Cosán nascleanúna


Iompar

Iompar níos iomaíche agus níos éifeachtaí ó thaobh acmhainní de

Tá iompar ríthábhachtach dár sochaí agus dár ngeilleagar – teastaíonn sé d’fhás agus do chruthú post. Fostaíonn an tionscal iompair thart ar 10 milliún duine go díreach agus tá sé freagrach as thart ar 5% den OTI. Tá córais éifeachtacha iompair ríthábhachtach do chumas chuideachtaí na hEorpa a bheith i mbun iomaíochta i ngeilleagar an domhain. Cosnaíonn lóistíocht amhail iompair agus stórála thart ar 10-15% de chostas táirge críochnaithe ar chuideachtaí Eorpacha. Bíonn tionchar mór ag cáilíocht seirbhísí iompair ar cháilíocht beatha daoine. Caitheann an meánteaghlach 13.2% dá bhuiséad ar earraí agus ar sheirbhísí iompair.

Dúshláin mhóra

Agus ár sochaithe ag taisteal níos mó ná riamh, ba cheart do bheartas an AE cabhrú lenár gcórais iompair dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá os a gcomhair:

Dhá thraein ardluais agus lógónna cuideachtaí iarnróid Eorpacha éagsúla orthu © An AE

Línte nua ardluais trasna an AE a thugann modh iompair sábháilte, compordach, éiceolaíochta do shaoránaigh na hEorpa.

  • brú tráchta , a bhfuil tionchar aige ar thrácht ar na bóithre agus san aer araon. Cosnaíonn sé thart ar 1% den OTI bliantúil ar an Eoraip. Ach tá iompar lasta ag méadú: faoin mbliain 2030, tuartar go mbeidh sé 40% níos airde ná 2005; agus 80% níos airde faoin mbliain 2050. Tá trácht paisinéara le fás freisin: méadú 34% ar 2005 faoin mbliain 2030 agus méadú 51% faoin mbliain 2050.
  • spleáchas ar ola – tá iompar tar éis éirí níos éifeachtaí ó thaobh an fhuinnimh de ach braitheann sé fós ar ola do 96% dá riachtanais fuinnimh. Éireoidh ola níos teirce sna blianta amach romhainn, agus í á fáil níos minice ó cheantair mhíshocra an domhain. Faoin mbliain 2050, tuartar go mbeidh praghas ola níos mó ná dhá oiread leibhéal 2005, nuair a bhí $59 ar bhairille.
  • astuithe ceaptha teasa – faoin mbliain 2050, ní mór don AE laghdú 60% ar astuithe a bhaint amach don earnáil iompair le hais leibhéil 1990 má táimid le téamh domhanda a theorannú go méadú 2ºC. Tríd is tríd, faoin mbliain 2050, ní mór don AE astuithe a laghdú 80-95% faoi bhun leibhéil 1990 d’fhonn an sprioc sin a bhaint amach.
  • bonneagar – forbartha go héagothrom ar fud an AE. De ghnáth ní bhíonn línte iarnróid ardluais saintógtha ag tíortha in Oirthear an AE agus go minic bíonn drochbhail ar na gnáthlínte iarnróid.
  • iomaíocht – tá iomaíocht mhéadaithe os comhair earnáil iompair an AE i margaí iompair atá ag forbairt go gasta i réigiúin eile ar fud an domhain.

Tá léargas cuimsitheach ar phríomhstaitisticí faoin iompar le fáil anseo: Iompar 2050: 50 fíric agus figiúr

Iompar éifeachtúil, comhtháite, inbhuanaithe

Iomaíocht agus rialáil chliste

D’fhonn córais iompair na hEorpa a dhéanamh níos éifeachtúla, tá an AE tar éis margaí náisiúnta a oscailt d’iomaíocht – go háirithe iompar bóithre agus aeriompar , ach iompar iarnróid freisin go pointe áirithe.

Bóithre – féadfaidh trucailí feidhmiú i dtíortha eile seachas a dtír féin anois, agus ní gá dóibh filleadh abhaile le trucailí folmha ar thurais idirnáisiúnta.

Iarnród – in 2003, d’oscail an chéad phacáiste léirscaoilte thart ar 70-80% de thrácht lasta iarnróid fadraoin d’iomaíocht. Anois tá an Coimisiún ag moladh go mbeadh gréasáin iompair paisinéirí iarnróid oscailte d’iomaíocht freisin. Ba cheart gach bacainn riaracháin agus rialála a bhaint freisin – maidir le hiarnróid agus le modhanna eile iompair.

Aer – tá léirscaoileadh tar éis níos mó iomaíochta, táillí níos ísle agus níos mó nasc idir tíortha an AE a sholáthar. Cabhróidh Aerspás Eorpach Aonair English an AE leis an treocht sin leanúint ar aghaidh. Tá trácht trasatlantach níos saoire freisin: ligeann comhaontú “aerspás oscailte” an AE le Stáit Aontaithe Mheiriceá d’aon aerlíne Eorpach taisteal ó aon aerfort san AE go dtí aon chathair i SAM.

Cearta paisinéirí

cearta paisinéirí ag taistealaithe san AE chun a leasa a chosaint, go háirithe má tharlaíonn rud éigin contráilte.

Sábháilteacht

Maidir leis an AE:

  • bíonn sé ag obair le húdaráis réigiúnacha agus náisiúnta maidir le sábháilteacht ar bhóithre, agus é d’aidhm acu líon na ndaoine a mharaítear ar na bóithre a laghdú faoina leath sna 10 mbliana amach romhainn,
  • chuir sé cosc ar aerlínte neamhshábháilte san Eoraip
  • tá sé ag déanamh rialacha níos doichte maidir le sábháilteacht mhuirí, lena n-áirítear iniúchtaí loinge níos déine, pionóis do thruailliú a tharlaíonn mar gheall ar mhórfhaillí, agus deireadh a chur le tancaeir aonchabhlach níos sciobtha
  • socraíonn sé caighdeáin sábháilteachta agus slándála agus ní mhaoiníonn sé ach tionscadail bhonneagair a chomhlíonann na caighdeáin sin
  • cuireann sé caighdeáin sábháilteachta agus slándála chun cinn sa chuid eile den domhan trí chomhar agus trí chomhaontuithe, mar shampla leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta English agus leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta English

Iompar glas

An earnáil iompair, feithiclí bóithre go príomha, is cúis le 28% d’astuithe CO2 an AE. Tá an Coimisiún ag obair ar reachtaíocht nua chun teorainneacha a laghdú d’astuithe carbóin ó charranna agus chun éifeachtúlacht breosla níos fearr agus úsáid breoslaí malartacha a chur chun cinn.

Tacaíonn an Coimisiún freisin le taighde agus le húsáid éifeachtach teicneolaíochtaí nua glasa iompair. Beidh athghrúpáil mhór agus athfhócasú ar iarrachtaí T&F iompair san Eoraip ina Strategic Transport Technology Plan (STTP) (Plean Straitéiseach ar Theicneolaíocht Iompair).

Mar chuid den STTP foriomlán, foilseoidh an Coimisiún straitéis faoi chórais iompair ghlain in 2012, agus bearta ar leith ann chun feithiclí glana a chur chun cinn agus caighdeáin ar fud an AE a bhaineann, mar shampla, le hidir-inoibritheacht bonneagar luchtaithe/athbhreoslaithe a fhorbairt.

Bonneagar

Ní féidir le léirscaoileadh amháin fadhbanna diongbháilte ar nós astuithe, drochnaisc le réigiúin fhorimeallacha agus gréasáin náisiúnta atá nasctha go dona a réiteach.

Tá an AE ag athbhreithniú a bheartais GTE-I agus é d’aidhm aige “croíghréasán” ilmhódúil a chruthú lena nascfar mórchathracha agus lena dtabharfar críocha in oirthear agus in iarthar an AE le chéile. Ba cheart do bheartas bonneagair tacú le cuspóirí eile freisin, amhail comhtháthú sóisialta agus an t-athrú aeráide a theorannú.

I dteannta thábhacht an chistithe phoiblí d’iompar, teastaíonn cur chuige nua i leith athruithe iompair d’fhonn timpeallacht chothrom airgeadais a chruthú: ní mór táillí iompair a athstruchtúrú i dtreo chur i bhfeidhm níos forleithne an phrionsabail “íoc mar a thruaillítear”.

Barr

Barr


Físeáin


Fan ceangailte


Barr

Set page to normal font sizeIncrease font size by 150 percentIncrease font size by 200 percent | Roghnaigh dath gorm an leathanaighRoghnaigh dath glas an leathanaighRoghnaigh dath dearg an leathanaighChoose high-contrast version


Leabharmharcáil an leathanach seo Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ