Cosán nascleanúna

Cánachas


Is iad na rialtais náisiúnta atá freagrach as cánacha a ardú agus rátaí cánach a shocrú. Mar sin de, is é do rialtas náisiúnta féin, agus ní an AE, a chinneann an méid cánach atá á íoc agat.

Is é ról an AE sa réimse seo súil ghéar a choinneáil ar rialacha cánach na rialtas náisiúnta agus ar na cinntí a dhéanann siad maidir le rátaí cánach (cáin ar bhrabúis gnólachtaí, ar ioncam pearsanta, ar choigilteas agus ar ghnóthachain chaipitiúla). Seo a leanas na cuspóirí atá aige sa ról sin:

  • go bhfuil na rialacha agus na cinntí sin i gcomhréir le spriocanna an AE maidir le poist nua a chruthú
  • nach gcuireann siad isteach ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí ná caiptil ar fud an AE
  • nach bhfágtar go bhfuil buntáiste míchothrom ag gnólachtaí i dtír amháin ar ghnólachtaí i dtír eile
  • nach ndéanann na rialacha agus cinntí náisiúnta sin leatrom ar thomhaltóirí, ar oibrithe ná ar ghnólachtaí ó thíortha eile an AE.

I gcás cánacha áirithe, m.sh. cáin bhreisluacha (CBL) nó cánacha ar pheitreal, ar an tobac agus ar dheochanna meisciúla, tháinig na 28 rialtas náisiúnta uile ar chomhaontú le chéile rátaí íosta cánach a shocrú sa chaoi is nach ndéanfaí saobhadh ar an iomaíocht idir Bhallstáit éagsúla an AE.

Ní féidir aon chinneadh a dhéanamh faoi chúrsaí cánach ar leibhéal an AE mura bhfuil na Ballstáit ar fad ar aon intinn faoi.

Caidéal peitril © Carofoto

Fágann rialacha coiteanna maidir le cáin ar pheitreal go bhfuil trádáil chóir ann agus go seachnaítear iomaíocht dhochrach i leith cánach

Níl cead ag an AE tionchar a imirt ar an méid a chaitheann tír – ar an gcoinníoll nár sháraigh comhardú bhuiséad na tíre sin agus a fiachas poiblí teorainneacha réasúnta.

Má dhéanann tíortha róchaitheamh, áfach, agus má théann siad i bhfiacha móra dá bharr, d'fhéadfaidís fás eacnamaíoch i dtíortha eile de chuid an AE agus cobhsaíocht an limistéir euro a chur i mbaol.

Iomaíocht chóir i leith cánach idir tíortha an AE

Coinníonn an AE súil ghéar, go háirithe, ar chánachas cuideachtaí ós rud é go bhfuil baol ann go meallfadh buntáistí cánach nó córais speisialta cánach i dtír amháin san AE cuideachtaí ó thíortha eile, nó go bhféadfaidís an bonn cánach a chreimeadh i dtíortha eile. Tá cód iompair ann a chuireann ceangal polaitiúil ar thíortha an AE gan sin a dhéanamh.

Ar chúiseanna den chineál céanna, tháinig tíortha an AE ar chomhaontú faoi rátaí íosta cánach i leith CBL agus dleachtanna máil ar pheitreal, ar an tobac agus ar alcól, agus tá sé d'oibleagáid orthu cloí leis na rialacha a cheap agus a chomhaontaigh siad le chéile ar leibhéal an AE.

Cad chuige a bhfuil lámh ag an AE i gcúrsaí CBL?

Tá CBL ríthábhachtach le go bhfeidhmeoidh an margadh aonair go cuí agus le go mbeidh iomaíocht chóir ann ar fud an AE.

Seo atá leagtha síos ag an AE, dá bhrí sin:

  • rialacha uile-AE maidir le feidhmiú na gcóras CBL agus
  • ráta íosta CBL.

Mar sin féin, fágann na rialacha sin uile go bhféadfadh difríochtaí measartha mór a bheith ann idir na rátaí náisiúnta CBL: níl aon teorainneacha uasta ann do rátaí CBL. Cé gurb é an riail ghinearálta gur cheart ráta caighdeánach amháin a chur i bhfeidhm ar gach díolachán earraí agus seirbhísí, tá saorchead ag na rialtais rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm ar réimse beag earraí/seirbhísí agus tá díolúine shealadach ó chuid de na rialacha sin ag tíortha áirithe.

Peitreal, alcól agus toitíní – cad chuige a bhfuil praghsanna éagsúla ann?

Tá na táirgí seo faoi réir roinnt rialacha coiteanna ós rud é gur féidir le difríochtaí i gcánacha (dleachtanna máil) an iomaíocht idir Ballstáit an AE a shaobhadh go héasca agus borradh mór a chur faoin tsiopadóireacht trasteorann, ar chostas gnólachtaí i réigiúin ina bhfuil an cháin ard. Sa chás seo freisin, fágann na rialacha go bhféadfadh éagsúlachtaí a bheith ann, ar na cúiseanna seo a leanas:

  • éagsúlachtaí cultúrtha – cúis amháin go bhfuil éagsúlacht chomh mór sin ann i bpraghsanna beorach agus fíona ar fud an AE
  • éagsúlachtaí eacnamaíocha – ní gnách le tíortha a bhfuil córas fónta airgeadais phoiblí acu cáin ró-ard a ghearradh ar na táirgí sin.

Rialacha coiteanna maidir le cáin ar fhuinneamh

Tá rialacha coiteanna ag an AE maidir le cáin ar tháirgí fuinnimh, ionas go bhféadfaidh sé cur chuige aontaithe a ghlacadh chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Arís eile, tá na rialacha solúbtha sa dóigh is gur féidir dálaí speisialta náisiúnta a chur san áireamh.

Lánúin ag amharc ar fhoirmeacha cánach © Imageselect

Is iad na rialtais náisiúnta a chinneann cáin ioncaim.

Cánacha a théann i bhfeidhm ort go díreach

Is faoi do rialtas náisiúnta é cinneadh a dhéanamh faoi rialacha agus rátaí maidir le cáin phearsanta – seachas i gcás ina bhfuil tionchar acu ar do chearta trasteorann. Ceaptar rialacha an AE lena chinntiú nach gcuirtear bac ort dul ag obair i dtíortha eile san AE i ngeall ar fhadhbanna a bhaineann le do phinsean agus do chearta pinsin a aistriú nó le cáin orthu sin.

Tá ról ag an AE freisin maidir le seachaint cánach trasteorann a chosc. Tarlaíonn sé go gcailleann rialtais an AE ioncam atá ag dul dóibh nuair nach nochtann daoine atá ina gcónaí ina ndlínsí an t-ús atá siad a fháil ar choigilteas atá acu i dtír eile.

Mar shaoránach den AE, tá cead agat airgead a choigilt san áit a ngnóthóidh tú an toradh is fearr dar leat, ach níl cead sin a dhéanamh chun cáin a sheachaint. Tá sé comhaontaithe ag formhór thíortha na hEorpa faisnéis a mhalartú le chéile faoi choigilteas daoine neamhchónaitheacha.

Sna tíortha nach ndéantar amhlaidh (m.sh. an Ostair agus Lucsamburg), gearrtar cáin shiarchoinneálach agus aistrítear cuid mhaith den cháin sin chuig tír dhúchais an choigilteora. Ós rud é gur íocaíocht ar an mórchóir atá i gceist, ní nochtar ainm an choilgiteora aonair ach íoctar an cháin atá dlite.

Calaois chánach agus seachaint cánach a chosc

Cailleann tíortha an AE suas le €1 trilliún ioncaim sa bhliain mar thoradh ar chalaois chánach, seachaint cánach agus an scáthgheilleagar. Is ionann sin agus thart ar 20% den ioncam iomlán ó cháin. Cé go bhfuil gach tír freagrach as calaois agus camailéireacht a chomhrac, ní mór tabhairt faoi bheart comhordaithe ar leibhéal Eorpach toisc gur minic a eagraítear calaois thar theorainneacha agus gur féidir iarmhairtí diúltacha a bheith ag bearta frith-chalaoise i dtír amháin ar an Eoraip ina hiomláine. Tá plean gníomhaíochta ag an AE anois chun an comhrac i gcoinne calaoise agus seachaint cánach a neartú.

Cáin ar idirbhearta airgeadais

Bhí an earnáil airgeadais ar cheann de na príomhchúiseanna leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus tá tacaíocht mhór á fáil aici ó na rialtais le blianta beaga anuas. Trí cháin a ghearradh ar idirbhearta airgeadais is féidir a chinntiú go n-íocfaidh an earnáil sin a cion féin de na costais a bhaineann leis an ngéarchéim. D'fhágfadh an cháin sin go bhféadfaí "an bhearna chothroime" a mheastar a bheith ann i gcúrsaí cánachais agus i mbuiséid phoiblí a dhúnadh. Tá córas coiteann don chineál sin cánach á fhorbairt faoi láthair ag aon tír déag san AE. D'fhágfadh sin go bhféadfaidís cáin ar bhonn leathan a roghnú, rud a chruthódh deiseanna maithe ioncaim dóibh, ainneoin gur rud an-idirnáisiúnta iad na hidirbhearta airgeadais.

Barr

Barr



TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Réimsí beartais gaolmhara

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?