Cosán nascleanúna
Cé go bhfuil sé nua-aimseartha agus go n-éiríonn go geal leis go minic, ní féidir le gnó na hEorpa fanacht socair mar gheall ar an athrú teicneolaíochta sciobtha agus ar an iomaíocht eachtrach atá níos géire fós.
Tá sé d’aidhm ag beartas fiontair an AE a áirithiú go ndéantar cos a choinneáil lenár n-iomaitheoirí agus poist a chruthú freisin. Tugtar aird ar leith ar na riachtanais atá ag an tionscal déantúsaíochta agus gnólachtaí beaga.
In ainneoin fás gasta seirbhísí le blianta anuas, is é an monarú bunchloch gheilleagar na hEorpa fós. Is ionann é agus 75% d’onnmhairí uile an AE.
Leagtar béim i mbeartas fiontair an AE ar chruthú na timpeallachta cirte d’infheistíocht – ní amháin d’earnálacha atá tábhachtach go straitéiseach amhail aeraspás agus biteicneolaíocht, ach tionscail níos traidisiúnta freisin, amhail teicstílí agus carranna.

Tá teicneolaíocht cheannródaíoch ríthábhachtach do ghnó agus do thionscal.
Spreagfar fás sa todhchaí san AE mar gheall ar earnálacha eolasbhunaithe agus nuálacha – ach teastaíonn creatlach fhónta thionsclaíoch uathu seo agus an cumas na teicneolaíochtaí a thagann chun cinn a úsáid.
Ciallaíonn sé seo an bhearna idir an saol acadúil agus an gnó a chúngú, ionas gur féidir smaointe maithe sa tsaotharlann a aistriú go táirgí nach bhfuil a sárú ar fáil aon áit ar domhan.
Déanann an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
é seo trí “phobail eolais agus nuálaíochta” a chruthú: gréasáin ollscoileanna, comhlachtaí taighde agus gnóthas poiblí-príobháideacha atá an-chomhtháite de gach méid.
Cé go gcuimhníonn go leor daoine ar chuideachtaí ilnáisiúnta atá i mbéal an phobail nuair a luaitear gnó leo, is ionann na cuideachtaí uile beagnach (92%) san AE agus gnólachtaí beaga a fhostaíonn níos lú ná deichniúr.
Agus gnólachtaí mar seo ag cur dhá thrian de na poist uile san AE ar fáil, ní haon ionadh é go dtugtar aird faoi leith orthu sna cláir fiontair agus maoiniú san AE, amhail iad seo a leanas:
Is iad a spriocanna fiontraíocht agus scileanna a chur chun cinn, rochtain gnólachtaí beaga ar mhargaí a fheabhsú agus a gcumas T&F a mhéadú.
Féadfaidh cuideachtaí beaga a bhfuil faisnéis agus comhairle ag teastáil uathu iad sin a fháil ón Líonra Fiontar Eorpach, ina bhfuil 500 seirbhís aonionaid ar fud an AE, arna pháirtchistiú ag an AE.

Tá an páipéarachas do ghnó a laghdú go hard ar chár oibre an AE.
Ar cheann de na príomhchúiseanna go bhfuil ag éirí leis na beartais seo tá margadh gan teorainn an AE – saorghluaiseacht earraí thar theorainneacha go háirithe.
Tugann sé seo rochtain do gach gnóthas ar níos mó custaiméirí – agus fás féideartha níos mó – agus chomh maith leis sin, tugann siad aghaidh ar iomaíocht níos mó, a choinníonn ar an airdeall iad.
Mar sin féin, tá go leor oibre le déanamh chun an méid a baineadh amach go dtí seo a chosaint agus na sochair a shíneadh isteach in earnálacha eile araon.
Ní mór na dlíthe atá ina mbuntaca do shaormhargaí an AE a mhionchoigeartú de shíor, d’fhonn cos a choinneáil le dul chun cinn teicneolaíochta agus chun ballstáit a chosc ó chúlsleamhnú chun tionscail náisiúnta a chosaint.
Ina theannta sin, ní mór tuilleadh a dhéanamh chun an margadh a chomhtháthú go hiomlán i seirbhísí ríthábhachtacha tacaíochta do ghnóthais, amhail cumarsáid, iompar, agus soláthar cumhachta agus gáis. Nuair atá iomaíochas agus praghsanna níos ísle sna seirbhísí seo, bíonn praghas níos ísle ar na hearraí nuair a thagann siad chuig an margadh.
Ar deireadh, ní mór an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá do rialacha (chun margaí a choinneáil oscailte agus chun tomhaltóirí, an comhshaol, oibrithe, srl., a chosaint) agus na srianta a chuirtear ar ghnó dá mbarr.
Níl an chothromaíocht i gceart faoi láthair agus tá sé i gceist ag an gCoimisiún rómhaorlathas a laghdú le 25% faoi 2012.
Mar sin féin, cabhraíonn rialacha ar fud an AE le tionscal tríd an ualach a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin ar leith i ngach tír a bhaint – mar shampla córas REACH
, bunachar sonraí aonair a éascaíonn clárú aonuaire ceimiceán ag an tionscal.