Gnóthaí institiúideacha


Eintiteas polaitiúil ar leith is ea an tAontas Eorpach. Stáit cheannasacha iad a chuid ball, a bhfuil comhúdarás acu i réimsí tábhachtacha rialachais le comhspriocanna a bhaint amach. Tá gach náisiúnach de Bhallstát ina shaoránach den AE, dá bharr sin tá de cheart aige páirt a ghlacadh i ndaonlathas an Aontais.

Ar nós stáit, tá córas reachtach (an Pharlaimint+ an Chomhairle), feidhmeannas (an Coimisiún) agus córas neamhspleách breithiúnais (an Chúirt Bhreithiúnais) ag an AE.

Conarthaí bunaitheacha an AE, a chaibidligh agus a dhaingnigh na Ballstáit, a chinneann cumhachtaí institiúidí an AE. I réimsí beartais lasmuigh de na conarthaí, tá saorchead ag na rialtais náisiúnta a gcuid ceannasachta féin a fheidhmiú.

Seo an dá chonradh is tábhachtaí:

  • Conradh na Róimhe (1958), lenar cruthaíodh an t-eintiteas ar a dtugtar Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE)
  • Conradh Maastricht (1993), ar a dtugtar an Conradh ar an Aontas Eorpach freisin.
Ateangaire i mbun oibre © AE

Bíonn ateangairí an AE ag obair sna 24 teanga oifigiúil uile.

I measc na gconarthaí eile tá an Ionstraim Eorpach Aonair (1987), lenar cruthaíodh an margadh aonair Eorpach, agus Conradh Amstardam (1999) agus Conradh Nice (2003). An ceann is déanaí, sin Conradh Liospóin (2009) a leasaigh cuid de na conarthaí roimhe sin.

Trí cinn d'institiúidí

Trí cinn d'institiúidí atá freagrach as beartais a cheapadh agus cinntí a dhéanamh:

  • Parlaimint na hEorpa
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • An Coimisiún Eorpach

Tá an ceathrú institiúid ann, an Chomhairle Eorpach, a leagann síos treonna agus tosaíochtaí polaitiúla ach níl aon fheidhm reachtach aici.

Parlaimint na hEorpa in Strasbourg © Van Parys Media

Foirgneamh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg.

Parlaimint na hEorpa

Bunaíodh Parlaimint na hEorpa le hionadaíocht dhíreach a dhéanamh ar shaoránaigh an AE. Cuireadh le cumhachtaí na Parlaiminte diaidh ar ndiaidh trí athruithe a dhéanamh ar bhunchonarthaí an AE. 1979 an chéad uair a chaith saoránaigh an AE vóta leis an bParlaimint a thoghadh. I Meitheamh 2014 a toghadh an Pharlaimint reatha. Tréimhse cúig bliana a bheidh aici, agus tá 751 Fheisire inti. Tá Feisirí ag gach ceann de na 28 mBallstát.

Is é príomhról na Parlaiminte dréachtaí den reachtaíocht a chuireann an Coimisiún Eorpach chuici a ghlacadh in éineacht leis an gComhairle. Ról eile atá aici is ea buiséad an AE a rialú agus a fhormheas. Déanann an Pharlaimint maoirseacht ar an gCoimisiún freisin, agus tá de chumhacht aici an Coimisiún a chur as oifig trí vóta cáinte.

An Chomhairle Eorpach

Tagann ceannairí stáit agus rialtais Bhallstáit an AE le chéile sa Chomhairle Eorpach ceithre huaire sa bhliain ar a laghad. Is féidir le hUachtarán na Comhairle cruinnithe breise a ghairm de réir mar is gá. Is cuspóir do na cruinnithe spreagadh a thabhairt agus tosaíochtaí polaitiúla a shainiú. Is trí chomhthoilíocht a dhéantar cinntí de ghnáth.

Faoi Chonradh Liospóin, fuair an Chomhairle stádas institiúide, agus uachtarán tofa.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Glór rialtais náisiúnta an AE í Comhairle an AE, áit a dtagann airí ó gach tír le chéile cúpla uair gach mí. Tá feidhm reachtach aici, i bpáirt le Parlaimint na hEorpa, agus ról feidhmiúcháin, i bpáirt leis an gCoimisiún Eorpach. Tagann na hairí ábhartha le chéile chun plé agus cinntí a dhéanamh ar bheartais ar leith faoi chaidreamh seachtrach, gnóthaí airgeadais agus geilleagair, iompar, fuinneamh, talmhaíocht, srl. Comhairle na nAirí, nó an Chomhairle, a thugtar uirthi de ghnáth.

Is trí thromlach cáilithe a ghlactar formhór na gcinntí, ach is gá aontoilíocht i réimsí áirithe, m.sh. cánachas, tearmann agus imirce nó beartas eachtrach agus slándála.

An Coimisiún Eorpach

Tá an Coimisiún neamhspleách ar na rialtais náisiúnta, agus ionadaíonn sé leasanna an AE ina iomláine. Tá ceithre ról thábhachtacha aige:

  • tograí a dhéanamh maidir le beartais agus reachtaíocht an AE
  • féachaint chuige go gcloítear le téarmaí chonarthaí agus dhlíthe an AE (‘cosantóir na gconarthaí’)
  • beartais an AE, agus an buiséad do na beartais sin, a bhainistiú agus a chur chun feidhme
  • ionadaíocht thar ceann an AE a dhéanamh ar fud an domhain.

Ceaptar Coimisiún nua gach cúig bliana, tar éis thoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Déanann an Pharlaimint Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh bunaithe ar mholadh ón gComhairle Eorpach. Is í Parlaimint na hEorpa freisin a dhéanann na Coimisinéirí – duine as gach tír, faoi láthair – agus Uachtarán agus Leas-Uachtaráin an Choimisiúin a phromhadh sula dtagann siad in oifig.

An dlí a chosaint

Cinntíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gurb ionann an tslí a ndéantar reachtaíocht an AE a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i ngach tír san AE.

Is féidir leis an gCúirt rialú in aighnis dlí idir Bhallstáit an AE, institiúidí an AE, gnólachtaí nó daoine aonair. Breithiúna ó na Ballstáit uile a shuíonn sa chúirt, agus tá sí suite i Lucsamburg.

Institiúidí agus comhlachtaí eile

Tá 8 bpríomhchomhlacht eile ag an AE a bhfuil cúraimí sonracha orthu:

Chun reachtaíocht an AE a chur chun feidhme go mion sna réimsí éagsúla ar fad, tá 40 gníomhaireacht ag an AE de chineálacha agus de mhéideanna éagsúla agus tá siad suite ar fud an Aontais.

Barr

Barr



TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?