Cosán nascleanúna
Straitéis an AE um shábháilteacht bia:

Is cuma ar iompórtáladh an bia nó ar fásadh sa bhaile é, caithfidh sé caighdeáin arda an AE a chomhlíonadh.
Tá 3 ghné lárnacha i straitéis bia an AE:
Agus bearta speisialta nuair is gá na tomhaltóirí a chosaint:
Déanann an tAontas Eorpach an-obair lena chinntiú nach mbaintear bianna traidisiúnta den mhargadh mar gheall ar chaighdeáin bhia, nach gcuirtear bac ar nuálaíocht, agus nach ndéantar dochar don cháilíocht.
Nuair a thagann baill nua isteach san AE (agus sa mhargadh aonair dá thoradh sin), is minic a bhíonn gá le bearta idirthréimhseacha chun deis a thabhairt dóibh a gcaighdeáin a chur ar aon dul leis na caighdeáin arda atá ag an AE don tsábháilteacht bia. Idir an dá linn, áfach, ní bhíonn cead acu earraí bia nach gcomhlíonann na caighdeáin sin a easpórtáil.
Maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe, clónáil agus nanaitheicneolaíocht – sin bianna ar a dtugtar bianna núíosacha – tugann an Coimisiún faoi nuálaíocht chúramach chun an ráthaíocht is fearr do shábháilteacht agus an spreagadh is láidre d’fhás geilleagrach a thabhairt do shaoránaigh an AE.

Féadfaidh sé a phas féin a bheith aige agus taisteal in éindí leat.
Is féidir ainmnithe a bhogadh ar fud an AE gan bhac freisin. Ach caithfear na caighdeáin sláinte agus leasa atá i bhfeidhm ar an bhfeirm a chomhlíonadh le linn an iompair freisin. Nuair a tharlaíonn ráigeanna de ghalair ainmhithe, déanann an AE beart tapa más gá chun stop a chur leis an trádáil sna hainmhithe sin.
Is féidir le daoine a bpeataí a thabhairt leo agus iad ag taisteal má fhaigheann siad ‘pas peata’ de chuid an AE. Chun leathadh galair a chosc, áfach, tá réamhchúraimí speisialta i bhfeidhm i leith peataí díreach mar atá i leith ainmhithe eile.
Níl aon chosc ar phlanda agus ábhar plandaí a bhogadh ar fud an AE, fad is a bhfuil siad saor ó lotnaidí. Cabhraíonn an scagadh a dhéantar ar ábhar plandaí iompórtáilte agus an mhonatóireacht ar chríoch an AE le lotnaidí nua a bhrath go han-luath.
Mar gheall air seo is féidir tabhairt faoi bhearta coisctheacha, rud a sheachnódh bearta leigheasacha, m.sh. úsáid lotnaidicídí, b'fhéidir. Tugann pas planda a ghabhann le crann óg le fios gur fhás sé faoi dhálaí folláine.
Tá córas luathrabhaidh ag an AE chun daoine a chosaint ar nimhiú bia. Aimsíonn an córas sin freisin earraí bia ina bhfuil substaintí toirmiscthe nó méideanna iomarcacha de shubstaintí ardriosca, m.sh. iarmhar de chógas tréidliachta i bhfeoil nó datháin charcanaigineacha i mbia.
Nuair a aimsítear baol bia, tugtar foláireamh ar fud an AE. B'fhéidir nach mbeadh ag teastáil ach baisc amháin a stopadh, ach, más gá, cuirfear stop le gach lastas de tháirge áirithe ó fheirm, ó mhonarcha nó ó chalafort iontrála. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí táirgí atá i dtrádstórais agus i siopaí cheana féin a athghairm.
Aon uair a tharlaíonn ráigeanna suntasacha de ghalair ainmhithe nó de nimhiú bia san Eoraip, is féidir le húdaráis an AE gluaiseacht na dtáirgí bia a rianú siar sa slabhra táirgeachta – is cuma an beostoic, táirgí de bhunús ainmhí nó táirgí de bhunús planda iad.
Is é an córas leictreonach faisnéise tréidliachta TRACES (Trade Control and Expert System) a chuireann na feidhmeanna inrianaitheachta agus bainistithe riosca sin ar fáil – sin córas rialaithe teorann agus deimhnithe earraí tráchtála.
Is í an eolaíocht an bhunsraith ar a mbunaíonn an AE a chinntí faoi bhia. Cuireann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) ![]()
![]()
![]()
comhairle ar fáil nuair atá reachtaíocht á dréachtú agus nuair atá lucht déanta beartais ag déileáil le himní faoi shábháilteacht bia.
Cuireann an Coimisiún prionsabal an réamhchúraim i bhfeidhm: déanann sé beart gan mhoill má deir eolaithe go bhféadfadh dainséar a bheith ann.
Cuireann an Coimisiún dlí an AE faoi bhia agus faoi bheatha ainmhithe i bhfeidhm trí sheiceáil go bhfuil reachtaíocht an AE corpraithe i gceart sa dlí náisiúnta agus curtha i bhfeidhm ag gach tír san AE, agus trí iniúchtaí a dhéanamh ar an láthair laistigh den AE agus lasmuigh de.
Déanann Oifig Bia & Tréidliachta an Choimisiúin (FVO)
seiceáil ar mhonarchana táirgthe bia ar leith, ach is é an príomhchúram atá uirthi deimhniú go bhfuil na huirlisí riachtanacha i bhfeidhm ag rialtais an AE agus ag rialtais nach bhfuil san AE lena chinntiú go gcomhlíonann a dtáirgeoirí bia féin na caighdeáin arda atá ag an AE don tsábháilteacht bia. Ón mbliain 2013, tá feistí leighis cuimsithe freisin faoi chúraimí na hOifige.