Cosán nascleanúna
Méadú, sin an próiseas trína dtagann tíortha isteach san AE. Ó bunaíodh i 1957 é, mhéadaigh an AE ó 6 bhallstát go 27 .
Bhí sé i gceist ón tús fáilte a chur roimh bhaill nua. Bhí dóthain muiníne ag na bunaitheoirí as a n-idé gur fhág siad an doras ar leathadh do thíortha Eorpach eile.
Cabhrú le tíortha arb acmhainn dóibh bheith ina mbaill, b'shin freagairt an AE ar athruithe ar thírdhreach polaitiúil na hEorpa le 50 bliain anuas, agus fás geilleagrach á chur chun cinn agus fórsaí daonlathacha á neartú aige sna tíorhta a bhíodh faoi dheachtóireacht.

Ceiliúrann Rómánaigh a dteacht isteach san AE an 1 Eanáir 2007.
B'iad seo a leanas baill bhunaithe an AE i 1957: an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg.
Ó 1973 ar aghaidh, tháinigh formhór thíortha Iarthar na hEorpa isteach.
Ansin, agus a réimis tar éis titim i 1989, rinneadh baill den AE de chuid mhaith tíortha iarchumannacha ó lár is ó oirthear na hEorpa in dhá mhéadú, idir 2004 agus 2007.
Deir an Conradh ar an Aontas Eorpach go bhféadfaidh aon tír Eorpach cur isteach ar bhallraíocht má urramaíonnn sí luacha daonlathacha an AE is má tá sí tiomanta chun iad a chur chun cinn.
Ach go sainiúil, ní féidir le tír teacht isteach mura gcomhlíonann sí na critéir bhallraíocht uile:

Iarrthóir chun teacht isteach san Aontas Eorpach is ea an Tuirc.
Trí chéim atá sa phróiseas (iad uile faoi réir fhormheas na dtíortha uile atá san AE cheana féin):
Nuair a chríochnaítear an chaibidlíocht agus na leasuithe a ghabhann léi chun sástachta an dá thaobh, féadfaidh an tír teacht isteach san AE – sin, má aontaíonn ballstáit uile an AE.
Faoi láthair, thairg an AE ionchas ballraíochta do 9 dtír: An Albáin, an Tuirc, an Íoslainn agus tíortha uile na hIar-Iúgslaive (seachas an tSlóivéin, atá san AE cheana féin).
Bronnadh stádas oifigiúil iarrthóra ar 5 cinn acu sin:
Tír aontach is ea an Chróit
, is táthar ag súil go mbeidh sí san AE lár 2013.