Cosán nascleanúna

Fuinneamh


Tá dúshlán an fhuinnimh ar cheann de na dúshláin is mó atá le sárú ag an Eoraip faoi láthair. Nuair a bhíonn súil le hardú tapa ar phraghsanna fuinnimh agus go mbeimid ag brath níos mó ar allmhairí, cruthaítear níos lú cinnteachta faoin soláthar fuinnimh agus cuirtear an geilleagar iomlán i mbaol. Bíonn gá cinntí tábhachtacha a dhéanamh le hastaíochtaí a laghdú agus an t-athrú aeráide a mhaolú. Beidh gá le hinfheistíocht mhór sna blianta beaga amach romhainn le bonneagar fuinnimh na hEorpa a oiriúnú don todchaí.

Spriocanna 20-20-20

Is é is cuspóir do bheartas fuinnimh an AE soláthar fuinnimh slán, sábháilte agus inbhuanaithe a chinntiú ar phraghsanna inacmhainne. Tógann an beartas sin ar spriocanna '20-20-20' an AE, spriocanna nach mór a bheith comhlíonta faoi 2020:

  • laghdú 20% ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa san AE i gcomparáid le leibhéil 1990
  • 20% den fhuinneamh a úsáidtear san AE a bheith ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite DeutschEnglishfrançais
  • feabhas 20% ar an éifeachtúlacht fuinnimh san AE.

Tá sé tugtha le fios ag ceannairí an AE go bhfuil siad toilteanach a n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú 30% má thugann tíortha eile forbartha agus i mbéal forbartha a bhfuil go leor astaíochtaí acu gealltanas go ndéanfaidh siad a ndícheall freisin.

Is é an sprioc fadtéarmach atá ag an AE astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú 80-95% faoi bhun na leibhéal a bhí ann i 1990 faoin mbliain 2050, agus an soláthar agus an t-iomaíochas a chinntiú ag an am céanna.

Coigiltí fuinnimh 20% faoi 2020

Grianphainéil ar dhíon © Carofoto

Bíonn grianphainéil le feiceáil níos minice anois ar dhíonta tithe.

Tá an éifeachtúlacht fuinnimh ina croíchuspóir do 2020. Is cuid lárnach í dár spriocanna fadtéarmacha i leith fuinnimh agus aeráide agus is é sin an bealach is costéifeachtúla le:

  • astaíochtaí a laghdú
  • slandáil agus iomaíochas fuinnimh a fheabhsú
  • costais fuinnimh a choinneáil íseal.

Le cur leis an éifeachtúlacht, tá an AE dírithe ar iompar poiblí agus ar thionscal na tógála, earnálacha ina bhféadfaí go leor coigilte a dhéanamh. Lena chois sin, trí mhéadair chliste agus lipéid fuinnimh an AE DeutschEnglishfrançais a chuirtear ar fhearais tí a úsáid, tugtar spreagadh do na tomhaltóirí a laghad is féidir fuinnimh a úsáid.

Saorghluaiseacht fuinnimh

Déantar leictreachas agus gás a iompar i ngreillí agus i bpíblínte a thrasnaíonn teorainneacha náisiúnta go minic. Bíonn tionchar, dar ndóigh, ag na cinntí beartais fuinnimh a dhéantar i dtír amháin ar thíortha eile.

Is é a bheidh ann má chinntítear gur féidir fuinneamh a thrádáil gan bhac san AE:

  • praghsanna iomaíocha
  • tuilleadh rogha do thomhaltóirí
  • tuilleadh cinnteachta soláthair
  • slandáil d'infheisteoirí a infheistíonn i dteicneolaíochtaí in-athnuaithe agus i mbonneagar nua.
Lipéad den éifeachtúlacht fuinnimh © AE

Tacaíonn na lipéid fuinnimh le tomhaltóirí táirgí a shábhálann fuinneamh a roghnú

Is é an margadh inmheánach DeutschEnglishfrançais, ina bhfuil bonneagar leordhóthanach tarchurtha agus stórála, an bealach is fearr le soláthairtí a chinntiú, mar go dtéann fuinneamh i dtreo margaí, is é sin go dtí na háiteanna a dteastaíonn sé. Tá súil ag an AE go mbeidh na margaí fuinnimh náisiúnta iomlán comhtháite faoi 2014.

Mórathrú teicneolaíoch

Gan mórathrú teicneolaíoch, teipfidh ar an AE a spriocanna 2050 a bhaint amach, sin spriocanna chun deireadh a chur leis an spleáchas ar charbón sna hearnálacha leictreachais agus iompair. Sa phlean straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh DeutschEnglish (SET) leagtar amach stráitéis mheántéarmach do na hearnálacha uile.

Ní mór luas a chur faoi thionscadail forbartha agus taispeána na bpríomhtheicneolaíochtaí, m.sh. bithbhreoslaí den dara glúin agus greillí cliste. Beidh ar thaighdeoirí agus ar ghnólachtaí an AE cur lena n-iarrachtaí fanacht chun tosaigh ar an margadh idirnáisiúnta sa teicneolaíocht fuinnimh, agus dlús a chur leis an gcomhar le tíortha nach bhfuil san AE maidir le teicneolaíochtaí ar leith.

Comhpháirtíocht láidir idirnáisiúnta

Tá margadh fuinnimh na hEorpa ar an margadh réigiúnach is mó (le breis is 500 milliún tomhaltóir) agus ar an allmhaireoir fuinnimh is mó ar domhan. Tá roinnt de na dúshláin a bheidh le sárú ag an AE – athrú aeráide, rochtain ar ola agus ar ghás, forbairt teicneolaíochta, éifeachtúlacht fuinnimh – i gcoiteann ag formhór na dtíortha agus braitheann siad ar chomhar idirnáisiúnta.

Beidh ar an mbeartas idirnáisiúnta fuinnimh comhspriocanna a bhaint amach maidir le cinnteacht an tsoláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht. Cé go bhfuil tábhacht le caidreamh i measc na dtíortha táirgíochta agus na dtíortha idirthurais, feictear an tábhacht freisin a bhaineann le caidreamh le tíortha a ídíonn a lán fuinnimh agus go háirithe le tíortha atá i mbéal forbartha.

Barr

Barr


Físeáin


Set page to normal font sizeIncrease font size by 150 percentIncrease font size by 200 percent | Roghnaigh dath gorm an leathanaighRoghnaigh dath glas an leathanaighRoghnaigh dath dearg an leathanaighChoose high-contrast version


Leabharmharcáil an leathanach seo Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

Réimsí beartais gaolmhara

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ