Cosán nascleanúna


An comhrac i gcoinne na calaoise

Airgead cáiníocóirí a chosaint

Smuigléireacht toitíní... góchumadh bonn euro... dleachtanna ar allmhairí a sheachaint i gcás bróg agus éadaí... fóirdheontais as oráistí a fhás ar fheirmeacha nach ann dóibh — is samplaí iad seo de ghníomhaíochtaí calaoiseacha a chosnaíonn airgead ar cháiníocóirí na hEorpa.

Tá 500 ball foirne ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) chun breith ar éagóiritheoirí agus chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus a cháiníocóirí a chosaint.

Déanann OLAF imscrúdú ar na céadta cás ina seachnaítear go calaoiseach ioncam an AE a íoc nó ina mbaintear mí-úsáid as a chistí gach aon bhliain. Chuir OLAF 220 imscrúdú calaoise i gcrích in 2009, agus mhair gach aon imscrúdú 24 mí ar an meán. Sa bhliain chéanna, bhí €280 milliún i gceist le cásanna calaoise amhrasta a raibh cistí an AE ag baint leo, rud nárbh ionann ach 0.2% de bhuiséad iomlán an AE.

Oifigeach ag seiceáil earraí © OLAF

Earraí smuigleáilte a shainaithint

Baineann an chatagóir calaoise aonair is mó le mí-úsáid as Cistí Struchtúracha an AE trína maoinítear an fheirmeoireacht, tionscadail faoin mbeartas sóisialta, agus an fhorbairt réigiúnach.

Mar gheall ar Chonradh Liospóin, tá dlíthe frithchalaoise an AE á neartú ionas go mbeidh sé níos éasca ar OLAF dul i ngleic leis an gcalaois trasteorann.

Misean OLAF

Tá sé mar mhisean ag OLAF leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint, comhrac a dhéanamh i gcoinne na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile – lena n-áirítear mí-iompar airgeadais laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha, cé nach mbíonn mórán cásanna dá leithéid ann.

Tá cumhachtaí fairsinge imscrúdaithe ag oifigigh OLAF. Is féidir leo seiceálacha ar an láthair a dhéanamh in áitribh ghnó i mBallstáit an AE agus i roinnt tíortha eile. Ní féidir le OLAF cásanna a thabhairt os comhair na cúirte. Ina ionad sin, cuireann sé cásanna ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta sa tír inar tharla an chalaois líomhnaithe. Mar sin féin, amach anseo, d’fhéadfadh Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bheith ann a dhéanfadh na cásanna a ionchúiseamh in aon bhallstát ina mbeadh leasanna airgeadais an AE i gceist.

Tá comhaontuithe comhair i bhfeidhm ag OLAF le tíortha lena n-áirítear na Stáit Aontaithe agus an Úisbéiceastáin, an tSín agus an tSile, agus tá dlúthnaisc ag an oifig le Europol (An Oifig Eorpach Póilíní) agus Eurojust, an ghníomhaireacht a cuireadh ar bun chun an comhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí a chomhordú.

Croílár an chomhraic i gcoinne na calaoise

Euronna © Carofoto

Seachain earraí bréige

Tá an comhordú ar cheann de phríomhróil OLAF. Toisc go bhfuil sé ag croílár an líonra imscrúdaithe, is féidir le OLAF a chinntiú go bhfuil slabhra leanúnach gníomhaíochta i bhfeidhm idir córais náisiúnta imscrúdaithe agus bhreithiúnais atá an-éagsúil óna chéile. Trí lárionad comhordaithe sa Bhruiséil le haghaidh comhoibríochtaí custaim atá faoi stiúir OLAF nó rialtais náisiúnta, cuirtear acmhainní teicniúla agus lóistíochúla ar fáil 24 uair in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, mar aon le comhordú fíor-ama ar fud an AE.

Tá an teicneolaíocht ríthábhachtach le haghaidh obair OLAF. Déantar faisnéis a mhalartú trí Chóras Eolais Custaim an AE trína roinneann lucht custaim, na póilíní, gardaí cósta, agus seirbhísí talmhaíochta agus sláinte poiblí sonraí íogaire san fhíor-am i mbunachar sonraí aonair, agus trí Chóras Eolais Frith-Chalaoise trína malartaítear na céadta míle teachtaireacht in aghaidh na bliana.

Oibríochtaí comhpháirteacha custaim

Baineadh leas as lárionad comhordaithe OLAF i mí an Mheithimh 2010 le haghaidh Oibríocht ‘Sirocco’ inar díríodh ar thoitíní góchumtha. Ghlac údaráis chustaim ó 27 Ballstáit an AE agus ó 11 tír chomhpháirteacha eile atá san Aontas don Réigiún Meánmhuirí (an Albáin, an Chróit, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin, an tÚdarás Palaistíneach, Montainéagró, Maracó, an tSiria, an Túinéis agus an Tuirc) páirt ann, agus fuair siad tacaíocht ó Interpol, Europol agus ón gComhairle um Chomhar Custaim.

Le linn na hoibríochta, gabhadh 40 milliún toitín brandáilte góchumtha, 1200 kg de thobac rollta de láimh, 7000 lítear d’alcól agus 8 milliún earra góchumtha eile lenar áiríodh éadaí, bróga, bréagáin agus earraí leictreonaice. Dá n-éireodh leis na smuigléirí, bheadh €8 milliún de dhleachtanna custaim agus máil seachanta acu i ndáil leis na toitíní amháin.

In Aibreán 2011, d’eagraigh lucht custaim na hUngáire Oibríocht ‘Fireblade’ i ndlúthchomhar le OLAF. Mar thoradh ar an oibríocht sin, coigistíodh coinsíneachtaí móra táirgí teicstíle góchumtha agus oiriúintí góchumtha a bhí á dtabhairt isteach san AE de bhóthar thar an teorainn thoir.

Tá roinnt oibríochtaí comhpháirteacha custaim eile curtha ar bun ag OLAF san am atá thart, amhail ‘Diabolo II’.

Stop a chur le smuigléirí toitíní

Tá seachaint dleachtanna custaim agus máil ar thoitíní, trí bhíthin na smuigléireachta de ghnáth, ar cheann de na réimsí móra calaoise nach mór d’OLAF dul i ngleic leis. In aon oibríocht amháin in Aibreán 2011, gabhadh beagnach 70 milliún toitín i gcomhar leis na húdaráis sa Ghearmáin, sa Liotuáin agus sa Pholainn, rud a chosain cáiníocóirí na hEorpa ar chaillteanas €6 mhilliún.

I Meán Fómhair 2010, shínigh an Coimisiún Eorpach comhaontú ilbhliantúil le Imperial Tobacco Limited (ITL) le hoibriú le chéile chun dul i ngleic le trádáil neamhdhleathach táirgí tobac. Faoin gcomhaontú sin atá ceangailteach ó thaobh dlí de, oibreoidh ITL i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le OLAF agus leis na húdaráis forghníomhaithe dlí sna Ballstáit chun cúnamh a thabhairt sa chomhrac i gcoinne toitíní contrabhannacha agus góchumtha. Déanfaidh ITL íocaíochtaí substaintiúla leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit faoin gcomhaontú sa fiche bliain atá amach romhainn, agus beidh luach €207 milliún ar na híocaíochtaí sin ar an iomlán.

Síníodh dhá chomhaontú chosúla frith-chontrabhanna agus frithchalaoise roimhe sin idir an 27 Ballstát agus an AE le Philip Morris International (PMI) agus Japan Tobacco International (JTI).

Bí ag faire amach do bhoinn ghóchumtha euro

Tá OLAF i gceannas ar Lárionad Eolaíochta agus Teicniúil na hEorpa freisin ina ndéantar anailís ar bhoinn ghóchumtha agus tá sé lonnaithe i Mionta Pháras. Tháinig méadú 8% ar líon na mbonn euro góchumtha a baineadh den chúrsaíocht in 2010 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Gabhadh líon iomlán de 186,000 bonn anuraidh, i gcomparáid le 172,000 in 2009. Is iad boinn €2 is mó a bhíonn á ngóchumadh, agus ba iad a bhí i gceist le díreach faoi bhun 70% de líon iomlán na mbonn góchumtha in 2010.

Barr

Barr



Set page to normal font sizeIncrease font size by 150 percentIncrease font size by 200 percent | Roghnaigh dath gorm an leathanaighRoghnaigh dath glas an leathanaighRoghnaigh dath dearg an leathanaighChoose high-contrast version


Leabharmharcáil an leathanach seo Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ