Cosán nascleanúna
Seachas 23 teanga oifigiúil an AE, is iomaí teanga réigiúnach agus mionlaigh a labhraítear san Eoraip. Féachann an AE leis an éagsúlacht teanga sin a chosaint agus foghlaim na dteangacha a chur chun cinn.

23 teanga oifigiúil atá ag an AE faoi láthair
Is iad seo teangacha oifigiúla an AE faoi láthair: an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSeicis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
Éist le sampla de theangacha oifigiúla an AE
Tá sé de cheart ag saoránaigh cáipéisí a chur chuig institiúidí an AE in aon cheann de na teangacha sin, agus freagra a fháil sa teanga sin. Fairis sin, foilsítear gach rialachán agus cáipéis eile reachtach i ngach ceann de na teangacha sin.
I bParlaimint na hEorpa, tá sé de cheart ag ionadaithe tofa na ndaoine labhairt in aon teanga oifigiúil de chuid an AE.
Ní féidir díchuimse an eolais ar an ngréasán faoin AE is a chuid gníonmhaíoichtaí uile a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil. Tugann an AE an t-eolas is tábhachtaí faoina bheartais, agus cáipéisí a bhaineann le deiseanna ar mhaoiniú, i ngach teanga. Tugtar an t-inneachar eile sna teangacha is forleithne a labhraítear.
Tá breis is 60 teanga dhúcháis réigiúnach nó mionlaigh á labhairt san AE, ag thart ar 40 milliún duine. Ina measc tá an Bhascais, an Bhreatnais, an Chatalóinis, an Fhreaslainnis, an Ghiúdais agus an tSáimis.
Is é beartas an AE mionteangacha a chosaint is a chur chun cinn agus maoiníodh roinnt mhaith tionscnamh chun na críche sin.

Tá an-tairbhe sna teangacha iasachta do leanaí óna n-óige amach.
Tá sé mar chuspóir go labhródh cách san AE dhá theanga sa bhreis ar a dteanga dhúchais. Chun é sin a bhaint amach, tá an AE ar son dhá theanga iasachta a mhúineadh do leanaí óna n-óige. Tá fianaise ann go mb'fhéidir go gcuirfeadh sé sin luas faoi fhoghlaim na dteangacha agus gur fearrde na scileanna ina dteanga dhúchais.
Tacaíonn an AE le foghlaim na dteangacha toisc:
Léirigh suirbhé ![]()
![]()
![]()
in 2006 go raibh 28% na bhfreagróirí ag maíomh go raibh dhá theanga acu, agus 56% ag rá go raibh ceann amháin acu. Níl ach mionlach beag na nEorpach a mheasann ná fuil tábhacht le foghlaim teangacha - 8% in 2006.