Cosán nascleanúna
Tá an spórt agus gníomhaíocht choirp ríthábhachtach do na milliúin duine san Eoraip agus is gné lárnach é i sochaí na hEorpa. In 2011, ghlac an Coimisiún straitéis chun an ghné Eorpach den spórt a fhorbairt.

Tá thart ar 700 000 club spóirt san AE.
Tá an spórt tábhachtach d’fholláine coirp agus intinne, agus tugann sé pobail le chéile. Glacann thart ar 60% de dhaonra an AE páirt i ngníomhaíocht spóirt de shaghas éigin go rialta, agus tá thart ar 700 000 club spóirt san AE. Earnáil mhór den gheilleagar atá i mbun fás gasta é an spórt agus cuidíonn sé go mór le fás agus le poist.
Faoina chlár de ghníomhaíochtaí ullmhúcháin i réimse an spóirt 2009-13 ![]()
![]()
, tá an AE ag tabhairt maoiniú do thionscadail thrasnáisiúnta chun gréasáin oiriúnacha agus dea-chleachtais a shainaithint agus a thástáil sa réimse. I measc na dtionscadal sin tá:
Cé go dtugann an AE tacaíocht freisin do ghníomhaíochtaí spóirt trí réimsí beartais eile (oideachas, an óige, sláinte, cuimsiú sóisialta agus an beartas réigiúnach), ceapadh na tionscadail atá luaite anseo chun an chéad chlár de mhaoiniú AE atá dírithe go sonrach ar an spórt a ullmhú mar chuid de chlár nua an AE don oideachas, oiliúint, an óige agus spórt sa tréimhse 2014-20.
Tá an spórt ar cheann de thionscnaimh an AE trína ndéantar iarracht gníomhaíocht choirp a chur chun cinn trí dhea-chleachtas a mhalartú agus a chur chun cinn i measc thíortha an AE agus le páirithe leasmhara. I dTreoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choir
(2008) léirítear gur féidir beartais náisiúnta a thrasnaíonn earnálacha éagsúla a úsáid le spreagadh a thabhairt do dhaoine bheith níos aclaí. Thairis sin, i gClár an AE maidir le cothú, gníomhaíocht choirp agus sláinte
tagann eagraíochtaí le chéile le plé a dhéanamh ar threochtaí cothaithe agus ar ghníomhaíocht choirp.

Tá faoin AE spórt agus gníomhaíocht choirp a spreagadh agus a chur chun cinn.
Baineann an dópáil an bonn de phrionsabal na hiomaíochta córa, díspreagann sí daoine páirt a ghlacadh i spórt nó i lucht leanúna an spóirt agus cruthaíonn sí baol dáiríre don tsláinte. Tugann an AE maoiniú do thionscadail taighde sa réimse seo, agus faoin ngníomhaíocht ullmhúcháin a luadh thuas. Bíonn sé i dteagmháil rialta le comhlachtaí ábhartha, Údarás Frithdhópála an Domhain san áireamh .
Is féidir leis an spórt bearnaí sa tsochaí a líonadh agus daoine ó chúlraí éagsúla a thabhairt le chéile. Tugann an AE spreagadh don seacht mBallstát is fiche tionscnaimh a bhaineann leas as an spórt ar mhaithe le cuimsiú sóisialta a chur san áireamh nuair atáthar ag cur isteach ar thacaíocht ó chistí amhail Ciste Sóisialta na hEorpa agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa . Tugadh maoiniú freisin faoi na gníomhaíochtaí ullmhúcháin do thionscadail thrasnáisiúnta.
Tugann an AE spreagadh do sheirbhísí póilíneachta agus d'údaráis spóirt faisnéis a roinnt le chéile faoi dhaoine de lucht leanúna spóirt a bhféadfadh baol a bheith ag baint leo. Tugann an Coimisiún tacaíocht don eagraíocht Football against Racism in Europe ![]()
![]()
![]()
.
Tá meas ag an AE ar neamhspleáchas agus ar fhéinriail eagraíochtaí spóirt laistigh de theorainneacha an dlí, an daonlathais, na trédhearcachta agus na cuntasachta i dtaobh na cinnteoireachta de, agus de theorainneacha na cuimsitheachta i dtaobh ionadaíocht páirtithe leasmhara de.
Tugann an Coimisiún spreagadh d'fhostóirí, do lúthchleasaithe agus d'oibrithe spóirt leas a bhaint as an gcomhphlé sóisialta Eorpach chun caidreamh tionsclaíoch a mhúnlú in earnáil an spóirt.