Cosán nascleanúna
Sa chéad CAI eile, atá á phlé faoi láthair, saineofar tosaíochtaí fadtéarmacha caiteachais an AE
Is ionann buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh agus beagnach €142 billiún (figiúirí 2011) – sin suim mhór airgid mar ghlanfhigiúr, ach níl ann ach 1% den saibhreas a ghintear i mballstáit an AE gach bliain.
Caitear formhór an airgid ar shaol shaoránaigh agus phobail an AE a fheabhsú – agus dírítear cuid mhór de ar réigiúin agus ar ghrúpaí sa tsochaí atá go holc as, agus ar ghiniúint post agus fáis ar fud an AE.
Próiseas daonlathach an chinnteoireacht maidir leis an méid a chaithfidh an AE – agus na nithe ar a gcaithfear an t-airgead. Gach bliain:
Gníomhaíocht leantach

San Eoraip
I measc na bpríomhúsáidí tá siad seo a leanas:
Thar lear
Mar mhórghníomhaí domhanda, tá oibleagáidí áirithe ar an AE i leith an domhain mhóir: ag cur forbairt gheilleagrach agus shóisialta chun cinn, an tsíocháin a choimeád agus cabhrú leo siúd atá thíos leis de bharr tubaistí agus coimhlinte.
Tá sé gníomhach go háirithe i 3 ghrúpa tíortha:
.
Cén chaoi a gcaitear buiséad an AE? (figiúirí 2011)
De ghnáth, ní bhíonn an AE freagrach as airgead a chaitheamh ach amháin sa chás ina bhfuil ciall leis go gcomhthiomsódh na ballstáit a n-acmhainní. Cláir thaighde eolaíochta, atá ríthábhachtach chun an Eoraip a choinneáil iomaíoch go domhanda, mar shampla.
Spreagann cistiú taighde an AE tionscadail chomhtháite taighde lena mbaineann eolaithe ag obair i dtíortha éagsúla an AE. Roinneann an cur chuige seo torthaí taighde náisiúnta ar fud an AE, chomh maith le barainneachtaí scála agus iarrachta a chruthú.
Is iomaí réimse a bhaineann tairbhe as, lena n-áirítear biteicneolaíocht, teicneolaíochtaí faisnéise, nanaitheicneolaíocht agus taighde ar an spás.
Is ionann na costais chun an AE (riarachán) a rith agus 6% den chaiteachas iomlán. Áirítear leis seo costais reatha do na hinstitiúidí uile (an Coimisiún Eorpach, an Pharlaimint agus Comhairle an AE go príomha) agus na haistritheoirí agus na hateangairí a chuireann faisnéis ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an AE.