Cosán nascleanúna
Le go n-éireoidh go maith leis an Eoraip san iomaíocht le geilleagair nua atá ag teacht chun cinn, ní mór di na poist a theastaíonn ó shochaí dhinimiciúil eolasbhunaithe a chruthú. Chuige sin, tá gá le hinfheistíocht san oideachas, san eolaíocht, agus i mbeartais fostaíochta atá in acmhainn cos a choinneáil leis an ráta athraithe agus an AE a thabhairt slán as an ngéarchéim eacnamaíoch.
Tá an fhreagracht as na beartais i réimse na fostaíochta, na ngnóthaí sóisialta agus an chuimsithe roinnte idir an AE agus a Bhallstáit. Déanann an AE:
I gcomhréir leis an straitéis fáis Eoraip 2020, tugtar spreagadh i straitéis fostaíochta na hEorpa gníomhaíochtaí a dhéanamh chun:
trí na tionscnaimh seo a leanas:
Bhí tionchar mór i gcónaí ag an AE ar chearta oibrithe. Mar shampla, tá dlíthe AE ann anois a chuireann srian ar uaireanta oibre, a dhéanann na dálaí oibre níos sábháilte agus a chinntíonn cúiteamh i gcás gortú ag an obair.
Oibríonn an AE i gcomhar le réimse leathan comhpháirtithe, mar shampla fostóirí agus ceardchumainn, lena chinntiú go dtugann na dlíthe sin faoi na saincheisteanna is tábhachtaí ar bhealach éifeachtach.
Cuireann an AE cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta chun cinn trí mhaoiniú a chomhordú, a chothú agus a chur ar fáil mar thacaíocht do na Ballstáit leis an eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac agus le hathchóiriú a dhéanamh ar a gcórais chosanta sóisialta.
Tá an AE agus a Bhallstáit ag obair as lámha a chéile ionas go mbeidh sé níos fusa do dhaoine maireachtáil agus oibriú thar lear, trí chomhordú a dhéanamh ar scéimeanna slándála sóisialta ar fud an AE agus le go bhféadfaidh oibrithe a bpinsin agus a sochair slándála sóisialta a fháil fiú má athraíonn siad post nó má théann siad ag obair i dtíortha éagsúla san AE.
Is iad seo a leanas na príomhchláir don fhostaíocht agus don bheartas sóisialta:
Is ar na rialtais náisiúnta atá an príomhchúram as an bhfostaíocht agus as an mbeartas sóisialta. Níl i gceist le maoiniú an AE sa réimse seo ach tacú agus cur lena n-iarrachtaí.