Cosán nascleanúna

Oideachas, oiliúint agus daoine óga


Cinneann gach tír san AE a mbeartas oideachais féin, ach tacaíonn an AE leo comhspriocanna a shocrú agus dea-chleachtas a mhalartú. Le go mbeidh rath ar gheillagar an AE amach anseo, teastóidh pobal ardoilte le go mbeimid in ann dul san iomaíocht go héifeachtach i ngeilleagar domhanda atá bunaithe ar an eolas.
Tugann an AE maoiniú freisin do chláir a chuidíonn le daoine tréimhse staidéir, oiliúna, oibre nó oibre deonaí a eagrú, agus foghlaim teangacha agus ríomhfhoghlaim a chur chun cinn.

Malartú oideachais do mhic léinn agus do mhúinteoirí

Sa tréimhse 2007-2013, thug an AE beagnach €13 billiún i dtacaíocht don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus do mhalartuithe ar fud an domhain. Seo na príomhchláir:

  • Leonardo da Vinci: Deutsch (de) English (en) français (fr) gairmoiliúint, go háirithe socrúcháin do phrintísigh óga agus do dhaoine óga faoi oiliúint i ngnólachtaí lasmuigh dá dtír féin, agus tionscadail chomhair a chruthaíonn ceangal idir institiúidí gairmoiliúna agus gnólachtaí.
  • Tréimhse staidéir Erasmus: Deutsch (de) English (en) français (fr) ó bunaíodh an clár in 1987, tá 2.5 milliún mac léinn agus ball foirne ollscoile tar éis páirt a ghlacadh ann. Fágann Erasmus Mundus Deutsch (de) English (en) français (fr) gur féidir le mic léinn iarchéime agus acadóirí ó gach cearn den domhan Máistreacht nó Dochtúireacht a dhéanamh in ollscoileanna na hEorpa.
  • Grundtvig: Deutsch (de) English (en) français (fr) cláir oideachais do dhaoine fásta, go háirithe comhpháirtíochtaí agus líonraí trasnáisiúnta.
  • Comenius: Deutsch (de) English (en) français (fr) comhar idir scoileanna agus a múinteoirí, chomh maith le malartuithe idir dhaltaí meánscoile agus comhpháirtíochtaí scoileanna ar an idirlíon (Ríomhnascadh).
  • Comhaltachtaí Marie Curie: deiseanna gairmoiliúna agus deiseanna idirnáisiúnta do thaighdeoirí, ón leibhéal iarchéime ar aghaidh.
Grúpa printíseach © Carofoto

Tosaíocht is ea é cáilíochtaí gairmoideachais a aithint ar fud na hEorpa.

Is féidir le mic léinn, múinteoirí agus institiúidí oideachais i dtíortha lasmuigh den AE – go mór mór tíortha comharsanacha an AE nó tíortha a bhfuil sé beartaithe acu ballraíocht a fháil – páirt a ghlacadh in a lán de na scéimeanna sin. Spreagann an AE malartuithe agus cúrsaí freisin sa lánpháirtíocht Eorpach le tuairim is 80 tír ar fud an domhain.

Europass: bíodh tuiscint níos fearr ar do cháilíochtaí agus ar do scileanna

Cabhraíonn doiciméid Europass le daoine a scileanna agus a gcáilíochtaí a chur i láthair i bhformáid chaighdeánach le go mbeidh sé níos éasca ag fostóirí cáilíochtaí ó thíortha eile a thuiscint, agus ag oibrithe iarratas a dhéanamh ar phost thar lear. Ar na doiciméid sin tá:

  • CV Europass
  • Pas Teanga Europass
  • Europass Soghluaisteachta (taifead ar an am a chaitear thar lear ag foghlaim)
  • Forlíonadh Teastais Europass (inniúlachtaí atá fíoraithe le teastais ghairmoiliúna)
  • Forlíonadh Dioplóma Europass (taifead ar thréimhse staidéir an mhic léinn ardoideachais)
  • Pas Eorpach Scileanna (eolas cuimsitheach ar do scileanna agus do cháilíochtaí)
Dealbh Erasmus © Ollscoil Erasmus Rotterdam

Is in ómós Erasmus, scoláire ón 16ú haois, a ainmníodh scéim an AE don staidéar thar lear.

Cáilíochtaí – inchomparáideacht agus aithint cáilíochtaí a éascú

Chomh maith le doiciméid Europass, is féidir comparáid níos fearr a dhéanamh idir na córais náisiúnta cáilíochta tríd an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí Deutsch (de) English (en) français (fr) . Tá tagairt do leibhéal tagartha amháin as ocht leibhéal tagartha an chreata ag dul le gach cáilíocht nua a eisítear san AE.

Gairmoideachas agus gairmoiliúint:

Tá 33 tír san Eoraip (gach tír san AE san áireamh) ag déanamh plé ar ghairmoiliúint agus ar ghairmoideachas mar chuid de Phróiseas Chóbanhávan Deutsch (de) English (en) français (fr) , lena n-áirítear córas creidúna Eorpach agus líonra dearbhaithe cáilíochta.

Ardoideachas

Tá an AE ag obair le 20 tír eile chun Limistéar Eorpach an Ardoideachais English a chruthú le 'Próiseas Bologna', próiseas trína gcuirtear aithint chomhpháirteach tréimhsí staidéir, cáilíochtaí inchomparáide agus caighdeáin aonfhoirmeacha cáilíochtaí chun cinn.

Pobail eolais agus nuálaíochta

Tugann an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht English (EIT) tacaíocht le torthaí ó thaighde a chur i bhfeidhm ar bhonn tráchtála trí ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, lucht gnó agus fondúireachtaí a thabhairt le chéile. I measc na dtosaíochtaí tá an t-athrú aeráide, foinsí in-athnuaite fuinnimh agus an chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. Fuair an institiúid maoiniú €309 milliún ón AE sa tréimhse 2008-2013.

Deiseanna do dhaoine óga

Sa tionscnamh an Óige ag Gluaiseacht English (en) déantar iarracht cur le hoideachas agus le hinfhostaitheacht daoine óga ar na bealaí seo a leanas:

  • oideachas agus oiliúint a dhéanamh níos ábhartha
  • níos mó daoine óga a spreagadh tairbhe a bhaint as deontais an AE chun dul i mbun staidéir nó oiliúna i dtír eile
  • tíortha an AE a spreagadh an t-aistriú ón oideachas go dtí an obair a shimpliú.

Le Straitéis an AE i leith na hÓige English (en) (2009) tugtar aghaidh ar chomhdheiseanna do dhaoine óga san oideachas agus ar an margadh fostaíochta agus spreagtar daoine óga páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí.

Faoi an tAos Óg i mbun Gníomhaíochta Deutsch (de) English (en) français (fr) tugtar tacaíocht do dhaoine óga páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus do thionscadail a chuidíonn le daoine óga a saoránacht san AE a chothú – mar shampla, trí obair dheonach a dhéanamh i dtír eile leis an tSeirbhís Shaorálach Eorpach Deutsch (de) English (en) français (fr) . Beidh beagnach €900 milliún tugtha ag an AE mar infheistíochtaí sna gníomhaíochtaí sin sa tréimhse 2007-2013.

Barr

Barr



Fan ceangailte

Facebook

  • Tacaíocht do dheiseanna Ardfhoghlama agus Ardoiliúna in Oirthear na hEorpa agus i réigiún CugaisEnglish (en)
  • Líonra EurydiceEnglish (en)
  • An Foras Eorpach OiliúnaEnglish (en)
  • An Óige ag BogadhEnglish (en)

Twitter

  • An Óige ag BogadhEnglish (en)

Barr

Set page to normal font sizeIncrease font size by 150 percentIncrease font size by 200 percent | Roghnaigh dath gorm an leathanaighRoghnaigh dath glas an leathanaighRoghnaigh dath dearg an leathanaighChoose high-contrast version


Leabharmharcáil an leathanach seo Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

Réimsí beartais gaolmhara

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ