Navigation path

Left navigation

Additional tools

D/11/4

TEXTE GA

AN CHOMHAIRLE EORPACH – CONCLÚIDÍ
An Bhruiséil ,1-2 Márta 2012

Gheobhaidh na toscaireachtaí i gceangal leis seo na Conclúidí ón gComhairle Eorpach (1/2 Márta 2012).

________________________

Rinne an Chomhairle Eorpach plé ar chur chun feidhme straitéis eacnamaíoch an AE. Leis an straitéis seo iarrtar comhtháthú fioscach leantach agus gníomhaíocht dhaingean dhiongbháilte araon chun fás agus poist a threisiú; ní féidir fás inbhuanaitheach agus poist a thógáil ar easnaimh agus ar leibhéil iomarcacha fiachais. Tá toradh ag teacht ar na bearta a glacadh chun an staid i limistéar an euro a chobhsú.

D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach na cúig thosaíochtaí do 2012 a leagtar amach sa Suirbhé Bliantúil Fáis ón gCoimisiúin. D'fhéach sí ar an ngníomhaíocht nach foláir a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta. Ní foláir do na Ballstáit dul chun cinn níos tapúla a dhéanamh i leith spriocanna na Straitéise Eoraip 2020 agus ní foláir na hiarrachtaí a threisiú i ndáil leis na hathruithe a gabhadh de láimh sna Moltaí a Bhaineann go Sonrach le Tíortha ar Leith do 2011. Tá siad ag súil go gcuirfear in iúl leo sin na bearta a bhfuil sé i gceist acu a dhéanamh uime sin ina gcuid Clár Náisiúnta um Athchóiriú agus ina gcuid Cláir um Chobhsaíocht nó um Chóineasú. Rinne an Chomhairle Eorpach plé freisin ar an ngníomhaíocht is gá a dhéanamh ar leibhéal an AE, ag dul ar aghaidh le gach gné den Mhargadh Aonair a chur i gcríoch, idir inmheánach agus sheachtrach, agus ag treisiú na nuálaíochta agus an taighde.

Nuair a bhí an Chomhairle Eorpach ar siúl, shínigh na Ballstáit rannpháirteacha an Conradh ar chobhsaíocht, ar chomhordú agus ar rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA).

Leag an Chomhairle Eorpach síos na tosaíochtaí do chruinnithe an G20 atá le teacht agus do Chomhdháil NA Rio+20, agus béim ar leith á leagan ar bhearta um an bhfás a fheabhsú agus ar athchóirithe. Ar deireadh, bhreathnaigh an Chomhairle Eorpach ar an méid atá tite amach maidir leis an Múscailt Arabach agus leag sí síos treoirlínte i dtaca leis an tacaíocht a thabharfaidh an AE trí ghníomhú sa phróiseas sin amach anseo.

Thug an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir don tSeirbia.

Comhaontaíodh go dtiocfadh an Chomhairle ar ais chuig an tsaincheist maidir le haontachas na Bulgáire agus na Rómáine le limistéar Schengen, le go bhféadfaí Cinneadh a ghlacadh i mí Mheán Fómhair.

Rinneadh Herman Van Rompuy a thoghadh in athuair mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

I. BEARTAS EACNAMAÍOCH

  • Tá gach beart is gá á dhéanamh ar bun ag an Aontas Eorpach chun an Eoraip a thabhairt ar ais ar chosán an fháis agus na fostaíochta. Tá gá le cur chuige dhá-bhealach anseo, lena gcumhdófar bearta chun cobhsaíocht fhioscach agus comhtháthú fioscach araon a áirithiú chun an fás a chaomhnú.

  • Is í straitéis "Eoraip 2020" straitéis fáis na hEorpa agus is í freagairt chuimsitheach na hEorpa í ar na dúshláin atá roimpi amach. Go sonrach, tá na cúig sprioc a leagtar amach do 2020 go hiomlán ábharthach i gcónaí agus beidh siad mar threoir ag gníomhaíocht na mBallstát agus ag gníomhaíocht an Aontais chun an fhostaíocht a chur chun cinn; chun na coinníollacha atá ann don nuáil, don taighde agus don fhorbairt a fheabhsú; chun na cuspóirí atá againn a chomhlíonadh maidir leis an athrú aeráide agus maidir le fuinneamh; chun feabhas a chur ar leibhéil an oideachais agus chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn go háirithe tríd an mbochtaineacht a laghdú.

  • Mar sin féin, ní leor an méid atá déanta go dtí seo chun formhór na spriocanna sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá sé práinneach go ndíreofaí ar na hathchóirithe a chur chun feidhme, agus aird ar leith á tabhairt ar bhearta a mbeadh tionchar acu ar an bhfás agus ar an bhfostaíocht sa ghearrthéarma.

  • Don bhliain 2012, formhuiníonn an Chomhairle Eorpach na cúig thosaíocht a leagtar amach sa Suirbhé Bliantúil Fáis ón gCoimisiún maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • comhdhlúthú fioscach a bhaint amach a bheadh difreálaithe agus lena gcothófaí an fás,

  • gnáthiasachtú a chur i bhfeidhm sa gheilleagar arís,

  • fás agus iomaíochas a chur chun cinn,

  • dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus le hiarmhairtí sóisialta na géarchéime, agus

  • nuachóiriú a dhéanamh ar an riarachán poiblí.

Gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta

  • Phléigh an Chomhairle Eorpach réamhthorthaí agus dea-chleachtas i ndáil leis na Moltaí a Bhaineann go Sonrach le Tíortha ar Leith do 2011 agus na gealltanais a tugadh faoin gComhshocrú Euro Plus a chur chun feidhme.

  • Cé go bhfuil bearta tábhachtacha curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit uile, tá athchóirithe chun deiridh i réimsí áirithe agus níl cur chun feidhme na n‑athchóirithe ar aon dul, mar a léiríodh sa Suirbhé Bliantúil Fáis ón gCoimisiún agus sa tuarascáil ón Uachtaránacht maidir leis an seimeastar Eorpach.

  • Anuas air sin, i dTuarascáil an Choimisiúin faoin Sásra Foláirimh, arb í an chéad chéim sa nós imeachta nua chun míchothomaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, léiríodh go bhféadfadh roinnt dúshlán agus rioscaí a bheith ann de bharr míchothomaíochtaí maicreacnamaíocha i roinnt Ballstát. Scrúdóidh an Chomhairle an tuarascáil go mion. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún an nós imeachta a chur chun feidhme go hiomlán, go héifeachtach agus go tapa agus iarrtar ar na Ballstáit gníomhnú dá réir.

  • Is coinníoll bunriachtanach é an comhdhlúthú fioscach ionas go bhfillfear ar leibhéal níos airde fáis agus fostaíochta. Ní mór é a idirdhealú de réir na gcoinníollacha éagsúla atá sna Ballstáit. Ba cheart do gach Ballstát leanúint dá ngealltanais a urramú i gcomhréir le rialacha an Chomhshocraithe um Chobhsaíocht agus Fás, lena mbeadh na cobhsaitheoirí uathoibríocha in ann feidhmiú ar an gcosán a comhaontaíodh don choigeartú fioscach struchtúrach, agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí á ráthú ag an am céanna. Tíortha atá faoi réir chláir chúnaimh, ba cheart dóibh cloí leis na spriocanna agus na hathchóirithe struchtúracha a comhaontaíodh sa chlár. Ar an mbealach céanna, na Ballstáit sin a bhfuil faoi bhrú an mhargaidh, ba cheart dóibh na spriocanna buiséadacha a comhaontaíodh a chomhlíonadh agus ba cheart dóibh bheith réidh chun comhdhlúthú breise a dhéanamh más gá sin. Agus tíortha ag iarraidh an comhdhlúthú fioscach a bhaint amach, ní mór féachaint chuige go dtabharfar tús áite do chaiteachas a chuirfidh leis an bhfás amach anseo, agus béim ar leith a chur ar an oideachas, ar thaighde agus ar an nuáil.

  • Cuidíonn beartas cánach le comhdhlúthú fioscach agus leis an bhfás. I gcomhréir leis na Conclúidí ó Chomhairle an 21 Feabhra, ba cheart do na Ballstáit agus aitheantas á thabhairt d'inniúlachtaí na mBallstát i ndáil leis sin, i gcás inarb iomchuí, a gcórais cánach a athbhreithniú agus é mar aidhm iad a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, deireadh a chur le díolúintí atá gan údar, an bonn cánach a leathnú, cánacha a aistriú ón lucht saothair, an cháin a bhailiú ar bhealach níos éifeachtaí agus dul i ngleic le himghabháil chánach. Iarrtar ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún bealaí nithiúla a fhorbairt go gasta lena bhféadfaí déileáil níos fearr le calaois chánach agus le himghabháil chánach, lena n‑áirítear i ndáil le tríú tíortha agus tuarascáil a thabhairt faoi mhí an Mheithimh 2012.

  • Ní mór gníomh daingean a dhéanamh chun an ráta fostaíochta a ardú go 75 % faoin mbliain 2020. Leis an treoraíocht a d'aontaigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais an 30 Eanáir, tugtar treoir bhreise do na Ballstáit, go háirithe maidir le dífhostaíocht i measc an ógra agus maidir lena bPleananna Náisiúnta le haghaidh Post a fhorbairt faoi chuimsiú a gClár Náisiúnta um Athchóiriú. Ní mór straitéisí gníomhacha uileghabhálacha a chur chun feidhme chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, ar straitéisí iad lena gcuimseofar bearta gníomhachtúcháin mhargadh an tsaothair. I gcomhréir le Conclúidí na Comhairle an 17 Feabhra 2012, agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus na gcóras náisiúnta socraithe pá, ba cheart do na Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh:

  • iarrachtaí breise a dhéanamh le go mbeadh sé níos fusa agus níos tarraingtí d'fhostaitheoirí daoine a fhostú, trí fheabhas a chur ar na sásraí socraithe pá sa chás inar gá sin;

  • fáil réidh leis na bacainní ar phoist nua a chruthú;

  • beartais ghníomhacha i leith mhargadh an tsaothair a chur chun feidhme, go mórmhór d'fhonn chur le rannpháirtíocht na ndaoine óga, na mban agus na n-oibrithe scothaosta.

  • Tá an Chomhairle Eorpach ag tnúth leis an "bpacáiste fostaíochta" a thiocfaidh ón gCoimisiún go luath, ina mbeifear ag díriú ar chur leis an bhfás trí leas a bhaint as lucht saothair na hEorpa, trí chuidiú le poist a chruthú i réimsí tábhachtacha den gheilleagar, trí riachtanas scileanna a bhainistiú ar bhealach níos fearr, trí athruithe a chur chun cinn i margadh an tsaothair agus trí shoghluaisteacht gheografach a fheabhsú. Leagann sí béim ar a thábhachtaí atá sé dul chun cinn a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar aitheantas frithpháirteach na gcáilíochtaí gairmiúla, líon na ngairmeacha rialaithe a laghdú agus fáil réidh le bacainní rialála nach bhfuil údar leo.

  • Tá sé ríthábhachtach go léireodh na Ballstáit na tosaíochtaí sin agus na dúshláin sin go hiomlán trí ghealltanais níos beachta, níos oibríochtúla agus níos intomhaiste ina gCláir Náisiúnta um Athchóiriú agus ina gCláir um Chobhsaíocht nó um Chóineasú. Ba cheart do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa Chomhshocrú Euro Plus gealltanais bhreise a thabhairt a bheadh dírithe ar líon beag athchóirithe, ar athchóirithe iad atá ríthábhachtach, tráthúil agus intomhaiste, chun cuspóirí an Chomhshocraithe a bhaint amach.

  • Sa phróiseas seo, ina bhfuil ról tábhachtach ag comhpháirtithe sóisialta agus réigiúin, bainfear leas iomlán as na huirlisí a chuirfear ar fáil le rialachas nua eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Iarrann an Chomhairle Eorpach go nglacfaí, faoi mhí an Mheithimh, dhá thogra atá fós gan glacadh agus atá dírithe ar an bhfaireachas atá á dhéanamh ar an limistéar euro a neartú tuilleadh.

Gníomhaíocht ar leibhéal an AE

  • Sna cruinnithe a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollaig 2011, leag an homhairle Eorpach creat soiléir amach do thacar de thograí um chur leis an bhfás. Sa chruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ann an 30 Eanáir 2012, breathnaíodh ar roinnt beart éagsúil a bhfuil an-phráinn ag baint leo agus a dtabharfaidh an Chomhairle tuarascáil ina leith i mí an Mheithimh seo chugainn. Ní mór leanúint de bheith ag obair ar na réimsí uile chun brú ar aghaidh leis an bpacáiste sin de bhearta.

  • Go háirithe, leanfar ar aghaidh leis na hiarrachtaí chun an méid a leanas a dhéanamh:

  • an Margadh Aonair a thabhairt chun leibhéil nua forbartha tríd a rialachas a neartú agus tríd a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú a fheabhsú; i ndáil leis seo tá an Chomhairle Eorpach ag súil leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Margadh Aonair a thíolacfar i mí an Mheithimh seo chugainn, agus lena thuarascáil maidir leis an Treoir um Sheirbhísí chomh maith lena thuarascáil maidir leis an toradh a bheadh ar sheiceálacha feidhmíochta earnála; Is díol sásaimh di an rún atá ag an gCoimisiún réimse nua bearta a mholadh sa dara leath den bhliain seo a bheidh beartaithe chun réimsí nua fáis a chur ar bun sa Mhargadh Aonair. Cuireann an Chomhairle Eorpach, i ndáil leis an méid sin, béim ar a thábhachtaí atá sé an Margadh Aonair a chomhlánú agus deireadh a chur leis na bacainní atá fágtha;

  • an Margadh Aonair Digiteach a thabhairt chun críche faoi 2015, go háirithe trí bhearta a ghlacadh chun muinín i dtrádáil ar líne a fheabhsú agus clúdach leathanbhanda níos fearr a chur ar fáil, lena n-áirítear tríd an gcostas atá ar bhonneagar leathanbhanda ardluais a laghdú; tá an Chomhairle Eorpach ag súil leis na tograí a bheidh ag teacht ón gCoimisiún maidir le cóipcheart;

  • an t-ualach riaracháin agus an t-ualach rialála a laghdú ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta; is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach an rún ón gCoimisiún teachtaireacht a thíolacadh maidir le céimeanna breise chun ualaí rialála a laghdú, lena n-áirítear bearta chun tacú le micreafhiontair. Iarrann sí ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar spriocanna earnála;

  • deireadh a chur le bacainní ar thrádáil agus rochtain níos fearr ar mhargaí a áirithiú chomh maith le coinníollacha infheistíochta a áirithiú a bheidh ag teacht leis na conclúidí ó mhí Dheireadh Fómhair 2011 agus an ráiteas ó mhí Eanáir 2012; is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach an tuarascáil nua ón gCoimisiún maidir le bacainní trádála agus infheistíochta. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach athbhreithniú i mhí Mheithimh na bliana seo ar an dul chun cinn agus pléifidh sí an bealach ina bhféadfaí an tAontas a chaidrimh thrádála agus infheistíochta a fheabhsú le comhpháirtithe lárnacha.

  • Ó thaobh ról na Comhairle agus ról na mBallstát aonair i ndáil leis an Margadh Aonair a fhorbairt agus i ndáil le rialacha an Mhargaidh Aonair a chomhlíonadh, measann an Chomhairle Eorpach go bhféadfaí cur le húinéireacht agus le freagracht ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtas le "piarbhrú". Chun na críche, déanann an Chomhairle Eorpach an méid seo a leanas:

  • iarrann sí an gCoimisiún scórchláir thrédhearcacha a chur ar fáil mar bhonn do thagarmharcáil iomchuí;

  • iarrann sí ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach faireachán rialta ar an dul chun cinn atá déanta maidir le tograí lárnacha an Mhargaidh Aonair sna Comhairlí éagsúla.

  • Is den ríthábhacht é go ndéanfaí geilleagar atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní, níos glaise agus níos iomaíche a chur chun cinn. Iarrann an Chomhairle Eorpach go dtiocfar ar chomhaontú faoin Treoir um Éifeachtúlacht Fuinnimh faoi mhí an Mheithimh. Ag meabhrú di a conclúidí i mí na Nollag 2011, iarrann sí freisin go ndéanfar dul chun cinn mear maidir le straitéis ísealcharbóin 2050 agus maidir le cur chun feidhme an treochláir i dtreo Eoraip a bheadh tíosach ar acmhainní.

  • Is dlúthchodanna den straitéis Eoraip 2020 iad nuálaíocht agus taighde. Tá bonn láidir eolaíochta ag an Eoraip ach ní mór feabhas a chur ar an gcumas chun an taighde a chlaochlú go nuálaíochtaí úra atá dírithe ar éilimh na margaí. Ar bhonn tuarascála a thíolaic an Uachtaránacht, rinne an Chomhairle Eorpach an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na gconclúidí uaithi i mí Feabhra 2011 a mheas agus tháinig sí ar chomhaontú gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí d'fhonn an méid a leanas a dhéanamh:

  • an Limistéar Eorpach Taighde a thabhairt chun críche faoi 2014; i dtaca leis sin, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún creat LET a mholadh i Meitheamh 2012;

  • cur le soghluaisteacht taighdeoirí agus lena n‑ionchais ghairme;

  • an fardal de Thaighde agus Forbairt a mhaoiníonn an AE agus an táscaire aonair nuálaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme go sciobtha;

  • ionstraim mhéadaithe luacha do chearta maoine intleachtúla ar an leibhéal Eorpach;

  • go dtiocfaidh na Ballstáit is rannpháirtithe ar chomhaontú críochnaitheach, faoi mhí an Mheithimh 2012 ar a dhéanaí, maidir leis an tsaincheist dheiridh atá fós gan réiteach sa phacáiste paitinne.

  • an timpeallacht is fearr is féidir a chruthú d'fhiontraithe d'fhonn a chuid smaointe a chur chun gnó agus poist a chruthú agus nuálaíocht a bheidh á treorú ag éileamh a úsáid mar phríomhspreagadh i mbeartas taighde agus forbartha na hEorpa; go háirithe, córas caipitil fiontair éifeachtach a chruthú ar fud an AE, lena n‑áirítear "pas de chuid an AE", scéim maoiniúcháin chun tacaíocht a thabhairt do FBManna nualácha, "ciste cistí" a mheas chun caipiteal riosca trasteorann a chur ar fáil agus, agus leas níos éifeachtaí a bhaint as soláthar poiblí réamhthráchtálach chun tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuálacha ardteicneolaíochta;

  • príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin a neartú a bhfuil tábhacht sistéamach ag baint leo i leith nualaíochas an gheilleagair ina iomláine;

  • I gcás an fhuinnimh, tá sé an-tábachtach go gcuirfí na treoracha a comhaontaíodh i mí Feabhra agus i mí na Nollag 2011 chun feidhme, go gcomhlíonfaí na gealltanais a tugadh go gcuirfí margadh inmheánach an fhuinnimh i gcrích faoi 2014, lena n-áirítear an Tríú Pacáiste Fuinnimh a chur chun feidhme ina iomláine agus na spriocanna a comhaontaíodh a n-aithint, agus chun gréasán a nascadh thar teorainneacha. Tá an Chomhairle Eorpach ag súil leis an teachtaireacht ón gCoimisiún, ar cheart di teacht ar an bhfód faoi mhí Mheithimh na bliana seo, ina ndéanfar léirscaoileadh agus comhtháthú mhargadh inmheánach an fhuinnimh a mheasúnú.

  • Leagann an Chomhairle Eorpach béim ar a thábhachtaí atá ról na tionsclaíochta ó thaobh fás, iomaíochas, onnmhairithe agus fostaíocht na hEorpa a chur chun cinn agus chun an táirgiúlacht agus an nuáil a spreagadh.

  • Ba cheart leanúint den obair agus den phlé maidir le tograí ón gCoimisiún i leith chánachas an fhuinnimh, i leith comhbhonn comhdhlúite don chánachas comparáideach, i leith na cánach ar idirbhearta airgeadais agus i leith an athbhreithnithe ar an Treoir um Cháin ar Choigilteas. Ba cheart na treoracha caibidlíochta le haghaidh comhaontuithe cánachais maidir le coigilteas le tríú tíortha a ghlacadh go gasta. Tuairisceoidh an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an dul chun cinn sa réimse sin ag tosú i mí an Mheithimh 2012.

  • Ar an gcaoi chéanna, tá sé tábhachtach freisin go dtabharfar athchóiriú rialála na hearnála airgeadais chun críche go tapa. Ag cur leis an gcomhaontú polaitiúil a baineadh amach le déanaí, ba cheart an Rialachán um Bonneagar Margaidh Eorpach a ghlacadh anois a luaithe is féidir. Thairis sin, ba cheart teacht ar chomhaontú faoi na tograí a bhaineann le ceanglais chaipitil maidir le bainc agus le margaí in ionstraimí airgeadais, faoi mhí Mheithimh agus faoi mí na Nollag 2012 faoi seach, ag féachaint don chuspóir go mbeadh leabhar aonair rialacha ann agus a áirithiú go gcuirfear caighdeáin Basel III chun feidhme go tráthúil agus ar bhealach comhsheasmhach. Ba cheart go nglacfaí na leasuithe ar an Rialachán maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa a luaithe is féidir. Tá an Chomhairle Eorpach ag tnúth leis an toradh a bheidh ar an athbhreithniú atá ar bun faoi láthair ag an gCoimisiún ar thagairtí éigeantacha do na rátálacha ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá i reachtaíocht an AE.

  • Tá sé tábhachtach go mbeadh muinín an athuair ag infheisteoirí in earnáil na baincéireachta san AE agus go ndéanfaí sreabhadh creidmheasa chuig an ngeilleagar iarbhír á áirithiú, go háirithe trí sheasaimh chaipitil na mbanc a neartú gan díghiaráil iomarcach agus, nuair is gá, trí bhearta lena n-éascófar rochtain na mbanc ar chistiú. Coimeádfaidh an Chomhairle súil ghéar ar chur chun feidhme cinntí a glacadh i mí Dheireadh Fómhair i dtaca leis an méid sin. Iarrtar ar an gCoimisiún breathnú an bhféadfaí an creat reatha a neartú i dtaca le híocaíocht feidhmeannach.

  • I bhfianaise an ghá atá ann maoiniú príobháideach na dtionscadal lárnach bonneagair a spreagadh, ba cheart dlús a chur leis an obair atá á déanamh i ndáil leis an gcéim thrialach den tionscnamh um banna tionscadail de chuid Eoraip 2020 d'fhonn teacht ar chomhaontú faoi mhí Mheithimh.

    II. CRUINNITHE MULLAIGH IDIRNÁISIÚNTA

G20 agus G8

  • Chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach go mba cheart iarracht a dhéanamh na tosaíochtaí seo a leanas a bhaint amach mar ullmhúchán dochruinniú mullaigh an G20:

  • comhordú éifeachtach a áirithiú ar an leibhéal domhanda le haghaidh fáis agus le haghaidh dul chun cinn a bheadh láidir, inbhuanaithe agus cothrom, agus Plean Gníomhaíochta Cannes á chur chun feidhme;

  • gealltanais an G20 i leith athchóirithe ar na margaí airgeadais a chur chun feidhme, lena n‑áirítear faireachán dian, chun a áirithiú go mbeidh cothrom na féinne ar fáil ar an leibhéal domhanda;

  • Plean Gníomhaíochta 2011 maidir le Luaineacht Phraghsanna Bia agus maidir leis an Talmhaíocht a chur chun feidhme; trédhearcacht sna margaí tráchtearraí a fheabhsú; Plean Gníomhaíochta Forbartha Shúl a chur chun feidhme tuilleadh agus béim á cur ar an mbonneagar agus ar an bhfás glas;

  • an fás glas agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn; an t-athrú aeráide a chomhrac go háirithe agus foinsí maoiniúcháin a chur ar fáil i dtaca leis an athrú aeráide;

  • an cosantas a chomhrac agus tacú le clár oibre caibidlíochta gníomhach EDT, lena n‑áirítear i gcás na dtíortha is lú forbairt;

  • aghaidh a thabhairt ar ghné shóisialta an domhandaithe, go háirithe ar dhífhostaíocht i measc an ógra.

  • Cuireadh an Chomhairle Eorpach ar an eolas faoin bplé a rinneadh ar leibhéal an G20 i ndáil leis an méadú suntasach atá tagtha ar acmhainní an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI). Mheabhraigh sí gur gheall Ballstáit an limistéir euro cheana féin EUR 150 billiún a sholáthar trí iasachtaí déthaobhacha le haghaidh Acmhainní Ginearálta an CAI agus gur léirigh Ballstáit eile AE freisin go bhfuil siad toilteanach páirt a ghlacadh sa phróiseas lena neartófar acmhainní an CAI. Spreag sí Airí Airgeadais an G20 leanúint dá gcuid oibre d'fhonn teacht ar chomhaontú, ag an gcéad chruinniú eile a bheidh acu i mí Aibreáin, maidir le hacmhainní an CAI a mhéadú, chun cur le cumas an CAI na freagrachtaí sistéamacha atá air tacú lena bhallraíocht dhomhanda a chomhlíonadh.

  • Cuireadh in iúl don Chomhairle Eorpach an méid oibre atá déanta go dtí seo maidir leis na hullmhúcháin do chruinniú mullaigh an G8

Comhdháil Rio+20 na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe

  • Chuir an Chomhairle i bhfáth go bhfuil sí ag súil go mór go mbeidh toradh fónta ar Chomhdháil Rio+20 na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe. Chuir sí i dtreis go bhfuil sé riachtanach go mbeadh baint mhór ag an earnáil phríobháideach agus ag an tsochaí shibhialta leis an gComhdháil. Leag sí síos roinnt bunphrionsabal a bheidh mar threoir ag an AE agus é i mbun ullmhúcháin:

  • ba cheart, leis an gComhdháil, an t‑athrú domhanda i dtreo geilleagar glas a chur chun cinn, agus dá bhrí sin cosaint comhshaoil a chur chun cinn, cuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus fás ísealcharbóin, a bheadh tíosach ar acmhainní a spreagadh;

  • ba cheart iarracht a dhéanamh spriocanna soiléire oibríochtúla agus gníomhaíochtaí nithiúla a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta laistigh d'achair ama aontaithe;

  • ba cheart cur le creat institiúideach domhanda neartaithe le haghaidh forbartha inbhuanaithe lena mbeadh uasghrádú ar an UNEP go sainghníomhaireacht i gceist;

  • ba cheart níos mó oibre a dhéanamh chun spriocanna domhanda iar-2015 a bheadh comhleanúnach a bhaint amach i ndáil leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus freisin an próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Spriocanna Forbartha na Mílaoise a chur san áireamh.

III. BEARTAS EACHTRACH

  • Bliain amháin ó thosaigh an Múscailt Arabach, phléigh an Chomhairle Eorpach na claontaí atá ag teacht chun cinn agus na ceachtanna atá foghlamtha ó na himeachtaí a tharla sa réigiún agus rinne sí measúnú ar chur chun feidhme na tacaíochta atá tugtha ag an AE don réigiún go dtí seo. Tá an t-athrú chun an daonlathais i gComharsanacht an Deiscirt agus ar fud réigiún an Mheánoirthir agus na Murascaille á chur chun cinn ag an AE agus tacaíonn sé leis. Tá rún daingean aige i gcónaí comhpháirtíochtaí a fhorbairt le Comharsanacht an Deiscirt, a bheidh bunaithe ar idirdhealú, ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar dhílseacht do luachanna daonlathacha uilechoiteanna, lena n-áirítear mionlaigh reiligiúin (agus Críostaithe san áireamh) a chosaint. I gcomhréir leis na prionsabail agus na cuspóirí a shainítear sna ráitis níos luaithe uaithi agus sna conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach go leanfaidh an AE an treoraíocht a leanas agus páirt á glacadh aige i gcónaí sa phróiseas chomh maith le bheith ag cuidiú leis tuilleadh:

  • spreagann an AE na tíortha go léir atá i gComharsanacht an Deiscirt dul i mbun athchóirithe polaitiúla suntasacha atá ceaptha chun an daonlathas a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, an smacht reachta a bhunú agus a neartú agus cearta an duine agus saoirsí sibhialta a urramú agus aird ar leith á tabhairt ar chearta na mban agus ar chearta na mionlach.

  • ag féachaint do na dúshláin eacnamaíocha agus airgeadais atá os comhair roinnt mhaith tíortha sa réigiún, bainfidh an AE leas i gcónaí as a chuid ionstraimí, agus cuirfidh sé béim níos mó ar chúnamh a bheadh dírithe ar rialachas agus ar chruthú post agus leanfaidh sé dá iarrachtaí faoi chuimsiú chruinnithe an Tascfórsa lena n-áirítear geallshealbhóirí gnó; maidir leis an méid sin d'iarr an Chomhairle Eorpach go ndaingneofar síneadh shainordú an BEAF go mear;

  • sa chomhthéacs sin, tá rún daingean ag an AE tacaíocht a thabhairt i gcomhréir leis an athrú a dhéanfar chun an daonlathais, trí thacaíocht bhreise a thabhairt do na comhpháirtithe sin a dhéanfaidh dul chun cinn i dtreo córas daonlathach uilechuimsitheach, agus trí fhéachaint arís ar an tacaíocht atá á tabhairt do rialtais i gcás ina ndéanfar cos ar bolg nó ina sárófar cearta an duine ar bhealach tromchúiseach.

  • treiseoidh an AE i gcónaí an chomhpháirtíocht atá aige leis an tsochaí shibhialta, lena n‑áirítear tríd an tSaoráid um Shochaí Shibhialta Comharsanachta a sheoladh;

  • tá gá ann go ndéanfaí dul chun cinn go pras sa chaibidlíocht leantach i ndáil le trádáil agus mar ullmhúchán do chaibidlíocht faoi Chomhaontuithe Cuimsitheacha, Doimhne Saorthrádála, lena gcomhtháthófar geilleagair na gcomhpháirtithe le Margadh Aonair an AE de réir a chéile agus lena méadófar deiseanna rochtana ar an margadh;

  • cuirfear síneadh leis an idirphlé maidir leis an imirce, an tsoghluaisteacht agus an tslándáil d'fhonn teagmhálacha idirphearsanta, teagmhálacha gnó agus tuiscint fhrithpháirteach a chothú; sa chomhthéacs sin, déanfar gníomhartha comhpháirteacha freisin chun an inimirce neamhdhleathach a chosc i gcomhréir le Cur Chuige Domhanda an AE maidir leis an imirce;

  • Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún agus ar an Ardionadaí treorchlár a thíolacadh faoi dheireadh na bliana seo chun cur chun feidhme bheartas AE vis à vis ár gcomhpháirtithe sa Mheanmhuir Theas a shainiú agus a threorú, a chuid cuspóirí, ionstraimí agus gníomhaíochtaí a liostú, ag díriú ar ár gcuid sineirgí leis an Aontas do Réigiún na Meánmhara agus le tionscnaimh eile sa réigiún.

  • Tá uafás mór ar an gComhairle Eorpach i gcónaí faoin staid mar atá sa tSiria, agus tacaíonn sí leis na Conclúidí ón gComhairle an 27 Feabhra 2012. I gcomhréir le rún ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 1 Márta, éilíonn sí go gcuirfidh údaráis na Siria stop láithreach leis an bhforéigean millteanach agus leis an drochíde i ndáil le cearta an duine atá á dtabhairt ar an bpobal sibhialta. Tá rún daingean ag an gComhairle Eorpach i gcónaí a áirithiú go dtabharfar chun cuntais na daoine sin atá freagrach as na hainghníomhartha atá á ndéanamh ar mhuintir na Siria, agus oibreoidh sí i ndlúthchomhar leis na daoine a bhfuil doiceaméadú á dhéanamh acu ar na coireanna uafásacha sin agus tabharfaidh sí cúnamh dóibh. Deimhníonn an Chomhairle Eorpach go bhfuil sí tiomanta don bhrú ar réimeas na Siria a mhéadú tuilleadh fad is a mhaireann an foréigean agus an drochíde i ndáil le cearta an duine, agus iarrann sí ar an gComhairle tuilleadh bearta srianta spriocdhírithe a ullmhú i gcoinne an réimis. Ar mhaithe leis an tír, iarrann sí ar an Uachtarán Assad seasamh siar chun go bhféadfaí an bealach a réiteach le haghaidh aistrithe shíochánta. A luaithe a bheidh tús curtha leis an aistriú daonlathach, beidh an AE réidh chun comhpháirtíocht nua a dhéanamh agus chun cúnamh a chur ar fáil.

  • Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach a thábhachtaí atá rochtain iomlán gan bac do ghníomhaireachtaí neamhspleácha an chúnaimh dhaonnúil d'fhonn gur féidir cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla. Tá leas bainte as maoiniú daonnúil cheana ag an Aontas agus seasann sé réidh chun dul isteach a luaithe a bheidh cúinsí ar an láthair oiriúnach le go bhfeadfaidh eagraíochtaí daonnúla a gcuid oibríochtaí faoisimh a leathnú.

  • Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach go bhfuil tacaíocht á tabhairt aici do na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Léig na nArabach deireadh a chur leis an bhforéigean sa tSiria agus go bhfuil lántacaíocht á tabhairt aici do na misin a ghabh iar-ArdRúnaí na Náisiún Aontaithe Kofi Annan de láimh mar Chomh-Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe i gcomhar le Léig na nArabach maidir leis an ngéarchéim atá sa tSiria. Tá sí ag tacú le seoladh Ghrúpa Cairde na Siria agus leis na conclúidí ón gcéad cruinniú a bhí ar siúl an 24 Feabhra 2012.

  • Iarrann an Chomhairle Eorpach arís ar chomhaltaí uile Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go háirithe an Rúis agus an tSín, oibriú i gcomhar lena chéile chun deireadh a chur leis an bhforéigean. Tacaíonn an tAontas Eorpach le freasúra na Siria agus é ag iarraidh an tsaoirse, an dínit agus daonlathas a bhaint amach, tugann sé aitheantas do Chomhairle Náisiúnta na Siria mar ionadaí dlisteanach mhuintir na Siria agus iarrann sé ar chomhaltaí uile freasúra na Siria teacht le chéile agus é ag iarraidh tír nua a bhunú ina mbeidh cearta comhionanna ag na saoránaigh uile. Iarrann an tAontas Eorpach ar na páirtithe uile próiseas a chur chun cinn chun teacht ar réiteach polaitiúil.

  • Cuireann an Chomhairle Eorpach béim ar an bhfreagracht atá ar údaráis na Siria maidir le slándáil na náisiúnach eachtrach sa tSiria, iriseoirí san áireamh, go háirithe trí chabhrú le daoine an tír a fhágáil más gá dóibh sin a dhéanamh.

  • Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach Comhdháil na Somáile a tionóladh i Londain an 23 Feabhra 2012. Meabhraíonn an Chomhairle Eorpach di Creat Straitéiseach an AE do Chorn na hAfraice a ghlac an Chomhairle an 14 Samhain 2011, agus ag tógáil ar an toradh a bhí ar Chomhdháil Londan, iarrann sí ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar an Ardionadaí caidreamh cuimsitheach a chothabháil leis an tSomáil. I gcomhréir le Creat Straitéiseach an AE, ba cheart don Choiste Gnóthaí Eachtracha tuarascáil a thabhairt do Chomhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna gcomhaontú.

  • Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach an dul chun cinn atá déanta ag Comhpháirtíocht an Oirthir maidir le comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch leis an AE a chur ar aghaidh. Tá an chomhpháirtíocht bunaithe ar thiomantas do chomhluachanna, agus is iad na comhpháirtithe is gníomhaí maidir leis na hathchóirithe is mó a mbainfidh leas as a gcaidreamh leis an AE. Tá an Chomhairle Eorpach ag súil le Treochlár Chomhpháirtíocht an Oirthir mar ullmhúchán don chéad Chruinniú Mullaigh eile de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir a bheidh ar siúl sa dara cuid de 2013.

  • Léiríonn an Chomhairle Eorpach go bhfuil sí fíor-imníoch faoin staid atá ag dul in olcas sa Bhealarúis. Is díol sásaimh di an cinneadh a rinneadh ag an gComhairle cur leis an liosta dóibh siúd atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine nó an cos ar bolg atá á dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar nn bhfreasúra daonlathach nó atá ag tacú le réimeas Lukashenko nó ag baint tairbhe as, a gcuirfear cosc taistil agus calcadh sócmhainní i bhfeidhm ina leith. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle leanúint leis an obair atá á déanamh aici ar bhearta breise. Athdhearbhaíonn sí go bhfuil an tAontas tiomanta go láidir don ghaol atá aige le sochaí shibhialta na Bealarúise a neartú agus do thacaíocht a thabhairt do thoilmhianta daonlathacha mhuintir na Bealarúise.

IV. SAINCHEISTEANNA EILE

  • Tacaíonn an Chomhairle Eorpach leis na Conclúidí ón gComhairle an 28 Feabhra 2012 maidir leis an Méadú agus maidir leis an bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, agus tháinig sí ar chomhaontú maidir le an stádas tír is iarrthóir a bhronnadh ar an tSeirbia.

  • Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach, agus an plé a rinneadh in 2011 á meabhrú di, gur comhlíonadh na coinníollacha dlíthiúla uile le go nglacfar cinneadh maidir le haontachas na Bulgáire agus na Rómáine ar limistéar Schengen.

  • Tugann an Chomhairle Eorpach aitheantas freisin do na hiarrachtaí leantacha atá déanta ag an mBulgáir agus ag an Rómáin.

  • Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle, san idirthréimhse, bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme, ar bearta iad lena gcuirfí le méadú rathúil an Limistéir Schengen chun an Rómáin agus an Bhulgáir a áireamh.

  • Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle filleadh ar an tsaincheist sin chun go bhféadfaí a Cinneadh a ghlacadh ag an gComhairle CGB a bheidh ar siúl i mí Mheán Fómhair 2012.

  • Meabhraíonn an Chomhairle Eorpach di conclúidí mhí Mheithimh 2011, maidir le rialachas limistéar Schengen a threisiú agus cuireann sí i bhfáth, go háirithe, an tábhacht a bhaineann le teacht ar chomhaontú go luath i ndáil le Rialachán maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú lena bhfíorú go gcuirfear acquis Schengen i bhfeidhm. Ba cheart go ndíreofaí freisin leis an sásra seo ar an bhfeidhmiú á éileofar i gcás na n-institiúidí lena mbaineann agus acquis Schengen á chur i bhfeidhm.

  • Rinne an Chomhairle Eorpach Herman Van Rompuy a thoghadh in athuair mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí don tréimhse ón 1 Meitheamh 2012 go 30 Samhain 2014.

II.


Side Bar