Cosán nascleanúna
Tá cuid de na caighdeáin chomhshaoil is airde ar domhan, a forbraíodh thar na deicheanna de bhlianta, ag an AE. Seo a leanas na príomhthosaíochtaí sa lá atá inniu ann: speicis agus gnáthóga atá i mbaol a chosaint agus úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní nádúrtha - aidhmeanna a chabhraíonn leis an ngeilleagar trí nuálaíocht agus fiontraíocht a chothú.

Tá straitéis ag an AE chun stop a chur le meath na speiceas atá i mbaol.
Tá straitéis ag an AE chun stop a chur le meath na speiceas agus na ngnáthóg atá atá i mbaol faoin mbliain 2020. Is é croílár na straitéise sin ná Natura 2000
, líonra de 26 000 limistéar nádúrtha faoi chosaint a chuimsíonn beagnach 20% den mhórchríoch.
Ní anaclanna dúlra iad seo, ach láithreáin inar féidir gníomhaíochtaí daonna inbhuanaithe a bheith ar siúl gan dochar a dhéanamh do speicis agus do ghnáthóga neamhghnácha agus leochaileacha.
Má táimid chun géarchéim a sheachaint inár n-úsáid d’acmhainní nádúrtha teoranta, ní mór dúinn athruithe bunúsacha a dhéanamh ar ár ngeilleagar. Chomh maith le dlíthe a dhéanamh, cabhraíonn an AE chun an t-oideachas poiblí, taighde agus maoiniú poiblí atá riachtanach chuige sin a chur ar fáil.
Is é an fhreagairt atá aige ná meascán de phleananna fadtéarmacha agus athruithe de réir a chéile - amhail cur chun cinn táirgí éiceabhácha agus úsáid níos mó as lipéid éifeachtachta fuinnimh ar fhearais do thomhaltóirí amhail meaisíní níocháin a spreagadh.
Má táimid chun acmhainní uisce roinnte agus éiceachórais na hEorpa a chosaint go héifeachtúil ar thruailliú, ar athrú aeráide agus ar bhruscar mara, tá gníomhaíocht chomhaontaithe ag teastáil ar leibhéal an AE.
Tá sé d’aidhm ag beartas uisce an AE:

Léiríonn uisce glan gur comhshaol fónta atá ann.
Tá an AE tar éis a bheith an-ghníomhach i réimse cháilíocht an aeir, agus leag sé síos caighdeáin agus spriocanna do roinnt truailleán lena n-áirítear dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine, ábhar cáithníneach agus luaidhe, ar caighdeáin iad atá uaillmhianach agus éifeachtach ó thaobh costais de.
Cé go bhfuil na treochtaí a bhaineann le cáilíocht an aeir san AE spreagúil ar an iomlán, tá gá le hiarracht leanúnach.
Más féidir linn an méid dramhaíola a ghintear a laghdú sa chéad áit, beidh sé níos fusa dá bharr sin fáil réidh léi. Tá sé d’aidhm ag an AE é sin a bhaint amach trí bhíthin na mbeart seo a leanas:
I gcás nach féidir dramhaíl a sheachaint, ba cheart ábhair a aisghabháil, agus b’fhearr é sin a dhéanamh trí athchúrsáil. Is chuige sin atá an AE ag iarraidh go n-úsáidfí modhanna monaraíochta feabhsaithe agus ag iarraidh ar chustaiméirí táirgí níos glaise agus táirgí athchúrsáilte agus níos lú pacáistiú a éileamh.
Is é an príomhbhealach atá ag an AE chun tacú le tionscadail chomhshaoil agus chaomhnaithe ná an clár LIFE
, a scaipeann cistí san AE agus taobh amuigh den AE, i mballstáit féideartha agus i dtíortha comharsanachta eile.
Ó 1992 i leith, tá LIFE tar éis timpeall €2 bhilliún a chur isteach in os cionn 3,000 tionscadal amhail an bultúr uan a thabhairt ar ais chuig an Andalúis, lannáin a chomhshó go fuinneamh agus go halúmanam agus móinéir chósta agus bogaigh a athbhunú ar oileáin i Muir Bhailt.