Cosán nascleanúna
Is tosaíocht de chuid an AE é sláinte agus sábháilteacht na saoránaigh. Tugann beartas sláinte AE an ceart chun na caighdeáin arda chéanna i gcúram sláinte do chách, chomh maith le rochtain ar chúram sláinte ar ardchaighdeán.
Tá sé mar aidhm ag beartais sláinte an AE:
Cé go bhfuil tíortha an AE freagrach as ucht cúram sláinte a eagrú agus a sholáthar cuireann an AE le luach a chuid oibre, trí thíortha a thabhairt le chéile, le teacht thart ar dhúshláin chomónta, cosúil le daonra atá ag dul in aois agus na fadhbanna sláinte a bhaineann leis sin.
De bharr ná fuil fadhbanna sláinte teoranta do thíortha ar leith, oibrímid i ndlúthchomhar le comhpháirithe idirnáisiúnta cosúil leis an Eagraíocht Dhomhanda S
Tá gníomhaíocht an AE bunaithe ar a Straitéis Sláinte
[123 KB]
a leagann amach trí chuspóir uaillmhianacha le cuidiú le daoine maireachtáil, ní hamháin níos faide, ach maireachtáil ar bhonn níos sláintiúla freisin:
Cabhraíonn Clár Sláinte an AE le cuspóirí na stráitéise a bhaint amach d'fhonn comhlánú, tacú agus d'fhonn luach a chur leis na beartais agus le gníomhaíochtaí thíortha an AE, go háirithe:
Bainistíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Thomhaltóirí
, atá bunaithe i Lucsamburg, an Clár.

Cothaíonn an AE ithe níos sláintiúla.
Is féidir linn a lán a dhéanamh lenár sláinte féin a chosaint agus galair a choisc, mar shampla:
Bíonn bagairtí ar shláinte an phobail mar chúis imní d'údaráis sláinte ar fud an domhain. Oibríonn an AE is a bhallstáit chun cumas ullmhúcháin is freagairte a thógáil (ar a n-áirítear córais luath-rabhaidh) chun na bagairtí sin a chosc – mar a tharla i gcás na paindéime H1N1 ('fliú na muc') in 2009.
Déanann an Lárionad Eorpach um Chosc agus Rialú Galar
i Stócólm measúnú ar bhagairtí sláinte a thagann chun cinn, rud a chuidíonn leis an AE freagairt thapa a thabhairt ar éigeandálaí sláinte phoiblí.
Roinneann sé eolais ar bhagairtí sláinte reatha agus atá ag teacht chun cinn, agus oibríonn sé lena chomhghleacaithe náisiúnta le faireachas galar ar fud na hEorpa a fhorbairt.

Cinntítear le beartas sláinte phoiblí go bhfuil cosmaidí sabháilte le húsáid.
Caithfear údarú a dhéanamh ar gach cógas sular féidir é a chur ar mhargadh an AE.
Ach iad a bheith údaraithe is curtha ar an margadh, déantar faireachán an shábháilteacht cógas i rith a ré. Cabhraíonn córas feighle cógas an AE lena chinntiú go ngníomhófar gan mhoill má thugann cógas aon éifeachtaí diúltacha tromchúiseacha, amhail an cead margaíochta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar.
An an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)
, Londain, a chomhordaíonn measúnú eolaíoch ar mhianach, ar shábháilteacht is ar éifeachtacht na gcógas.
Caithfidh an AE €6bn ar thaighde sláinte idir 2007-13 faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde is um Fhorbairt Theicneolaíoch (FP7). Tá an bhéim ar:
Is gnách gur fearr le daoine cúram sláinte a fháil gar don bhaile, ach uaireanta is gá nó is fusa dul go tír eile san AE, mar shampla, nuair atá an tsaoráid sláinte is gaire díreach thar an teorainn i dtír eile, nó nuair ná fuil fáil ar shainchóireáil ach thar lear.
Tá dlí AE (atá le cur chun feidhme i dtíortha an AE faoi 2013) faoi chearta na n-othar i gcúram sláinte trasteorann a shoiléireoidh ceart na nEorpach cóireáil agus aisíoch a fháil i dtír eile san AE. Fairis sin, déanfaidh sé:
Tá tionscnamh eile ann cheana féin - an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte - a éascaíonn do lucht gnó is saoire a gceart ar chúram sláinte a éileamh má thiteann breoiteacht orthu agus iad i dtír eile san AE nó san Eoraip.
Is ionann sláinte dhomhanda agus ceisteanna a théann thar theorainneacha is rialtais náisiúnta agus ná féidir tionchar a imirt orthu ach amháin ar an leibhéal domhanda. Ina measc tá trádáil, imirce, slándáil, slándáil bia agus athrú na haeráide.
Oibreoidh Coimisiún an AE go dlúth le comhpháirtithe straitéiseacha amhail an ESD laistigh de chreat beartais sláinte dhomhanda, ina n-aithnítear sé mhór-dhúshlán:
Príomhthéamaí eile atá san áireamh: