Cosán nascleanúna


Cabhair Dhaonnúil & Cosaint Shibhialta

Cabhair i ngéarchéim

Bíonn íomhánna coimhlintí agus tubaistí ar an teilifís agus ar leathanaigh tosaigh na nuachtán gach seachtain. Sna cásanna sin, níl ach aidhm amháin ag an AE - cabhair a chur ar fáil dóibh siúd óna dteastaíonn sí chomh tapa agus is féidir, bíodh an ghéarchéim mar thoradh ar choimhlint de dhéanamh an duine nó ar thubaiste nádúrtha.

Tá an AE i láthair i gceantair ghéarchéime ar fud an domhain lena n-áirítear an Libia, an Afganastáin, an críoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, agus go leor áiteanna san Afraic agus in Oirdheisceart na hÁise. Reáchtálann sé oibríochtaí faoisimh i gceantair ina bhfuil géarchéimeanna fadtéarmacha agus éagobhsaíocht iarchoinbhleachta freisin. Tá sé riachtanach go morálta don phobal idirnáisiúnta cabhair a chur ar fáil do na daonraí is leochailí sa domhan, agus tá an Coimisiún Eorpach meáite le fada ar chabhrú le híospartaigh ghéarchéimeanna den chineál sin. Cuireann an roinn um Chabhair Dhaonnúil cúnamh faoisimh ar fáil a théann go díreach chuig na daoine atá i gcruachás, beag beann ar náisiúntacht, reiligiún, inscne ná ar bhunadh eitneach.

Dáileadh bhuiséad ECHO in 2010 © EU, ECHO

Seo chugainn ECHO

Is iad ECHO, Roinn an Choimisiúin Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta a láimhseálann oibríochtaí faoisimh an AE. Léiríonn gníomhaíochtaí ECHO méid na ngéarchéimeanna tromchúiseacha ar fud an domhain agus toilteanas an AE a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh cabhrú leis na híospartaigh laistigh dá theorainneacha agus taobh amuigh díobh trí chabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta araon. Tá an meánbhuiséad le haghaidh idirghabhálacha daonnúla le blianta beaga anuas tar éis a bheith timpeall €900 milliún.

Is é an chéad dualgas atá ar ECHO ná daoine a shábháil ón mbás, fulaingt a laghdú agus sláine agus dínit na ndaoine atá i gceist a chosaint. Is féidir le campaí, pluideanna, bia, cógais, trealamh leighis, córais íonaithe uisce agus breosla a bheith i gceist le cúnamh éigeandála. Cuireann ECHO cistiú ar fáil freisin i gcomhair foirne leighis, saineolaithe imréitigh mianaigh agus tacaíocht iompair agus lóistíochta. Tá sé i mbun oibre in os cionn 130 tír ó 1992 i leith.

Saineolaí um chosaint shibhialta ag tógáil grianghraf den dochar a rinne dríodar rua don fhiadhúlra san Ungáir © EU, ECHO

Saineolaí um chosaint shibhialta ag tógáil grianghraf den dochar a rinne dríodar rua don fhiadhúlra san Ungáir.

De bhreis ar an gcúnamh dhaonnúil, cabhraíonn ECHO chun comhordú ar chosaint shibhialta ar fud an AE a éascú. Is é a oibríonn an tIonad Faireacháin agus Faisnéise, atá ina chroílár ag Meicníocht an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta agus tá rochtain air 24 uair in aghaidh an lae. Is féidir le haon tír laistigh den AE nó taobh amuigh de ina dtarlaíonn tubaiste mhórchúiseach iarratas a dhéanamh ar chabhair tríd an Ionad Faireacháin agus Faisnéise. Feidhmíonn sé mar mhol cumarsáide idir an 31 tír atá rannpháirteach (27 Ballstát an AE móide an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Chróit), an tír inar tharla an tubaiste agus na saineolaithe a théann chuig an láthair, agus soláthraíonn sé faisnéis nuashonraithe faoin stádas atá ag éigeandáil leanúnach. Ina theannta sin, tá ról comhordaithe ag an Ionad Faireacháin agus Faisnéise ó thaobh tairiscintí cúnaimh ó thíortha rannpháirteacha a mheaitseáil le riachtanais na tíre ina dtarlaíonn an tubaiste.

Gréasán comhpháirtithe

Dídeanaithe in Darfur © ECHO

Mná díláithrithe ag fáil cúnaimh in Darfur.

Ní féidir leis an AE agus ECHO iad féin na hacmhainní a chur le chéile ar an scála a theastaíonn chun soláthairtí faoisimh éigeandála a sheachadadh, foirne tarrthála a chur ar fáil, ospidéil mhachaire éigeandála a bhunú agus córais chumarsáide shealadacha a shuiteáil. Cé go ndéanann ECHO na hoibríochtaí sin a mhaoiniú agus a chomhordú, teastaíonn an chabhair ó thíortha an AE iad féin ar mhaithe le cosaint shibhialta. I gcás oibríochtaí daonnúla, áfach, bíonn ECHO ag brath ar chabhair ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ó ghníomhaireachtaí saineolaithe na NA agus ó fho-eagraíochtaí idirnáisiúnta na Croise Deirge/an Chorráin Dheirg chun cláir éigeandála a láimhseáil.

I gcás cúnamh dhaonnúil, bíonn páirt ar leith ag gach comhpháirtí. Is minic a bhíonn ról lárnach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag an gCrois Dhearg i réigiúin ina bhfuil cogadh cathartha ar siúl. I ngéarchéimeanna casta ina bhfuil ceantair mhóra agus gluaiseachtaí daonra ar scála mór i gceist, níl ach gníomhaireachtaí móra na NA amhail an Clár Domhanda Bia agus Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) in ann méideanna móra cabhrach a sheachadadh chuig na híospartaigh uile. Is minic gurb é Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, ag a bhfuil gníomhairí ar fud an domhain, an eagraíocht is tapa ó thaobh cabhair a thabhairt chuig réigiúin inar tharla tubaistí nádúrtha gan choinne.

Lámh chúnta

Tá cúnamh dhaonnúil an AE comhdhéanta den mhéid seo a leanas:

  • Cabhair éigeandála i bhfoirm maoinithe chun ábhair bhunúsacha amhail cógas, bia agus foscadh a cheannach agus a sheachadadh, nó chun obair atógála tar éis tubaiste a mhaoiniú.
  • Cúnamh Bia, trí bhia a mhaoiniú do réigiúin a atá thíos le gorta nó triomach chun cabhrú le slándáil an tsoláthair a chinntiú go dtí gur féidir gnáth-tháirgeadh a thosú in athuair, nó trí sholáthairtí bia éigeandála a mhaoiniú i gcás ina mbíonn ganntanais bhia thobanna ann mar thoradh ar thubaistí nádúrtha gan choinne nó ar thubaistí de dhéanamh an duine.
  • Cabhair do dhídeanaithe a bhrúitear amach as a dtír féin agus do dhaoine atá díláithrithe laistigh dá dtír nó dá réigiún féin - chun iad a thabhairt slán tríd an tréimhse éigeandála go dtí go mbeidh siad ábalta filleadh abhaile nó socrú síos i dtír nua.
  • Laghdú rioscaí tubaiste lena n-áirítear ullmhacht maidir le tubaistí agus laghdú rioscaí tubaiste i ngach gné den fhreagairt dhaonnúil á gcur san áireamh.

Straitéis scoir agus an limistéar liath

Cúnamh gearrthéarmach a bhíonn i gceist le faoiseamh tubaiste agus cúnamh éigeandála go hiondúil de réir an tsainmhínithe. Is iondúil go maireann oibríochtaí atá maoinithe ag an AE ar feadh níos lú ná sé mhí. Ach is mian leis an AE a chinntiú go mbíonn na daoine a bhfuil cabhair faighte acu in ann aire a thabhairt dóibh féin, nó go mbíonn tuilleadh cúnaimh atá níos fadtéarmaí ar fáil dóibh nuair a tharraingítear cabhair dhaonnúil siar. Is é an baol atá ann ná nach mbeadh aon rud socraithe tar éis deireadh a bheith curtha leis an bhfaoiseamh daonnúil.

Chun an baol sin a laghdú, iarrann an AE ar a chomhpháirtithe ar an láthair straitéis scoir a fhorbairt nuair a shainíonn siad tionscadal, trína dtugann siad smacht ar ais d’údarás de chuid na háite ar theacht chun críche an tionscadail, nó, murar féidir é sin a dhéanamh, trína gcinntíonn siad gur féidir struchtúir chabhracha eile a chur ina n-ionad nuair a fhágann siad.

Is iad na príomhcheantair ar a ndíríonn an AE i gcomhair oibríochtaí éigeandála ná an Mheán-Oirthear, an Áis agus go háirithe an Afraic.

Barr

Barr




Barr

Set page to normal font sizeIncrease font size by 150 percentIncrease font size by 200 percent | Roghnaigh dath gorm an leathanaighRoghnaigh dath glas an leathanaighRoghnaigh dath dearg an leathanaighChoose high-contrast version


Leabharmharcáil an leathanach seo Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

Réimsí beartais gaolmhara

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ