Cosán nascleanúna
Tá ról ríthábhachtach tacaíochta ag an AE agus athrú ag teacht ar mhodhanna maireachtála, oibre agus idirghníomhaithe na nEorpach de bharr teicneolaíochtaí cumarsáide nua-aimseartha.
Cé go mbíonn an réabhlóid faisnéise – fóin phóca, an t-idirlíon, córais seachadta dhigiteacha ardluais – á spreagadh ag an teicneolaíocht agus ag fórsaí an mhargaidh, tá an AE ag croílár an phróisis tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Dá bhrí sin, is é an toradh atá ann do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí ná seirbhísí atá níos saoire, níos iontaofa agus ar chaighdeán níos fearr. Tá rogha níos fairsinge os comhair tomhaltóirí i dtéarmaí soláthraithe agus seirbhísí araon agus, mar fhreagra air sin, tá fás thar cuimse tagtha ar an éileamh ar fhóin phóca agus ar rochtain ar an idirlíon.

Duine a úsáideann an t-idirlíon go rialta – ar nós fhormhór na ndaoine
Le teacht le chéile na dteicneolaíochtaí cumarsáide agus craolacháin trí bhíthin an digitithe, bhí ar an AE rialacha a thabhairt isteach in 2003 inar cuimsíodh gach líonra agus seirbhís cumarsáide leictreonaí.
Tá athbhreithniú á dhéanamh ar na rialacha sin anois, agus táthar ag díriú orthu seo a leanas:
Cuireann na húdaráis i ngach tír den AE na rialacha i bhfeidhm go neamhspleách, agus déanann rialtóirí náisiúnta a mbeartais a chomhordú ar leibhéal an AE trí bhíthin fóram amhail Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach, BEREC (ar a dtugtaí Grúpa Rialtóirí na hEorpa (ERG) roimhe seo)
.
Tá sé mar aidhm ag an athbhreithniú na rialacha a shimpliú tuilleadh trí chuid den fheidhm rialála a thabhairt do BEREC, agus dá bhrí sin, beidh BEREC ina ghníomhaireacht aonair don Eoraip ar fad.
Tá teicneolaíochtaí faisnéise mar dhlúthchuid de straitéis um fhás eacnamaíoch na hEorpa anois – go sonrach i bhfoirm a Cláir oibre dhigitigh
, ina léirítear beartais agus bearta chun tairbhe na réabhlóide digití a uasmhéadú do chách.
D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, oibríonn an Coimisiún i ndlúthchomhar le rialtais náisiúnta agus le heagraíochtaí agus le cuideachtaí iomchuí. Tugtar na páirtithe leasmhara sin le chéile faoi Thionól an Chláir Oibre Dhigitigh
a bhíonn ar siúl gach bliain chun dul chun cinn agus dúshláin atá ag teacht chun cinn
a mheasúnú.
Cé go n-úsáideann níos mó ná leath de mhuintir na hEorpa an t-idirlíon go rialta, agus go bhfuil fón póca ag líon níos airde fós, is mian leis an AE úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise a uasmhéadú.
Tá na nithe seo a leanas riachtanach ionas go mbeidh geilleagar éifeachtúil agus iomaíoch ag an AE:
Áirítear iad seo a leanas ar ghníomhaíochtaí sonracha an AE chun an méid sin a bhaint amach:
Is í rochtain ar an idirlíon leathanbhanda an teicneolaíocht ríthábhachtach chumasaithe, trína gcuirtear cumarsáid ar líne thapa, shaor agus bhuan ar fáil. Tá rochtain leathanbhanda ag 30% de theaghlaigh an AE nach beag, cé go bhfuil na figiúirí níos ísle i gcás na dtíortha a tháinig isteach san AE ó 2004 i leith
Tá an feachtas faoi lánseol chun scoileanna, ollscoileanna, leabharlanna, iarsmalanna agus institiúidí dá samhail a nascadh le líonraí leathanbhanda. Tá 96% de scoileanna san AE ar líne anois, agus leathanbhanda ardluais ag 67% díobh.
Tá tús curtha ag rialtais an AE seirbhísí sláinte ar líne a chur ar fáil dá saoránaigh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cosc tinneas, taifid sláinte ar líne, comhairliúcháin chianda, agus aisíoc chostas leighis a dhéanamh go leictreonach.