Cosán nascleanúna
Fonn ort a bheith páirteach i gceapadh an bheartais Eorpaigh? Tá go leor slite ann le déanamh amhlaidh:
Labhair le polaiteoirí an AE faoi do chearta, faoin Eoraip a theastaíonn uaitse, agus faoin todhchaí a bhfuil súil agat léi san Aontas Eorpach
Iarr ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh ar shaincheist is mór agat - trí TES. Le léiriú go bhfuil tacaíocht leathan aige, caithfidh milliún saoránach de chuid an AE ón gceathrú cuid de bhallstáit an AE ar a laghad (7 gcinn as an 27 ballstát) do thionscnamh a shíniú.
Nuair a thosaíonn an Coimisiún ag obair ar thionscnamh beartais nua nó ar reachtaíocht atá ann faoi láthair a athbhreithniú, seolann sé comhairliúchán poiblí, de ghnáth.
Daoine, lucht gnó agus eagrais eile a bhfuil suim acu in ábhar ar leith nó saineolas air, is féidir leo cuidiú leis an dréacht-togra ón gCoimisiún a mhúnlú sula dtéann sé ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa chun go bpléifear agus go nglacfar é.
Saoránaigh agus cónaitheoirí de chuid an AE chomh maith le cuideachtaí agus eagrais eile a bhfuil a gceanncheathrú san AE, féadfaidh siad achainí a dhéanamh ar an bParlaimint ar shaincheisteanna a bhaineann le beartas an AE a dhéanann difear dóibh go díreach.
Is féidir le heagrais is le daoine féinfhostaithe a dtiomantas do "gach rud a dhéanamh de réir rialach" a léiriú agus brústocaireacht á déanamh acu ar an AE trí chlárú i gComhchlár na Trédhearcachta a ghlac an Pharlaimint agus an Coimisiún.
Is féidir leat: