Cosán nascleanúna
Cé go nglacaimid leis gan smaoineamh anois, tá an ‘margadh aonair’ (ar a nglaoitear an ‘margadh inmheánach’ uaireanta freisin) ar cheann de mhórghníomhartha an AE. In áit a bheith faoi chois ag teorainneacha agus ag bacainní náisiúnta, bíonn daoine, earraí agus seirbhísí ag gluaiseacht ar fud an AE chomh héasca agus a dhéanann siad laistigh de thír aonair.
Taistealaímid trasna theorainneacha inmheánacha an AE ar mhaithe le cúrsaí gnó agus pléisiúir nó, más maith linn, féadfaimid fanacht sa bhaile agus sult a bhaint as réimse ollmhór táirgí ó gach cearn den Eoraip.

Tá formhór na dteaghlach san Eoraip saor lena soláthar leictreachais a roghnú.
Chun an margadh aontaithe seo a chruthú, rinneadh na céadta bacainn theicniúil, dhlíthiúil agus maorlathais a phlúch saorthrádáil agus saorghluaiseacht idir ballstáit an AE a dhíothú i sraith athchóirithe, a cuireadh i gcrích in 1993.
Dar leis an gCoimisiún, ghin na hathchóirithe seo 2.75 milliún post breise agus fás 1.85% idir 1992 agus 2009.
Agus iad saor chun dul i mbun gnó ar fud an bhloic gheilleagraigh iomláin, tá cuideachtaí tar éis a n-oibríochtaí a leathnú, agus tá an iomaíocht a d’eascair as ag laghdú praghsanna agus ag méadú rogha na dtomhaltóirí.
Ní chosnaíonn glaonna teileafóin san Eoraip ach beagán den mhéid a chosain siad 10 mbliana ó shin, tá go leor táillí aeriompair laghdaithe go mór agus tá bealaí nua oscailte. Tá go leor teaghlach agus gnóthas in ann an chuideachta a sholáthraíonn leictreachas agus gás dóibh a roghnú anois.
Ag an am céanna, oibríonn an AE lena áirithiú nach mbaineann na saoirsí níos mó seo an bonn ó chothromaíocht, ó chosaint tomhaltóirí ná ó inbhuanaitheacht chomhshaoil – agus cabhair aige ó údaráis éagsúla iomaíochta agus rialála na hEorpa.
I gcás gnólachtaí Eorpacha atá ag díol san AE, tá rochtain neamhshrianta ar bheagnach 500 milliún custaiméir acu – a thugann bonn láidir dóibh le fanacht iomaíoch i ngeilleagar an domhain. Gan trácht ar mhealltacht margaidh aontaithe chomh mór seo le haghaidh infheisteoirí eachtracha.
Agus féadfaidh comhtháthú geilleagrach a bheith luachmhar mar chosaint ar chúluithe eacnamaíochta tréimhsiúla, ag ligean do thíortha an AE leanúint ar aghaidh ag trádáil le chéile seachas dul i muinín beart caol cosantaí a dhéanfadh an ghéarchéim níos measa.

Féadfaidh gairmithe oilte oibriú aon áit san AE.
Tá tuilleadh le déanamh don chomhtháthú fós, áfach – is ann do go leor réimsí féidearthachta nach bhfuil tairbhe á baint astu.
Mar shampla, de bharr nádúr ilroinnte córais náisiúnta cánach tá moill ar chomhtháthú margaidh agus ar éifeachtúlacht.
Agus tá an earnáil seirbhísí tar éis éirí níos oscailte níos moille ná na margaí d’earraí, in ainneoin dlí thábhachtaigh nua in 2006 a chuireann ar chumas cuideachtaí réimse seirbhísí trasteorann a chur ar fáil óna mbunáit bhaile.
Bhí tionchar ag moilleanna ar sheirbhísí airgeadais agus ar iompar, i gcásanna ina bhfuil margaí náisiúnta aonair fós.
Maidir le seirbhísí airgeadais, tá iarracht á déanamh ag an AE macasamhail ghéarchéim 2009 a sheachaint trí earnáil airgeadais níos sábháilte agus níos treise a thógáil, trí bhearta lena n-áirítear maoirsiú ar institiúidí airgeadais, rialáil táirgí casta airgeadais agus ceanglas ar bhainc níos mó caipitil a bheith ina seilbh.
Tá formhór na dtíortha san AE tar éis comhaontú a dhéanamh maidir le seiceálacha pas a bhaint ag a dteorainneacha le tíortha eile an AE, nuair atáthar ag taisteal ar talamh (ní mór do thaistealaithe aeriompair cruthúnas aitheantais a thaispeáint fós).
Is iad na heisceachtaí dó seo na 5 thír a choinnigh rialuithe teorann náisiúnta: an Chipir, Éire, an Ríocht Aontaithe, an Bhulgáir agus an Rómáin.
Mar sin féin, déantar é seo i gcomaoin rialuithe níos doichte ar theorainneacha seachtracha an AE – chun cosc a chur ar gach saghas coirpeach buntáiste a bhreith ar an gcóras, arna fhorlíonadh ag na nithe seo a leanas: