Cosán nascleanúna
Tá sé de cheart ag saoránaigh an Aontais cónaí in aon tír san Aontas Eorpach. Is minic nach mbíonn a fhios againn fiú go bhfuilimid ag dul thar theorainn, óir chuir Comhaontú Schengen deireadh le seiceálacha ar theorainneacha inmheánacha an AE (seachas an Bhulgáir, an Chipir, Éire, an Rómáin agus an Ríocht Aontaithe).
Bíonn an AE ag obair freisin chun saoránaigh na hEorpa a chosaint ar choireacht agus ar sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta, agus lena chinntiú go bhfuil fáil acu ar chóras dlí áitiúil agus go dtugtar meas dá gcearta bunúsacha gach áit san AE.

Is féidir an chuid is mó den AE a thaisteal gan pas ná seiceálacha teorann.
I gCairt um Chearta Bunúsacha
an AE, leagtar síos na cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta atá ag saoránaigh an AE. Cabhraíonn an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (FRA) ![]()
![]()
le lucht déanta beartais dlíthe nua a thabhairt isteach agus cuireann sí le feasacht an phobail ar chearta bunúsacha.
Oibríonn an AE ar son shaoránaigh an AE le hidirdhealú a chosc atá bunaithe ar bhunús ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis. Tá an t-idirlíon uileláithreach sa saol anois agus troideann an AE ar son an chirt atá ag gach duine ar chosaint a sonraí pearsanta.

Oibríonn údaráis an AE le chéile chun an choireacht trasteorann a chomhrac.
De réir mar a bhíonn tú ag taisteal timpeall an AE, tá ceart agat leas a bhaint as córas dlí na tíre sin ina bhfuil tú. Ciallaíonn sé sin freisin nach féidir le coirpigh éalú ón dlí trí theorainn náisiúnta a thasnú.
Tá comhar níos dlúithe ar siúl idir údaráis bhreithiúnacha náisiúnta lena chinntiú gur féidir cinntí dlí a dhéantar i dtír amháin san AE a aithint agus a chur i bhfeidhm i dtír eile. Tá an méid sin fíorthábhachtach do chásanna sibhialta, m.sh. colscaradh, coimeád linbh, éileamh ar chothabháil, nó féimheacht agus billí nach bhfuil íoctha, nuair atá cónaí ar na páirtithe éagsúla i dtíortha éagsúla.
Chun cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne coireanna tromchúiseacha, m.sh. caimiléireacht, gáinneáil ar dhrugaí agus sceimhlitheoireacht, bhunaigh an AE an Gréasán Breithiúnach Eorpach
.
Ghlac an Barántas Gabhála Eorpach áit na nósanna imeachta fadálacha eiseachadta, ionas gur féidir coirpigh amhrasta nó chiontaithe atá tar éis teitheadh thar lear a chur ar ais gan mhoill go dtí an tír a rinne iad a thriail nó ina mbeidh siad á dtriail.
Is é is cuspóir leis na híoschaighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta d’iarrthóirí tearmainn ardleibhéal cosanta a ráthú dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu, agus a chinntiú nach mbaintear mí-úsáid as na córais náisiúnta tearmainn. Cinneann siad, mar shampla, an chaoi agus an áit ar cheart iarratais a phróiseáil, na caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí tearmainn, stádas na ndaoine a dtugtar tearmann dóibh agus ról na n-údarás náisiúnta maidir leis na freagrachtaí sin a chomhlíonadh.
Tá tíortha an AE ag obair freisin chun beartas comhleanúnach inimirce a fhorbairt don AE, beartas a bhainfidh sochar as na deiseanna a fhaightear ó inimirce dhlíthiúil, agus a thabharfaidh aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le hinimirce neamhdhlíthiúil. Is é is aidhm dó tosaíochtaí agus riachtanais gach tíre san AE a chur san áireamh agus lánpháirtiú daoine nach náisiúnaigh den AE iad a spreagadh i sochaithe na hEorpa.
Tá gach iarracht á dhéanamh freisin ag an AE comhpháirtíochtaí a chruthú leis na tíortha tionscnaimh agus na tíortha idirthurais. Fágfaidh na comhpháirtíochtaí sin go bhféadfar an inimirce dhlíthiúil a eagrú níos fearr, srian a chur ar inimirce neamhdhlíthiúil, béim a chur ar an nasc idir an imirce agus an fhorbairt, riail an dlí a láidriú agus an meas ar chearta bunúsacha a chur chun cinn sna tíortha.
Le go mbeidh an tsaoirse ag daoine gluaiseacht ar fud an AE, ní mór seiceálacha éifeachtacha a bheith i bhfeidhm ag gach pointe iontrála isteach san AE. Bíonn tíortha an AE ag obair as lámh a chéile chun feabhas a chur ar an tslándáil. Fágann sin go ndéantar rialú níos fearr ar na teorainneacha seachtracha, agus éascaíonn sé an bealach isteach san AE do na daoine sin a bhfuil an ceart sin acu. Is í an ghníomhaireacht FRONTEX
a dhéanann an comhar oibríochtúil idir thíortha an AE a bhainistiú ag teorainneacha seachtracha an AE.
Tá beartais ghnóthaí baile an AE dírithe ar an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe, an chibearchoireacht agus radacú foréigneach a chomhrac, go háirithe an gháinneáil ar airm neamhcheadaithe, an gháinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí.
Is é atá leagtha amach i straitéis slándála inmheánaí
an AE an tslándáil inmheánach a fheabhsú tríd an gcomhar a dhéantar ar fhorghníomhú an dlí, bainistiú teorann, cosaint shibhialta agus bainistíocht tubaistí.
Tá reachtaíocht agus modhanna praiticiúla sa straitéis sin chun stop a chur le coirpigh eagraithe – mangairí drugaí, gáinneálaithe daoine, lucht sciúrtha airgid, sceimhlitheoirí – a bhaineann mí-úsáid as an tsaoirse a thugann an AE agus chun an comhar idir fhórsaí póilíneachta náisiúnta a fheabhsú, go háirithe tríd an Oifig Eorpach Póilíní (Europol).