Cosán nascleanúna
Tá an taighde agus an nuálaíocht ar bharr chlár oibre an AE le haghaidh fáis agus post. Spreagadh na Ballstáit 3% dá n-olltáirgeacht intíre (OTI) a infheistiú i dTaighde agus Forbairt faoin mbliain 2020 (1% maoiniú poiblí, 2% infheistíocht earnála príobháidí). Meastar go gcruthóidh sin 3.7 milliún post agus go méadóidh sé an OTI bliantúil le beagnach €800 milliún.
Toisc go mbeidh iomaíocht ar fud an AE le haghaidh na gcistí sin, tabharfar le chéile na taighdeoirí agus na nuálaithe is fearr san Eoraip chun dul i ngleic le saincheisteanna móra ár linne amhail fuinneamh, sábháilteacht an tsoláthair bia, an t-athrú aeráide, agus ár ndaonra atá ag dul in aois. Cabhraíonn an taighde agus an nuálaíocht le poist, rathúnas agus cáilíocht na beatha a sholáthar. Bíodh is go bhfuil an AE chun tosaigh i ndáil le go leor teicneolaíochtaí i measc thíortha an domhain, tá dúshláin mhéadaitheacha á gcur roimhe ag iomaitheoirí traidisiúnta agus ag geilleagair atá ag teacht chun cinn.
Tá ár gcaighdeán maireachtála amach anseo ag brath ar an gcumas atá againn nuálaíocht a chur chun cinn i dtáirgí, i seirbhísí, i ngnólachtaí agus i bpróisis shóisialta mar aon le samhlacha. Dá bhrí sin, tá an nuálaíocht curtha ag croílár na Straitéise Eoraip 2020, agus tá an tAontas Nuálaíochta
mar an tionscadal suaitheanta inti.
Faoin Aontas Nuálaíochta, díreofar iarrachtaí na hEorpa – agus an comhar le tíortha nach bhfuil san AE – ar na dúshláin mhóra thuasluaite. Úsáidfear idirghabháil san earnáil phoiblí chun an earnáil phríobháideach a spreagadh agus chun na baic a chuireann cosc ar smaointe dul chomh fada leis an margadh a bhaint – lena n-áirítear easpa maoinithe, córais taighde agus margaí ilroinnte, gan dóthain úsáide a bhaint as an soláthar poiblí le haghaidh na nuálaíochta, agus leagan síos mall caighdeán.
Tá an AE ag saothrú chun Limistéar Eorpach Taighde aonair a chruthú faoin mbliain 2014 faoina mbeidh taighdeoirí in ann oibriú áit ar bith san AE agus faoina gcuirfear feabhas ar chomhar trasteorann.

Tá cistí ón AE ag cabhrú le córais GPS chun cuardach agus tarrtháil a dhéanamh níos éasca.
Tá ceithre shraith i gceist le FP7:
Líonra seacht n-institiúid taighde ar fud an AE is ea an tAirmheán Comhpháirteach Taighde. Anuas ar thaighde a dhéanamh ar fhuinneamh núicléach agus ar shábháilteacht núicléach, tá teicneolaíochtaí forbartha ag an JRC lena n-áirítear teicneolaíocht chianbhraite chun géarchéimeanna bia a bhrath i dtíortha i mbéal forbartha ina mbeidh gá le cúnamh bia ón AE.
Tacaíonn an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) le ‘taighde teorann’ (tuiscint nua ar thaighde bunúsach lena gcuirtear in iúl, ar thaobh amháin, go bhfuil taighde bunúsach san eolaíocht agus sa teicneolaíocht ríthábhachtach le haghaidh leasa eacnamaíoch agus shóisialta, agus, ar an taobh eile, go bhfuil riosca intuigthe ag baint le taighde ag teorainneacha na tuisceana agus níos faide, agus dul chun cinn á dhéanamh aige ar réimsí taighde nua agus níos spreagúla). Spreagann an Chomhairle scoth na n-eolaithe, na scoláirí agus na n-innealtóirí dul níos faide ná teorainneacha bunaithe an eolais agus teorainneacha disciplíní. Mar gheall ar an gcur chuige ó bhun aníos san ERC atá á chur chun cinn ag imscrúdaitheoirí, cuirtear ar chumas taighdeoirí deiseanna nua agus treochtaí a shainaithint i réimse taighde ar bith, seachas a bheith treoraithe le tosaíochtaí atá leagtha síos ag polaiteoirí.
Tá sé mar aidhm ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht torthaí taighde a chur i bhfeidhm ar bhonn tráchtála trí phobail eolais agus nuálaíochta’ a chruthú.
Samhail nua chomhpháirtíochta is ea iad ina mbeidh ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí, fondúireachtaí agus aonáin eile páirteach. I measc a tosaíochtaí reatha, áirítear an t-athrú aeráide, foinsí in-athnuaite fuinnimh agus an chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide.
Is é Horizon 2020 clár nua an AE chun an taighde agus an nuálaíocht a mhaoiniú don tréimhse 2014-2020. Beidh maoiniú (luach €80.2 billiún san iomlán don tréimhse ar fad) ar fáil d’institiúidí taighde, d’ollscoileanna, do chuideachtaí nuálacha príobháideacha agus do ghnólachtaí beaga.
Beidh gach aon earnáil de gheilleagar na hEorpa in ann leas a bhaint as an maoiniú, lena n-áirítear talmhaíocht, iascach agus bia, sláinte, iompar, fuinneamh – go háirithe foinsí in-athnuaite fuinnimh – agus teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide.