Bainistítear na cistí de réir rialacha diana lena chinntiú go bhfuil rialú docht á dhéanamh ar an mbealach a úsáidtear iad agus go gcaitear iad ar bhealach atá trédhearcach freagrach.
Tá maoiniú ón AE casta ós rud é go bhfuil an méid sin clár éagsúil á mbainistiú ag comhlachtaí éagsúla. Is iad na ballstáit a bhainistíonn os cionn 76% de bhuiséad an AE. San áireamh leis sin tá na cistí struchtúracha - lena maoinítear beartas réigiúnach, cláir shóisialta agus oiliúna, agus talmhaíocht (tacaíocht d'fheirmeoirí san áireamh).
Dhá phríomhchineál maoinithe
Deontais le haghaidh clár ar leith, a thugtar, de ghnáth, tar éis fógra poiblí ar a dtugtar 'cuireadh chun tairisceana'. Tagann cuid den tacaíocht ó chistí an AE, agus cuid eile de ó fhoinsí eile.
Conarthaí poiblí chun seirbhísí, earraí nó oibreacha a cheannach ar mhaithe le hoibríochtaí institiúidí nó chláir an AE a chinntiú. Bronntar conarthaí trí chuireadh chun tairisceana (soláthar poiblí) agus clúdaíonn siad réimsí éagsúla: staidéar, cúnamh teicniúil agus oiliúint, comhairliúchán, eagrú comhdhálacha, ceannach trealamh TF, srl.
Titeann an fhreagracht pholaitiúil deiridh ar na 27 Coimisinéir le chéile chun a chinntiú go gcaitear cistí an AE ar bhealach cuí. Toisc go bhfuil cistí an AE á mbainistiú ar leibhéal tíre, áfach, is iad na rialtais náisiúnta atá freagrach as seiceálacha agus iniúchtaí bliantúla a dhéanamh.
Tairbhithe
Mionghnólachtaí
Is féidir leo maoiniú a fháil ón AE i bhfoirm deontas, iasachtaí agus ráthaíochtaí. Tá tacaíocht dhíreach le fáil ó dheontais, agus tá maoiniú eile ar fáil ó chláir a bhainistítear ar an leibhéal náisiúnta.
Deiseanna ar mhaoiniú ón AE le haghaidh gnólachtaí beaga
Eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta
D'fhéadfaidís a bheith incháilithe don mhaoiniú, chomh fada agus a bhfuil siad gníomhach i réimsí beartais an AE ar bhonn neamhbhrabúis.
Deiseanna ar mhaoiniú ón AE le haghaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha de réir réimse beartais
Daoine óga
Dhá phríomhchineál tacaíochta:
- An Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil - deiseanna staidéir trí Erasmus


, tacaíocht do dhaltaí a bhfuil deireadh ag teacht lena dtréimhse sa mheánscoil, agus oiliúint ghairmiúil i dtír eile. - An Clár um an Aos Óg i mbun Gníomhaíochta - cómhaoiniú tionscadal a thacaíonn le saoránacht ghníomhach, obair dheonach agus dearcadh níos ilchultúrtha.
An Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil - maoiniú le haghaidh oideachais agus oiliúna ![]()
![]()
Glac páirt sa Chlár um an Aos Óg i mbun Gníomhaíochta ![]()
![]()
Taighdeoirí
Cuireadh breis is €53 billiún ar fáil idir 2007 agus 2013 don taighde, agus is ón seachtú creatchlár (FP7) a thagann an chuid is mó de. Tá deontais ar fáil i bhfoirm cómhaoinithe le haghaidh taighde a bhaineann le comhobair, smaointe, daoine, inniúlachtaí agus taighde núicléach.
Deiseanna ar mhaoiniú ón AE le haghaidh taighde agus nuálaíochta
Feirmeoirí
Tá formhór na bhfeirmeoirí san AE i dteideal íocaíochtaí díreacha chun tacú lena n-ioncam. Ní mór d'fheirmeoirí caighdeáin a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, leas ainmhithe agus sábháilteacht bia a chomhlíonadh.
Níl formhór na tacaíochta nasctha leis an táirgeacht. Ach faoi choinníollacha áirithe, féadfaidh tíortha an AE níos lú airgid a thabhairt agus tacaíocht atá nasctha le táirgeacht a thabhairt ina áit.
Cláir náisiúnta forbartha tuaithe - sonraí teagmhála, tír ar thír



















