagóir atá le sainiú ag leibhéil an réigiúin leasaithe NUTS.

    Modh leithdháilte

    Modh leithdháilte do na réigiúin lagfhorbartha

    1. Beidh leibhéal sonrach na leithdháiltí ar gach Ballstát bunaithe ar mhodh oibiachtúil agus ríomhfar mar a leanas é:

    Is é atá i leithdháileadh gach Ballstáit suim na leithdháiltí do na réigiúin incháilithe aonair atá aige, agus ríomhfar mar a leanas iad:

    (i) ríomhfar an dearbhmhéid (in euro) trí líon dhaoine an réigiúin lena mbaineann a iolrú faoin difríocht atá ann idir OTI per capita an réigiúin sin, a thomhasfar de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh (PCC), agus meán OTI per capita (PCC) an AE 27;

    (ii) cuirfear céatadán i bhfeidhm ar an dearbhmhéid thuasluaite chun imchlúdach airgeadais an réigiúin sin a chinneadh; céimnítear an céatadán seo chun rathúnas coibhneasta an Bhallstáit ina bhfuil an réigiúin incháilithe a léiriú, a thomhasfar de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh (PCC), i gcomparáid le meán an AE 27.

    • le haghaidh réigiún i mBallstáit a bhfuil a leibhéal OIN per capita faoi bhun 82% de mheán an AE: 3.15%

    • le haghaidh réigiún i mBallstáit a bhfuil a leibhéal OIN per capita idir 82% agus 99% de mheán an AE: 2.70%

    • le haghaidh réigiún i mBallstáit a bhfuil a leibhéal OIN per capita os cionn 99% de mheán an AE: 1.65%;

    (iii) don mhéid a fhaightear faoi chéim (ii), más infheidhme, cuirtear méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe EUR 1 100 in aghaidh an duine dífhostaithe in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon duine atá dífhostaithe sa réigiún sin sa bhreis ar an líon a bheadh dífhostaithe dá mbeadh an meánráta dífhostaíochta réigiúin lagfhorbartha uile an AE i bhfeidhm;

    (iv) Ní bheidh aon phréimh uirbeach ann.

    1. Beidh an toradh ar an modheolaíocht seo a chur i bhfeidhm faoi réir uasteorannaithe.

    Modh leithdháilte maidir leis na réigiúin trasdula

    1. Beidh leibhéal sonrach na leithdháiltí ar gach Ballstát bunaithe ar mhodh oibiachtúil agus ríomhfar mar a leanas é:

    Is é atá i leithdháileadh gach Ballstáit suim na leithdháiltí do na réigiúin incháilithe aonair atá aige, agus ríomhfar mar a leanas iad:

    (i) déine uasta agus íosta don chúnamh teoiriciúil a chinneadh do gach réigiún trasdula incháilithe. Cinntear leibhéal íosta na tacaíochta de réir mheándéine an chúnaimh per capita in aghaidh an Bhallstáit sula ndéanfar socruithe slándála réigiúnacha 60% a leithdháileadh ar na réigiúin níos forbartha sa Bhallstát sin. Déantar tagairt le leibhéal uasta na tacaíochta do réigiún teoiriciúil a bhfuil OTI in aghaidh an duine aige atá 75% de mheán an AE-27 agus ríomhtar é trí leas a bhaint as modh atá sainithe i mír 33(i) agus (ii) thuas. Cuirtear 40% den mhéid a fhaightear tríd an modh seo san áireamh;

    (ii) ríomh na leithdháiltí réigiúnacha tosaigh, agus OTI réigiúnach per capita á chur san áireamh trí idirshuíomh líneach mhaoin choibhneasta an réigiúin i gcomparáid le AE‑27;

    (iii) don mhéid a fhaightear faoi chéim (ii), más infheidhme, cuirtear méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe EUR 1 100 in aghaidh an duine dífhostaithe in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon duine atá dífhostaithe sa réigiún sin sa bhreis ar an líon a bheadh dífhostaithe dá mbeadh an meánráta dífhostaíochta réigiúin lagfhorbartha uile an AE i bhfeidhm.

    (iv) Ní bheidh aon phréimh uirbeach ann.

    1. Beidh an toradh ar an modheolaíocht seo a chur i bhfeidhm faoi réir uasteorannaithe.

    Modh leithdháilte do na réigiúin atá níos forbartha

    1. Faightear an t-imchlúdach airgeadais teoiriciúil tosaigh iomlán trí mheándéine an chúnaimh in aghaidh an duine agus in aghaidh na bliana EUR 19.8 a iolrú faoin daonra incháilithe.

    1. Is éard atá i sciar gach Ballstáit lena mbaineann suim sciaranna a réigiún incháilithe, a chinntear ar bhonn na gcritéar seo a leanas, agus iad ualaithe mar atá léirithe:

    • daonra réigiúnach iomlán (ualú 25%),

    • líon na ndaoine atá dífhostaithe i réigiúin leibhéal NUTS 2 a bhfuil ráta dífhostaíochta iontu atá níos airde ná an meán do gach réigiún atá níos forbartha (ualú 20%),

    • fostaíocht le cur isteach chun sprioc Eoraip 2020 a bhaint amach don ráta réigiúnach fostaíochta (20 go 64 bliain d'aois) de 75% (ualú 20%),

    • an líon duine idir 30 agus 34 bliain d'aois a bhfuil oideachas treasach bainte amach acu le cur isteach chun sprioc Eoraip 2020 40% a bhaint amach (ualú 12.5%),

    • an líon luathfhágálaithe ón oideachas agus ón oiliúint (18 go 24 bliain d'aois) le baint chun sprioc Eoraip 2020 10% a bhaint amach (ualú 12.5%),

    • difríocht idir OTI breathnaithe an réigiúin (i CCC [caighdeán cumhachta ceannaigh]) agus OTI réigiúnach teoiriciúil an réigiúin dá mbeadh an OTI céanna in aghaidh an duine ag an réigiún agus atá ag an réigiún NUTS 2 is rathúla (ualú 7.5%),

    • daonra réigiúin ar leibhéal NUTS 3 a bhfuil dlús daonra níos lú ná 12.5 inh./km² acu (ualú 2.5%).

    Ní bheidh aon phréimh uirbeach ann.

    Modh leithdháilte don Chiste Comhtháthaithe

    1. Faightear an t-imchlúdach airgeadais teoiriciúil iomlán trí mheándéine an chúnaimh EUR 48 in aghaidh an duine a iolrú faoin daonra incháilithe. Freagraíonn leithdháileadh a priori gach Ballstáit den imchlúdach airgeadais teoiriciúil seo do chéatadán atá bunaithe ar an daonra atá ann, chomh maith leis an achar dromchla agus rathúnas náisiúnta, agus a fhaightear trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:

    (i) an meán uimhríochta scaireanna dhaonra agus achar dromchla an Bhallstáit sin de dhaonra iomlán agus d'achar dromchla iomlán na mBallstát incháilithe a ríomh. Más rud é, áfach, go sáraítear le scair Ballstáit den daonra iomlán a scair den achar dromchla iomlán faoi fhachtóir a cúig nó níos mó ná sin ina léirítear dlús daonra ard, ní úsáidfear ach an scair den daonra iomlán don chéim sin;

    (ii) coigeartú na bhfigiúirí céatadáin a fhaightear mar sin trí chomhéifeacht ina léirítear trian den chéatadán ar mó nó ar lú OIN an Bhallstáit per capita (PPS) don tréimhse 2008‑2010 ná an OIN meánach per capita atá ag gach Ballstát incháilithe (meán á shloinneadh mar 100%.

    1. D'fhonn riachtanais shuntasacha na mBallstát sin a léiriú a d'aontaigh don Aontas an 1 Bealtaine 2004 nó ina dhiaidh sin, maidir le bonneagar iompair agus comhshaoil, socrófar a scair den Chiste Comhtháthaithe ar thrian den leithdháileadh deiridh iomlán airgeadais tar éis uasteorannaithe (cistí struchtúracha agus an Ciste Comhtháthaithe) a fhaightear ar an meán le linn na tréimhse.

    1. Na Ballstáit atá incháilithe go hiomlán chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe sa tréimhse 2007-2013, ach ar mó a OIN ainmniúil per capita ná 90 % de mheán-OIN per capita an AE-27, gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn idirthréimhseach, sonrach. EUR 48 per capita a bheidh sa tacaíocht idirthréimhseach in 2014 agus déanfar é a chéimniú amach go céimlaghdaitheach faoi 2020.

    1. Beidh an toradh ar an modheolaíocht seo a chur i bhfeidhm faoi réir uasteorannaithe.

    Modh leithdháilte don "Chomhar Críochach Eorpach"

    1. Cinntear leithdháileadh acmhainní a dhéanann Ballstát, ina gcuimsítear comhar trasteorann agus trasnáisiúnta mar shuim ualaithe scair an daonra de na Réigiúin Teorann agus scair an daonra iomlán i ngach Ballstát. Cinntear an t-ualú de réir scaireanna faoi seach na gciseal trasteorann agus trasnáisiúnta. 77.9% agus 22.1% atá i scaireanna na gcomhpháirteanna comhair trasteorann agus trasnáisiúnta.

    Modh leithdháilte do na réigiúin is forimeallaí agus atá faoi líon beag daoine agus do na hoileáin

    1. Bainfidh na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha ar leibhéal NUTS 2 atá faoi líon beag daoine tairbhe as leithdháileadh speisialta breise ina mbeidh déine cabhrach EUR 30 in aghaidh an duine in aghaidh na bliana. Déanfar é a dháileadh in aghaidh an réigiúin agus an Bhallstáit ar bhealach a bheidh comhréireach le daonra iomlán na réigiún sin. Is gá an staid speisialta atá ag réigiúin oileánda a chur san áireamh chomh maith.

          • Uasteorannú

    1. D'fhonn cabhrú dlús leordhóthanach den chistiú comhtháthaithe a bhaint amach maidir leis na réigiúin agus na Ballstáit is lú forbairt agus chun cabhrú difríochtaí i meándéine cabhracha per capita a laghdú, socrófar leibhéal uasta an aistrithe do gach Ballstát faoi leith ag 2.35% den OTI. Cuirfear an t-uasteorannú i bhfeidhm ar bhonn bliantúil, agus laghdófar leis go comhréireach - más infheidhme - gach aistriú (seachas do na réigiúin fhorbartha agus "Comhar Críochach Eorpach") don Bhallstát lena mbaineann d'fhonn leibhéal uasta an aistrithe a bhaint amach. I gcás na mBallstát a d'aontaigh don Aontas roimh 2013 a bhfuil a meánfhás réadúil maidir le OTI 2008-2010 níos ísle ná -1%, méadófar uasleibhéal an aistrithe faoi 10% a thugann uasteorannú 2.59 %.

    1. Agus aird á tabhairt ar na cúinsí eacnamaíocha atá ann faoi láthair, ní fhéadfadh leithdháiltí náisiúnta níos airde ná 110% dá leibhéil i dtéarmaí réadúla don tréimhse 2007-2013 a bheith mar thoradh ar na rialacha don uasteorannú.

    Líontáin sábhála

    1. I gcás na réigiún go léir a bhfuil OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 atá níos lú ná 75% de mheán an AE-25, ach a bhfuil OTI per capita 75% acu atá os cionn mheán an AE‑27, beidh an t‑íosleibhéal tacaíochta in 2014-2020 faoi "Infheistíocht le haghaidh fáis agus post" ag freagairt gach bliain do 60% den iar-mheán‑leithdháileadh bliantúil táscach a bhí acu faoin leithdháileadh cóineasaithe, a ríomhfaidh an Coimisiún de réir chreat airgeadais ilbhliantúil 2007-2013.

    1. Beidh an meán‑leithdháileadh iomlán (Ciste Comhtháthaithe agus Cistí Struchtúracha) do Bhallstát ag freagairt do 55% den leithdháileadh iomlán aonair do 2007-2013. Déanfar na coigeartuithe is gá chun an ceanglas sin a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm go comhréireach maidir le leithdháiltí an Chiste Chomhtháthaithe agus na gCistí Struchtúracha, seachas na leithdháiltí do Chuspóir an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh.

    1. Ní bhfaighidh aon réigiún trasdula níos lú ná mar a bhfaigheadh sé dá mba réigiún níos forbartha é. D'fhonn leibhéal an íosleithdháilte sin a chinneadh, cuirfear an modh leithdháilte maidir le réigiúin níos forbartha i bhfeidhm i gcás gach réigiúin a bhfuil OTI in aghaidh an duine aige arb ionann í agus ar a laghad 75% de mheán an AE-27.

    Forálacha speisialta eile don leithdháileadh

    1. Bhí éifeacht shuntasach ar roinnt Ballstát de bharr na géarchéime eacnamaíche laistigh den limistéar euro a d'fhág a rian ar leibhéal a rathúnais. D'fhonn aghaidh a thabhairt ar an gcás sin agus d'fhonn dlús a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sna Ballstáit sin, forálfar leis na Cistí Struchtúracha do na leithdháiltí breise a leanas: EUR 1.0 bn do na réigiúin níos forbartha den Ghréig, EUR 1.0 bn do na réigiúin níos forbartha den Phortaingéil, a dháilfear mar a leanas: EUR 450 bn do na réigiúin níos forbartha, ina mbeidh EUR 150 milliún do Mhaidéara, EUR 75 milliún do réigiún aistrithe agus EUR 475 milliún do na réigiúin lagfhorbartha, EUR 100 milliún do Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair in Éirinn, EUR 1.824 bn don Spáinn agus as an méid sin dáilfear EUR 500 milliún do Extremadura agus 1.5 billiún do réigiúin lagfhorbartha na hIodáile agus as an méid sin EUR 500 milliún do limistéir neamhuirbeacha.

    1. D'fhonn aitheantas a thabhairt do na dúshláin a bhaineann le Ballstáit ar oileáin iad agus d'iargúltacht codanna áirithe den Aontas Eorpach. gheobhaidh Málta agus an Chipir, tar éis pointe 47 a chur i bhfeidhm, imchlúdach breise EUR 200 milliún agus EUR 150 milliún faoi seach faoi chuspóir na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post'' a dháilfear mar a leanas: aon trian as an gCiste Chomhtháthaithe agus dhá thrian as na Cistí Struchtúracha. Leithdháilfear imchlúdach breise EUR 50 milliún ar Ceuta agus Melilla faoi na Cistí Struchtúracha. Leithdháilfear imchlúdach iomlán EUR 200 milliún ar an réigiún is forimeallaí de Mayotte faoi na Cistí Struchtúracha.

    1. D'fhonn coigeartú réigiúin áirithe a éascú maidir le hathruithe ar a stádas nó le héifeacht fhadtéarmach na bhforbairtí is déanaí ina ngeilleagar déantar na leithdháiltí a leanas: An Bheilg (EUR 133 milliún, EUR 66.5 de sin do Limburg agus EUR 66.5 milliún don Vallúin ), An Ghearmáin (EUR 710 milliún, EUR 510 milliún de sin do na réigiúin iar‑chóineasaithe agus EUR 200 milliún do Leipzig). In ainneoin phointe 45, leithdháilfear imchlúdach breise EUR 1.560 billiún ar réigiúin lagfhorbartha na hUngáire, imchlúdach breise EUR 900 milliún ar réigiúin lagfhorbartha Phoblacht na Seice agus EUR 300 milliún de sin a aistreofar ó leithdháileadh forbartha tuaithe Phoblacht na Seice) agus imchlúdach breise EUR 75 milliún ar réigiúin lagfhorbartha na Slóivéine, faoi na Cistí Struchtúracha.

    1. Leithdháilfear EUR 150 milliún ar an iomlán ar an gClár PEACE.

    Clásal i ndáil le hathbhreithniú

    1. D'fhonn an staid thar a bheith deacair atá sa Ghréig agus i dtíortha eile atá thíos leis an ngéarchéim a chur san áireamh ,in 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar leithdháiltí iomlána na mBallstát faoi chuspóir na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post maidir le beartas comhtháthaithe do 2017-2020, agus an modh leithdháiliúcháin a shainítear i míreanna 33 go 49 á gcur i bhfeidhm ar bhonn an staidrimh is déanaí a bheidh ar fáil an tráth sin agus ar bhonn na comparáide idir an OTI carnaithe náisiúnta breathnaithe do na blianta 2014-2015 agus an OTI náisiúnta carnaithe a mheastar in 2012. Déanfaidh sé na leithdháiltí iomlána sin a choigeartú nuair a bheidh éagsúlacht charnach níos mó ná +/-5% ann. Ní fhéadfaidh glanéifeacht iomlán na gcoigeartuithe dul thar EUR 4 billiún. Déanfar an coigeartú a éilítear a leathadh i gcodanna cothroma le linn na mblianta 2017-2020 agus déanfar uasteorainn chomhfhreagrach an chreata airgeadais a mhodhnú mar is cuí.

    Rátaí cómhaoinithe

    1. Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach ais tosaíochta na gclár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post níos airde ná:

          • (a) 85 % maidir leis an gCiste Comhtháthaithe;

            (b) 85 % maidir le réigiúin lagfhorbartha na mBallstát a raibh a meán-OTI per capita sa tréimhse 2007 go 2009 níos ísle ná 85 % de mheán an AE-27 le linn na tréimhse céanna agus maidir leis na réigiúin is forimeallaí;

            (c) 80% maidir le réigiúin lagfhorbartha na mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b) a bhí incháilithe an 1 Eanáir 2014 le haghaidh chóras idirthréimhseach an Chiste Comhtháthaithe;

            (d) 80% maidir le réigiúin lagfhorbartha na mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c), agus maidir leis na réigiúin uile a raibh a OTI per capita don tréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil a OTI per capita os cionn 75 % de mheán-OTI an AE-27, chomh maith leis na réigiúin arna sainiú in Airteagal 8(1) de Rialachán 1082/2006 a fuair tacaíocht trasdula don tréimhse 2007-2013;

            (e) 60 % maidir le réigiúin trasdula seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d);

            (f) 50 % maidir le réigiúin níos forbartha seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d).

    Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach ais tosaíochta na gclár oibríochtúil faoin "gcomhar críochach Eorpach" níos airde ná 85%. I dtaca leis na cláir sin ina bhfuil réigiún lagfhorbartha amháin ar a laghad páirteach, is féidir an ráta cómhaoinithe faoin "gcomhar críochach Eorpach" a ardú suas go 85%.

    Maidir leis an ráta cómhaoinithe don leithdháileadh breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí a shainaithnítear in Airteagal 349 den Chonradh agus na réigiún ar leibhéal 2 NUTS a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 atá i gceangal le Conradh Aontachais na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne, ní bheidh sé níos airde ná 50%.

    1. Ardú ar íocaíochtaí le haghaidh Ballstáit a bhfuil deacrachtaí buiséadacha sealadacha aige.

    Is féidir ráta cómhaoinithe níos airde (méadú 10 bpointe céatadáin) a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 136 agus le hAirteagal 143 CFAE, agus, sa chaoi sin, an iarracht a theastaíonn ó bhuiséid náisiúnta tráth a bhfuil comhdhlúthú buiséadach ann a laghdú, agus leibhéal foriomlán céanna chistiú an AE á choinneáil. Beidh feidhm ag an riail sin maidir leis na Ballstáit go dtí 2016, tráth a ndéanfar í a mheas an athuair faoi chuimsiú an athbhreithnithe dá bhforáiltear i mír 54.

    Cúnamh Réigiúnach

    1. Ní shaobhfar iomaíochas le rialacha maidir le cúnamh do stáit réigiúnacha. Spreagann an Chomhairle Eorpach an Coimisiún na Treoirlínte athbhreithnithe maidir le Cúnamh Réigiúnach a ghlacadh go pras, ar treoirlínte iad atá seolta aige. Sa chomhthéacs sin, áiritheoidh an Coimisiún go bhféadfaidh na Ballstáit freastal don staid ar leith maidir le réigiúin a bhfuil teorainn acu le réigiúin cóineasaithe.

    Cabhair do na daoine is díothaí

    1. Beidh EUR 2 500 milliún tacaíochta do chabhair do na daoine is díothaí don tréimhse 2014‑2020 agus bainfear amach ó leithdháileadh CSE í.

    tionscnamh fostaíochta don ógra

    1. Léirigh an Chomhairle Eorpach go minic gur cheart tús tosaíochta a thabhairt d'fhostaíocht don ógra a chur chun cinn. Ghair sí cruinniú speisialta ar an ábhar sin in Eanáir 2012 agus leag sí béim mhór uirthi sa Comhshocrú le haghaidh Fáis agus Post. Tá sí ag súil go nglacfaidh an Chomhairle na moltaí maidir le Ráthaíocht don Aos Óg go luath. Iarrann sí ar an gCoimisiún an creat cáilíochta do chúrsaí oiliúna a thabhairt chun críche, an Comhaontas Printíseachtaí a bhunú agus moltaí a dhéanamh do rialachán nua EURES sna seachtainí amach romhainn. Ba cheart leas a bhaint as buiséad an AE chun tacú leis na hiarrachtaí sin. Ag aithint di cruachás na ndaoine óga i réigiúin áirithe, chinn an Chomhairle Tionscnamh Fostaíochta don Ógra a chruthú chun cur leis an tacaíocht fhíorshuntasach a chuirtear ar fáil cheana trí chistí struchtúrtha an AE agus chun é sin a threisiú. Beidh an Tionscnamh oscailte do na réigiúin go léir (NUTS leibhéal 2) ina bhfuil leibhéal dífhostaíochta i measc na n-óg os cionn 25%. Gníomhófar leis chun tacú leis na bearta atá molta sa phacáiste maidir le fostaíocht na n-óg a mhol an Coimisiún i Nollaig 2012 agus go háirithe chun tacú le Ráthaíocht na n-Óg nuair a ghlacfar í. Is é EUR 6,000 milliún an tsuim tacaíochta don tréimhse 2014-2020.

    1. Tiocfaidh EUR 3,000 milliún ó infheistíocht dhírithe ó Chiste Sóisialta na hEorpa sna réigiúin incháilithe NUTS leibhéal 2, i gcomhréir le líon na n-óg atá dífhostaithe sna réigiúin sin, agus tiocfaidh EUR 3,000 milliún ó líne tiomanta buiséadach maidir le Fostaíocht na n-Óg faoi fo‑cheannteideal 1b). Cinnfear incháilitheacht agus líon na n-óg atá dífhostaithe bunaithe ar fhigiúir an Aontais don bhliain 2012. I gcás gach idirghabhála ón CSE sa réigiún incháilithe, cuirfear an méid comhionann ar fáil ón líne tiomanta buiséadach. Ní bheidh an méid sin faoi réir na rialacha uasteorannaithe faoi mhír 45 agus mhír 46.

    CEANNTEIDEAL 2 - fás inbhuanaithe: ACMHAINNÍ NÁDÚRTHA

    1. Na cuspóirí atá ag an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) an táirgiúlacht talmhaíochta a mhéadú trí dhul chun cinn teicniúil agus trí fhorbairt réasúnach na táirgiúlachta talmhaíochta agus an leas is fearr is féidir a bhaint as na fachtóirí táirgeachta, go háirithe as an saothar, a áirithiú; ar an dul sin, caighdeán maireachtála cothrom a áirithiú don phobal talmhaíochta, go háirithe trí thuilleamh aonair daoine a bhfuil baint acu leis an talmhaíocht a mhéadú, chun margaí a chobhsú, chun go mbeidh fáil chinnte ar sholáthairtí agus chun a áirithiú go bhfaighidh na tomhaltóirí soláthairtí ar phraghsanna réasúnta. Ba cheart struchtúr sóisialta na talmhaíochta a chur san áireamh mar aon leis na difríochtaí struchtúracha agus nádúrtha idir na réigiúin éagsúla talmhaíochta.

    1. I bhfianaise an méid sin, ní mór do na hathchóirithe an méid seo a leanas a áirithiú 1) táirgeadh inmharthana bia; 2) bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus gníomhaíocht ar son na haeráide; agus 3) forbairt chríochach chothrom. Ina theannta sin, ba cheart an CBT a chomhtháthú go cuimsitheach sna cuspóirí atá ag Straitéis Eoraip 2020, go háirithe cuspóir an fháis inbhuanaithe agus cuspóirí an bhirt seo, mar a leagtar amach sa Chonradh iad, á n‑urramú ina n‑iomláine.

    1. Leithreasaí faoi chomhair gealltanas faoin gCeannteideal seo, ina gclúdaítear an talmhaíocht, an fhorbairt tuaithe, iascach agus ionstraim airgeadais don chomhshaol agus do ghníomhaíocht ar son na haeráide, ní mó ná EUR 373 179 milliún a bheidh iontu, a mbeidh EUR 277 851 milliún díobh sin leithdháilte ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus ar íocaíochtaí díreacha:

    FÁS INBHUANAITHE: ACMHAINNÍ NÁDÚRTHA

    (Milliún euro, praghsanna 2011)

    2014

    2015

    2016

    2017

    2018

    2019

    2020

    55 883

    55 060

    54 261

    53 448

    52 466

    51 503

    50 558

    de sin: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

    41 585

    40 989

    40 421

    39 837

    39 079

    38 335

    37 605

    Beidh an Comhbheartas Talmhaíochta don tréimhse 2014-2020 bunaithe i gcónaí ar struchtúr an dá cholún:

    1. Le Colún I, tabharfar tacaíocht dhíreach d’fheirmeoirí agus maoineofar bearta margaidh. Déanfaidh buiséad an AE tacaíocht dhíreach agus bearta margaidh a chistiú ina n‑iomláine agus go heisiach, chun a áirithiú go gcuirfear an comhbheartas i bhfeidhm ar fud an mhargaidh aonair agus in éineacht leis an gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR).

    1. Cuirfear earraí sonracha poiblí comhshaoil ar fáil le Colún II, feabhsófar iomaíochas earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta agus déanfar éagsúlú na gníomhaíochta eacnamaíche agus cáilíocht na beatha a chur chun cinn i gceantair tuaithe lena n‑áirítear réigiúin a bhfuil fadhbanna ar leith acu. Maoineoidh na Ballstáit na bearta faoi Cholún II de réir na bhforálacha i mír 73, lena n‑áirithítear go mbainfear na cuspóirí bunúsacha amach agus chun éifeacht ghiarála an bheartais fhorbartha tuaithe a athneartú.

    Colún I

    Leibhéal agus samhail chun tacaíocht dhíreach a athdháileadh - sonraí don chóineasú ar fud na mBallstát

    1. D'fhonn leibhéal foriomlán a choigeartú faoi Cheannteideal 2, agus prionsabail céimnithe isteach na n-íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear sna Conarthaí Aontachais á n-urramú, déanfar meánleibhéal íocaíochtaí díreacha an AE i bpraghsanna reatha in aghaidh an heicteáir a laghdú thar an tréimhse. Déanfar tacaíocht dhíreach a dháileadh ar bhealach níos cothroime idir na Ballstáit, agus na difríochtaí atá ann i gcónaí maidir le leibhéil phá, le cumhacht cheannaigh, leis an aschur atá ag an tionscal talmhaíochta agus le costais ionchuir á gcur san áireamh, tríd an nasc le tagairtí stairiúla a laghdú céim ar chéim agus ag féachaint don chomhthéacs foriomlán atá ann don Chomhbheartas Talmhaíochta agus do bhuiséad an Aontais. Ba cheart cúinsí sonracha, amhail limistéir thalmhaíochta a bhfuil breisluach ard acu agus cásanna ina bhfeicfí éifeachtaí cóineasaithe go díréireach, a chur san áireamh i ndáil le leithdháileadh foriomlán na tacaíochta a thugtar faoin CBT.

    Déanfaidh gach Ballstát a bhfuil íocaíochtaí díreacha acu faoi 90% de mheán an AE aon trian den bhearna a dhúnadh idir a leibhéal reatha maidir le híocaíochtaí díreacha agus 90% de mheán an AE le linn na chéad tréimhse eile. Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit uile, áfach, ar a laghad leibhéal EUR 196 in aghaidh an heicteáir i bpraghsanna reatha a bhaint amach faoi 2020. Déanfaidh gach Ballstát an cóineasú sin a mhaoiniú le híocaíochtaí díreacha thar mheán an AE, go comhréireach leis an mbearna atá idir na híocaíochtaí agus meán an AE. Cuirfear an próiseas sin chun feidhme de réir a chéile thar 6 bliana ó bhliain airgeadais 2015 go bliain airgeadais 2020.

    Uasteorainn a chur ar an tacaíocht d'fheirmeacha móra

    1. Tabharfaidh na Ballstáit uasteorannú isteach maidir le híocaíochtaí díreacha do thairbhithe móra ar bhonn deonach.

    Modh don smacht airgeadais

    1. D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na méideanna chun an CBT a mhaoiniú na huasteorainneacha bliantúla a leagtar síos sa chreat airgeadais ilbhliantúil, ba cheart an sásra smachta airgeadais dá bhforáiltear faoi láthair in Airteagal 11 de Rialachán 73/2009, ar dá bhun a dhéantar coigeartú ar leibhéal na tacaíochta dírí nuair a léirítear sna réamh‑mheasanna go bhfuil an fho‑uasteorainn de Cheannteideal 2 sáraithe i mbliain ar leith airgeadais, a choimeád, ach gan an EUR 300 milliún mar lamháil sábháilteachta.

    Íocaíochtaí díreacha a ghlasú

    1. Déanfar feidhmíocht fhoriomlán an CBT maidir leis an gcomhshaol a fheabhsú trí íocaíochtaí díreacha a ghlasú trí bhíthin cleachtas áirithe talmhaíochta, a bheidh le sainiú i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha d'fheirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta, atá chun tairbhe na haeráide agus an chomhshaoil, agus ualach riaracháin nach mbeidh gá leis á sheachaint, agus a mbeidh ar gach feirmeoir é a leanúint. D'fhonn na cleachtais sin a mhaoiniú, úsáidfidh na Ballstáit 30% den uasteorainn bhliantúil naisiúnta ina mbeidh solúbthacht dhea-shainithe ag na Ballstáit i dtaca le bearta comhionanna maidir le glasú. Maidir leis an gceanglas go mbeadh limistéar éiceolaíochtdhírithe (EFA) ann i gcás gach gabháltais talmhaíochta, déanfar sin a chur chun feidhme ar bhealach nach mbeidh gá an talamh sin a bhaint de tháirgíocht agus ar bhealach lena seachnófar caillteanas éagothrom maidir le hioncam na bhfeirmeoirí.

    Solúbthacht idir colúin

    1. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh suas le 15% dá n-uasteorainneacha bliantúla náisiúnta do na blianta féilire 2014 agus 2019, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir le híocaíochtaí díreacha, a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise do bhearta faoi chlársceidealú forbartha tuaithe atá maoinithe faoi CETFT. Dá bhrí sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le híocaíochtaí díreacha a dheonú.

    2. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh suas le 15% den mhéid a leithdháiltear ar an tacaíocht do bhearta faoi chlársceidealú forbartha tuaithe atá maoinithe faoi CETFT le linn na tréimhse 2015-2020 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha faoin Rialachán maidir le híocaíochtaí díreacha. Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil íocaíochtaí díreacha faoi bhun 90% de mheánmhéid an AE á ndéanamh acu a chinneadh 10% breise den mhéid a leithdháiltear ar an tacaíocht do bhearta faoin bhforbairt tuaithe a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha. Dá bhrí sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le haghaidh beart tacaíochta faoi chlársceidealú forbartha tuaithe.

    Colún II

    Prionsabail maidir le tacaíocht forbartha tuaithe a dháileadh

    1. Dáilfear an tacaíocht don fhorbairt tuaithe idir na Ballstáit bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar fheidhmíocht roimhe sin, agus cuspóirí na forbartha tuaithe á gcur san áireamh agus ag féachaint don chomhthéacs iomlán atá ann don Chomhbheartas Talmhaíochta agus do bhuiséad an Aontais.

    1. EUR 84 936 milliún a bheidh ann mar mhéid iomlán don fhorbairt tuaithe. Socróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an miondealú bliantúil. Déanfar na méideanna do na Ballstáit aonair a choigeartú chun na forálacha thuasluaite i mír 68 agus i mír 69 a chur san áireamh.

    1. Beidh dáileadh an mhéid fhoriomláin don fhorbairt tuaithe idir na Ballstáit bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar an bhfeidhmíocht roimhe sin.

    I gcás líon teoranta Ballstát atá ag dul i ngleic le dúshláin struchtúrtha ina n-earnáil talmhaíochta nó a bhfuil mórinfheistíocht déanta acu i gcreat éifeachtach seachadta do chaiteachas Cholún 2, déanfar na leithdháiltí a leanas: An Ostair (EUR 700 milliún), An Fhrainc (EUR 1000 milliún), Éire (EUR 100 milliún), An Iodáil (EUR 1 500 milliún), Lucsamburg (EUR 20 milliún), Málta (EUR 32 milliún), An Liotuáin (EUR 100 milliún), An Laitvia (EUR 67 milliún), An Eastóin (EUR 50 milliún), An tSualainn (EUR 150 milliún), An Phortaingéil (EUR 500 milliún), An Chipir (EUR 7 milliún), An Spáinn (EUR 500 milliún), An Bheilg (EUR 80 milliún), An tSlóivéin (EUR 150 milliún) agus An Fhionlainn (EUR 600 milliún). Maidir leis na Ballstáit sin a fhaigheann cúnamh airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 136 agus le hAirteagal 143 CFAE, beidh an leithdháileadh sin faoi réir ráta cómhaoiniúcháin 100%. Beidh feidhm ag an riail sin maidir leis na Ballstáit sin go dtí 2016, tráth a ndéanfar í a mheas an athuair.

    Rátaí cómhaoinithe don tacaíocht forbartha tuaithe

    1. Bunófar leis na cláir forbartha tuaithe ráta ranníocaíochta aonair ón CETFT is infheidhme maidir le gach beart. I gcás inarb infheidhme, bunófar ranníocaíocht ar leith ón CETFT do na réigiúin lagfhorbartha, na réigiúin trasdula agus do na réigiún is forimeallaí agus do na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93. Seo a leanas an t‑uasráta ranníocaíochta ó CETFT:

      • 75 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin lagfhorbartha, sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93;

        • 75 % den chaiteachas poiblí incháilithe do na réigiúin bhfuil OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 atá níos ísle ná 75 % de mheán AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil OTI per capita acu atá os cionn 75 % de mheán-OTI AE-27;

          • 63% den chaiteachas poiblí incháilithe do na réigiúin trasdula seachas iad sin a ndéantar tagairt dóibh sa fhleasc roimhe seo;

            • 53% den chaiteachas incháilithe poiblí sna réigiúin eile;

              • 75% d'oibríochtaí a chuireann le cuspóirí chun an comhshaol agus an t-athrú aeráide a mhaolú agus a oiriúnú;

                • 100% do mhéideanna atá á n-aistriú ó cholún I go colún II dá dtagraítear i mír 68 mar thacaíocht bhreise faoin bhforbairt tuaithe.

                Beidh íosráta ranníocaíochta 20% ag CETFT. Leagfaidh an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) uasrátaí ranníocaíochta CETFT síos maidir le bearta sonracha sa Rialachán maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe.

                Is féidir ráta cómhaoinithe níos airde (méadú 10 bpointe céatadáin) a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 136 agus le hAirteagal 143 CFAE, agus, sa chaoi sin, an iarracht a theastaíonn ó bhuiséid náisiúnta tráth a bhfuil comhdhlúthú buiséadach ann a laghdú, agus leibhéal foriomlán céanna chistiú an AE á choinneáil. Beidh feidhm ag an riail sin maidir leis na Ballstáit go dtí 2016, tráth a ndéanfar í a mheas an athuair faoi chuimsiú an athbhreithnithe dá bhforáiltear i mír 54.

                * *

                *

                1. Tabharfar tacaíocht faoi Cheannteideal 2 don Chomhbheartas Iascaigh agus do na Beartais Mhuirí Comhtháite, go háirithe tríd an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus clúdach don ghné idirnáisiúnta de CBI chomh maith le gníomhaíochtaí i réimsí na haeráide agus an chomhshaoil tríd an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhaíocht ar son na hAeráide (LIFE).

                Cúlchiste nua do ghéarchéimeanna san earnáil talmhaíochta

                1. Déanfar cúlchiste nua do ghéarchéimeanna san earnáil talmhaíochta, chun tacaíocht a thabhairt má tá géarchéimeanna tromchúiseacha ann agus éifeacht acu ar tháirgeadh talmhaíochta nó ar dháileadh talmhaíochta, a áireamh faoi Cheannteideal 2 agus EUR 2 800 milliún a bheidh ann. Bunófar an cúlchiste trí laghdú a chur i bhfeidhm ag tús na bliana maidir le híocaíochtaí díreacha leis an sásra smachta airgeadais. Cuirfear méid an chúlchiste isteach go díreach sa bhuiséad bliantúil agus, mura gcuirfear ar fáil é i gcomhair beart géarchéime, aisíocfar é mar íocaíochtaí díreacha.

                NA FORÁLACHA IS ÁBHARTHA DO CFRE, CSE, CC, CETFT AGUS CEMI

                An Comhchreat Straitéiseach

                1. Tabharfar le chéile na cistí struchtúracha agus comhtháthaithe leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) faoin gComhchreat Straitéiseach - d'fhonn a n-éifeachtacht a uasmhéadú agus an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí. Áireofar leis sin liosta cuspóirí téamacha a shainiú ar aon dul leis an Straitéis Eoraip 2020.

                Coinníollacht mhaicreacnamaíoch

                1. Trí nasc níos dlúithe a chruthú idir an beartas comhtháthaithe agus rialachas eacnamaíoch an Aontais, áiritheofar go mbeidh beartais eacnamaíocha fhónta ina gcranntaca le héifeachtacht an chaiteachais a dhéantar faoi Chistí (CSC) de chuid an Chreata Straitéisigh Choitinn agus gur féidir, más gá, Cistí CSC a atreorú chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eacnamaíocha atá ag tír. Is ar an gcúis sin a bhunófar coinníollacht mhaicreacnamaíoch de réir a chéile i Rialachán CSC.

                1. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát a Chonradh Comhpháirtíochta agus na cláir ábhartha a athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, nuair is gá sin chun tacú le moltaí ábhartha ón gComhairle a chur chun feidhme nó chun tionchar fáis chistí CSC a uasmhéadú i mBallstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais ón AE. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh chun tacú leis an méid a leanas a chur chun feidhme:

                (a) moltaí faoi na treoirlínte ginearálta den bheartas eacnamaíoch;

                (b) moltaí maidir le fostaíocht;

                (c) bearta sonracha atá dírithe ar Bhallstáit an limistéir euro i gcomhréir le hAirteagal 136(1);

                (d) moltaí faoin nós imeachta um easnamh iomarcach;

                (e) moltaí faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha;

                (f) tacaíocht ón Aontas faoin tsaoráid mheántéarmach maidir le comhardú íocaíochtaí;

                (g) tacaíocht ón Aontas faoin Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais;

                (h) cúnamh airgeadais faoin Sásra Eorpach Cobhsaíochta.

                1. Mura ndéanann Ballstát gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagra ar iarraidh ón gCoimisiún chun a Chonradh Comhpháirtíochta agus na cláir ábhartha a athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, féadfar cuid de na híocaíochtaí nó iad go léir a chur ar fionraí.

                1. Nuair a mheastar nach ndearna Ballstát gníomhaíocht leordhóthanach faoin méid a leanas:

                (a) bearta sonracha atá dírithe ar Bhallstáit an limistéir euro i gcomhréir le hAirteagal 136(1);

                (b) an nós imeachta um easnamh iomarcach;

                (c) an nós imeachta i leith míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha;

                (d) clár faoin saoráid mheántéarmach maidir le comhardú íocaíochtaí;

                (e) clár faoin Sásra Eorpach Cobhsaíochta Airgeadais;

                (f) cúnamh airgeadais faoin Sásra Eorpach Cobhsaíochta.

                cuirfear cuid de na gealltanais agus na híocaíochtaí nó iad go léir ar fionraí.

                1. Déanfaidh an Coimisiún an togra chun na gealltanais a chur ar fionraí agus measfar gur ghlac an Comhairle go huathoibríoch leis, ach amháin má dhiúltaíonn an Chomhairle an togra sin trí thromlach cáilithe laistigh de mhí amháin. Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh chun na híocaíochtaí a chur ar fionraí, ar bhonn togra ón gCoimisiún. Aon chinneadh maidir le fionraithe, beidh sé comhréireach agus éifeachtach, agus dálaí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh, agus déanfaidh sé cóir chomhionann idir Ballstáit a urramú, go háirithe maidir le tionchar na fionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Ní mór tosaíocht a thabhairt d'fhionraí na ngealltanas; níor cheart íocaíochtaí a chur ar fionraí ach amháin má tá gníomhaíocht láithreach á lorg agus i gcás ina bhfuil neamh‑chomhlíonadh.

                1. Beidh fionraí na ngealltanas faoi réir na modheolaíochta "uasteorannú dúbailte".

                  • uasteorannú uasmhéid 50% de chistí CSC sa chéad chás den nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP) agus uasmhéid 25% de chistí CSC sa chéad chás den nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha (EIP). Ba cheart go dtarlódh an fionraí de réir a chéile agus go méadódh sé suas go huasmhéid 100% de chistí CSC i gcás nós imeachta um easnamh iomarcach agus suas go 50% de chistí CSC i gcás nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha, agus é ar aon dul le tromchúis an tsáraithe;

                  • uasteorannú uasmhéid 0.5% den OTI ainmniúil a bheidh i bhfeidhm maidir leis an gcéad sárú ar an nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP) de réir Airt. 21 (6b) de Rialachán CSC agus uasmhéid 0.25% den OTI ainmniúil a bheidh i bhfeidhm maidir leis an gcéad sárú ar an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha (EIP) de réir Airt. 21 (6c) de Rialachán CSC. Má leantar den neamhchomhlíonadh, ba cheart an céatadán den uasteorannú OTI sin a mhéadú de réir a chéile suas go huasmhéid 1% den OTI ainmniúil a bheidh i bhfeidhm maidir le sárú eile ar an nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP) de réir Airt. 21 (6b) de Rialachán CSC agus uasmhéid 0.5% den OTI ainmniúil a bheidh i bhfeidhm maidir le sárú eile ar an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha (EIP) de réir Airt 21 (6c) de Rialachán CSC, agus é ar aon dul le tromchúis an tsáraithe.

                1. Gan dochar do rialacha an tsaortha, cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí na ngealltanas. Maidir le híocaíochtaí, is ar thogra ón gCoimisiún a dhéanfaidh an Chomhairle an cinneadh deireadh a chur leis an bhfionraí. Cuirfear cistí ar fáil don Bhallstát lena mbaineann arís a luaithe a dhéanann an Ballstát an ghníomhaíocht is gá.

                1. Ní bheidh feidhm ag mír 79 a bhaineann le mír 78 (a), (b), (d) agus (e) ná ag mír 80 (b) agus (c) maidir leis an Ríocht Aontaithe de bharr Phrótacal (uimh 15) atá i gceangal le CAE agus le CFAE, (féach an tuarascáil dar teideal "Rialachas Eacnamaíoch san AE a Neartú" ón Tascfhórsa an 21 Deireadh Fómhair 2010).

                Cúlchiste feidhmíochta

                1. Bunóidh gach Ballstát cúlchiste náisiúnta feidhmíochta don sprioc de chuid an bheartais chomhtháthaithe maidir le hInfheistíocht don fhás agus do phoist, agus don CETFT agus don CEMI ina mbeidh 7% dá leithdháileadh iomlán, ina n-éascófar an fócas ar fheidhmíocht agus ar chuspóirí Eoraip 2020 a bhaint amach. Na suimeanna sin a leithdháiltear ar chúlchiste náisiúnta feidhmíochta gach bliain, eisiafar iad ón riail maidir le saoradh ó ghealltanas n+3 chomh fada is nach leithdháilfear an cúlchiste. Leithdháilfear an cúlchiste nuair a dhéanfar athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht in 2019.

                Rátaí réamh-mhaoiniúcháin

                1. Áirithítear leis an íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin ag tús an chláir go mbeidh sé de chumas ag na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do na tairbhithe chun clár amháin a chur chun feidhme ón tús. Ba cheart, mar sin, go mbeadh feidhm ag na leibhéil réamh-mhaoiniúcháin seo a leanas:

                Íocfar an méid tosaigh réamh-mhaoiniúcháin i dtráthchodanna mar a leanas:

                (a) in 2014: 1% de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochta ó na Cistí feadh na clárthréimhse iomláine agus 1.5% de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochta ó na Cistí feadh na clárthréimhse iomláine má bhí cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát ó 2010 i leith, i gcomhréir le hAirteagal 122 agus le hAirteagal 143 CFAE, nó ón EFSF, nó má bhíonn cúnamh airgeadais á fháil aige an 31.12.13 i gcomhréir le hAirteagal 136 agus le hAirteagal 143;

                (b) in 2015: 1% de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochta ó na Cistí feadh na clárthréimhse iomláine agus 1.5% de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochta ó na Cistí feadh na clárthréimhse iomláine má bhí cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát ó 2010 i leith, i gcomhréir le hAirteagal 122 agus le hAirteagal 143 CFAE, nó ón EFSF, nó má bhíonn cúnamh airgeadais á fháil aige an 31 Nollaig 2014 i gcomhréir le hAirteagal 136 agus le hAirteagal 143;

                (c) in 2016: 1% de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochta ó na Cistí feadh na clárthréimhse iomláine.

                I gcás ina nglactar clár oibríochta in 2015 nó níos déanaí, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain a nglacfar é.

                Forálacha eile rialála

                1. Tíolacfar gach clár do nós imeachta um shaoradh atá bunaithe ar an mbonn go saorfar méideanna atá nasctha le gealltanas nach bhfuil cuimsithe le réamh-mhaoiniú nó le hiarraidh ar íocaíocht a dhéanfar laistigh de thréimhse N+3.

                I gcás na Rómáine agus na Slóvaice, iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún féachaint ar réitigh phraiticiúla chun an baol atá ann go saorfaí na gcistí go huathoibríoch ó imchlúdach náisiúnta 2007-2013 a laghdú, lena n‑áirítear Rialachán 1083/2006 a leasú.

                Breithmheas

                1. Ar an mbonn dá bhforáiltear i mír 3, déanfaidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta plé gach dá bhliain ar chur chun feidhme agus ar thorthaí na gcistí CSC agus cuirfidh siad le measúnú foriomlán Chomhairle an Earraigh ar bheartais agus ar ionstraimí uile an AE lena gcuirfear leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht ar fud an Aontais Eorpaigh.

                1. Tionscadail a mbeidh an costas incháilithe iomlán níos mó ná EUR 50 milliún (EUR 75 milliún i gcás tionscadal iompair), beidh siad faoi réir breithmheasa ex‑ante níos fairsinge a dhéanfaidh an Coimisiún, chun a áirithiú go mbeidh siad comhsheasmhach leis an gConradh Comhpháirtíochta, go rannchuideoidh siad le cuspóir an chláir, agus go mbeidh siad slán ó thaobh na heacnamaíochta de.

                1. Ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit teacht ar chomhaontú faoi spriocanna uaillmhianacha ag tús na clárthréimhse. Ní mór do na spriocanna a bheith intomhaiste agus ní mór táscairí airgeadais agus aschuir a áireamh leo. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar an dul chun cinn a dhéanfar i dtreo na spriocanna agus tuairisceoidh sé chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa de réir phointe 3. I gcás ina mbeidh fianaise ann gur mainníodh go suntasach na spriocanna a comhaontaíodh a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún ceartúcháin airgeadais a chur i bhfeidhm.

                Prionsabail na hiomaíochta a chur i bhfeidhm ar thionscadail a roghnú

                1. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na tionscadail a roghnú ar bhonn nósanna imeachta agus critéar atá neamh‑idirdhealaitheach, trédhearcach agus i gcomhréir go hiomlán le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ionas nach roghnófar ach na tionscadail is fearr.

                CBL

                1. Ní bheidh an CBL incháilithe do ranníocaíocht ó na Cistí CSC agus ón EUR 10 000 milliún a aistríodh ón gCiste Comhtháthaithe chuig Áis Nasctha na hEorpa. Mar sin féin, beidh méideanna CBL incháilithe i gcás nach bhfuil siad sin inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta CBL.

                CEANNTEIDEAL 3 - SLÁNDÁIL AGUS SAORÁNACHT

                1. Is éard atá i ngníomhaíochtaí faoin gCeannteideal seo sraith éagsúil clár atá spriocdhírithe don tslándáil agus do shaoránaigh i gcás ina bhfuil breisluach ag gabháil le comhar ar leibhéal an Aontais. Áireofar air sin go háirithe, gníomhaíochtaí maidir le tearmann agus maidir le himirce agus tionscnaimh i réimsí na dteorainneacha eachtracha agus na slándála inmheánaí mar aon le bearta i réimse an cheartais. Leagfar béim ar leith ar shochaithe oileánacha a mbeidh dúshláin neamhréireacha rompu amach ó thaobh na himirce de. Leis na gníomhaíochtaí faoin gCeannteideal seo, tacófar freisin le hiarrachtaí chun rannpháirtíocht na saoránach san Aontas Eorpach a chothú, lena n‑áirítear tríd an gcultúr, trí éagsúlacht teangacha, agus tríd an earnáil chruthaitheach. Anuas air sin, cumhdaítear leis bearta chun feabhas a chur ar an tsláinte phoiblí agus ar chosaint na dtomhaltóirí. Trí na cláir a shimpliú, áiritheofar gurb éifeachtúla agus gurb éifeachtaí a chuirfear na gníomhaíochtaí a dhéanfar sa réimse seo i bhfeidhm.

                Ní mó ná EUR 15,686 milliún a bheidh leibhéal na ngealltanas don Cheannteideal seo:

                CEANNTEIDEAL 3 - SLÁNDÁIL AGUS SAORÁNACHT

                (Milliún euro, praghsanna 2011)

                2014

                2015

                2016

                2017

                2018

                2019

                2020

                2 053

                2 075

                2 154

                2 232

                2 312

                2 391

                2 469

                CEANNTEIDEAL 4 - AN EORAIP DHOMHANDA

                1. Is príomhréimse gníomhaíochta iad beartais eachtracha don AE, a athneartaíodh laistigh de chreat nua institiúideach Chonradh Liospóin. Ní mór don CAI a bheith mar bhonn do dhiongbháilteacht an AE forbairt a dhéanamh ar a ról mar ghníomhaí gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta, a mbeidh leasanna agus freagrachtaí réigiúnacha, domhanda aige. Leis na hionstraimí maoiniúcháin, neartófar an comhar atá idir an AE agus na comhpháirtithe, tacófar leis na cuspóirí atá ann luachanna an AE a chur chun cinn thar lear, cuirfear beartais an AE in iúl ar beartais iad a thacóidh le tabhairt faoi dhúshláin mhóra dhomhanda, cuirfear leis an tionchar a bheidh ag comhar forbartha an AE, cuirfear le rathúnas fadtéarmach agus le cobhsaíocht fhadtéarmach Chomharsanacht an AE, tacófar leis an bpróiseas maidir le méadú ar an AE, feabhsófar an dlúthpháirtíocht Eorpach tar éis tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéanamh an duine, is fearr a bheifear in ann géarchéimeanna a sheachaint nó a réiteach agus is fearr a bheifear in ann an t‑athrú aeráide a chomhrac. Nuair is iomchuí agus faoi réir critéir oibiachtúla, déanfar an tacaíocht a thabharfar do chomhpháirtithe a chur in oiriúint dá gcuid staideanna forbraíochta agus don tiomantas a bheidh acu agus don dul chun cinn a bheidh déanta acu maidir le cearta an duine, leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus leis an dea-rialachas. Beidh solúbthacht mhéadaithe faoi Cheannteideal 4 agus éifeachtúlacht sa chur chun feidhme mar bhonn agus mar thaca ag an méid sin.

                Ní mó ná EUR 58 704 milliún a bheidh leibhéal na ngealltanas don Cheannteideal seo:

                CEANNTEIDEAL 4 - AN EORAIP DHOMHANDA

                (Milliún euro, praghsanna 2011)

                2014

                2015

                2016

                2017

                2018

                2019

                2020

                7 854

                8 083

                8 281

                8 375

                8 553

                8 764

                8 794

                1. Is príomhthosaíocht do na Ballstáit é go n‑urramóidh siad gealltanas foirmiúil an AE 0.7% den OIN a ghealladh i dteannta a chéile don chúnamh oifigiúil forbartha faoi 2015, agus ar an gcaoi sin, tabharfar céim chinntitheach i dtreo Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhaint amach. Mar chuid den ghealltanas sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas Eorpach, dá bhrí sin, a áirithiú, thar an tréimhse 2014‑2020 go n‑áireofar 90% ar a laghad dá chúnamh seachtrach foriomlán mar chúnamh oifigiúil forbartha de réir an tsainmhínithe reatha a shocraigh Coiste Cúnaimh Forbartha (DAC) an ECFE.

                CEANNTEIDEAL 5 - RIARACHÁN

                1. Toisc gur gá na hairgeadais phoiblí a chomhdhlúthú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, tá sé riachtanach go ndéanfaidh gach riarachán poiblí agus a fhoireann iarracht ar leith cur leis an éifeachtúlacht agus leis an éifeachtacht agus dul i dtaithí ar an gcomhthéacs eacnamaíoch atá ag athrú. Leis an gcaiteachas a dhéanfar faoin gCeannteideal seo, ní mór aird a thabhairt ar chumas na nInstitiúidí a gcuid cúraimí a dhéanamh faoi na Conarthaí, ar oibleagáidí méadaitheacha dlíthiúla an AE agus ar an gcéad mhéadú eile a dhéanfar ar an AE. Is gá d'Institiúidí an AE freisin a gcumas a chaomhnú riarachán AE a mhealladh agus a choimeád a bheidh iontach gairmiúil agus cothromaithe ar an leibhéal geografach.

                1. Ní mó ná EUR 61 629 milliún a bheidh leibhéal na ngealltanas don Cheannteideal seo:

                CEANNTEIDEAL 5 - RIARACHÁN

                (Milliún euro, praghsanna 2011)

                2014

                2015

                2016

                2017

                2018

                2019

                2020

                8 218

                8 385

                8 589

                8 807

                9 007

                9 206

                9 417

                1. Laistigh den uasteorainn sin, ní mó ná EUR 49,798 milliún a bheidh sa chaiteachas do chaiteachas riaracháin na n‑institiúidí faoin bhfo-uasteorainn seo a leanas, gan pinsin ná Scoileanna Eorpacha a chur san áireamh.

                Caiteachas riaracháin fo‑uasteorann (gan pinsin ná Scoileanna Eorpacha a áireamh)

                (Milliún euro, praghsanna 2011)

                2014

                2015

                2016

                2017

                2018

                2019

                2020

                6 649

                6 791

                6 955

                7 110

                7 278

                7 425

                7 590

                1. Áireofar sna huasteorainneacha sin éifeachtaí an choigiltis a leanas:

                • laghdú 5% ar an líon foirne a bheidh feidhm aige maidir le gach institiúid, comhlacht, agus gníomhaireacht de chuid an AE thar an tréimhse 2013-2017. Cúiteofar sin trí huaireanta oibre na gcomhaltaí foirne a mhéadú gan coigeartú a dhéanamh ar a gcuid tuarastal.

                • laghduithe ar chaiteachas nach mbaineann le foireann, trí athchóirithe breise a dhéanamh ar na Rialacháin Foirne agus trí bhearta eile inmheánacha riaracháin.

                • Mar chuid den athchóiriú ar na Rialacháin Foirne, cuirfear na coigeartuithe ar thuarastail agus ar phinsin na foirne uile tríd an modh tuarastail ar fionraí ar feadh dhá bhliain.

                • Roinnfear an coigilteas thuasluaite go cothrom idir na hinstitiúidí uile agus idir comhlachtaí eile de réir scála dáilte agus áiritheofar go mbeidh an méid sin ceangailteach trína chur isteach sa Chomhaontú Idir-Institiúideach maidir leis an smacht buiséadach agus maidir le bainistiú fónta airgeadais. Táthar ag suil go dtíolacfar gach institiúid, comhlacht agus gníomhaireacht meastacháin ar chaiteachas sa nós imeachta buiséadach bliantúil a bheadh i gcomhréir leis na treoshuímh thuas. Tabharfar aghaidh ar an méid a tharlóidh ó thaobh chostas na bpinsean freisin san athchóiriú a dhéanfar ar na Rialacháin Foirne. Mar chuid den athchóiriú ar na Rialacháin Foirne, tabharfar isteach an athuair tobhach dlúthpháirtíochta nua ar leibhéal 6% mar chuid den athchóiriú ar an modh riaracháin. Beidh tionchar nach beag ag na bearta sin ar chostas na bpinsean sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

                1. Socraítear leis na huasteorainneacha atá leagtha amach thuas an creat don phróiseas comhchinnteoireachta lena gcinnfear cur chun feidhme coincréiteach na mbeart sin agus beart eile arna moladh ag an gCoimisiún (amhail srianta ar luathscor, an aois scoir a shíneadh agus an modh lena socraítear coigeartuithe bliantúla).

                CEISTEANNA COTHROMÁNACHA - IONSTRAIMÍ LASMUIGH DEN CAI AGUS AN tSOLÚBTHACHT

                1. Áireofar sa CAI, mar riail, na hábhair uile a mbeidh maoiniú ón AE tuartha ina leith, mar bhealach chun trédhearcacht agus smacht buiséadach iomchuí a áirithiú. Mar sin féin, i bhfianaise a sonraíochtaí, déanfar an Ionstraim Sholúbthachta, an Ciste Dlúthpháirtíochta, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála agus an Ciste Eorpach Forbraíochta a chur lasmuigh den CAI.

                1. Ní mór don Aontas an acmhainn a bheith aige freagairt do chúinsí eisceachtúla, bíodh siad ina gcúinsí inmheánacha nó ina gcúinsí seachtracha. Ag an am céanna, caithfear an gá atá le solúbthacht a mheas i gcomhthéacs phrionsabal an smachta bhuiséadaigh agus thrédhearcacht chaiteachas an AE lena n‑áirítear leibhéal comhaontaithe an chaiteachais. Dá bhrí sin, tá an ionstraim sholúbthachta seo a leanas mar chuid den CAI: laistigh de Cheannteideal 2, cruthaítear cúlchiste nua do géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta chun tacaíocht a thabhairt i gcás ina mbeadh géarchéimeanna móra lena ndéanfaí difear don táirgeacht talmhaíochta nó don dáileadh talmhaíochta.

                Is gnách nach n‑úsáidtear ionstraimí solúbthachta i gcoitinne ach amháin nuair is gá.

                1. Leanfar de Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, arb éard is aidhm dó cúnamh airgeadais a thabhairt i gcás ina mbíonn tubaistí móra ann, a mhaoiniú lasmuigh den CAI agus is é EUR 500 milliún (praghsanna 2011) an t-uasmhéid bliantúil a bheidh ann chuige sin.

                1. Leanfar den Ionstraim Sholúbthachta, arb éard is aidhm di caiteachais a shainaithnítear go soiléir agus atá gan choinne, a mhaoiniú lasmuigh den CAI agus is é EUR 471 milliún (praghsanna 2011) an t‑uasmhéid bliantúil a bheidh ann chuige sin.

                1. An Cúlchiste um Chabhair Éigeandála, arb éard is aidhm di an cumas a áirithiú chun freagairt go pras do riachtanais chúnaimh tríú tíortha, ar riachtanais shonracha gan choinne iad (oibríochtaí daonnúla, bainistiú géarchéime sibhialta agus cosaint shibhialta, brúnna imirceacha), leanfar den chúlchiste sin a mhaoiniú lasmuigh den CAI agus is é EUR 280 milliún an t‑uasmhéid bliantúil a bheidh ann (praghsanna 2011).

                1. Leanfar den Chiste um Choigeartú don Domhandú a mhaoiniú lasmuigh den CAI agus is é EUR 150 milliún (praghsanna 2011) an t‑uasmhéid bliantúil a bheidh ann chuige sin.

                1. Déanfar Corrlach Teagmhasach suas le 0.03% d'Ollioncaim Náisiúnta an Aontais a chruthú lasmuigh de na huasteorainneacha don chreat airgeadais don tréimhse 2014‑2020, mar ionstraim a bheadh le húsáid mura mbeadh an dara rogha ann chun freastal ar chúinsí gan choinne. Is go comhpháirteach a dhéanfaidh an dá ghéag den údarás buiséadach an cinneadh chun leas a bhaint as an gCorrlach Teagmhasach. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. An úsáid a bhainfear as an gcorrlach teagmhasach, ní rachaidh sé, in aon bhliain ar leith, thar an uasmhéid a thuarfar sa choigeartú teicniúil bliantúil a dhéanfar ar an CAI agus beidh sé i gcomhréir le huasteorainn na n‑acmhainní dílse. Déanfar na méideanna sin a chuirfear ar fáil trí leas a bhaint as an gCorrlach Teagmhasach a fhritháireamh go hiomlán i gcoinne na gcorrlach i gceann amháin nó níos mó de na ceannteidil don Chreat Airgeadais don bhliain reatha airgeadais nó do bhlianta airgeadais amach anseo. Na méideanna a dhéanfar a fhritháireamh amhlaidh, ní úsáidfear iad i gcomhthéacs an chreata airgeadais. I gcás ina mbainfear leas as an gCorrlach Teagmhais, ní shárófar uasteorainneacha iomlána na leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus na leithreasaí le haghaidh íocaíochtaí a leagtar síos ann don bhliain reatha airgeadais agus do na blianta airgeadais amach anseo.

                1. Ar chúiseanna stairiúla agus dlíthiúla, is lasmuigh de bhuiséad an AE a maoiníodh an cúnamh a thug an AE do na tíortha ACC san am atá caite. Sna cúinsí reatha, agus Comhaontú Cotonou le dul in éag in 2020, is lasmuigh den CAI 2014‑2020 a bheidh an CEF. Tugtar faoi deara go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a mholadh go gcuirfí an CEF isteach sa bhuiséad ó 2021 ar aghaidh. EUR 26 984 milliún an méid iomlán a bheidh ar fáil don CEF. Is in Iarscríbhinn 2 atá an scála ranníocaíochta don 11ú CEF.

                1. Cuirfear solúbthacht shainiúil agus an tsolúbthacht is mó is féidir chun fheidhme d'fhonn cloí le hAirteagal 323 CFAE chun cur ar chumas an Aontais a oibleagáidí a chomhlíonadh. Beidh sé sin mar chuid den sainordú a dtógfaidh an Uachtaránacht an plé ar aghaidh le Parlaimint na hEorpa ina leith, i gcomhréir le pointe 11.

                Rannpháirtíocht fheabhsaithe agus mhéadaithe an BEI

                1. Tá an BEI ag tacú go mór leis an bhfás cheana féin, e.g. trí iasachtaí a chur ar fáil do Bhallstáit nach bhféadfadh cómhaoiniú a chur ar fáil do chistí struchtúracha ar shlí eile nó trí ionstraimí comhpháirteacha airgeadais a chur chun feidhme. Ba cheart rannpháirtíocht an BEI a fheabhsú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

                (a) saineolas an BEI a fháil go luath i gcás tionscadal a mhaoiníonn an AE agus an BEI lena chéile;

                (b) a áirithiú go gcuirtear an BEI ar an eolas faoi thionscadail a mbeidh tacaíocht ón AE á fáil acu;

                (c) rannpháirtíocht an BEI a fháil sa bhreithmheas ex-ante a dhéanfar ar thionscadail mhóra lena n‑áirítear trí Jaspers;

                (d) rannpháirtíocht an BEI a fháil, nuair is iomchuí, i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh teicniúil.

                CUID II: IONCAM

                1. Ba cheart cuspóirí foriomlána na simplíochta, na trédhearcachta agus an chothromais a bheith mar threoir do shocruithe na n‑acmhainní dílse. Ní mó ná 1.23% de shuim OINanna na mBallstát uile a bheidh i méid iomlán na n‑acmhainní dílse a leithdháilfear ar bhuiséad an Aontais chun leithreasaí bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a chumhdach. Ní mó ná 1.29% de shuim OINanna na mBallstát uile a bheidh i méid iomlán na leithreasaí faoi chomhair gealltanas a leagfar síos i mbuiséad an Aontais. Déanfar cóimheas ordúil idir leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a choimeád chun a ráthú go mbeidh siad ag teacht lena chéile.

                1. Tiocfaidh an córas nua acmhainní dílse i bhfeidhm san Aontas Eorpach ar an gcéad lá den mhí tar éis an fógra a fháil gur ghlac an Ballstát deireanach é. Beidh feidhm ag eilimintí uile an chórais sin go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

                Acmhainní dílse traidisiúnta

                1. Ní bheidh athrú ar an gcóras atá ann chun acmhainní dílse traidisiúnta a bhailiú.
                  Fós féin, ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh, coimeádfaidh na Ballstáit, mar chostais bhailiúcháin, 20% de na méideanna a bhaileoidh siad.

                Acmhainn dhílis CBL‑bhunaithe

                1. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle leanúint de bheith ag obair ar an togra ón gCoimisiún maidir le hacmhainn dhílis nua a bheidh bunaithe ar cháin bhreisluacha (CBL) chun í a dhéanamh chomh simplí agus chomh trédhearcach agus is féidir, chun an nasc atá ag beartas an AE le CBL agus le fáltais CBL iarbhír a neartú, agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na cáiníocóirí sna Ballstáit uile. D'fhéadfadh an acmhainn dhílis CBL nua ionad na hacmhainne dílse atá ann cheana atá bunaithe ar an CBL a ghabháil.

                Acmhainn dhílis FTT‑bhunaithe

                1. An 22 Eanáir 2013, ghlac an Chomhairle an Cinneadh ón gComhairle lena n‑údararítear comhar feabhsaithe maidir le cáin ar idirbhearta airgeadais. Iarrtar ar na Ballstáit sin atá rannpháirteach féachaint an bhféadfadh sé bheith mar bhunús ag acmhainn nua dhílis do bhuiséad an AE. Ní bheadh tionchar ag an méid sin ar Bhallstáit nach mbeidh rannpháirteach agus ní bheadh tionchar aige ar ríomh cheartúchán na Ríochta Aontaithe.

                Acmhainn dhílis OIN‑bhunaithe

                1. Ní athrófar an bealach chun ráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm le ranníocaíochtaí na mBallstát don acmhainn dhílis atá ann cheana atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN) a chinneadh, gan dochar do phointe 115 agus do phointe 118.

                Rialachán cur chun feidhme

                1. Ar bhonn Airt. 311(4) CFAE, leagfar amach Rialachán ón gComhairle lena leagfar síos bearta cur chun feidhme.

                Ceartúcháin

                1. Leanfar d'fheidhm a bheith ag an sásra ceartúcháin don Ríocht Aontaithe.

                Don tréimhse 2014-2020 agus don tréimhse sin amháin:

                • socrófar glaoráta na hacmhainne dílse CBL-bhunaithe ag 0.15% i gcás na Gearmáine, na hÍsiltíre agus na Sualainne;

                • bainfidh an Danmhairg, an Ísiltír agus an tSualainn tairbhe as an laghdú mór a thiocfaidh ar an ranníocaíocht OIN a bheidh le déanamh acu in aghaidh na bliana, is é sin le rá laghdú de EUR 130 milliún, EUR 695 milliún agus EUR 185 milliún faoi seach. Bainfidh an Ostair tairbhe as an laghdú mór a thiocfaidh ar an ranníocaíocht OIN a bheidh le déanamh aici in aghaidh na bliana, is é sin le rá EUR 30 milliún in 2014, EUR 20 milliún in 2015 agus EUR 10 milliún in 2016.

                ______________

                IARSCRÍBHINN I

                Figures and graphics available in PDF and WORD PROCESSED
                Figures and graphics available in PDF and WORD PROCESSED

                IARSCRÍBHINN II

                Scála ranníocaíochtaí an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta

                Scála ranníocaíochtaí an 11ú CEF

                BE

                3,25%

                BG

                0,22%

                CZ

                0,80%

                DK

                1,98%

                DE

                20,58%

                EE

                0,09%

                IE

                0,94%

                EL

                1,51%

                ES

                7,93%

                FR

                17,81%

                IT

                12,53%

                CY

                0,11%

                LV

                0,12%

                LT

                0,18%

                LU

                0,26%

                HU

                0,61%

                MT

                0,04%

                NL

                4,78%

                AT

                2,40%

                PL

                2,01%

                PT

                1,20%

                RO

                0,72%

                SI

                0,22%

                SK

                0,38%

                FI

                1,51%

                SE

                2,94%

                UK

                14,68%

                HR

                0,23%

                1 :

                Tá na conclúidí a bhaineann leis na hábhair eile ar fáil i ndoiciméad 3/13.

                2 :

                Gan dochar do: Phrótacal Uimh. 4 maidir le stáisiúin núicléach Ignalina sa Liotuáin agus do Phrótacal Uimh 9 maidir le haonad 1 agus le haonad 2 stáisiúin núicléach Bohunice VI sa tSlóvaic atá i gceangal le hIonstraim Aontachais Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Slóivéine agus na Slóvaice. (IO L 236, 23.09.2003, lch. 944.) chomh maith leis an bPrótacal i dtaobh na gcoinníollacha agus na socruithe chun Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin a ligean isteach san Aontas Eorpach.


              Side Bar

              My account

              Manage your searches and email notifications


              Help us improve our website