Navigation path

Left navigation

Additional tools

AN CHOMHAIRLE EORPACH 4 FEABHRA 2011 CONCLÚIDÍ

European Council - DOC/11/1   04/02/2011

Other available languages: EN FR DE DA ES NL IT SV PT FI EL CS ET HU LT LV MT PL SK SL BG RO

D/11/1

Figures and graphics available in PDF and WORD PROCESSED

COMMISSION EUROPÉENNE

SECRETARIAT GENERAL

Bruxelles, le 4 février 2011

TEXTE GA

CONSEIL EUROPEEN – BRUXELLES
04 février 2011
CONCLUSIONS DE LA PRÉSIDENCE

_________________

Gheobhaidh na toscaireachtaí i gceangal leis seo conclúidí na Comhairle Eorpaí (4 Feabhra 2011).

________________________

  • Chomh maith leis an ngníomhaíocht phras a theastaíonn chun dul i ngleic le mórdhúshláin na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais, is den tábhacht é go leanfaí de bhunsraith dhocht a leagan síos lena gcothófaí fás a bheadh inbhuanaithe agus lena gcruthófaí poist. Sin é an cuspóir atá leis an Straitéis Eoraip 2020 i leith fostaíochta agus fáis a glacadh mí an Mheithimh seo caite. Inniu, tá an Chomhairle Eorpach tar éis aghaidh a thabhairt ar dhá earnáil ar leith – fuinneamh agus an nuáil – a bheidh ríthábhachtach d'fhás agus do rathúnas na hEorpa amach anseo. Tá sí tar éis roinnt gníomhaíochtaí tosaíochta a chomhaontú, a chuirfidh go mór leis an bhfás agus le cruthú post má chuirtear chun feidhme iad, agus lena ndéanfaí iomaíochas na hEorpa a láidriú.

    I. FUINNEAMH

  • Ceann de mhórthosaíochtaí na hEorpa fós é go mbeadh teacht againn ar fhuinneamh a bheadh slán, sábháilte agus ar phraghas réasúnta agus a chuirfeadh lenár gcumas iomaíochta. Má ghníomhaítear ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is féidir luach breise a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus ní mór é sin a dhéanamh. Le blianta beaga anuas, tá mórchuid oibre á déanamh chun bailchríoch a chur ar phríomhshraitheanna bheartas fuinnimh an AE, lena n-áirítear cuspóirí uaillmhianacha a leagan síos i dtaca le fuinneamh agus i dtaca leis an athrú aeráide, agus reachtaíocht chuimsitheach a ghlacadh chun tacú leis na cuspóirí sin. Le Cruinniú na Comhairle Eorpaí inniu, leagtar béim bhreise ar thiomantas an AE do na spriocanna sin, sna conclúidí oibríochtúla, mar a leagtar amach thíos iad:

  • Teastaíonn margadh inmheánach fuinnimh ón AE, a bheadh ina mhargadh lánfheidhmiúil, idirnasctha agus comhtháite. Chuige sin, caithfidh na Ballstáit reachtaíocht i dtaca leis an margadh inmheánach fuinnimh sin a chur chun feidhme gan mhoill agus de réir na spriocdhátaí atá leagtha amach. Iarrtar ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa oibriú le go nglacfaí an togra ón gCoimisiún go luath le haghaidh Rialachán maidir le sláine agus trédhearcacht na margaí fuinnimh.

  • Ba cheart go gcuirfí an margadh inmheánach i gcrích go hiomlán faoi 2014, ar bhealach nach gcuirfí aon bhacainn ar shreabhadh an gháis agus an leictreachais taobh istigh den limistéar sin. Chun é sin a bhaint amach, caithfidh na rialtóirí náisiúnta agus oibreoirí na gcóras tarchurtha dlús a chur lena gcuid oibre, i gcomhar le ACER, i dtaca le cúpláil an mhargaidh, agus treoirlínte agus cóid gréasáin a bheadh infheidhme ar fud ghréasáin na hEorpa. Iarrtar ar na Ballstáit, agus iad ag obair i gcomhar leis na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú agus le lucht tionscail, dlús a chur lena gcuid oibre sa chaoi go nglacfar caighdeáin theicniúla do chórais luchtaithe d'fheithiclí leictreacha faoi lár-2011 agus d'eangacha cliste agus do mhéadair faoi dheireadh 2012. Tuairisceoidh an Coimisiún go tráthrialta ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, agus aird ar leith aige ar shaincheisteanna na dtomhaltóirí, go mormhór iad siud atá níos leochailí, faoi mar a leagadh amach i gconclúidí na Comhairle an 3 Nollaig 2010.

  • Beidh an-iarrachtaí ag teastáil chun bonneagar fuinnimh na hEorpa a nuachóiriú agus a leathnú agus chun líonraí a idirnascadh thar na teorainneacha, i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá sainaitheanta sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le bonneagar fuinnimh. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar sin, le go dtiocfaidh bonn oibríochtúil faoin dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, le go mbeidh bealaí malartacha soláthair agus iompair ann, mar aon le foinsí eile fuinnimh agus le go ndeanfar na foinsí in-athnuaite a fhorbairt agus go mbeidh siad in ann dul san iomaíocht leis na foinsí traidisiúnta. Is den tábhacht é go ndéanfaí na nósanna imeachta údarúcháin a chuíchóiriú agus a fheabhsú maidir le bonneagar nua a thógáil, agus an urraim chuí i gcónaí ar na hinniúlachtaí agus na nósanna imeachta náisiúnta; tá an Chomhairle Eorpach ag súil leis an togra a bheidh ag teacht ón gCoimisiún maidir leis sin. Na tionscnaimh éagsúla a bhfuil na Ballstáit ag tabhairt fúthu chun margaí agus gréasáin a chomhtháthú ar an leibhéal réigiúnach, agus na tionscnaimh a leagadh amach i dteachtaireacht an Choimisiúin, cuireann siad ar fad leis na hiarrachtaí chun an cuspóir a bhaint amach agus tá tacaíocht ag dul dóibh. Níor cheart nach mbeadh teacht ag aon Bhallstát den AE ar ghréasáin gháis agus leictreachais na hEorpa tar éis 2015, ná go gcuirfí a shlándáil fuinnimh i mbaol d'uireasa na nasc iomchuí.

  • Beidh ar an margadh íoc as bunáite phríomhchostais mhaoiniúcháin na n-infheistíochtaí bonneagair, agus déanfar na costais sin a aisghabháil le taraifí. Tá sé ríthábhachtach creat rialála a chur chun cinn a bheadh mealltach don infheistíocht. Ba cheart féachaint chuige go ndéanfaí taraifí a shocrú ar dhóigh thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar leibhéal a bheadh i gcomhréir le riachtanais maoiniúcháin agus leis an gcionroinnt costas is iomchuí maidir le hinfheistíochtaí trasteorann, agus lena bhfeabhsófaí an iomaíocht agus an t‑iomaíochas agus lena gcuirfí san áireamh an tionchar ar thomhaltóirí. Mar sin féin, tá roinnt tionscadal ann a mbeadh údar maith leo ó thaobh shlándáil an tsoláthair nó ó thaobh na dlúthpháirtíochta de, ach nach bhfuil ar a gcumas dóthain maoinithe a mhealladh ón margadh, agus dá bhrí sin d'fhéadfaí go mbeadh méid áirithe de mhaoiniú poiblí ag teastáil chun cur lena dtagann ón earnáil phríobháideach. Ba cheart na tionscadail sin a roghnú ar bhonn critéar a bheadh soiléir, trédhearcach. Iarrtar ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle faoi mhí an Mheithimh 2011 maidir leis an infheistíocht is dóichí a bheidh le déanamh, mar aon le moltaí chun teacht ar an maoiniú a bheidh ag teastáil, agus conas aghaidh a thabhairt ar aon bhacainní a d'fhéadfadh a bheith ann don infheistíocht bonneagair.

  • D'fhonn slándáil an tsoláthair a fheabhsú tuilleadh, ní mór don Eoraip measúnú a dheánamh ar an gcumas atá inti foinsí breosla iontaise, idir ghnáthfhoinsí agus fhoinsí neamhghnách (gás scealla agus sceall ola), a eastóscadh agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe.

    8. Má dhéanaimid infheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh, beimid ag cur lenár gcumas iomaíochta agus beimid ag tacú freisin le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus leis an inbhuanaitheacht ar chostas íseal. Ní mór an sprioc atá againn maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, eadhon, 20 % faoin mbliain 2020, sprioc a comhaontaíodh i gcruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mheithimh 2010. Táimid chun deiridh air sin i láthair na huaire. Chun an sprioc sin a aimsiú, caithfear gníomhú go daingean chun tairbhe a bhaint as an acmhainn shuntasach atá ann breis fuinnimh a spáráil i bhfoirgnimh, san iompar, in earraí agus i bpróisis. Ón 1 Eanáir 2012 amach, ba cheart go mbeadh caighdeáin i leith na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm ag gach Ballstát, lena gcuirfí san áireamh príomhsprioc an AE maidir le soláthar poiblí i gcás foirgneamh ábhartha poiblí agus i gcás seirbhísí. Iarrtar ar an gComhairle an togra a bheidh ag teacht go luath ón gCoimisiúin maidir le Plean nua don Éifeachtúlacht Fuinnimh a scrúdú go pras, mar a leagfar amach go mionsonrach sraith de bheartais agus de bhearta ar fud shlabhra iomlán an tsoláthair fuinnimh. Déanfar cur chun feidhme sprioc an AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a athbhreithniú faoi 2013 agus breathnófar ar bhearta breise más gá.

    9. Iarrtar ar an gCoimisiún an obair atá ar bun aige leis na Ballstáit a threisiú, obair a bhaineann leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite a chur chun feidhme, go háirithe i dtaobh scéimeanna comhsheasmhacha tacaíochta agus meicníochtaí comhsheasmhacha don chomhoibriú ar an leibhéal náisiúnta.

    10. Déanfaidh an AE agus na Ballstáit an infheistíocht a chur chun cinn i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh agus i dteicneolaíochtaí ísealcarbóin atá sábháilte agus inbhuanaithe agus díreoidh siad ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí teicneolaíochta a leagadh amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh. Iarrtar ar an gCoimisiún tionscnaimh nua a thíolacadh maidir le heangacha cliste, lena n‑áirítear iad sin a bhaineann le feithiclí glana a fhorbairt, le stóráil fuinnimh, le bithbhreoslaí inbhuanaithe agus le réitigh spárála fuinnimh do na cathracha.

    11. Tá gá le gníomhaíochtaí an AE agus gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú ar bhealach níos fearr le háirithiú gur comhsheasmhach agus comhleanúnach a bheidh caidreamh seachtrach an AE leis na príomhthíortha táirgthe, idirthurais agus tomhailte fuinnimh. Iarrtar ar an gCoimisiún teachtaireacht a thíolacadh faoi mhí an Mheithimh 2011 maidir le slándáil an tsoláthair agus an comhoibriú idirnáisiúnta, chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí seachtracha an AE i réimse an fhuinnimh a fheabhsú tuilleadh. Iarrtar ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas ón 1 Eanáir 2012 amach faoi na comhaontuithe déthaobhacha uile, idir nua agus shean, i leith fuinnimh atá acu le tríú tíortha; cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit eile go léir i bhfoirm iomchuí, ag féachaint chun cosaint chuí a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Iarrtar ar an Ardionadaí slándáil an tsoláthair a chur san áireamh ina cuid oibre. Ba cheart go mbeadh rian láidir shlándáil an tsoláthair le feiceail i mbeartas comharsanachta an Aontais Eorpaigh.

    12. Ba cheart don AE tús a chur le tionscnaimh, i gcomhréir leis na Conarthaí, sna fóraim ábhartha idirnáisiúnta, agus comhpháirtíochtaí fuinnimh, ar chun tairbhe an dá thaobh iad, a fhorbairt leis na príomhghníomhaithe, agus timpeall ar na conairí straitéiseacha freisin, lena gcuimseofaí réimse leathan saincheisteanna, lena n‑áirítear cur chuigí rialála i leith gach ábhair ar cuid é den leas coiteann, amhail slándáil an tsoláthair, teicneolaíochtaí ísealcharbóin atá sábháilte agus inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh, an timpeallacht infheistíochta agus cothu agus cur chun cinn na gcaighdeán is airde don tsábháilteacht núicléach. Ba cheart dó a thíortha comharsanachta a ghríosú chun na rialacha ábhartha maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh a ghlacadh chucu féin, go háirithe trí Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a fhairsingiú agus a neartú agus trí thionscnaimh réigiúnacha don chomhoibriú a chur chun cinn. I gcomhthéacs na Straitéise Fuinnimh 2020, ba cheart don AE bearta a fhorbairt mar is iomchuí ionas gurb iad na deiseanna céanna a bheadh ag gach táirgeoir cumhachta san AE le hais táirgeoirí lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ní mór don Eoraip na bealaí soláthair agus na foinsí fuinnimh atá aige a éagsúlú. Dá réir sin, iarrtar ar an gCoimisiún leanúint leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige ionas go bhféadfaí conairí straitéiseacha a fhorbairt chun lear mór gáis a iompar, amhail Conair Gáis an Deiscirt.

    13. Ba cheart luí isteach ar an obair a luaithe agus is féidir chun comhpháirtíocht iontaofa, trédhearcach a bhunú leis an Rúis, a bheadh bunaithe ar rialacha, i réimsí arb den leas coiteann iad i ndáil le fuinneamh, agus mar chuid den chaibidlíocht sa phróiseas i ndiaidh an Chomhaontaithe um Chompháirtíocht agus um Chomhair agus i bhfianaise na hoibre atá ar bun i gcónaí maidir leis an gComhpháirtíocht don Nuachóiriú agus maidir leis an Idirphlé faoi Fhuinneamh.

    14. Comhoibreoidh an AE le tríú tíortha d'fhonn aghaidh a thabhairt ar luaineacht na bpraghasanna fuinnimh agus rachaidh sé chun cinn leis an obair sin i dtionól an G20.

    15. Tá an Chomhairle Eorpach ag súil leis an straitéis ísealcharbóin 2050 a ullmhú, agus é a bheith mar chreat don ghníomhú fadtéarmach in earnáil an fhuinnimh agus in earnálacha gaolmhara eile. Ní mór réabhlóid sna córais fuinnimh má táimid chun cuspóir an AE i gcomhthéacs na laghduithe is gá de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide maidir le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú 80-95 % le hais 1990 faoi 2050, do na tíortha forbartha mar aon ghrúpa amháin, faoi mar a comhaontaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2009, agus ní mór tús a chur leis an réabhlóid sin anois. Ba cheart an aird iomchuí a thabhairt ar chéimeanna idirmheánacha a shocrú chun an cuspóir 2050 a bhaint amach. Coimeádfaidh an Chomhairle Eorpach na himeachtaí faoi léirmheas ar bhonn tráthrialta.

    II. AN NUÁIL

    16. Is í an infheistíocht san oideachas, sa taighde, sa teicneolaíocht agus sa nuáil a thiomáineann an fás, agus na smaointe nuálaíocha arb fhéidir iad a thiontú ina dtáirgí agus ina seirbhísí indíolta nua, cuidíonn siad le fás agus le poist ar ardchaighdeán a chruthú. D'iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí cur chuige straitéiseach agus comhtháite a chur i bhfeidhm chun gus breise a chur faoin nuáil agus tairbhe iomlán a bhaint as caipiteal intleachtúil na hEorpa, rud a rachadh chun leasa na saoránach, na gcuideachtaí - go mórmhór na FBManna - agus lucht taighde. Coinneoidh an Chomhairle súil ar an dul chun cinn a dhéanfar i gcomhthéacs an méid a leanfaidh ón Straitéis Eoraip 2020.

    17. I dtaca leis sin, thug an Chomhairle Eorpach dá haird na treochtaí agus na forbairtí a bhí tar éis teacht chun soiléire i scórchlár reatha nuálaíochta an Choimisiúin. D'iarr sí ar an gCoimisiún táscaire comhtháite aonair a fhorbairt go pras le go mbeifí in ann monatóireacht ní b'fhearr a dhéanamh ar dhul chun cinn sa nuáil. Coimeádfaidh sí na forbairtí maidir lena bhfuil thuas faoi léirmheas.

    18. Rannchuidíonn an nuáil linn chun dul i ngleic le mórdhúshláin ríbhábhachtacha na sochaí inniu. Ní mór saineolas agus acmhainní na hEorpa a úsáid ar bhealach soiléir agus na sineirgí idir an AE agus na Ballstáit a chothú chun a áirithiú go sroichfidh nuálaíochtaí ar chun leasa na sochaí iad an margadh níos tapúla ná mar a sroicheann siad anois é. Ba chóir an comhchlárú a fhorbairt. Is céim thábhachtach chun tosaigh é sa chomhthéacs sin seoladh na Comhpháirtíochta píolótaí um Nuáil maidir leis an Aoisiú Gníomhach agus Folláin. Caithfidh an Chomhairle monatóireacht rialta a dhéanamh d'fhonn na cuspóirí fadtéarmacha a bhaint amach mar aon leis na spriocanna sonracha atáthar le socrú bliain i ndiaidh bliana. Glacfaidh an Chomhairle na cinntí polaitiúla atá riachtanach maidir leis na Comhpháirtíochtaí um Nuáil sula sheolfar iad.

    19. Teastaíonn limistéar aontaithe taighde ón Eoraip chun tallann agus infheistíocht a mhealladh chuici. Dá réir sin, ní mór na bearnaí atá fós ann a líonadh go pras, agus an Limistéar Eorpach Taighde a thabhairt i gcrích faoi 2014 chun fíormhargadh aonair a chruthú don fhaisnéis, don taighde agus don nuáil. go mórmhór, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht agus ionchais ghairme na dtaighdeoirí, ar shoghluaiseacht na mac léinn iarchéime agus ar tharraingteacht na hEorpa do thaighdeoirí eachtracha. Ba cheart freisin faisnéis faoin T&F a dtugtar maoiniú poiblí dó a scaipeadh ar bhealach níos fearr, agus urraim chuí á tabhairt ar na cearta maoine intleachtúla, go háirithe trí fhardal a bhunú den T&F atá maoinithe ar leibhéal an AE, fardal a bheadh nasctha le fardail eile chomhchosúla de chláir T&F á maoiniú ar an leibhéal náisiúnta.

    20. Ba cheart infheistíocht phríobháideach i dtáirgí agus i seirbhísí nuálaíocha a spreagadh, go háirithe trí na coinníollacha réime a fheabhsú. I ndáil leis sin, iarrtar ar an gCoimisiún:

  • tograí a chur ar aghaidh chun dlús a chur le nósanna imeachta um chaighdeánú, agus chun iad a shimpliú agus a nuachóiriú, go háirithe le go mbeifí in ann na caighdeáin a forbraíodh in earnáil tionsclaíochta a thiontú ina gcaighdeáin Eorpacha i gcuinsí ar leith;

  • treoir a chur ar fáil i dtaca le cur i bhfeidhm na dTreoracha maidir le soláthar poiblí; ba cheart ar an mórgóir go mbeadh an soláthar poiblí eagraithe ar bhealach lena gcruthófaí níos mó éilimh ar earraí agus ar sheirbhísí nuálaíocha;

  • athbhreithniú meántéarmach a dhéanamh le linn 2011 ar chreata ábhartha na státchabhrach;

  • féachaint an bhféadfaí ionstraim mhéadaithe luacha a bhunú do chearta maoine intleachtúla ar an leibhéal Eorpach, go háirithe chun rochtain na FBManna ar an margadh faisnéise a éascú, agus tuairisc ina leith a thabhairt don Chomhairle faoi dheireadh 2011.

    21. Iarrtar ar an gCoimisiún dul chun cinn gasta a dhéanamh i bpríomhlimistéir an gheilleagair dhigitigh le go mbeifear in ann an Ríomh-Mhargadh Aonair a chruthú faoi 2015, áirítear leis an dul chun cinn sin cur chun cinn agus cosaint na cruthaitheachta, forbairt na r-tráchtála agus infhaighteacht faisnéise na hearnála poiblí.

    22. Ba cheart gach iarracht a dhéanamh chun fáil réidh leis na constaicí dlíthiúla agus riaracháin deireanacha i bhfeidhmiú trasteorann an chaipitil fiontair. Iarrtar ar an gCoimisiún tograí a thíolaic faoi dheireadh 2011, tograí:

  • chun scéim caipitil fiontair a bhunú ar fud an AE, i gcomhar leis an hoibreoirí náisiúnta, ag tógáil ar an CEI agus ar hinstitiúidí ábhartha eile airgeadais;

  • chun an tSaoráid Airgeadais Roinnte Riosca a mhéadú;

  • agus chun measúnú a dhéanamh ar cén chaoi ab fhearr chun riachtanais na gcuideachtaí nuálaíocha atá ag fás go tapa a chomhlíonadh trí chur chuige margadhbhunaithe. Chuige sin, iarrtar ar an gCoimisiún freisin féachaint an bhféadfaí Scéim Nuála agus Taighde na bhFiontar Beaga a bhunú.

    23. Agus comhdhlúthú fioscach á dhéanamh ag na Ballstáit, ba cheart dóibh tús áite a thabhairt do chaiteachas inbhuanaithe a chuireann leis an bhfás i limistéir amhail an taighde agus an nuáil, an t-oideachas agus fuinneamh.

    24. Ba cheart na hiarrachtaí sin a cheangal le bearta soiléire don athchóiriú a mbeadh sé mar aidhm acu cur le héifeachtacht chórais taighde agus nuála na mBallstát. Ar an leibhéal náisiúnta, tá na Ballstáit fós sásta 50 % ar a laghad d'ioncam Scéim na Trádála Astáiochtaí (STA) a chur ar fáil chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú i réimse na haeráide, lena n-áirítear tionscadail nuálaíocha. Ba cheart freisin do na Ballstáit feabhas a chur ar úsáid na gCistí Struchtúracha reatha a leithdháiltear ar thionscadail taighde agus nuálaíocha.

    25. Is den tábhacht é go ndéanfaí simpliú ar ionstraimí sin an AE atá dírithe ar T&F&N a chothú le gur fearr a bheidh siad in ann na heolaithe is fearr agus na cuideachtaí is nuálaí a mhealladh, go háirithe trí chothromaíocht nua a chomhaontú i measc na n-institiúidí ábhartha, cothromaíocht idir muinín agus smacht, agus idir riosca a thógáil agus riosca a sheachaint. Iarrtar ar an gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh faoi dheireadh na bliana, lena bhféachfar le háirithiú go n-oibreoidh raon iomlán na n-ionstraimí maoiniúcháin don taighde agus don nuáil as lámha a chéile agus iad mar chuid d'aon chomhchreat straitéiseach amháin. Ba cheart go bhféachfaí freisin an bhféadfaí meicníochtaí maoiniúcháin a fhorbairt a bheadh leordhóthanach chun na mórthionscadail Eorpacha atá ina mórthiomántóirí don taighde agus don nuáil a mhaoiniú. Is ríthabhachtaí anois ná riamh feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE. Chuige sin, ba cheart simpliú an rialacháin airgeadais a ghlacadh faoi dheireadh na bliana le go mbeifear in ann a áirithiú go mbeidh meicníochtaí éifeachtacha seachadta ann do bheartais an AE.

    III. AN STAID EACNAMAÍOCH

    26. Rinne an Chomhairle Eorpach léirmheas ar an staid eacnamaíoch agus thug dá haire go bhfuil feabhas ag teacht ar cúrsaí geilleagracha ar an mórgóir cé gurb iomaí dúshláin atá ann fós. Aontaíodh ar an mbealach chun tosaigh chuig cruinniú Mhárta na Comhairle Eorpaí.

    27. D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle cur chuige ginearálta a aontú i mí an Mhárta i leith thograí reachtaíochta an Choimisiúin maidir leis an rialachas eacnamaíoch, a mbeadh moltaí an Tascfhórsa á gcur chun feidhme ina n-iomláine iontu, le go mbeifí in ann comhaontú críochnaitheach a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa faoi dheireadh mhí an Mheithimh. Má dhéantar sin, beifear in ann an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a neartú agus creat nua maicreacnamaíoch a chur chun feidhme.

    28. D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Údarás Eorpach Baincéireachta agus ar údaráis ábhartha eile diantástálacha struis a chur i gcrích agus d'iarr sí ar na Ballstáit pleananna sonracha a bhunú, a bheadh i gcomhréir le rialacha an AE maidir leis an Státchabhair, le go mbeifí in ann déileáil le haon bhanc ar léir laigí a bheith ag baint dó de réir na dtástálacha.

    29. I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus ar bhonn Shuirbhé Bliaintúil Fáis an Choimisiúin, leagfaidh Comhairle Eorpach an Mhárta amach na tosaíochtaí don athchóiriú struchtúrach and don chomhdhlúthú fioscach don chéad bhabhtha eile de na cláir um chobhsaíocht agus um chóineasú agus i réimsí inniúlachta an AE, lena n-áirítear an margadh aonair. Ar an mbonn sin, agus faoi anáil threoirlinte chomhtháite Eoraip 2020, iarrtar ar na Ballstáit a gclár náisiúnta um athchóiriú a thíolaic i mí an Aibreáin, mar aon lena gclár um chobhsaíocht nó um chóineasú.

    30. Glacfaidh Comhairle Eorpach an Mhárta an cinneadh deiridh maidir leis na hathruithe teoranta a theastófar sa Chonradh d'fhonn an Mheicníocht Eorpach um Chobhsaíocht a bhunú.

    31. D'fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh an ráiteas ó Cheannairí Stáit nó rialtais an limistéir euro agus ó institiúidí an AE, atá ceangailte leis an téacs seo.

IV. CAIDREAMH SEACHTRACH

32. Ghlac an Chomhairle Eorpach ráiteas maidir leis an Éigipt agus leis an réigiún (iarscríbhinn II).

33. D'áitigh an Chomhairle Eorpach gur níos tábhachtai fós atá sé anois, i bhfianaise na n‑imeachtaí i réigiun na Meánmhara, comhaontuithe maidir le síocháin a rinneadh cheana féin a urramú agus dul chun cinn tapa a bhaint amach i bPróiseas Síochána an Mheánoirthir. Dúirt sí go raibh sí ag súil go gcuirfear go mór leis an bpróiseas sin leis an gcruinniú Ceathairéid ar 5 Feabhra 2011 i Munich.

34. D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach na conclúidí a ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha i dtaca leis an mBealarúis an 31 Eanáir, lena n-áirítear an cinneadh chun bearta sriantacha a chur i bhfeidhm. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go bhfuil sé tiomanta go láidir don ghaol atá aige le sochaí shibhialta na Bealarúise a neartú. Tá rún ag an Aontas Eorpach leanúint dá bheartas um theagmháil chriticiúil, lena n-áirítear tríd an idirphlé agus trí Chomhpháirtíocht an Oirthir, ar an gcoinníoll go gcloífí le prionscabail an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine. Déanfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid sa Bhealarúis a athscrúdú ar bhonn rialta agus beidh sí réidh chun bearta dírithe eile a bhreithniú in gach réimse mar is iomchuí.

________________________

IARSCRÍBHINN I

RÁITEAS Ó CHEANNAIRÍ STÁIT NÓ RIALTAIS AN LIMISTÉIR EURO AGUS Ó INSTITIÚIDÍ AN AE

Tar éis a Ráitis i Mí na Nollag 2010, agus ag athdhearbhú a dtoilteanas gach rud a dhéanamh ar gá a dhéanamh chun cobhsaiocht an limistéir euro a chaomhnu, rinne Ceannairí Stáit nó rialtais an limistéir euro agus institiúidí an AE léirmheas ar an dul chun cinn a bhí déanta maidir le cur chun feidhme na straitéise cuimsithí chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun a áirithiú gur láidre a bheadh limistéar an euro ag teacht as an ngéarchéim dó.

Mar chuid den straitéis sin, áirítear an pacáiste reachtaíochta maidir leis an rialachas eacnamaíoch, na tástálacha struis agus deisiú na hearnála airgeadais, agus cur chun feidhme an tSeimeastair Eorpaigh. Lena chois sin, d'aontaigh siad go mbeadh na céimeanna seo a leanas mar chuid den phacáiste iomlán a dtabharfar chun críche i mí an Mhárta:

  • Go gcuirfear chun feidhme ar bhonn leanúnach na cláir rathúla atá ann cheana leis an nGréig agus le hÉirinn.

  • Go ndéánfaidh an Coimisiún measúnú, i gcomhar leis an BCE, maidir le dul chun cinn i mBallstáit limistéar an Euro i leith chur chun feidhme na mbeart a rinneadh chun seasaimh fhioscacha agus ionchais fáis a neartú.

  • Go ndéanfaidh Grúpa an Euro moltaí sonracha maidir leis an tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais a neartú sa chaoi go n-áiritheofaí an éifeachtacht is gá chun tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil.

  • Go dtabharfar chun críche na gnéithe oibríochtúla den Mheicníocht Eorpach um Chobhsaíocht, faoi chathaoirleacht Uachtarán Ghrúpa an Euro agus i gcomhréir leis an sainordú a aontaíodh i mí na Nollag.

Agus iad ag tógáil ar an gcreat nua don rialachas eacnamaíoch, glacfaidh na Ceannairí Stáit nó na Ceannairí rialtais céimeanna breise chun cáilíocht nua a bhaint amach maidir le comhordúchán an bheartais eacnamaíoch i limistéar an euro chun an t-iomaíochas a fheabhsú, agus leibhéal ní b'airde cóineasaithe a bhaint amach dá réir gan dochar a dhéanamh don mhargadh aonair. Iarrfar ar Bhallstáit nach baill iad de limistéar an euro a bheith rannpháirteach sa chomhordúchán seo. Rachaidh Uachtarán Chomhairle an Aontais Eorpaigh i mbun comhairliúcháin le Ceannairí Stáit nó rialtais Bhallstáit an limistéir euro agus cuirfidh siad tuarascáil ar ais, ina leagfar amach bealaí sonracha chun bogadh chun tosaigh, i gcomhréir leis an gConradh. Chuige sin, oibreoidh sé i ndlúthchomhar le hUachtarán an Choimisiúin. Áiritheoidh sé, i leith Ceannairí Stáit nó rialtais na mBallstáit sin nach baill iad de limistéar an euro ach a bhfuil spéis acu san ábhar, go mbeidh siad páirteach mar is cuí sa phróiseas.

_____________________

IARSCRÍBHINN II

RÁITEAS LEIS AN ÉIGIPT AGUS LEIS AN RÉIGIÚN

Tá súil imníoch á coinneáil ag an gComhairle Eorpach ar an staid san Eoraip, staid atá ag dul in olcas. Cháin sí as éadan an foréigean ansin agus lucht a úsáidte agus a spreagtha. Leag sí béim ar cheart na saoránach uile léirsiú gan bhacainn agus go síochánta, agus cosaint chuí a fháil ó údaráis feidhmithe an dlí. Diúltaítear do gach iarracht a dhéantar saorshreabhadh na faisnéise a shrianadh, lena n-áirítear ionsaí agus imeaglú a dhéanamh ar iriseoirí agus ar chosantóirí cearta daonna.

D'iarr an Chomhairle Eorpach ar údaráis na hÉigipte freastal ar thoilmhianta mhuintir na hÉigipte tríd an athchóiriú polaitiúil in ionad an bhrú faoi chois. Ba cheart do na páirtithe uile a bheith taobh leis an bhféinsmacht, tuilleadh foréigin a sheachaint, agus tús a chur le hidirthréimhse ordúil i dtreo rialtais a mbeadh bonn leathan faoi. D'áitigh an Chomhairle Eorpach go gcaithfear tús a chur leis an bpróiseas idirthréimhseach sin anois díreach. Is iad na prionsabail a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais agus na gealltanais a tugadh go dtí seo a chaithfidh a bheith mar bhonn do chaidreamh an Aontais leis an Éigipt.

Bhí meas ag an gComhairle Eorpach ar an gcaoi shíochánta agus mhaorga ar chuir muintir na Túinéise agus na hÉigipte a dtoilmhianta eacnamaíocha agus sóisialta in iúl, toilmhianta atá dlisteanach, daonlathach agus i gcomhréir leis na luachanna a chuireann an tAontas Eorpach chun cinn dó féin agus do dhaoine ar fud an domhain. Leag an Chomhairle Eorpach béim ar an bpointe gur cheart freastal ar thoilmhianta daonlathacha na saoránach trí athchóiriú substaintiúil daonlathach a dhéanamh lena ndéanfaí cearta an duine agus na saoirsí bunúsacha a lánurramú, agus trí shaorthoghcháin chóra a reáchtáil. Chun na críche sin, d'iarr sí ar na páirtithe uile páirt a ghlacadh anois in idirphlé macánta.

Tá rún daingean ag an Aontas Eorpach tacú go hiomlán leis na próisis idirthréimhseacha lena ngabhfar i dtreo an rialachais dhaonlathaigh, an iolrachais, deiseanna feabhsaithe ar an rathúnas eacnamaíoch agus ar an gcuimsiú sóisialta, agus i dtreo cobhsaíochta réigiúnaí neartaithe. Tá an Chomhairle Eorpach tiomanta do chomhpháirtíocht nua lena dtabharfar tacaíocht níos éifeachtaí sa todhchaí do na tíortha sin a bhfuil an t-athchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch á lorg acu, lena n‑áirítear trí Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tríd an Aontas do Réigiún na Meánmhara.

Sa chomhthéacs seo, d'iarr an Chomhairle Eorpach

  • ar an Ardionadaí an teachtaireacht atá againn a chur in iúl agus í ar cuairt go luath chuig an Túinéis agus chuig an Éigipt;

  • ar an Ardionadaí pacáiste beartas a fhorbairt, faoi chuimsiú na comhpháirtíochta seo, a bheadh dírithe ar thacaíocht an Aontais Eorpaigh a thabhairt do na próisis idirthréimhseacha agus claochlaithe (lena neartófaí na hinstitiúidí daonlathacha, agus lena gcuirfí an rialachas daonlathach agus an ceartas sóisialta chun cinn, agus lena gcabhrófaí saorthoghcháin chóra a ullmhú agus a reáchtáil). agus Beartas Comharsanachta na hEorpa agus an tAontas do Réigiún na Meánmhara a nascadh ar bhealach níos dlúithe leis na cuspóirí sin; agus agus

  • ar an Ardionadaí agus ar an gCoimisiún ionstraimí an Aontais Eorpaigh a chur in oiriúint go tapa chun cabhair dhaonnúil a chur ar fáil agus bearta agus tionscadail a mholadh chun comhar, malartú agus infheistíocht a spreagadh sa réigiún, a mbeadh sé mar aidhm acu an fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn, agus lena n‑áirítear stádas tosaíochta don Túinéis.


Side Bar

My account

Manage your searches and email notifications


Help us improve our website